An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CHUID VI. Boithre Iarainn fe Urraiocht Bharuntachta.) Ar Aghaidh (Cead Sceideal. Cuideachtana Co-nascthacha agus Togtha-Isteach.)

29 1924

ACHT NA mBÓTHAR IARAINN, 1924

CUID VII.

Generalta.

Féadfidh údaráis phuiblí iarrataisí do dhéanamh i gcásanna áirithe.

65. —(1) Sa chás san, fén Acht so, ina bhféadfadh dream ionadathach de thrádálaithe no dream atá ionadathach do thrádáil no do chomharsanacht iarratas do dhéanamh chun an bhínse bhóthair iarainn, féadfidh aon cheann de sna húdaráis no de sna cóluchtaí seo a leanas an t-iarratas do dhéanamh:—

(a) aon bhord cuain, no comhairle aon chontae no buirge no ceanntair; no

(b) aon chomhlachas tráchtála no comhlachas atá ionadathach do loingseoireacht, do thalmhaíocht, do thrádálaithe, do lastairí no do phaisnéirí agus a gheobhaidh deimhniú ón Aire gur cólucht ceart iad chun a leithéid d'iarratas do dhéanamh.

(2) Fé réir a bhforáltar san alt so, ní bheidh teideal ag aon chuideachta, cólucht ná duine chun aon iarratas do dhéanamh mara bhfuil baint díreach acu le habhar an iarratais sin.

(3) Féadfidh aon údarás no cólucht den tsórt roimhráite teacht i láthair i gcoinnibh aon iarratais, aithris cúise, no cur-fé-bhráid in aon chás in ar dó leis an Aire gur dócha go ndéanfadh an bhreith a tabharfí ar aon iarratas, aithris cúise, no chur-fébhráid den tsórt san, difir don údarás san no do sna daoine darb ionadaithe iad.

(4) Féadfidh an tAire, más oiriúnach leis é, a éileamh mar choiníoll ar dheimhniú do thabhairt fén alt so go dtabharfar urús, ar pé slí agus i pé méid is gá, dar leis, ar chostaisí fé n-a raghfar.

(5) Aon deimhniú a deonfar fén alt so, beidh sé i bhfeidhm go ceann dhá mhí dhéag ón dáta ar ar tugadh amach é mara dtarraingítear siar é.

(6) Aon chostaisí fé n-a raghaidh aon údarás den tsórt san in aon iarratas no cur-i-gcoinnibh den tsórt san no mar gheall air sin, íocfar iad amach as an ráta no as an gciste as a n-íoctar na costaisí fé n-a dtéigheann an t-údarás i bhfeidhmiú a ngnáthdhualgaisí.

Fógraí, etc.

66. —Aon fhógra, iarratas, impí, no scríbhinn eile a húdaruítear no a héilítear, leis an Acht so, a chur ag triall ar chuideachta bhóthair iarainn, féadfar é chur tríd an bpost i leitir chláruithe roimh-íoctha fé sheola rúnaí na cuideachtan i bpríomh-oifig na cuideachtan, mara n-orduighidh an bínse bóthair iarainn slí éigin eile.

Scríbhinní do sheirbheáil ar an gcuideachtain chó-nasctha.

67. —Aon scríbhinn a héilítear no a húdaruítear, le dlí lasmuich den Acht so, a sheirbheáil ar an gcuideachtain chó-nasctha féadfar í sheirbheáil amhlaidh tré—

(a) í shíne chun rúnaí na cuideachtan có-nasctha sa phríomhoifig atá ag an gcuideachtain chó-nasctha i Saorstát Éireann, no

(b) í fhágaint sa phríomh-oifig roimhráite i gclúdach fé sheola rúnaí na cuideachtan có-nasctha, no

(c) í chur tríd an bpost i leitir chláruithe roimh-íoctha fé sheola rúnaí na cuideachtan có-nasctha sa phríomhoifig roimhráite.

Na teangthacha ina mbeidh fógraí puiblí agus ticéidí.

