An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. COINIOLLACHA I dTAOBH GLANACHAIR AGUS EAGAIR.) Ar Aghaidh (CUID III. CLARU AITREABHACHA.)

58 1924

ACHT TORA DÉIRÍOCHTA, 1924

CUID II.

EASPORTAIL IME.

Easportáil ime.

9. —(1) Lasmuich de sna heisceachtaí a luaidhtear san alt so, maidir leis an im go léir a heasportálfar as Saorstát Éireann, ní déanfar é easportáil ach o áitreabhacha bheas cláruithe i gclár na n-uachtarlann, no i gclár na n-easportálaithe ndéantóireachta, no i gclár na monarchan ime, no i gclár na n-easportálaithe nách déantóirí, agus cólíonfar ina thaobh na coiníollacha so a leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh an t-im pacálta chun easportála do réir forálacha an Achta so agus do réir aon rialachán a déanfar fén Acht so, agus

(b) an t-im agus fós an pacáiste ina mbeidh an t-im agus aon fhillteog ina mbeidh an t-im pacálta, beid marcálta leis na marcanna (más ann dóibh) a hordófar le rialacháin a déanfar fén Acht so, agus

(c) má dintar an marc náisiúnta atá le bunú fé Chuid IV. den Acht so do chur ar an im no ar an bpacáiste ina mbeidh sé no ar an bhfillteoig ina mbeidh sé pacálta, có-líonfar forálacha an Achta so agus aon rialacháin a déanfar fén Acht so i dtaobh an mhairc náisiúnta san, agus

(d) más o áitreabh atá cláruithe i gclár na n-uachtarlann no i gclár na n-easportálaithe ndéantóireachta a bheidh an t-im á easportáil—

(i) beidh sé tar éis bheith pacálta san áitreabh san agus gan bheith tógtha amach as an bpacáiste agus as an bhfillteoig (más ann di) in ar pacáladh é amhlaidh, agus

(ii) beidh sé glan agus ní bheidh thar sé-déag per cent. d'uisce ann ná aon dath-abhar díobhálach ná aon leasú ach salann de shaghas a bheas orduithe, agus

(iii) déanfidh únaer cláruithe an áitreabh roimhráite é easportáil díreach ón áitreabh san, agus

(e) más o áitreabh atá cláruithe i gclár na monarchanna ime a bheidh an t-im á easportáil—

(i) ní déanfar, sara n-easportáltar é, é thógaint amach as an bpacáiste ná as aon fhillteoig ina raibh sé agus é ag fágaint an áitreibh, agus

(ii) beidh sé glan agus ní bheidh thar sé-déag per cent. d'uisce ann, agus

(iii) déanfidh únaer cláruithe an áitreibh roimhráite é easportáil díreach ón áitreabh san, agus

(f) más o áitreabh atá cláruithe i gclár na n-easportálaithe nách déantóirí a bheidh an t-im á easportáil—

(i) ní déanfar, sara n-easportáltar é, é thógaint amach as an bpacáiste ná as aon fhillteoig ina raibh sé agus é ag fágaint an áitreibh, agus

(ii) beidh sé glan agus, má orduítear agus nuair a hordófar é, ní bheidh thar sé-déag per cent. d'uisce ann, agus

(iii) déanfidh únaer cláruithe an áitreibh roimhráite é easportáil díreach ón áitreabh san.

(2) Gach éinne a dhéanfas no a thabharfas fé aon im ná fuil do réir na gcoiníoll uile a horduítear leis an bhfo-alt san roimhe seo d'easportáil, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(3) Gach éinne iomprós ar luach saothair, ar muir no ar tír, aon im a bheas á easportáil no le heasportáil contrárdha don alt so, más le linn an t-im sin do bheith á easportáil no chun é easportáil a déanfar an t-iompar san, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so mara gcruthuighe sé ná raibh a fhios aige agus ná luíonn sé le réasún go bhféadfadh sé a fhios a bheith aige go raibh an t-im sin á easportáil contrárdha don alt so.

(4) Gach éinne a bheas ciontach i gcionta fén alt so féadfar, ar a chiontú ann ar an slí achmair, é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar fiche púnt má sé an chéad chionta aige é agus fé fhíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no, más maith leis an gcúirt é, fé phríosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no fén bhfíneáil agus fén bpríosúntacht san le chéile i gcás an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin.

