An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Regleail na mBothar Iarainn.) Ar Aghaidh (CUID VII. Generalta.)

29 1924

ACHT NA mBÓTHAR IARAINN, 1924

CHUID VI.

Boithre Iarainn fe Urraiocht Bharuntachta.

Brí focal áirithe.

62. —Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an focal “dividenda fé urraíocht bharúntachta” na dividenda ar scair-chaipital íoctha bóithre iarainn barúntachta curtha-isteach atá urruithe, le linn rithte an Achta so, ag barúntachtaí áirithe no ag codacha áirithe de bharúntachtaí i Saorstát Éireann fé urraíochtaí a tugadh fén Tramways and Public Companies (Ireland) Act, 1883, no fé aon Acht eile no fé aon Ordú i gComhairle a dineadh fé aon Acht den tsórt san: cialluíonn an focal “urra-bharúntacht” barúntacht no cuid de bharúntacht go bhfuil dividenda fé urraíocht bharúntachta urruithe aici fé aon urraíocht a tugadh fé aon Acht no Ordú i gComhairle den tsórt san adubhradh;

cialluíonn an focal “bóthar iarainn barúntachta curtha-isteach” bóthar iarainn no cuid de bhóthar iarainn gur dividenda fé urraíocht bharúntachta na dividenda ar aon chuid dá chaipital íoctha agus atá le cur isteach (tré chó-nasca no tré thógaintisteach), fé fhorálacha an Achta so, i ngnó na cuideachtan cónasctha.

Forálacha i dtaobh urraíochtaí barúntachta.

63. —(1) I rith gach bliana de sna deich mbliana a luaidhtear i gCuid I. den Naoú Sceideal a ghabhann leis an Acht so íocfidh an tAire leis an gcuideachtain chó-nasctha amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus ina tráth-choda cothroma leathbhliantúla, an tsuim adeirtear sa Chuid sin I. den sceideal san a bheith iníoctha gach bliain de sna blianta san fé seach.

(2) Ar pé dátaí a shocróidh an tAire déanfidh comhairlí na gcontaethe uile agus fé leith a luaidhtear i gCuid II. den Naoú Sceideal a ghabhann leis an Acht so na suimeanna a luaidhtear sa Chuid sin II. in aghaidh na gcontaethe sin fé seach d'íoc leis an Aire ina dtráth-choda cothroma leath-bhliantúla i rith gach bliana de sna blianta a luaidhtear sa Chuid sin II. i gcóir na gcontaethe sin fé seach, agus isiad suimeanna iad san ná na méideanna a sholáthair agus d'íoc na comhairlí sin fé seach i gcóir na tréimhse deiridh cuntasaíochta a chríochnuigh roimh an 1adh lá d'Eanair, 1914, mar gheall ar an bhfiachas a bhí ar urra-bharúntachtaí sa chontae i dtaobh dividenda fé urraíocht bharúntachta.

(3) Na suimeanna uile agus fé leith a íocfidh comhairle contae leis an Aire fén bhfo-alt san roimhe seo, soláthróidh an chomh airle sin iad as na líomatáistí céanna agus do réir na gcionúireacht gcéanna agus ar an gcuma gcéanna gur asta agus dá réir agus uirthi a soláthruíodh an tsuim d'íoc an chomhairle sin i gcóir na tréimhse cuntasaíochta deiridh a chríochnuigh roimh an 1adh lá d'Eanair, 1914, mar gheall ar an bhfiachas a bhí ar urra-bharúntachtaí sa chontae i dtaobh dividenda fé urraíocht bharúntachta:

Ach féadfidh an tAire, le hordú, ar iarratas o aon chomhairle den tsórt san agus le toil an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, a údarú don chomhairle sin leathnú do dhéanamh ar an líomatáiste as a soláthrófar na suimeanna a íocfidh an chomhairle sin leis an Aire, no atharú do dhéanamh ar na cionúireachtaí gur dá réir a soláthrófar iad no ar an slí ina soláthrófar iad.

