Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Teaghlachas Maximum an Gharda Siochana)

25 1924


Uimhir 25 de 1924.


ACHT AN GHÁRDA SÍOCHÁNA, 1924.


ACHT CHUN BUAN-FHORÁLACHA DO DHÉANAMH CHUN AN GÁRDA SÍOCHÁNA DO CHOINNEÁIL SUAS AGUS DO REGLEÁIL. [17adh Iúl, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTAIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Comhacht don Ard-Chomhairle chun an Gárda Síochána do choinneáil suas.

1. —(1) Beidh sé dleathach d'Ard-Chomhairle Shaorstáit Éireann leanúint den bhfórsa póilíneachta dá ngairmtear an Gárda Síochána do chruinniú, do thréineáil, do ghléasa, d'íoc agus do choinneáil suas i Saorstát Éireann.

(2) Beidh an Gárda Síochána roimhráite có-dhéanta de pé méid oifigeach agus fear a chinnfidh an Ard-Chomhairle o am go ham, ach gan san do dhul thar an méid oifigeach agus fear fé seach a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Coimisinéir do cheapa.

2. —Fé réir rialachán a dhéanfidh an tAire fén Acht so beidh treorú agus stiúrú generálta an Ghárda Síochána dílsithe i gCoimisinéir an Ghárda Síochána, a cheapfidh an Ard-Chomhairle o am go ham, agus a fhéadfa sí a chur chun siúil aon uair.

Leas-Choimisinéir, Coimisinéirí Conganta agus Máinliaigh do cheapa.

3. —(1) Féadfidh an Ard-Chomhairle o am go ham, más oiriúnach agus nuair is oiriúnach leo é, daoine oiriúnacha do cheapa chun bheith fé seach ina Leas-Choimisinéir agus ina gCoimisinéirí Conganta don Ghárda Síochána chun cabhrú leis an gCoimisinéir i dtreorú agus i stiúrú an Ghárda Síochána agus chun pé feidhmeanna d'fheidhmiú chuige sin a leagfidh an Coimisinéir amach dóibh fé seach fé réir rialachán a dhéanfidh an tAire fén Acht so.

(2) Déanfidh an Ard-Chomhairle o am go ham duine oiriúnach cáilithe do cheapa chun bheith ina Mháinliaigh don Ghárda Síochána agus có-líonfa sé sin, maidir le seirbhís leighis an Ghárda Síochána, pé dualgaisí a leagfidh an Coimisinéir amach do fé réir rialachán a dhéanfidh an tAire fén Acht so.

(3) Má bhíonn agus nuair a bheidh an Coimisinéir gan bheith in án a dhualgaisí do chó-líona toisc é do bheith breoite no má bhíonn agus nuair a bheidh oifig an Choimisineura folamh, féadfidh an tAire a údarú go ndéanfidh an Leas-Choimisinéir, faid a leanfidh an mí-chumas no an folúntas san, gach ceann no aon cheann de chomhachtanna agus de dhualgaisí an Choimisineura d'fheidhmiú no do chó-líona.

(4) Féadfidh an Ard-Chomhairle aon Leas-Choimisinéir, Coimisinéir Conganta no Máinliaigh a ceapfar fén alt so do chur as a oifig aon uair.

Oifigigh agus fir do cheapa.

4. —(1) Roinnfar oifigigh an Ghárda Síochána do réir na gcéimeanna iolartha a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus isí an Ard-Chomhairle a cheapfidh gach oifigeach den tsórt san is ísle céim ná an Máinliaigh agus féadfa sí iad do bhrise, no iad do luíodú go céim sáirsint no gárda, aon uair, agus féadfidh an Coimisinéir iad d'árdú, d'ísliú no do chur ar fionnraoi o am go ham do réir rialachán a déanfar fén Acht so, ach ní bheidh sé dleathach don Choimisinéir aon oifigeach d'isliú go céim sáirsint no gárda.

(2) Roinnfar fir an Ghárda Síochána do réir na gcéimeanna iolartha a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus déanfidh an Coimisinéir iad do liostáil agus do cheapa, agus féadfa sé, o am go ham, iad d'árdú, d'ísliú, do chur ar fionnraoi no do bhrise do réir rialachán a déanfar fén Acht so.

