|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V. ILGHNEITHEACH AGUS GENERALTA.) | Ar Aghaidh (DARA SCEIDEAL. Scála de Rátaí Diúité Estáit.) |
ACHT AIRGID, 1924
[EN] | ||
[EN] |
CEAD SCEIDEAL. Rialacha a cuirfar leis na Rialacha a bhaineann le Sceideal C. | |
Rialacha i dtaobh úis, &c., is iníoctha amach as Ioncum Puiblí Shaorstáit Éireann tré Bhanc Náisiúnta na Talmhan. | ||
1. Maidir le haon ús, blianachtaí, dividenda, no scaireanna de bhlianachtaí, is iníoctha amach as Ioncum Puiblí Shaorstáit Éireann agus a tugadh do Bhanc Náisiúnta na Talmhan le híoc no le roinnt, seachadfidh an Banc san do sna coimisinéirí speisialta, nuair a bheidh aon íoc dlite, cuntaisí fírinneacha i leabhair a soláthrófar i gcóir— | ||
(a) gach úis, blianachta, dividenda, no scair de bhlianacht a tugadh do le n'íoc leis na daoine go bhfuil teideal acu chuige; | ||
(b) suim na cánach is ionmhuirir ar gach ceann de sna rudaí sin do réir an ráta a bheidh i bhfeidhm am an íoctha gan baint aisti ach fé mar a ceaduítear leis na hAchtanna Cánach Ioncuim. | ||
2. Sna cuntaisí sin déanfar cuntas fé leith gach duine d'idirdhealú. | ||
3. Beidh gach comhacht riachtanach ag na coimisinéirí speisialta maidir le scrúdú, iniúcha, seiceáil agus réiteach na leabhar agus na gcuntaisí roimhráite, agus déanfid an t-ús, na blianachtaí, na dividenda agus na scaireanna de bhlianachtaí do cháinmheas agus do mhuirearú do reir an ráta cánach a bheidh i bhfeidhm am an íoctha ach suim na saoirsí a lomhálfid (má lomhálaid iad) de luíodú ortha, agus tabharfid fógra do Bhanc Náisiúnta na Talmhan i dtaobh an mhéid a cáinmheasadh agus a muirearadh amhlaidh. | ||
4. Sara ndinidh Banc Náisiúnta na Talmhan aon íoc cimeádfidh an Banc méid na cánach chun críche na nAchtanna Cánach Ioncuim. | ||
5. Tuigfar cimeád an mhéide sin do bheith ina íoc cánach a dhin na daoine go raibh teideal acu chun an úis, na mblianacht, na ndividenda, no na scaireanna de bhlianachtaí, agus lomhálfa siad-san é nuair a gheobhaid iarsma na nithe sin agus tabharfar adhmáil agus saora do Bhanc Náisiúnta na Talmhan ar shuim is ionann agus an méid a cimeádadh fé is dá n-íoctí an tsuim sin dáiríribh. | ||
6. Íocfar leis an Ard-Chuntasóir Ioncuim aon airgead a cuirfar i leataoibh agus a cimeádfar amhlaidh. |