An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Ath-choghleasa Suisteam na mBothar Iarainn.) Ar Aghaidh (CUID III. Eilithe Bothair Iarainn.)

29 1924

ACHT NA mBÓTHAR IARAINN, 1924

CUID II.

Bunu an Bhinse Bhothair Iarainn.

Có-dhéanamh an bhínse bhóthair iarainn.

13. —(1) Bunófar cúirt dá ngairmfar an Bínse Bóthair Iarainn agus a bheidh có-dhéanta de thriúr ball seasmhach, sé sin lé rá, cathaoirleach agus beirt ghnáth-bhall, agus isé an Seanascal a cheapfidh iad uile, ar chomhairle na hArd-Chomhairle.

(2) Ceapfar gach duine de bhaill sheasmhacha an bhínse bhóthair iarainn agus beidh sé i seilbh oifige ar feadh cúig mblian agus ansan ragha sé as oifig, ach beidh sé ion-athcheaptha.

(3) Féadfidh ball seasmhach den bhínse bhóthair iarainn eirghe as a oifig aon uair.

(4) Ní féadfar ball seasmhach den bhínse bhóthair iarainn do chur as a oifig ach le rún a rithfidh Dáil Éireann agus Seanad Éireann agus san mar gheall ar mhí-chumas no mí-iompar a luadhfar sa rún san.

(5) Beidh an bínse bóthair iarainn ina chúirt bhreacacháin agus beidh séala oifigiúil aige ar a dtabharfar áird go hoifigiúil agus i gcúrsaí breithiúntais, agus féadfidh an bínse bóthair iarainn gníomhú in ainneoin aon fholúntas do bheith ina líon.

Cáilíochta ballra an bhínse bhóthair iarainn.

14. —(1) Gach duine a ceapfar chun bheith ina chathaoirleach ar an mbínse bóthair iarainn ní foláir do bheith ar dháta a cheaptha—

(a) ina abhcóide a bhí ag cleachta a ghairme ar feadh deich mblian ar a luíod, no

(b) ina bhreitheamh no tar éis bheith ina bhreitheamh den Chúirt Uachtarach, den Ard-Chúirt no den Chúirt Chuarda, no

(c) tar éis bheith ina bhreitheamh de Chúirt Uachtarach an Údaráis in Éirinn, no

(d) tar éis bheith ina Bhreacthóir no ina Bhreitheamh Chúirte Contae i Saorstát Éireann.

(2) Féadfar breitheamh den Chúirt Uachtarach, den Ard-Chúirt, no den Chúirt Chuarda do cheapa agus é i seilbh na hoifige sin, le n-a thoil féin agus le toil an Phrímh-Bhreithimh, chun bheith ina chathaoirleach ar an mbínse bóthair iarainn ar na téarmaí go bhféadfa sé a oifig mar bhreitheamh den tsórt san do chimeád in ainneoin a cheaptha mar chathaoirleach den tsórt san.

(3) Ní foláir do dhuine de ghnáth-bhaill an bhínse bhóthair iarainn taithí do bheith aige i gcúrsaí tráchtála agus ní foláir don duine eile de sna baill sin taithí do bheith aige i ngnó bóthair iarainn.

(4) Ní dhéanfidh ball seasmhach den bhínse bhóthair iarainn, faid a bheidh an oifig sin aige, dul ná fanúint ar fostú ag aon duine ná ag aon chuideachtain ná ag aon lucht eile gnótha a iomparuíonn daoine no rudaí, agus ní dhéanfidh cathaoirleach ar an mbínse bóthair iarainn, faid a bheidh an oifig sin aige, dlí do chleachta ag an mbarra i Saorstát Éireann.

(5) Fé réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so, féadfar ball seasmhach den bhínse bhóthair iarainn do cheapa ar pé téarmaí, maidir le haon oifig no fostaíocht eile do chimeád no gan a cimeád aige, a chuirfidh an Ard-Chomhairle in úil don tSeanascal, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire marab Aire den Ard-Chomhairle é.