Caithfidh baill an Ghárda Síochána faisnéis a dhéanamh.

5. —Einne a ceapfar chun bheith ina oifigeach no ina bhall eile den Ghárda Síochána, ní fhéadfa sé an oifig sin do shealbhú ná gníomhú inti ar aon tslí go dtí go ndéanfa sé agus go sighneoidh sé i láthair Coimisineura Shíochána faisnéis sa bhfuirm atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

An Gárda Síochána do roinnt ar fuaid Shaorstáit Éireann.

6. —(1) Roinnfar agus stáisiúnfar an Gárda Síochána ar fuaid Shaorstáit Éireann ar pé cuma a ordóidh an tAire o am go ham.

(2) Na hoifigigh agus na fir a stáisiúnfar i gceanntar ina mbeidh líomatáiste ina bhfuil an Ghaedhilg i ngnáth-úsáid beidh acu, chó fada agus is féidir é, an oiread san eolais ar an nGaedhilg is a chuirfidh ar a gcumas i d'úsáid go saoráideach mar shlí chonbharsáide i gcó-líona a ndualgaisí.

Rialacháin i dtaobh páigh agus liúntaisí.

7. —(1) Féadfidh an tAire, le cead an Aire Airgid, na rátaí páigh agus na liúntaisí (maraon leis na coiníollacha a bhainfidh leo) a híocfar le hoifigigh agus le fir an Ghárda Síochána de gach céim fé leith agus de gach grád fé leith de gach céim do regleáil agus do cheapa le hórdú o am go ham.

(2) Chó luath agus is féidir é tar éis é do bheith déanta leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas gach Ordú a déanfar fén alt so, agus má dhineann ceachtar den dá Thigh, laistigh de lá is fiche tar éis an lae a shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith chun an tOrdú san do chur ar nea-mbrí be dh an tOrdú san ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén Ordú san.

Rialacháin i dtaobh pinsean.

8. —(1) Féadfidh an tAire, le cead an Aire Airgid, a údarú o am go ham le hordú go ndeonfar agus go n-íocfar pinsin, liúntaisí agus aiscí le hoifigigh agus le fir den Ghárda Síochána agus le n-a mbaintreacha, le n-a gcloinn agus le n-a gcúram, agus rátaí agus scálaí na bpinsean, na liúntaisí agus na n-aiscí sin, agus na coiníollacha ar a mbeidh an céanna iníoctha, do regealáil agus do cheapa, agus féadfa sé le haon ordú den tsórt san na pionóisí mar gheall ar aon chalaois, i dtaobh iarratas ar aon phinsean, liúntas no aisce den tsórt san, do leaga amach.

(2) Aon ordú a déanfar fén alt so, ní thiocfa sé i ngníomh mara ndéanfar ná go dtí go ndéanfar é do leaga fé bhráid gach Tighe den Oireachtas agus é do mhola le rún a rithfidh gach Tigh den Oireachtas.

Fiosrúchán i ngearáin ar bhaill den Ghárda Síochána.

9. —(1) Beidh sé dleathach don Choimisinéir, no d'aon oifigeach eile den Ghárda Síochána a ainmneoidh an Coimisinéir chuige sin, no d'éinne a ainmneoidh an tAire chuige sin fiosrúchán do chur ar siúil agus scrúdú fé mhóid do dhéanamh féachaint an fíor aon chasaoid no gearán áirithe a dineadh ar aon bhall den Ghárda Síochána i dtaobh faillí nó teip ina dhualgas, agus fós, le gairm fé n-a láimh, a chur ar aon fhínné teacht chun an fhiosrúcháin sin.

(2) Einne a gairmfear go cuibhe fén bhfo-alt sin roimhe seo chun teacht mar fhínné chun aon fhiosrúcháin den tsórt san agus, le faillí no le diúltú, a bheidh gan teacht chun an fhiosrúcháin sin no a dhiúltóidh d'fhianaise do thabhairt ann, féadfar, ar a fháil ciontach ar an slí achmair fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air no príosúntacht, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh tréimhse nách sia ná trí mhí.

