Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL—Orduithe Bóithre Tram.)

16 1923

Uimhir 16.


ACHT UM THOISCEANNA REACHTÚLA (BUANÚ MUIREARACHA) (UIMH 2), 1923.


ACHT CHUN ÚDARÁS DO THABHAIRT DO THOISCEANNA REACHTÚLA ÁIRITHE I SAORSTÁT ÉIREANN CHUN BUANÚ DO DHÉANAMH GO SEALADACH TAR ÉIS EUGA DON ACHT UM THOISCEANNA REACHTÚLA (BUANÚ MUIREARACHA), 1923 , AR MHÉADUITHE ÁIRITHE A DHIN NA TOISCEANNA SAN AR NA MUIREARACHA REACHTÚLA AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE SIN. [31adh Bealtaine, 1923.]

DE BHRÍ gur dineadh leis an Acht um Thoisceanna Reachtúla (Buanú Muirearacha), 1923 (Uimh. 3 de 1923) , údarás do thabhairt do Thoisceanna Reachtúla áirithe i Saorstát Éireann chun buanú do dhéanamh, faid a leanfaidh an t-Acht san i bhfeidhm, ar na méaduithe ar na muirearacha reachtúla a éilíd na toisceanna san fé seach, méaduithe a húdaruíodh a dhéanamh le hOrduithe a dineadh fé Reachtanna áirithe dar dhin Páirlimint Ríochta Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann a bhí ann le déanaí:

AGUS DE BHRÍ go n-eugfaidh an t-Acht san um Thoisceanna Reachtúla (Buanú Muirearacha), 1923, ar an 31adh lá de Bhealtaine, 1923, agus go bhfuil sé oiriúnach go dtabharfaí údarás chun buanú níos sia do dhéanamh ar na muirearacha gur údaruíodh leis an Acht san iad do bhuanú:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Buanú Orduithe an Chéad Sceidil.

1. — Na hOrduithe uile sin atá luaidhte sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a dineadh fén Acht um Thoisceanna Reachtúla (Méadú Sealadach Muirearacha), 1918, fé mar do leasuíodh é le hAcht na mBóithre Tram (Méadú Sealadach Muirearacha), 1920, leanfaid i bhfeidhm, gan dochar don chomhacht aith-fhéachainte atá ann fé sna hAchtanna roimhráite, an fhaid a fhanfaidh an t-alt so i bhfeidhm.

Buanú Orduithe an Dara Sceidil.

2. —Na hOrduithe uile sin atá luaidhte sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a dineadh fé Acht na gCuan, na nDug agus na bPiaranna (Méadú Sealadach Muirearacha), 1920, leanfaid i bhfeidhm, gan dochar don chomhacht aithfhéachainte atá ann fén Acht roimh-ráite, an fhaid a fhanfaidh an t-alt so i bhfeidhm.

Féadfaidh Toisceanna Canálach an Treas Sceidil leanúint ar rátaí, cánacha, etc. áirithe d'éileamh.

3. —(1) Beidh sé dleathach do gach ceann de sna Toisceanna Canálach uile sin a luaidhtear sa Chéad Cholún den Treas Sceideal a ghabhann leis an Acht so leanúint, an fhaid a fhanfaidh an t-alt so i bhfeidhm, ar éileamh na rátaí, na dtáillí, na gcánach, na ndiúitéthe agus na muirearacha eile sin go léir fé seach gur orduíodh a n-éileamh do sna Toisceanna san fé seach leis na hOrduithe atá luaidhte sa Dara Colún den Treas Sceideal roimh ráite.

(2) Féadfar gach ceann de sna hOrduithe roimh-ráite atá luaidhte sa Treas Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'aithfhéachaint sa tslí chéanna gur féidir Orduithe a déanfaí fé Acht na gCuan, na nDug agus na bPiaranna (Méadú Sealadach Muirearacha), 1920, d'aith-fhéachaint fén Acht san agus dá réir sin bainfidh fo-alt (5) d'Alt 1 agus Ailt 2, 3 agus 4 den Acht san leis na hOrduithe roimh-ráite atá luaidhte sa Treas Sceideal roimh-ráite sa tslí chéanna go mbainid le hOrduithe a déanfaí fén Acht san.

Míniú ar “Au t-Aire.’

4. —San Acht so cialluíonn an abairt “An t-Aire” an t-Aire um Thiúscal agus Thráchtáil.

Gearr-Theidea agus Tréimhse Buaine.

5. —(1) Féadfar an t-Acht um Thoisceanna Reachtúla (Buanú Muirearacha) (Uimh. 2), 1923, do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfaidh an t-Acht so i bhfeidhm ar an 1adh lá de Mheitheamh, 1923, agus fanfa sé i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1923, agus ragha sé in éag ansan