Ceapa oifigeacha agus íoc costaisí an bhínse bhóthair iarainn.

15. —(1) Ceapfidh an tAire clárathóir don bhínse bhóthair iarainn agus féadfa sé, fé réir cead an Aire Airgid maidir le huimhreacha, oifigigh agus seirbhísigh eile do cheapa don bhínse bhóthair iarainn fé mar a mheasfa sé bheith riachtanach chun cabhrú leo chun a ndualgaisí d'fheidhmiú.

(2) Íocfar le baill sheasmhacha an bhínse bhóthair iarainn, agus le clárathóir agus oifigigh agus seirbhísigh eile an bhínse bhóthair iarainn pé luach saothair a shocróidh an tAire Airgid.

(3) Bainfidh Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 (Uimh. 5 de 1924) , le clárathóir agus le hoifigigh agus seirbhísigh eile an bhínse bhóthair iarainn.

(4) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar luach saothair ballra (ar a n-áirítear baill shealadacha) agus clárathóir agus oifigeacha agus seirbhíseacha eile an bhínse bhóthair iarainn agus gach costas eile fé n-a raghaidh an bínse bóthair iarainn i bhfeidhmiú agus i gcó-líona a gcomhacht agus a ndualgaisí, agus ar a iarraidh laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deire gach bliana airgeadais íocfidh an chuideachta chó-nasctha leis an Aire Airgid mar chuid dá costaisí oibre suim is có-ionann le leath na breise a shocróidh an tAire Airgid a bheith ag an luach saothair agus ag na costaisí sin an bhliain airgeadais sin ar shuim na dtáillí uile d'éilimh agus a fuair an bínse bóthair iarainn fén Acht so an bhliain airgeadais sin.

Ní bheidh scaireanna ag baill den bhínse bhóthair iarainn in aon ghnó iompair.

16. —(1) Gach éinne a ceapfar chun bheith ina bhall sheasmhach den bhínse bhóthair iarainn, déanfa sé gach scair in aon ghnó iompair a bheidh dá chuid féin aige, no go mbeidh leas aige ann chun tairfe dho féin, le linn a cheaptha, do dhíol agus do chur as a lámhaibh ar fad laistigh de thrí mhí tar éis a cheaptha, agus más rud é, le huacht no le comharbacht, go dtuitfidh aon scaireanna in aon ghnó iompair chun ball den bhínse bhóthair iarainn, no go ndílseofar ann iad, chun tairfe dho féin, déanfa sé iad no an leas atá aige ionta do dhíol agus do chur as a lámhaibh ar fad laistigh de thrí mhí tar éis iad do thuitim chuige no tar éis a ndílsithe ann ar an gcuma san.

(2) Ní dhéanfidh ball seasmhach den bhínse bhóthair iarainn, faid a bheidh an oifig sin ar seilbh aige, aon scaireanna in aon ghnó iompair do cheannach ná do ghlaca ná leas ionta d'fháil chun tairfe dho féin.

(3) Aon bhall seasmhach den bhínse bhóthair iarainn a chimeádfidh, a cheannóidh, no a ghlacfidh aon scaireanna in aon ghnó iompair no 'na dtiocfidh leas chuige ionta no 'na bhfanfidh leas aige ionta i gcoinnibh an ailt seo, beidh sé fé mhí-cháilíocht maidir le n-a oifig mar bhall den tsórt san agus tuigfar é bheith tar éis dul aisti.

(4) San alt so cialluíonn agus foluíonn an focal “scaireanna in aon ghnó iompair” aon stoc, scaireanna, debentiúirí, stoc debentiúra, bannaí, no urúsanna eile de chuid aon chuideachtan a iomparuíonn daoine no rudaí sa Bhreatain Mhóir no in Éirinn.

Baill bhreise agus baill shealadacha den bhínse.