Ní dhéanfidh baill den Ghárda Síochána eirghe as gan cead.

10. —Ní bheidh sé de cead ag aon bhall den Ghárda Síochána is ísle céim ná Ard-Cheannphort eirghe as bheith ina bhall den Ghárda Síochána ná tarrac siar ó n-a dhualgaisí mar bhall den tsórt san gan údarás i scríbhinn d'fháil chun a dhéanta o Ard-Cheannphort an Líomatáiste ina mbeidh sé ar stáisiún de thurus na huaire, no gan fógra míosa do thabhairt don Ard-Cheannphort san go bhfuil sé ar aigne eirghe as no tarrac siar mar sin, agus má dhineann aon bhall den tsórt san den Ghárda Síochána eirghe as no é féin do tharrac siar mar sin gan an cead san ná an fógra san roimh ré féadfar, ar a fháil ciontach ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air no príosúntacht, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh tréimhse nách sia ná trí mhí.

Dualgas ball den Ghárda Síochána tar éis eirghe as no é do bhrise.

11. —Aon uair a ráineoidh do bhall den Ghárda Síochána go n-eireoidh sé go cuibhe no go mbrisfar é as bheith ina bhall den tsórt san, déanfa sé, laistigh de sheachtain tar éis eirghe as do no tar éis é do bhrise mar sin, gach cuid éadaigh, treallamh agus earra eile a tugadh do mar bhall den tsórt san do thabhairt do pé oifigeach den Ghárda Síochána a ainmneoidh an Coimisinéir chun iad do ghlaca uaidh, agus aon bhall den tsórt san a bheidh le faillí no le diúltú, gan gach cuid éadaigh, treallamh agus earra eile den tsórt san do thabhairt suas féadfar, ar a fháil ciontach ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint is dachad do chur air no príosúntacht, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh aon tréimhse nách sia ná sé mhí.

Is leor ainm agus cáil mar fhianaise ar dhuine bheith ceaptha.

12. —Má eiríonn aon cheist i dtaobh ceart aon oifigigh no baill eile den Ghárda Síochána chun aon oifig den tsórt san do bheith ar seilbh aige no d'fheidhmiú, tuigfar agus measfar gur leor d'fhianaise ar an gceart san do bheith aige an ainm agus an cháil sin do bheith air, agus ní bheidh sé riachtanach aon cheapa, ná aon mhóid no mionn scríbhte, ná aon scríbhinn ná ní ar bith eile do thabhairt i láthair mar chruthúnas ar an gceart san.

Cóluchtaí ionadathacha do cheapa

13. —(1) Chun a chur ar chumas ballra an Ghárda Síochána nithe a bhaineann le n-a leas agus le n-a n-éifeachtúlacht, lasmuich de cheisteanna i dtaobh smachta agus árdú puist a bhaineas le baill aonair, do bhreithniú agus do thabhairt fé shúil an Choimisineura agus an Aire, bunófar, do réir rialachán a déanfar fén Acht so, cólucht no cóluchtaí ionadathacha i gcóir gach céime no aon chéim no níos mó de chéimeanna an Ghárda Síochána fé bhun céime Máinleagha, cólucht no cóluchtaí a bheidh có-dhéanta d'ionadaithe a thoghfid baill na gcéim no na céime ionadaithe as a líon féin ar chuma a hordófar leis na rialacháin roimhráite.

(2) Beidh gach cólucht ionadathach den tsórt san gan aon spleáchas ná baint in aon chor acu le haon chólucht ná duine lasmuich den Ghárda Síochána.

(3) Ní bheidh sé dleathach d'aon bhall den Ghárda Síochána bheith ina bhall ná iompáil ina bhall d'aon aontas céirde ná d'aon chumann (nách cólucht ionadathach a bunuíodh fén alt so) dar cuspóirí no dar cuspóir dá gcuspóirí págh, pinsin no coiníollacha seirbhíse aon fhórsa phóilíneachta do stiúrú no d'atharú.