(5) Ní bhainfidh an t-alt so le haon im a heasportálfar—

(a) tré phost na mbeart, no

(b) in aon chonsighneacht nách mó a meáchan iomlán ar fad ná an meáchan maximum a leigtar a chur tré phost na mbeart de thurus na huaire, no

(c) fé cheadúnas easportála a deonadh fén Acht so, agus do réir an cheadúnais sin, no

(d) i bpacáiste a consighneofar agus a cuirfar ar aghaidh tré Shaorstát Éireann o aon áit lasmuich de Shaorstát Éireann go haon áit eile den tsórt san agus ná deighleálfar leis ar aon tslí eile i Saorstát Éireann.

Im do scrúdú, etc.

10. —(1) Beidh teideal ag aon chigire ar gach tráth réasúnta (ach an t-údarás i scríbhinn a bheas aige mar chigire den tsórt san do thaisbeáint má iarrtar san air) chun dul isteach agus chun saorchead a bheith aige istigh—

(a) in aon áitreabh atá cláruithe fén Acht so no fé sna Sale of Food and Drugs Acts, 1875 to 1907, no

(b) in aon áitreabh ina ndíoltar im no ina dtaisbeántar, ina gcimeádtar, no ina dtaiscítear é chun é dhíol, no ina dtaiscítear é chun é chimeád slán tré n-a nochta d'fhuacht no ar aon tslí eile, no

(c) in áitreabh éinne i mbun gnó earraí d'iompar ar luach saothair, no

(d) in aon stóras no áitreabh eile le héinne i mbun gnó stórála earraí atá le heasportáil no atá á n-easportáil, no

(e) ar aon phiara, céibh, caladh, fanán no dug, no in aon áitreabh duga, no

(f) in aon long, bád, bhaigín traenach, mótar, laraí, trucail, no árthach no feithicil eile a húsáidtear chun earraí d'iompar.

(2) Féadfidh aon chigire scrúdú dhéanamh ar aon im, no ar aon phacáiste a gheobhfar in aon áit a mbeidh teideal aige fén alt so chun dul isteach ann no chun saorchead istigh a bheith aige ann no in no ar aon áit phuiblí, agus féadfa sé aon phacáiste den tsórt san a gcreideann sé le réasún no a bhfuil amhrus réasúnta aige go bhfuil im ann d'oscailt, agus féadfa sé na rudaí seo do thógaint agus d'aistriú gan íoc asta—

(a) samplaí réasúnta d'aon im a gheobhfar in aon áit den tsórt san, pe'ca i bpacáiste don im sin no nách ea, agus

(b) samplaí réasúnta d'aon fhillteoga no abhair phacála ina bhfuil aon im den tsórt san pacálta, agus

(c) aon phacáiste áirithe is cuid de chonsighneacht ime a gheobhfar in aon áit den tsórt san.

(3) Má dhineann éinne—

(a) aon chigire do chosc no do bhac i bhfeidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so, no

(b) agus a fhios aige cad is ainm do chonsighneoir, do chonsighné, no d'únaer aon ime no aon phacáiste a bhfuil teideal ag cigire chun a scrúduithe fén alt so, no fios aige ar nithe eile i dtaobh éinne acu, diúltú don ainm sin no do sna nithe eile sin d'innsint don chigire, no

(c) aon ainm no eolas eile, atá bréagach no a chuirfadh duine amú, do thabhairt, go toiliúil no ar nós cuma-liom, don chigire sin ar aon chonsighneoir, consighné no únaer den tsórt san,

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar, má sé an chéad chionta aige é, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air agus, i gcás an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint.

(4) Má thógann cigire aon phacáiste fén alt so beidh sé de dhualgas ar an gcigire sin a chur in úil don únaer no don chonsighneoir agus don chonsighné (más rud é agus sa mhéid go bhfuil fios a n-ainmneacha agus a seolta aige no go luíonn sé le réasún go bhféadfadh sé eolas do chur ortha) gur thóg sé an pacáiste sin.

(5) Ar iniúcha aon phacáiste a tógfar fén alt so má chítar don Aire gur dineadh no gur tugadh fé aon cheann d'fhorálacha an Achta so no aon rialacháin a dineadh fé do shárú maidir leis an gconsighneacht as ar tógadh an pacáiste, geallbhruidfar an pacáiste don Aire, agus in aon chás eile deighleálfar leis an bpacáiste do réir orduithe an únaera no an chonsighneora no, mara dtugtar orduithe ina thaobh, díolfar an pacáiste agus íocfar sochar glan a dhíolta leis an gconsighneoir.

(6) Ní bheidh an tAire ná aon chigire freagarthach in aon chailliúint ná damáiste a thiocfidh as cigire d'fheidhmiú go dleathach aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so, agus ní luighfidh aon aicsean i gcoinnibh an chonsighneora ná éinne eile i dtaobh ná de dheascaibh aon chailliúna ná damáiste den tsórt san roimhráite.