17. —(1) Bunófar dhá phainéal, sé sin le rá:—

(a) painéal (dá ngairmfar an “painéal generálta” ina dhiaidh seo anso) a bheidh có-dhéanta de dháréag a ainmneoidh an Seanascal ar chomhairle na hArd-Chomhairle, comhairle a tabharfar, maidir le triúr díobh, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire agus i dtreo gur triúr iad san a bheidh ionadathach do leasanna tráchtála agus tionnscail agus, maidir le beirt eile dhíobh, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire agus i dtreo gur beirt iad san a bheidh ionadathach do leasanna lucht oibre agus, maidir le beirt eile dhíobh, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire agus i dtreo gur beirt iad san a bheidh ionadathach do leasanna paisnéirí ar bhóithre iarainn agus, maidir le ceathrar eile dhíobh, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Tailte agus Talmhaíochta agus i dtreo gur ceathrar iad san a bheidh ionadathach do leasanna talmhaíochta agus, maidir le héinne amháin eile dhíobh, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Iascaigh agus i dtreo gur duine é sin a bheidh ionadathach do leasanna iascaigh; agus

(b) painéal (dá ngairmfar “painéal na mbóthar iarainn agus na gcanálach” ina dhiaidh seo anso) a bheidh có-dhéanta de cheathrar a ainmneoidh an Seanascal ar chomhairle na hArd-Chomhairle, comhairle a tabharfar tar éis dul i gcomhairle leis an Aire agus i dtreo gur triúr a bheidh ionadathach do sna cuideachtana bóthair iarainn i Saorstát Éireann triúr acu agus i dtreo gur duine a bheidh ionadathach do sna cuideachtana agus do sna húdarásanna canálach agus loingseoireachta intíre i Saorstát Éireann an duine eile acu.

(2) Ceapfar gach ball de sna painéil ar feadh pé téarma, nách sia ná trí bliana o dháta a cheaptha, a shocróidh an Seanascal, ar chomhairle na hArd-Chomhairle, nuair a bheidh an ceapa á dhéanamh agus ansan imeoidh sé as oifig, ach beidh ball a imeoidh as oifig ion-athcheaptha.

(3) Má thárluíonn aon fholúntas i líon na mball seasmhach den bhínse bhóthair iarainn, no má bhíonn aon bhall seasmhach den bhínse bhóthair iarainn, tré bhreoiteacht fhada no tré ní dho-sheachanta eile, gan bheith ábalta ar theacht go dtí cruinnithe den bhínse, ansan, chun crícheanna Cuid III. den Acht so, agus chuige sin amháin, faid a bheidh na folúntaisí sin gan líona no faid a bheidh an ball san gan teacht go dtí na cruinnithe sin—

(a) i gcás an chathaoirligh, féadfidh an Seanascal, ar chomhairle na hArd-Chomhairle, duine do cheapa chun gníomhú mar chathaoirleach sealadach ina áit; agus

(b) i gcás éinne de sna gnáth-bhaill, féadfidh an Seanascal, ar chomhairle na hArd-Chomhairle, ball de phainéal do cheapa chun gníomhú ina áit, duine a roghnófar ón bpainéal generálta no painéal na mbóthar iarainn agus na gcanálach do réir cáilíocht an ghnáth-bhaill a bheidh i gceist.

(4) Más rud é, chun crícheanna aon cháis no imeachta áirithe a bunófar fé Chuid III. den Acht so, go n-iarrfidh an bínse bóthair iarainn é, ar iarratas o éinne de sna páirtithe no ar aon tslí eile, no gur dó leis an Aire gur rud oiriúnach é, cuirfar leis an mbínse bóthair iarainn beirt bhall sa bhreis a ainmneoidh an Seanascal, ar chomhairle na hArd-Chomhairle, ón bpainéal, eadhon, ball breise a roghnófar ón bpainéal generálta agus an ball eile o phainéal na mbóthar iarainn agus na gcanálach.

Nuair a beifar ag roghnú baill o cheachtar de sna painéil, cuimhneofar ar cadé an saghas an cás no an imeacht áirithe a bheidh le héisteacht i dtreo, sa mhéid gur féidir é, gur duine an ball san a roghnófar go mbeidh taithí agus eolas aige ar na nithe teicniciúla a eireoidh sa chás no san imeacht áirithe sin.

