|
||||
|
Ar Aghaidh (Cuid I. AN ARD-CHUIRT AGUS AN CHUIRT UACHTARACH.) |
[EN] | ||
Uimhir 10 de 1924. | ||
[EN] |
ACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1924. | |
ACHT CHUN CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS DO BHUNÚ DO RÉIR BUNREACHT SHAORSTÁIT ÉIREANN AGUS CHUN CRÍCHEANNA A BHAINEAS LE FEABHASÚ RIARA CIRT. [12adh Abrán, 1924.] |
DE BHRÍ go bhfuil sé riachtanach chun comhacht bhreithiúnais Shaorstáit Éireann d'fheidhmiú agus chun ceart do riara i Saorstát Éireann, cúirteanna puiblí do bhunú do réir na bhforálacha atá sa Bhunreacht chuige sin: | ||
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTAIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:— | ||
Roimh-fhocal. | ||
[EN] |
Gearr-theideal. |
1. —Féadfar chun gach críche an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 , do ghairm den Acht so. |
[EN] |
Tosach feidhm an Achta. |
2. —Tiocfidh an tAcht so i ngníomh pé lá no laethanta a ceapfar ina chóir sin le haon Ordú no Orduithe ón Ard-Chomhairle agus féadfar laetheanta difriúla do cheapa i gcóir tosach feidhm an Achta chun crícheanna difriúla ach gan aon lá dhíobh do bheith níos déanaí ná cúig mhí tar éis rithte an Achta so. |
[EN] |
Míniú ar théarmaí. |
3. —I léiriú an Achta so, mara bhfuil éinní san abhar no sa chó-théacs ina choinnibh, beidh leis na focail agus leis na habairtí a luaidhtear ina dhiaidh seo anso, no folóid, na bríonna so a leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | Ciallóidh “Príomh-Chúirt Choiriúil” an breitheamh den Ard-Chúirt dá gceapfar mar dhualgas gníomhú mar Phríomh-Chúirt Choiriúil de thurus na huaire; | |
[EN] | Ciallóidh “Coimisinéirí den Chuaird Ard-Chúirte” pé breithimh no daoine eile a hainmnití go dtí so i gCoimisiúin Ard-Shiosóin agus dá gceapfar feidhmiú do dhéanamh ar aon údarás síbhialta no coiriúil is féidir don Ard-Chúirt a fheidhmiú; | |
[EN] | Ciallóidh “Cúirt den Chuaird Ard-Chúirte” Cúirt aon Choimisinéara den tsórt san den Chuaird Ard-Chúirte; | |
[EN] | Ciallóidh “Cúirt Dúithche,” “Cúirt Chuarda,” “Ard-Chúirt” agus “Cúirt Uachtarach” na Cúirteanna Breithiúnais de Shaorstát Éireann a hainmnítear amhlaidh san Acht so; | |
[EN] | Ciallóidh “i gcúrsaí gealtachta” i gcúrsaí cimeád pearsana agus estáití daoine gan meabhair, geilteanna agus daoine nách slán meabhair; | |
[EN] | Ciallóidh “i gcúrsaí mion-aoiseach” i gcúrsaí bhárdacht mion-aoiseach agus cúram estáití mion-aoiseach; | |
[EN] | Folóidh “talamh” gach tionóntachán agus ionoighreachta nea-chorportha chó maith le gach tionóntachán agus ionoighreachta corportha. |