An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. SLAINTE PHUIBLI.) Ar Aghaidh (CUID IV. AOIS-LIUNTAISI, ETC.)

5 1925

ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA, 1925

CUID III.

BOITHRE.

Bóithre do chonneáil suas agus do dhéanamh.

24. —(1) Ar an 1adh lá d'Abrán, 1925, agus dá éis sin—

(a) beidh coinneáil-suas agus déanamh gach bóthair chontae agus gach bóthair mhóir i gcontae de dhualgas ar chomhairle na contae sin;

(b) beidh coinneáil-suas agus déanamh gach bóthair bhaile i mbailecheanntar de dhualgas ar chomhairle an bhailecheanntair sin.

(2) Le toil an Aire féadfidh comhairle chontae no chontaebhuirge agus comhairle chontae no chontae-bhuirge atá teoranta léi a chó-aontú go ndéanfidh an chomhairle dheiridh sin a luadhadh no go gcoinneoid suas aon chuid d'aon bhóthar atá sé de dhualgas fén Acht so ar an gcéad chomhairle sin a luadhadh do dhéanamh no do choinneáil suas, agus má dintar an có-aontú san amhlaidh beidh sé de dhualgas ar an gcomhairle dheiridh sin a luadhadh faid a mhairfidh an có-aontú an chuid sin den bhóthar san do dhéanamh no do choinneáil suas (pe'ca aca é) do réir an chó-aontuithe sin agus íocfidh an chéad chomhairle sin a luadhadh costas an déanaimh no na coinneálasuas san (pe'ca aca é) leis an gcomhairle dheiridh sin a luadhadh, do réir rialachán a dhéanfidh an tAire.

(3) Ar a iarraidh do chomhairle bhailecheanntair no do chomhairle na contae ina luíonn an bailecheanntar san, féadfidh an tAire a ordú le hordú—

(a) go ndéanfidh comhairle na contae sin no go gcoinneoid suas gach ceann no aon cheann de sna bóithre baile sa bhailecheanntar san, no

(b) go ndéanfidh comhairle an bhailecheanntair sin no go gcoinneoid suas gach ceann no aon cheann de sna bóithre móra sa bhailecheanntar san,

agus, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, beidh sé, d'ainneoin forálacha fo-alt (1) den alt so, de dhualgas ar chomhairle na contae no an bhailecheanntair sin (pe'ca aca é), do réir forálacha an orduithe sin, na bóithre baile no na bóithre móra san fé seach do dhéanamh no do choinneáil suas, ach ní dhéanfidh an t-ordú san aon difir maidir le líomatáiste muirear costaisí an déanaimh no na coinneála-suas san, agus pé méid de sna costaisí sin is ionmhuirir ar an mbailecheanntar san no ar an gcontae lasmuich den bhailecheanntar (pe'ca aca é), íocfidh comhairle an bhailecheanntair sin le comhairle na contae sin é no íocfidh comhairle na contae sin le comhairle an bhailecheanntair sin é, fé seach, do réir rialachán a dhéanfidh an tAire.

(4) Ní bhainfidh forálacha an ailt seo le haon bhóthar ná cuid de bhóthar 'na bhfuil sé de dhualgas ar éinne seachas údarás áitiúil, fé fhorálacha aon achtacháin, é do dhéanamh no do choinneáil suas.

Féadfar a fhaisnéis gur bóithre puiblí bóithre áirithe.

25. —(1) Má dhineann comhairle aon chontae no bailecheanntair aon uair tar éis an lae cheaptha, le rún a rithfar tar éis fógra den tsórt a luaidhtear ina dhiaidh seo anso, a fhaisnéis, maidir le haon bhóthar áirithe nách bóthar puiblí ach 'na bhfuil ceart slí phuiblí thríd do phaisnéirí coise, d'ainmhithe agus d'fheithiclí agus a cheanglann dhá bhóthar phuiblí agus nách lú ná aon troigh déag glan ar leithead, gur bóthar puiblí é beidh an bóthar san, chun gach críche, ina bhóthar phuiblí.

(2) Mí ar a luíod sara rithfidh an chomhairle aon rún den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo, foillseoid i dhá bpáipéar nuachta ar a luíod, a léightear ina gcontae no ina gceanntar, fógra go bhfuilid chun a bhreithniú ce'ca rithfid no ná rithfid an rún san.

Bóithre do thréigean.