(5) Gach duine a ceapfar fén alt so chun bheith ina chathaoirleach shealadach no ina bhall shealadach den bhínse bhóthair iarainn, íocfar leis, faid a bheidh sé i seilbh na hoifige sin, pé luach saothair a shocróidh an tAire Airgid agus beidh aige agus feidhmeoidh sé an uile cheann de chomhachtanna agus d'fheidhmeanna cathaoirleach an bhínse bhóthair iarainn no gnáth-bhaill den chéanna (pe'ca aca é).

(6) Einne a ceapfar fén alt so chun bheith ina bhall bhreise den bhínse bhóthair iarainn beidh sé ina bhall den bhínse bhóthair iarainn chun crícheanna aon imeacht gur ceapadh é mar gheall ortha agus, fé réir forálacha na Coda so den Acht so agus fé réir na rialacha generálta a bheidh déanta fútha, beidh aige agus feidhmeoidh sé an uile cheann de chomhachtanna agus d'fheidhmeanna baill den bhínse bhóthair iarainn.

Comhachta generálta an bhínse bhóthair iarainn.

18. —(1) Chun crícheanna an Achta so beidh lán-chomhacht agus lán-údarás ag an mbínse bóthair iarainn, chun gach ní, i ndlí no i bhfírinne, a tabharfar os a gcóir go cuibhe fén Acht so, d'éisteacht agus do shocrú agus, ag feidhmiú a gcomhachta fén Acht so dhóibh, ní féadfar srian do chur leo le hordú a dhéanfidh aon chúirt eile, ná ní féadfar aon imeachta a bheidh os a gcóir d'aistriú isteach in aon chúirt eile le certiorari.

(2) Beidh ag an mbínse bóthair iarainn, maidir leis na nithe seo a leanas, sé sin le rá:—

(a) a chur fhiachaint ar fhínnithe teacht i láthair (tar éis a gcostaisí do thairisgint dóibh), fínnithe do scrúdú tré chomhrá béil no tré mhóid-scríbhinn, agus dintiúirí, leabhair, páipéirí, agus scríbhinní do thabhairt i láthair; agus

(b) pionós do chur ar dhaoine a dhiúltóidh d'fhianaise do thabhairt no do scríbhinní do thabhairt i láthair, no a bheidh ciontach i maslú i láthair an bhínse bhóthair iarainn no i láthair éinne acu agus é ina shuidhe i gcúirt oscailte; agus

(c) a n-orduithe do chur i bhfeidhm; agus

(d) nithe eile is gá no is ceart chun a n-údaráis uile agus fé leith fén Acht so d'fheidhmiú go cuibhe no chun an tAcht so do chur in éifeacht ar aon tslí eile;

gach comhacht, ceart agus príbhléid den tsórt atá dílsithe san Ard-Chúirt chun na gcrícheanna san no chun crícheanna dá samhail, agus tuigfar sa dlí gur imeacht bhreithiúntais os cóir cúirte breacacháin gach imeacht a bheidh os cóir an bhínse bhóthair iarainn.

(3) Ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so fé mar is toil leis an mbínse bóthair iarainn isea a bheidh costaisí gach imeachta agus costaisí de dheascaibh gach imeachta a bheidh os cóir an bhínse bhóthair iarainn, agus féadfaidh an bínse a ordú cé íocfidh agus cé leis go n-íocfar iad agus cé a mheádhfidh agus a lomhálfidh iad.

Nós-imeachta agus táillí.

