|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CÉAD SCEIDEAL. Teaghlachas Maximum an Gharda Siochana.) | Ar Aghaidh (TRIU SCEIDEAL. Forsa Cuil.) |
ACHT AN GHÁRDA SÍOCHÁNA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923
[EN] | ||
[EN] |
DARA SCEIDEAL. Fuirm Faisneise. | |
“Dinim-se......................................................a fhaisnéis agus a | ||
“dheimhniú agus m'fhocal agus m'onóir do thabhairt, go solamanta agus | ||
“go macánta i láthair Dé, go mbead dílis chó fada lem’ chumas | ||
“sa bhfostaíocht ina bhfuil Ard-Chomhairle Shaorstáit Éireann am | ||
“chur in oifig.............................................................................. | ||
“sa Ghárda Síochána agus go dtabharfad seirbhís agus go mbead umhal, go | ||
“maith agus go dílis macánta, do Shaorstát Éireann agus dá bhunreacht | ||
“agus dá rialtas fé mar a buníodh do réir dlí, gan báidh ná páirt | ||
“gan eagla, mailís ná droch-aigne, agus go bhféachfad chuige agus go | ||
“gcuirfad fé ndeár go gcimeádfar agus go gcosnófar an tsíocháin, | ||
“agus chó fada lem’ dhícheall go gcoiscfead gach cionta in aghaidh an | ||
“chéanna, agus an fhaid a bheidh an oifig sin agam go ndéanfad chó | ||
“fada lem’ eolas gach dualgas a bhaineann leis do chó-líona go | ||
“dílis do réir dlí, agus ná bainim anois agus, an fhaid a bheidh an | ||
“oifig sin agam, ná ceanglód agus ná bainfad agus ná cabhród le | ||
“haon chumann polaitíochta in aon chor ná le haon Chumann Sicréideach | ||
“in aon chor.” |