Ordú chun im do scrúdú sara n-easportáltar é.

11. —(1) Más deimhin agus nuair is deimhin leis an Aire go bhfuil a leithéid riachtanach no oiriúnach ar mhaithe le tionnscal an ime i Saorstát Éireann, féadfa sé le hordú (dá ngairmtear ordú scrúdúcháin san alt so) a éileamh, maidir le gach im no aon im d'aon tsaghas áirithe a bheas le heasportáil, no gach im no aon im a bheas le heasportáil o aon áitreabh áirithe no o aon tsaghas áirithe áitreabh, no aon chonsighneacht áirithe ime a bheas consighnithe chun é easportáil, go ndéanfar, sara n-easportáltar an céanna, é chur fé bhráid na n-oifigeach orduithe, chun é scrúdú, féachaint a bhfuil an t-im sin oiriúnach chun é easportáil, agus féadfidh an tAire, leis an ordú san, cosc do chur, ar fad no mara gcólíonfí coiníollacha áirithe, le heasportáil aon ime a gheobhfar, ar dhéanamh an scrúduithe sin, a bheith neamh-oiriúnach chun é easportáil.

(2) Féadfidh an tAire, le haon ordú scrúdúcháin no le haon ordú ina dhiaidh sin, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(a) an modh chun im le n-a mbaineann ordú scrúdúcháin do chur fé bhráid chun a scrúduithe, ar a n-áirítear an modh chun codacha somplacha amháin den im do chur fé bhráid i gcásanna oiriúnacha;

(b) na hoifigigh a dhéanfas an scrúdú;

(c) an modh chun an scrúdú dhéanamh agus na háiteanna ina ndéanfar é;

(d) na coiníollacha nách foláir an t-im do bheith dá réir chun bheith oiriúnach chun é easportáil;

(e) na coiníollacha fé n-a bhféadfar im d'easportáil má faghtar é bheith neamh-oiriúnach chun é easportáil gan coiníoll.

(3) Fanfidh ordú scrúdúcháin i bhfeidhm ar feadh pé tréimhse adéarfar san ordú agus ar feadh pé tréimhse breise a hordófar in aon ordú ina dhiaidh sin, agus mara luaidhtear aon tréimhse den tsórt san san ordú fanfidh an t-ordú i bhfeidhm go dtí go ndéanfidh an tAire athghairm air.

(4) Einne dhéanfas aon im d'easportáil no tabhairt fé n'easportáil contrárdha d'ordú scrúdúcháin no d'aon rialachán a déanfar fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus féadfar, ar a chiontú ann ar an slí achmair, é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar fiche púnt má sé an chéad chionta aige é agus fé fhíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no, más maith leis an gcúirt é, fé phríosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no fén bhfíneáil agus fén bpríosúntacht san le chéile i gcás an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin.

Ceadúnaisí chun im d'easportáil.

12. —(1) Féadfidh an tAire, ar iarratas o éinne sa bhfuirm agus sa tslí orduithe agus ar íoc na dtáillí a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so don duine sin, ceadúnas do dheona don duine sin chun an chonsighneacht ime a luadhfar sa cheadúnas d'easportáil chun pé consighné (más ann do), ar pé cúrsa (más ann do), agus fé réir pé coiníollacha a luadhfar sa cheadúnas.

(2) Aon cheadúnas a deonfar fén alt so, oibreoidh sé mar údarás don té dá ndeonfar é chun an chonsighneacht ime a luadhfar ann d'easportáil do réir téarmaí an cheadúnais.

(3) Aon uair sara n-easportáltar consighneacht ime a luaidhtear i gceadúnas, féadfidh an tAire an ceadúnas a bhaineas leis an gconsighneacht san d'athghairm.

(4) Má dhineann éinne dar deonadh ceadúnas fén alt so aon téarma no coiníoll dá bhfuil sa cheadúnas san do shárú, no má dhineann éinne, go bréagach, a thabhairt le tuisgint, le marc ar an gconsighneacht no ar aon tslí eile, go bhfuil aon chonsighneacht ime á heasportáil do réir aon cheadúnais den tsórt san, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, féadfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar fiche púnt.

(5) Déanfidh gach éinne dá ndeonfar ceadúnas na táillí a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'íoc leis an Aire.

Comhachta oifigeacha custum agus máil.

13. —Beidh ag oifigigh custum agus máil, maidir le haon im agus pacáistí, a gcoiscthar no a sriantar a n-easportáil leis an Acht so, na comhachta céanna atá ag na hoifigigh sin fé seach do réir dlí maidir le hearraí eile a bhfuil a n-easportáil coiscthe no srianta do réir dlí.