19. —(1) Féadfidh an bínse bóthair iarainn, fé cheadú ón Aire agus an Phrímh-Bhreithimh, rialacha generálta do dhéanamh chun a nós-imeachta agus a gcleachta do rialú agus go generálta chun a ndualgaisí agus a gcomhachta fén Acht so do chur in éifeacht, agus féadfar leis na rialacha san, imeasc nithe eile, forálacha do dhéanamh i dtaobh—

(a) an bínse do mhola costaisí, ach san i dtreo, in imeachta fén Acht so a bheidh os cóir an bhínse bhóthair iarainn ar agra aon chuideachtan no duine, lasmuich de chonspóidí idir dhá chuideachtain bhóthair iarainn no níos mó, ná beidh comhacht ag an mbínse chun costaisí do mhola marab é a dtuairim gur rud suaibhreosach ciapthach an t-iarratas no an t-éileamh no an gearán no an chosaint no an agóid, pe'ca aca é;

(b) aon cheist do chur fé bhráid baill no oifigigh den bhínse, no fé bhráid éinne eile a cheapfid, chun tuairisc do thabhairt tar éis fiosrúchán do dhéanamh go háitiúil;

(c) comhacht do thabhairt don bhínse chun aon imeachta a bheidh os a gcóir do chríochnú, bíodh go ndéanfar atharú le linn na n-imeacht maidir leis na daoine a bheidh ina suidhe mar bhaill den bhínse;

(d) ceart chun éisteacht d'fháil i láthair an bhínse ach teideal a bheith ag páirtí ar bith chun éisteacht d'fháil i bpearsain, no tré ionadaí ar gnáth-fhostú ag an bpáirtí ach údarás cuibhe i scríbhinn do bheith aige, no tré abhcóide no tré atúrnae;

(e) an méid ball den bhínse is gá chun quorum do dhéanamh chun cásanna de shaghasanna difriúla d'éisteacht.

(2) Eileoidh an bínse bóthair iarainn agus íocfar, i dtaobh imeachta a bheidh os a gcóir agus i dtaobh gníomhartha a dhineadar féin no éinne dá n-oifigigh i bhfeidhmiú a gcomhacht agus a ndualgaisí fé seach, pé táillí a hordófar le horduithe a dhéanfidh an tAire ar mhola ón mbínse bóthair iarainn agus le cead ón Aire Airgid.

(3) Tabharfidh an tAire don bhínse bhóthair iarainn pé cúnamh a éileoidh an bínse, agus cuirfe sé ar fáil don bhínse aon eolas atá ar seilbh aige agus is dó leis a bhaineann leis an ní atá os cóir an bhínse, agus beidh teideal ag an Aire chun teacht i láthair agus éisteacht d'fháil in aon imeachta os cóir an bhínse.

(4) Tabharfidh an bínse bóthair iarainn don Aire gach bliain tuairisc ar a n-imeachta fén Acht so, maraon le tuairiscí ar na cásanna d'éisteadar agus ar ar thugadar breith, pé cinn acu go bhfeicfar dóibh buan-tácht no tácht speisialta a bheith ag baint leo, agus leagfidh an tAire an tuairisc sin fé bhráid gach Tighe den Oireachtas.

Suidheanna.

20. —I mBaile Atha Cliath a bheidh príomh-oifig an bhínse bhóthair iarainn ach, fé réir forálacha an Achta so agus fé réir na rialacha a bheidh déanta fútha, féadfidh an bínse bóthair iarainn suidheanna bheith acu in aon pháirt de Shaorstát Éireann, i pé áit no áiteanna a bheidh caothúil chun breith do thabhairt ar na himeachta a bheidh os a gcóir.

Do réir barúla móráirimh de sna baill a bheidh i láthair a bheidh na breitheanna.

21. —(1) An bhreith a tabharfar ar aon cheist a bheidh os cóir an bhínse bhóthair iarainn beidh sí do réir barúla an mhóráirimh de sna baill (ar a n-áireofar baill bhreise, más ann dóibh) den bhínse bhóthair iarainn a éisteoidh an cás.

(2) Isé an cathaoirleach no an ball eile a bheidh i gceannas an uair sin a chraolfidh gach breith a thabharfidh an bínse bóthair iarainn, agus ní dhéanfidh aon bhall eile aon bhreith ná barúil do chraola ar leithligh.

Athchomhairc.

