|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUIGIU SCEIDEAL. RIALACHA CHUN COSTAISI TAISTIL D'IOC LE BAILL D'UDARAIS CHONTAE AGUS DE CHOISTI.) | Ar Aghaidh (SEACHTU SCEIDEAL. ACHTACHAIN A hATHGHAIRMTEAR.) |
ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA, 1925
| [EN] | ||
| [EN] |
SEU SCEIDEAL. RIALACHA CHUN DAINGNIU DO DHEANAMH AR ORDUITHE SEALADACHA A THUGANN COMHACHT D'UDARAIS ÁITIÚLA CHUN TALAMH DO THOGAINT. | |
1. Seirbheálfar cóip den Ordú Shealadach ar an slí orduithe, maraon le ráiteas go ndaingneofar an t-ordú agus go mbeidh éifeacht Achta den Oireachtas aige mara ndinidh duine éigin le n-a mbaineann an scéal achuinge do thíolaca, laistigh den tréimhse orduithe, don Aire no don Chúirt Chuarda 'na bhfuil údarás aici san áit ina bhfuil an talamh atá le tógaint, achuinge á iarraidh ná déanfí dlí den ordú, no d'aon chuid áirithe dhe, gan tuille fiosrúcháin. | ||
2. Déanfidh oifigeach den Chúirt Chuarda cóip de gach achuinge chun na Cúirte Cuarda fé sna Rialacha so do chur ag triall ar an Aire, agus má tarraingtear siar an achuinge cuirfar chuige, leis, ar an gcuma gcéanna, fógra á rá san. | ||
3. Más deimhin leis an Aire gur có-líonadh na rialacháin orduithe ar gach slí, ansan, tar éis na tréimhse orduithe— | ||
(a) marar tíolaeadh aon achuinge no má tarraingtear siar gach achuinge den tsórt san, daingneoidh an tAire an tOrdú gan a thuille fiosrúcháin; | ||
(b) má tíolacadh achuinge don Chúirt Chuarda agus nár tarraingeadh siar í, ansan, ag an gcéad shuidhe den chúirt sin a bheidh ann tar éis seachtain do bheith caithte o dháta thíolactha na hachuinge no tar éis an tréimhse orduithe do bheith caithte, pe'ca am aca is déanaí, no ar pé dáta, níos déanaí ná san, a ordóidh an chúirt, éistfidh an chúirt an achuinge agus tabharfa sí breith ar gach ceist a eireoidh ina taobh, agus féadfa sí an t-ordú do dhaingniú, tar éis é leasú no gan é leasú, no an t-ordú do nea-lomháil, agus féadfa sí costaisí do mhola a bheidh le n'íoc ag an achuingeoir, no ag aon pháirtí ag cur i gcoinnibh na hachuinge, no le haon taobh acu; | ||
(c) marar tíolacadh aon achuinge don Chúirt Chuarda, ach gur tíolacadh achuinge don Aire agus ná tarraingeadh siar í, ansan, mara bhfógróidh an t-údarás áitiúil don Aire go bhfuilid chun a n-iarratas ag iarraidh an orduithe, no an chuid sin de le n-a mbaineann an achuinge, pe'ca aca é, do tharrac siar, déanfidh an tAire tar éis tuarasgabháil iomlán ar an bhfianaise a tógadh sa bhfiosrúchán bhunaidh do bhreithniú agus tar éis pé fiosrúchán áitiúil sa bhreis (más ann do) is dó leis is gá, déanfa sé an t-ordú do dhaingniú, tar éis é leasú no gan é leasú, no an t-ordú do nea-lomháil. | ||
4. Má tíolacadh achuinge don Aire no don Chúirt Chuarda fé sna Rialacha so, agus ná baineann sí ach le cuid d'ordú shealadach, féadfidh an tAire dhá ordú no trí do dhéanamh den ordú shealadach mar leanas:— | ||
(a) ordú ina mbeidh an chuid den ordú bhunaidh ná baineann aon achuinge den tsórt san léi; | ||
(b) ordú ina mbeidh an chuid no na codacha den ordú bhunaidh le n-a mbaineann aon achuinge chun na Cúirte Cuarda; | ||
(c) ordú ina mbeidh an chuid no na codacha den ordú bhunaidh le n-a mbaineann aon achuinge chun an Aire agus le ná baineann achuinge chun na Cúirte Cuarda; | ||
agus déanfidh ordú críochnuithe de gach ceann de sna horduithe nua san no daingneofar é fé sna Rialacha so fé is dá ndineadh an tAire i dtosach an t-ordú nua san mar ordú fé leith. | ||
5. Regleálfidh rialacha cúirte an cleachta agus an nós-imeachta maidir le tíolaca, le tarrac-siar agus le héisteacht achuingeacha chun na Cúirte Cuarda agus leis na costaisí a bhainfidh leis na nithe sin. |