68. —Chó luath agus is féidir é cuirfidh an chuideachta chónasctha fógraí agus comharthaí i nGaedhilg agus i mBéarla in ionad na bhfógraí agus na gcomharthaí puiblí go léir (ar a n-áirítear ainmneacha stáisiún) atá i mBéarla amháin anois, agus, laistigh de bhliain ón 1adh Eanair, 1925, leagfid fé bhráid an Aire scéim chun a gcárta-thicéidí paisnéara i gcóir turus laistigh den tSaorstát do chlóbhuala i nGaedhilg agus i mBéarla agus, maran dó leis an Aire go mbeadh an riail-ioncum i gcuntúirt agus nár bhfólair rátaí agus táillí do mhéadú de dheascaibh glaca leis an scéim, ordóidh sé don chuideachtain chó-nasctha an scéim sin do chur i ngníomh: Ach féadfar na stuic de thicéidí atá ann fé láthair d'úsáid go dtí go mbeid ídithe.

Cúntaisí, áirimh agus staitistíocht.

69. —(1) Na cuntaisí a bheidh le tabhairt ag an gcuideachtain chó-nasctha fén Railway Companies (Accounts and Returns) Act, 1911, tiomsófar iad i pé slí a ordóidh an tAire tar éis dul i gcomhairle leis an gcuideachtain chó-nasctha.

(2) Beidh sé de dhualgas ar an gcuideachtain chó-nasctha pé staitistíocht agus áirimh a éileoidh an tAire do thiomsú agus do thabhairt do i pé slí agus fuirm a ordóidh sé.

(3) Chun críche an Achta so beidh ag an Aire, no ag aon oifigeach dá n-údaróidh sé é go cuibhe, comhacht chun pé rannsú is gá, dar leis, a dhéanamh ar chúrsaí na cuideachtan có-nasctha, agus beidh dul aige ar leabhair, ar chuntaisí agus ar áirimh na cuideachtan có-nasctha, agus tabharfidh oifigigh agus seirbhísigh na cuideachtan don Aire no d'aon oifigeach cuibhe-údaruithe den tsórt san pé saoráidí a éileoidh sé.

(4) Na comhachta a bheidh ag an Aire fén alt so is méadú iad, agus ní luíodú, ar aon chomhachta a bronntar air fén Acht so no fé aon Acht eile chun fiosrúcháin do chomóra.

(5) Mara gcó-líonaidh an chuideachta chó-nasctha éinní áirithe dá n-éilítear leis an alt so, féadfar an ní sin do chur i bhfeidhm le hordú ón mbínse bóthair iarainn ar iarratas ón Aire.

(6) Ní léireofar éinní san alt so mar údarás chun aon teora do chur le smacht únaerí aon ghnótha ar na crícheanna 'na bhfuil caiteachas an ghnótha san le caitheamh leo, ná chun aon chur isteach do dhéanamh ar an smacht san.

Ainmneacha agus seolta na scaireánach.

70. —(1) In ainneoin éinní atá in alt 10 den Companies Clauses Consolidation Act, 1845, beidh sé dleathach don chuideachtain chó-nasctha treoir de chártaí no treoir eile (de shaghas a cheadóid iniúchóirí na cuideachtan có-nasctha), ina mbeidh ainmneacha agus seolta scaireánach uile agus fé leith na cuideachtan cónasctha, do chur in ionad Leabhar Seolta na Scaireánach a foráltar fén alt san agus is dá réir sin a léighfar an t-alt san agus a bheidh éifeacht aige sa mhéid go mbainfe sé leis an gcuideachtain chó-nasctha agus nuair a bheidh an treoir de chártaí no an treoir eile sin curtha in ionad an Leabhair Sheolta mar sin scuirfidh alt 34 den Regulation of Railways Act, 1868, de bhaint a bheith aige leis an gcuideachtain chó-nasctha: Ach an t-éileamh a hiarrfar ar chóip den treoir de chártaí no den treoir eile sin ní ragha sé thar suim £2 10s. 0d.

(2) Má dhineann an chuideachta chó-nasctha éinní contrárdha d'alt 10 den Companies Clauses Consolidation Act, 1845, mar a hatharuítear leis an alt so é, féadfar fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur ortha mar gheall ar gach cionta fé leith, fíneáil a féadfar a fháil agus a úsáid ar an gcuma gcéanna in ar féidir de thurus na huaire fíneála a forchuirtar leis an Railway Clauses Consolidation Act, 1845, d'fháil agus d'úsáid.

Achtacháin ná bainfidh leis an gcuideachtain chó-nasctha.

71. —Na hachtacháin a háirítear sa Deichiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san, ní bhainfid leis an gcuideachtain chó-nasctha ón lá ceaptha.

Gearr-theideal.

72. —Féadfar Acht na mBóthar Iarainn, 1924 , do ghairm den Acht so.

SCEIDIL.