22. —(1) Ní luighfidh aon athchomharc in aghaidh aon ordú a dhéanfidh an bínse bóthair iarainn i bhfeidhmiú aon údaráis a tugtar dóibh le Cuid I. den Acht so, ná in aghaidh aon bhreith a thabharfidh an bínse bóthair iarainn fé aon údarás eile ar cheist fírinne ná ar aon cheist i dtaobh locus standi éinne a thiocfidh no a éileoidh éisteacht d'fháil ina láthair.

(2) Ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, luighfidh athchomharc chun na Cúirte Uachtaraí in aghaidh gach breith a thabharfidh an bínse bóthair iarainn, ach ní cuirfar a leithéid d'athchomharc ar siúl ach do réir rialacha de rialacha cúirte na Cúirte Uachtaraí.

(3) Ag éisteacht athchomhairc di in aghaidh an bhínse bhóthair iarainn, féadfidh an Chúirt Uachtarach gach brí do bhaint as an scéal ná beidh bunoscionn leis na dátáin a chinn an bínse bóthair iarainn go soiléir, agus is gá chun breith do thabhairt ar na ceisteanna a cuirfar san athchomharc, agus beidh gach comhacht aici chuige sin fé is dá mb'athchomharc in aghaidh breith ón Ard-Chúirt an t-athchomharc, agus féadfa sí aon ordú do dhéanamh a fhéadfadh an bínse bóthair iarainn a dhéanamh agus fós aon ordú eile a bheidh ceart, agus fé mar is toil leis an gCúirt Uachtarach isea bheidh costaisí athchomhairc agus costaisí de dheascaibh athchomhairc, ach ní féadfar aon chostaisí do chur ar an mbínse bóthair iarainn ná ar aon bhall de ná ar aon oifigeach do de dheascaibh ná ar scór aon athchomhairc.

Feidhmeanna Choimisiún na mBóthar Iarainn agus na gCanálach d'aistriú.

23. —(1) Gach feidhm, údarás, comhacht agus dualgas a bhí, ar an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, á bhfeidhmiú ag Coimisiún na mBóthar Iarainn agus na gCanálach no forchurtha ortha do réir reachta no ar aon tslí eile, déanfar (lasmuich de sna heisceachtaí a luaidhtear ina dhiaidh seo anso) o am rithte an Achta so agus dá éis iad d'fheidhmiú agus do chó-líona i Saorstát Éireann ag an mbínse bóthair iarainn.

(2) Maidir le haon ghníomh, rud, no ní do dhéanamh no gan é do dhéanamh tar éis rithte an Achta so, déanfar gach luadh no tagairt atá in aon Reacht Briotáineach do Choimisiún na mBóthar Iarainn agus na gCanálach do léiriú agus beidh éifeacht aige mar luadh no tagairt don bhínse bhóthair iarainn, fé réir forálacha an Achta so agus lasmuich de sna cásanna a luaidhtear ina dhiaidh seo anso.

(3) Na feidhmeanna, údaráis, comhachta, agus dualgaisí uile agus fé leith a bronntar no a forchuirtar ar an mbínse bóthair iarainn leis an alt so, féadfa siad san iad d'fheidhmiú no do chó-líona chun crícheanna an Achta so chó maith leis an gcrích chun ar bronnadh no ar forchuireadh an céanna ar Choimisiún na mBóthar Iarainn agus na gCanálach.

(4) Ní bhainfidh an t-alt so le haon cheann de sna feidhmeanna, na húdaráis, na comhachta, ná na dualgaisí a fheidhmíonn Coimisiún na mBóthar Iarainn agus na gCanálach no a bronnadh no a forchuireadh ortha fé fho-alt (1) d'alt 1 den Defence of the Realm (Acquisition of Land) Act, 1916, no leis, no fé alt 8 den Acht chéanna, no leis, ná ní bhainfe sé le haon luadh ná tagairt do Choimisiún na mBóthar Iarainn agus na gCanálach atá in aon Reacht Briotáineach maidir le haon cheann de sna feidhmeanna, na húdaráis, na comhachta, agus na dualgaisí sin.