26. —Ar an 1adh lá d'Abrán, 1925, agus dá éis sin—

(a) ar a iarraidh don chomhairle ar a mbeidh sé de dhualgas, fé fhorálacha an Achta so, aon bhóthar nách bóthar mór do choinneáil suas, féadfidh an tAire a fhaisnéis, le hordú a foillseofar ar pé slí a ordóidh sé, go dtréigfar an bóthar san, agus o dháta an orduithe sin amach ní raghaidh an chomhairle sin fé aon chostas maidir le coinneáil-suas an bhóthair sin, ach ní dhéanfidh an t-ordú san aon difir do cheart slí na puiblíochta fan uachtair an bhóthair sin;

(b) nuair a bheartóidh comhairle ordú fén alt so d'iarraidh ar an Aire, déanfid, sara n-iarraid air é, fógra puiblí do thabhairt go bhfuilid chun é iarraidh agus san le fógrán uair amháin ar a luíod gach seachtain de dhá sheachtain as a chéile i gceann no níos mó de sna páipéirí nuachta a léightear ina líomatáiste feidhmiúcháin, agus foillseofar an fógrán is déanaí acu san mí ar a luíod sara n-iarrtar an t-ordú;

(c) roimh ordú do dhéanamh don Aire fén alt so i dtaobh aon bhóthair, déanfa sé, mí ar a luíod tar éis foillsiú na bhfógrán a héilítear leis an alt so, fiosrúchán áitiúil do chur ar bun féachaint an bhfuil sé oiriúnach an bóthar san do thréigean, agus bainfidh Airtiogal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, le gach fiosrúchán áitiúil den tsórt san.

Costaisí bóithre do choinneáil suas, etc.

27. —(1) Ar an 1adh lá d'Abrán, 1925, agus dá éis sin—

(a) is amach as an ráta dealbhais a cruinneofar agus a híocfar costaisí bóithre contae agus bóithre móra do choinneáil suas agus do dhéanamh agus bóithre contae do thréigean;

(b) is go cothrom ar fuaid iomlán na contae a cruinneofar costaisí aon bhóthar mór do choinneáil suas no do dhéanamh sa chontae sin;

(c) is go cothrom ar fuaid iomlán na contae, lasmuich d'aon bhailecheanntar, a cruinneofar costaisí aon bhóthar contae do choinneáil suas, do dhéanamh, no do thréigean sa chontae sin;

(d) na costaisí a bhainfidh le coinneáil-suas, le déanamh no le tréigean aon bhóthair bhaile i mbailecheanntar, íocfar iad amach as an gciste no as an ráta as a ndintar, no as ar féidir, costas pábháil agus glana na sráideanna sa cheanntar san d'íoc, ach fágfar na costaisí sin gan áireamh nuair a bheidh aon teora atá le haon ráta den tsórt san do réir dlí á dhéanamh amach;

(e) cuirfar mar ítim fé leith i ngach nóta éilithe rátaí an chuid den tsuim éilithe atá le cruinniú chun bóithre do dhéanamh agus do choinneáil suas;

(f) raghaidh forálacha an ailt seo in éifeacht d'ainneoin aon fhorála contrárdha dho san in aon Acht Áitiúil no in aon Ordú Sealadach atá daingnithe le hAcht no 'na bhfuil feidhm Achta aige agus atá i bhfeidhm ar dháta rithte an Achta so, ach amháin, i gcás íocaíocht do bheith iníoctha le húdarás áitiúil ag éinne seachas údarás áitiúil, fé aon Acht no Ordú den tsórt san, mar gheall ar dhéanamh no coinneáil-suas aon bhóthair, go mbeidh an íocaíocht san iníoctha fós ag an duine sin leis an gcomhairle 'na mbeidh sé de chúram ortha fén Acht so an bóthar san do choinneáil suas.

(2) Ní bhainfidh forálacha an ailt seo le haon bhóthar ná cuid de bhóthar 'na bhfuil sé de dhualgas ar éinne seachas údarás áitiúil, fé fhorálacha aon achtacháin, é do dhéanamh no do choinneáil suas.

Comhacht chun orduithe le n-a bhfaisnéistear bóithre móra do cheiliúra.

28. —Féadfidh an tAire ceiliúra do dhéanamh ar ordú ón Aire le n-a bhfaisnéistear gur bóthar mór aon bhóthar áirithe, agus ar an dáta ar a raghaidh an ceiliúra san in éifeacht agus dá éis sin beidh an bóthar san gan bheith ina bhóthar mhór.

Bóithre do dhúna go sealadach.

29. —Le hordú a dhéanfa sé tar éis pé fógra puiblí do thabhairt a hordófar chuige sin le rialacháin a déanfar fén Acht so agus tar éis pé fiosrúchán áitiúil (más ann do) is dó leis is gá do chur ar bun, féadfidh an tAire, ar a iarraidh sin don chomhairle 'na mbeidh coinneáil-suas aon bhóthair áirithe de chúram ortha, a údarú don chomhairle sin an bóthar san no aon chuid áirithe dhe do dhúna i gcoinnibh tráchta phuiblí ar feadh pé tréimhse agus fé réir pé coiníollacha is ceart dar leis an Aire agus a luadhfa sé san ordú.

Forálacha i dtaobh iasachtaí d'fháil.

