An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. DIUITETHE BAIS.) Ar Aghaidh (CUID V. ILGHNEITHEACH AGUS GENERALTA.)

27 1924

ACHT AIRGID, 1924

CUID IV.

CAIN PHROFID CORPORAIDE.

Faoiseamh o cháin dúbalta ar phrofid corporáide.

35. —(1) Má dhineann aon chuideachta, a hionchorporuíodh do réir na dlí no fén dlí a bhí i bhfeidhm i Saorstát Éireann agus a dhin no atá fé oblagáid cáin phrofid corporáide d'íoc i Saorstát Éireann, a chur ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim go bhfuil sé d'oblagáid ar an gcuideachtain sin, agus gur dhineadar, cáin phrofid corporáide d'íoc sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann, lomhálfidh na Coimisinéirí Ioncuim faoiseamh do réir an ailt seo o cháin phrofid corporáide ar pé méid de phrofid na cuideachtan (agus é luíoduithe do réir mír (a) den phrovísó a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 52 den Finance Act, 1920) is inchurtha fé cháin phrofid corporáide i Saorstát Éireann agus ina theanta san sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann.

(2) An faoiseamh o cháin phrofid corporáide a lomhálfar fén alt so is do réir pé ráta de sna rátaí seo a leanas is ísle a lomhálfar é, sé sin le rá:—

(a) an ráta a déanfar amach tré mhéid na cánach profid corporáide is iníoctha i Saorstát Éireann do roinnt, sara ndeonfar aon fhaoiseamh fén alt so, ar mhéid iomlán profid na cuideachtan a cáinmheasadh i Saorstát Éireann mar a luíoduíodh é do réir mír (a) den phrovísó a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 52 den Finance Act, 1920; agus

(b) an ráta a déanfar amach tré mhéid na cánach profid corporáide is iníoctha sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann do roinnt ar mhéid an phrofid a muirearuíodh sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann mar a luíoduíodh é ar an gcuma roimhráite.

(3) Más rud é ná déanfidh cuideachta atá i dteideal chun faoisimh fén alt so ar scór aon tréimhse chuntasaíochta a n-eileamh chun an fhaoisimh sin do chruthú roimh an dáta ar a mbeidh an diúité i gcóir na tréimhse cuntasaíochta san dlite, deonfar an faoiseamh mar aisíoc.

(4) Tabharfar don chigire cánach fógra i scríbhinn i dtaobh aon éilimh faoisimh fén alt so maraon le mion-innste ar an éileamh—

(a) laistigh de dhá mhí tar éis íoc ná cánach profid corporáide sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éirinn i gcóir na tréimhse cuntasaíochta le n-a mbaineann an t-éileamh; no

(b) an 31adh lá de Mhárta, 1925, no roimhe sin, más le haon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1924, no dáta roimhe sin, a bhaineann an t-éileamh; no

(c) laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deire na tréimhse cuntasaíochta le n-a mbaineann an t-éileamh más le haon tréimhse chuntasaíochta dar críoch aon dáta tar éis an 31adh de Mhárta, 1924, a bhaineann an t-éileamh.

(5) Má bhíonn cuideachta mi-shásta le breith na gCoimisinéirí Ioncuim ar aon éileamh faoisimh fén alt so, no má chuireann an cigire cánach agóid i gcoinnibh aon éilimh den tsórt san, cuirfar an t-éileamh chun na gcoimisinéirí agus éistfid é agus tabharfid breith air chun crícheanna speisialta na nAchtanna Cánach Ioncuim, agus chuige sin beidh acu comhacht chun fínnithe do ghairm agus do scrúdú fé mhionn más oiriúnach leo é agus comhacht, leis, chun socrú i dtaobh an ráta ar a dtabharfar faoiseamh, i dtaobh an méid faoisimh a tabharfar agus i dtaobh gach ní eile a bhaineann leis an éileamh.

(6) Bainfidh alt 149 (a bhaineann le cás d'aithris i gcóir na hArd-Chúirte) agus alt 196 (a bhaineann le hathchomhairc i gcoinnibh breitheanna o sna coimisinéirí speisialta) den Income Tax Act, 1918, mar a leasuítear leis an Acht so iad, bainfid le breitheanna o sna coimisinéirí speisialta ar éilithe a cuirfar fé n-a mbráid fén alt so agus san ar an gcuma 'na mbaineann na hailt sin, agus iad leasuithe amhlaidh fé seach, leis na breitheanna a luaidhtear ionta.

(7) Ní bhainfidh an t-alt so ach le haon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 1adh lá d'Abrán, 1923, no dáta ina dhiaidh sin, agus i gcás cuid de thréimhse chuntasaíochta do bheith roimh an 1adh lá d'Abrán, 1923, agus cuid di ina dhiaidh sin, féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim, chun críche an ailt seo, profid iomlán na cuideachtan i gcóir na tréimhse cuntasaíochta san do roinnt ar an gcuid den tréimhse chuntasaíochta san dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1923, agus an chuid di dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1923, do réir faideanna fé seach na gcoda san, agus tuigfar gur tréimhse chuntasaíochta gach cuid de sna coda san den tréimhse chuntasaíochta san chun crícheanna an ailt seo.

Ní déanfar luíodú mar gheall ar íoc cánach sa Bhreatain Mhóir ná i dTuaisceart Éireann.

36. —Nuair a beifar ag meas profid aon chuideachtan chun crícheanna cáin phrofid corporáide ní déanfar aon luíodú mar gheall ar cháin phrofid corporáide d'íoc sa Bhreatain Mhóir ná i dTuaisceart Éireann ná ar oblagáid í íoc.