(4) An fiachas (atá, a bheidh no a fhéadfidh teacht chun bheith) ar chomhairlí uile agus fé leith na gcontaethe ina luíonn urrabharúntachtaí, maidir le dividenda fé urraíocht bharúntachta no le críochnú, oibriú no coinneáil-suas bóithre iarainn barúntachta curtha-isteach, fé aon urraíocht a tugadh fén Tramways and Public Companies (Ireland) Act, 1883, no fé aon Acht eile no fé aon Ordú i gComhairle a dineadh fé aon Acht den tsórt san, stadfidh an fiachas san ón 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1924, ach ní dhéanfidh an stad san dochar ná difir d'aon fhiachas den tsórt san roimhráite ar aon chomhairle den tsórt san maidir le haon tréimhse roimh an 1adh lá d'Eanair, 1925.

(5) An fiachas (atá, a bheidh no a fhéadfidh teacht chun bheith) ar na bóithre iarainn barúntachta curtha-isteach uile agus fé leith, ag an Aire Airgid no ag comhairlí na gcontaethe ina luíonn urra-bharúntachtaí, fén Tramways and Public Companies (Ireland) Act, 1883, no fé aon Acht eile go bhfuil urraíocht déanta fé n'údarás ar dhividenda, ar chríochnú, ar oibriú no ar choinneáil-suas bóthair iarrainn bharúntachta curtha-isteach, no fé aon Ordú i gComhairle a dineadh fé aon Acht den tsórt san, stadfa sé ón 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1924.

(6) An fiachas a fhéadfidh teacht (má thagann sé) chun bheith ar aon chuideachta chó-nascthach no thógtha-isteach, ag an Aire Airgid no ag Comhairle aon chontae fén Tramways and Public Companies (Ireland) Act, 1883, no fé aon Acht eile 'na bhfuil no 'na raibh urraíocht déanta fé n'údarás ar dhividenda, ar chríochnú, ar oibriú no ar choinneáil-suas bóthair iarainn no aon choda de bhóthar iarainn na cuideachtan san no fé aon Ordú i gComhairle a dineadh fé aon Acht den tsórt san, no fé aon bhreithiúntas, aithne no ordú a bunuíodh ar aon Acht no Ordú den tsórt san, stadfa sé ón 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1924.

(7) Ní bheidh aon airgead iníoctha amach as Cuntas na Cánach Áitiúla fé fho-alt (4) d'alt 58 den Local Government (Ireland) Act, 1898, le comhairle aon chontae i gcóir aon tréimhse tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1924, mar gheall ar aon bhóthar iarainn barúntachta curtha-isteach agus, in ionad na n-íocanna san íocfar leis an Aire, amach as Cuntas na Cánach Áitiúla, i rith gach bliana de sna deich mbliana a luaidhtear i gCuid III. den Naoú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, an tsuim adeirtear, sa Chuid sin III. den Sceideal san, a bheith iníoctha gach bliain de sna blianta san, fé seach. Ní bhainfidh forálacha fo-alt (5) d'alt 58 den Local Government (Ireland) Act, 1898, le haon tsuim a híocfar leis an Aire fén bhfo-alt so.

Bóithre iarainn barúntachta atá dílsithe i gcomhairlí contae.

64. —In aon chás ina dtáinig gnó aon bhóthair iarainn bharúntachta churtha-isteach, agus maoin aon chuideachtan go raibh baint acu leis, chun bheith ina mhaoin ag árd-choiste no comhairle contae fé fhorálacha a bhí in Ordú-i-gComhairle do réir fo-alt (2) d'alt 10 den Tramways and Public Companies (Ireland) Act, 1883, ansan, chun Cuid I. den Acht so do chur i mbaint leis an mbóthar iarainn barúntachta curtha-isteach san—

(a) na daoine is scaireánaigh de thurus na huaire den chuideachtain gur leo an gnó agus an mhaoin sin láithreach sara dtáinig an céanna chun bheith ina mhaoin ag an árd-choiste no ag an gcomhairle contae, tuigfar gurb iad na daoine sin únaerí an bhóthair iarainn sin, agus

(b) ní bheidh toiliú na comhairle contae riachtanach i gcóir aon scéime chun an chuideachta chó-nasctha do thógaint gnó an bhóthair iarainn sin isteach.