| |
DE BHRÍ gur dhin an tAire um Rialtas Áitiúil an tOrdú Sealadach atá sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí (Éirinn), 1878 go 1907, mar a hoiriúnuíodh iad leis an
Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922
:
|
| |
AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé riachtanach go ndaingneodh an tOireachtas an tOrdú Sealadach san:
|
| |
AGUS DE BHRÍ gur leagadh fé bhráid dhá Thigh an Oireachtais roimh rith an Achta so cóipeanna de sna pleananna, dá ngairmtear “na pleananna fágtha” san Ordú Sealadach san agus anso ina dhiaidh seo, agus iad séaluithe le séala an Aire um Rialtas Áitiúil:
|
| |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—
|
|
|
|
1.
—Daingnítear leis seo an tOrdú Sealadach atá sa Sceideal a ghabhann leis seo agus beidh lán-dleathacht agus lán-fheidhm ag gach foráil atá ann.
|
|
|
|
2.
—Glacfar mar fhianaise cóipeanna de sna pleananna fágtha agus iad séaluithe le séala an Aire um Rialtas Áitiúil agus tuigfar gur fíor-chóipeanna iad de sna pleananna fágtha mara dtaisbeántar nách ea.
|
|
|
|
3.
—Féadfar
Acht an Orduithe Shealadaigh um Oibreacha Uisce Ráth Dúin Uimh. 1 (Daingniú), 1923
, do ghairm den Acht so.
|