(4) Má eiríonn aon cheist i dtaobh ce'ca tá no ná fuil aon chólucht no cumann áirithe ina aontas céirde no ina chumann le n-a mbaineann an t-alt so, isé an tAire a réiteoidh an cheist agus ní bheidh dul thar a bhreith.

Pionós mar gheall ar mhíshásamh do chur ar bun.

14. —(1) Má dhineann éinne, no má thugann sé fé, no má dhineann sé aon ghníomh a meastar a dhéanfadh, mí-shásamh do chur ar bun i measc ballra an Ghárda Síochána, no má dhineann sé, no má thugann sé fé, no má dhineann sé aon ghníomh a meastar a dhéanfadh, aon bhall den Ghárda Síochána do mhealla chun a sheirbhíse do chimeád siar no chun brise smachta, beidh sé ciontach i mí-iompar, agus ar a fháil ciontach tar éis é do dhíotáil féadfar príosúntacht, i dteanta no d'éamais daor-oibre, do chur air ar feadh téarma nách sia ná dhá bhliain, no ar a fháil ciontach, ar an slí achmair, féadfar príosúntacht, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh téarma nách sia ná sé mhí, no fineáil ná raghaidh thar deich bpúint as dachad, no idir an phríosúntacht agus an fhíneáil sin, do chur air.

(2) Íocfar le Ciste Luach Saothair an Ghárda Síochána gach fíneáil a gearrfar fén alt so.

Pionós mar gheall ar sheilbh nea-dhleathach ar chuid éadaigh no treallamh.

15. —(1) Má bhíonn ar seilbh ag éinne nách ball den Ghárda Síochána aon bhall éadaigh no treallaimh a tugadh amach do bhall den Ghárda Síochána agus ná beidh ar a chumas míniú sásúil do thabhairt ar conus a thárla dho é do bheith aige no má dhineann sé, gan cead ón gCoimisinéir, éide aon chéime no baill den Ghárda Síochána no aon aithris dheabharthach ar an éide sin do chur uime no do chaitheamh no, chun aon ghníomh do dhéanamh no d'fháil déanta ná beadh teideal ag an duine sin do réir dlí chun é do dhéanamh no chun é d'fháil déanta as a údarás féin, má dhineann sé ainm, teideal no comharthaí aon chéime no aon bhaill den Ghárda Síochána do thabhairt air féin, ar chiontú an duine sin ar an slí achmair, féadfar, i dteanta aon phionóis eile, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint is dachad do chur air in aghaidh gach cionta den tsórt san no príosúntacht, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh aon tréimhse nách sia ná sé mhí.

(2) Íocfar le Ciste Luach Saothair an Ghárda Síochána gach fíneáil a gearrfar fén alt so.

(3) Ní choiscfidh éinní san alt so aon éide no gléasa do chaitheamh i gcluiche stáitse ná i dtaisbeáint no taibhdhirc dhrámúil eile.

Rialacháin i dtaobh bainistí inmheánaigh.

16. —Fé chead ón Ard-Chomhairle féadfidh an tAire rialacháin do dhéanamh o am go ham i dtaobh gach ní no éinní dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(a) daoine do leigint isteach, do cheapa agus do liostáil mar bhaill den Ghárda Síochána;

(b) baill den Ghárda Síochána d'árdú, do scur, d'ísliú, do bhrise, agus do chur fé phionós;

(c) dualgaisí gach céime fé leith den Ghárda Síochána;

(d) coinneáil-suas, tréineáil, smacht, agus éifeachtúlacht an Ghárda Síochána;

(e) cóluchtaí ionadathacha de bhaill den Ghárda Síochána do bhunú;

(f) aon rud no éinní eile a bhaineann le bainistí inmheánach an Ghárda Síochána.

An tOireachtas a íocfidh na costaisí.

17. —(1) Ach amháin mar a foráltar a mhalairt leis an Acht so, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas isea a híocfar pé méid a cheadóidh an tAire Airgid de gach costas, muirear agus caiteachas fé n-a raghfar i dtaobh an Ghárda Síochána fén Acht so no ar aon tslí eile i bhfeidhmiú an Achta so.

