|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V. ILGHNEITHEACH AGUS GENERALTA.) | Ar Aghaidh (DARA SCEIDEAL. Gléasra agus Meaisínteacht in áitreabhacha atá cláruithe i gclár na monarchanna ime.) |
ACHT TORA DÉIRÍOCHTA, 1924
[EN] | ||
[EN] |
CEAD SCEIDEAL. Gléasra agus Meaisínteacht in Uachtarlanna Cláruithe agus i Stáisiúin ina ndeighiltear Uachtar. | |
1.—Coire tréan-bhrugha no lag-bhrugha chun gal do gheiniúint— | ||
(a) chun an bainne a faghtar san áitreabh do théidhe a dhóthin chun an t-uachtar do dheighilt i gceart, má deighiltear uachtar ón mbainne san áitreabh, agus | ||
(b) chun an t-uisce is gá i gcóir glana do théidhe a dhóthin. | ||
2.—Fuarathóir chun an t-uachtar a deighiltear o bhainne san áitreabh d'fhuara, ceann d'fhéadfadh teas an uachtair, agus é ag teacht ón deighilteoir uachtair, do luíodú go dtí ná beidh sé thar ceithre gráid Fahrenheit níos mó ná an teas a bheadh san uisce a húsáidfí chun an t-uachtar d'fhuara agus san nuair a bheadh an t-uisce sin ag dul isteach sa bhfuarathóir. | ||
3.—Na meaisiní a luaidhtear thíos agus iad uile á oibriú le comhacht mheceaniciúil— | ||
* (a) Téitheoir chun an bainne óna mbeadh uachtar le deighilt san áitreabh do théighe go dtí go mbeadh teas a dhóthin ann chun an t-uachtar do dheighilt i gceart. | ||
* (b) Deighilteoir meán-teicheamhach chun uachtar do dheighilt ón mbainne a soláthruítear don áitreabh. | ||
† (c) Cuinneog agus im-oibritheoir, no cuinneog agus imoibritheoir le chéile, chun an t-im a dintar san áitreabh do dhéanamh. | ||
4.—Na riachtanaisí a luaidhtear thios— | ||
(a) Pé fearaistí, apparatus, agus ceimiocáin is gá chun a dhéanamh amach cadé an percentáiste uisce atá san im a dintar san áitreabh agus a cuirtar amach uaidh. | ||
(b) Pé fearaistí, apparatus, agus ceimiocáin is gá chun a dhéanamh amach cadé an percentáiste geire atá san uachtar agus sa bhainne le n-a ndeighleáltar san áitreabh. | ||
* Ní bhaineann san le cás na n-uachtarlann ná soláthruítear bainne dhóibh. * Ní bhaineann san le cás na n-uachtarlann ná soláthruítear bainne dhóibh. †Ní bhaineann san le cás na stáisiún ina ndeighiltear uachtar. |