(2) Ní dhéanfidh éinní san Acht so aon difir don bhfiachas a bheidh ar aon chomhairle, coiste no cólucht eile fé aon cheann de sna hachtacháin a luaidhtear go speisialta sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus iad leasuithe no oiriúnuithe le haon Acht no fé aon Acht (maraon leis an Acht so) a tháinig ina ndiaidh, sé sin, fiachas mar gheall ar na costaisí sin uile fé seach a luaidhtear sna hachtacháin sin agus iad leasuithe no oiriúnuithe mar sin.

(3) Gach costas den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo agus gur dineadh, tar éis an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus roimh rith an Achta so, é do roimh-íoc amach as cistí puiblí agus ná beidh aisíoctha, le linn rithte an Achta so, ag an gcomhairle, ag an gcoiste no ag an gcólucht ar a bhfuil fiachas an chéanna fé sna hachtacháin atá luaidhte sa bhfo-alt san roimhe seo, agus gach costas den tsórt san roimhráite a roimh-íocfar amach as cistí puiblí tar éis rithte an Achta so, déanfidh an chomhairle, an coiste no an cólucht eile ar a bhfuil fiachas an chéanna fé sna hachtacháin roimhráite iad d'íoc leis an oifigeach puiblí, ar a gcuirfidh an tAire Airgid mar dhualgas de thuras na huaire an cuntas leithreasa i dtaobh an Ghárda Síochána d'ullamhú, agus déanfar an t-íoc san nuair a chuirfidh an t-oifigeach puiblí sin os cóir na comhairle, an choiste no an chóluchta eile sin cuntaisí cinn ráithe, agus iad deimhnithe agus admhála cuibhe ag gabháil leo, ar na costaisí sin.

Ciste Luach Saothair an Ghárda Síochána.

18. —Bunófar do réir rialacháin a dhéanfidh an tAire Airgid ciste dá ngairmfear “Ciste Luach Saothair an Ghárda Síochána,” agus a bheidh fé riara ar pé cuma a ordóidh an tAire o am go ham le toil an Aire Airgid, chun luach saothair do thabhairt no tairfe do dhéanamh do bhaill den Ghárda Síochána, agus íocfar isteach sa Chiste sin na suimeanna so a leanas, eadhon:—

(a) gach fíneáil smachta a gearrfar ar aon bhall den Ghárda Síochána ach amháin fíneála a gearrfar mar chúiteamh i ndamáiste a dhin an ball san; agus

(b) gach fíneáil, pionós, cuid d'fhíneáil no de phionós agus damáiste a mholfidh aon chúirt, breitheamh no giúistís d'aon bhall den Ghárda Síochána, no is iníoctha leis ar aon chuma eile, tar éis aon chiontú ar an slí achmair; agus

(c) gach fíneáil agus pionós agus cuid d'fhíneáil no de phionós a horduítear le haon Acht i bhfeidhm de thurus na huaire no fé a íoc isteach sa Chiste sin; agus

(d) gach táille a cheaduíonn an dlí do bhaill den Ghárda Síochána a ghlaca mar chigirí ex officio um mheáchanta agus tomhasanna sa mhéid ná cuirfear na táillí sin chun íoctha costaisí fé n-a raghfar i gcó-líona forálacha Achtanna na Meáchan agus na dTomhas; agus

(e) gach fíneáil a hórduítear leis an Acht so a íoc isteach sa Chiste sin.

Tagairtí roachtúla do Chonstáblacht Ríoga na hÉireann d'oiriúnú.

19. —(1) Gach luadh no tagairt do Chonstáblacht Ríoga na hÉireann no d'aon Chigire, Sáirsint, Constábla no oifigeach no fear eile de Chonstáblacht Ríoga na hÉireann (lasmuich d'fhorálacha a bhaineann le págh, liúntaisí, pinsin, roint no bainistí inmheánach, no le fiachas costas Chonstáblacht Ríoga na hÉireann) atá in aon reacht no riail, ordú no rialachán reachtúil a bheidh i bhfeidhm i Saorstát Éireann láithreach tar éis rithte an Achta so léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no tagairt don Ghárda Síochána no do Cheannphort, Cigire, Sáirsint, Gárda, no oifigeach no fear eile (fé mar is gá) de chéim chó-ionann sa Ghárda Síochána, agus ma eirionn aon cheist, pe'ca go generálta no in aon chás áirithe, i dtaobh ce'ca céim an chéim chó-ionann, isé an tAire a réiteoidh an cheist sin agus ní bheidh dul thar a bhreith.

(2) Léireofar an tAcht um Ghiúistísí Dúithche (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 6 de 1923) , agus beidh éifeacht aige fé mar a bheadh an focal “Gárda Síochána,” i ngach áit ina bhfachtar an céanna san Acht san lasmuich d'alt 11 de, ag folacha an Ghárda Síochána.

An fórsa póilíneachta atá ann anois beidh sé fé rialú an Achta so.

20. —O am rithte an Achta so agus dá éis tuigfar gur fén Acht so a bunuíodh agus is leis a rialófar an fórsa póilíneachta a bhí i Saorstát Éireann an 8adh lá de Lúnasa, 1923, fén ainm “An Gárda Síochána” maraon leis an nGárda Síochána a cruinníodh agus a coinnítear suas anois fé Acht an Ghárda Síochána (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 37 de 1923) , agus gach éinne atá anois no a bhí aon uair ina bhall de cheachtar de sna fórsaí póilíneachta san, má dhin no má dhineann sé ina dhiaidh seo móid no faisnéis, sa bhfuirm atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, do thabhairt no do dhéanamh, tuigfar go bhfuil no go raibh sé ina bhall den Ghárda Síochána a coinnítear suas fén Acht so, agus gur bhall de é an t-am go léir a bhí sé ina bhall de cheachtar de sna fórsaí póilíneachta san, agus gach luadh no tagairt don Ghárda Síochána in aon Acht den Oireachtas a ritheadh roimh an 10adh lá de Lúnasa, 1923, léireofar é agus beidh éifeacht aige, i ngach áit ina gceaduíonn no ina n-éilíonn an có-théacs é, mar rud a fholuíonn luadh no tagairt don Ghárda Síochána a coinnítear suas do réir an Achta so.

Buanú ar Orduithe, & c., a dineadh fén Acht Sealadach.

21. —Gach ordú agus rialachán a dineadh fé Acht an ghárda Síochána (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 37 de 1923) agus atá i bhfeidhm le linn tosach feidhm an Achta so féadfar iad do bhuanú, do leasú no d'athghairm le horduithe no rialacháin a déanfar fén Acht so, agus go dtí go mbuanófar no go n-athghairmfear iad amhlaidh leanfid i bhfeidhm, fé réir aon leasú den tsórt san, agus tuigfar gur fén Acht so a dineadh iad, agus bainfid dá réir sin leis an nGárda Síochána a coinnítear suas do réir an Achta so.

Ath-ghairmeanna

22. —(1) Dintar na hAchtanna uile a háirítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'ath-ghairm leis seo sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

(2) Na hath-ghairmeanna a dintar leis an alt so ní dhéanfid dochar ná difir do cheart aon duine chun aon phinsin, liúntais no aisce 'na dtáinig sé ina theideal, roimh rith an Achta so, fé aon Acht a hath-ghairmtear leis an alt so.

Mínithe.

23. —San Acht so—

cialluíonn an focal “Coimisinéir” Coimisinéir an Ghárda Síochána;

cialluíonn an focal “Aire” an tAire Dlí agus Cirt.

Gearr-theideal agus scur an Achta Shealadaigh.

24. —(1) Féadfar Acht an Ghárda Síochána, 1924 , do ghairm den Acht so.

(2) O thosach feidhm an Achta so agus dá éis scuirfidh Acht an Ghárda Síochána (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 37 de 1923) d'éifeacht do bheith aige ach ní dhéanfidh an scur san dochar ná difir do dhleathacht éinní a dineadh roimhe seo fén Acht san.