30. —(1) Aon airgead a fuair comhairle contae, contae-bhuirge no buirge eile, no bailecheanntair ar iasacht chun aon damáiste (ar a n-áirítear léirscrios iomlán) a dineadh d'aon bhóthar aon uair roimh an 20adh lá de Mhárta, 1923, do dheisiú, ní háireofar é mar chuid d'fhiacha iomlána na comhairle sin chun críche na teorann a cuirtar le fáil iasachtaí le haon achtachán a bhaineann leis an gcomhairle sin d'fháil iasachtaí.

(2) Pé méid a bheidh gan íoc, an 1adh lá d'Abrán, 1925, d'aon iasacht a fuair comhairle aon chontae, contae-bhuirge no buirge eile, no bailecheanntair roimh rith an Achta so chun aon bhóthar do dhéanamh no do choinneáil suas (lasmuich d'iasacht a fuarthas chun crícheanna na Bridges (Ireland) Acts, 1813-1875), beidh a aisíoc ina mhuirear, o am rithte an Achta so agus dá éis sin, ar an líomatáiste ar a mbeadh costas an déanaimh agus na coinneálasuas san mar mhuirear fé fhorálacha an Achta so.

Bridges (Ireland) Acts, 1813-1875.

31. —Ní tuigfar éinní fén Acht so do bheith ag athghairm ná ag leasú na Bridges (Ireland) Acts, 1813-1875, ná do bheith ag déanamh dochair ná difir ar aon tslí eile dhóibh.

Comhacht chun abhair bhóthair do thóch agus chun dréineacha do dhéanamh.

32. —(1) An chomhairle go mbeidh coinneáil-suas aon bhóthair de chúram ortha, agus fós gach connarthóir i gcóir aon oibre a bheidh le déanamh do réir rúin a rith an chomhairle sin, beidh acu fé réir forálacha an ailt seo comhacht agus údarás—

(a) chun aon ghairbhéal, clocha, gainimh, no abhar eile is gá i gcóir déanamh no coinneáil-suas an bhóthair sin do thóch in aon talamh le n-a mbaineann an t-alt so agus do thógaint agus do bhreith as an talamh san;

(b) chun aon ghairbhéal, clocha, gainimh, no abhar eile is gá i gcóir déanamh no coinneáil-suas an bhóthair sin do thóch, do thógaint agus do bhreith amach as aon abhainn no sruthán céad go leith troigh ar a luíod lastuas no laistíos d'aon droichead, iadhtán no cora, in áit in ar féidir an céanna do bhreith chun siúil gan cúrsa na habhann no an tsrutháin do chasa ná do chosc ná gan dochar ná damáiste do dhéanamh d'aon fhoirgint, bóthar, áth, ná leabaidh scéithte;

(c) chun dréineacha do dhéanamh agus do dheisiú in aon talamh le n-a mbaineann an t-alt so, no chuige no tríd, chun uisce do dhéanfadh díobháil don bhóthar san do bhreith chun siúil;

(d) chun aon talamh le n-a mbaineann an t-alt so d'úsáid chun abhair do stóráil, do bhrugha, do bhrise, do chriathairt, do mheasca, no d'ullamhú ar aon tslí eile chun an bóthar san do dhéanamh no do choinneáil suas;

(e) chun dul isteach, fé réir forálacha an ailt seo, ar aon talamh le n-a mbaineann an t-alt so chun éinní do dhéanamh a chuireann an fo-alt so ar a gcumas a dhéanamh;

(f) fé réir forálacha an ailt seo, agus i dtreo go bhféadfar dul go dtí agus teacht o aon talamh, abha, no sruthán ar a bhfuil no ina bhfuil aon chomhacht dá mbronntar ortha leis an bhfo-alt so le feidhmiú, chun dul isteach ar aon talamh agus gabháil tríd aon talamh le n-a mbaineann an t-alt so agus a luíonn idir an talamh san agus bóthar puiblí.

(2) Ní bheidh sé dleathach d'aon chomhairle ná connarthóir den tsórt san dul isteach ar aon talamh ná gabháil tríd chun a gcomhachta fén alt so d'fheidhmiú, ach amháin le cead sealbhaire an tailimh sin no fé údarás ordú Bhreithimh den Chúirt Dúithche, agus leis seo údaruítear d'aon Bhreitheamh den Chúirt Dúithche agus éilítear air an t-ordú san do dheona ar bheith sásta dho an feidhmiú atáthar chun a dhéanamh ar na comhachta do bheith réasúnta má cuimhnítear ar usacht agus ar chostas aon tslí eile chun an t-abhar, an teacht air, no na saoráidí a loirgeofar d'fháil no chun an dréin do dhéanamh no do dheisiú a bheidh le déanamh no le deisiú, ar shaghas an tailimh, agus ar gach ní a bhaineann leis an scéal.

(3) Aon chomhachta a bronntar ar chomhairle chontae leis an alt so féadfidh suirbhéir contae na contae sin iad d'fheidmiú é féin thar ceann na comhairle sin.

(4) Déanfidh an chomhairle no an connarthóir a fheidhmeoidh no 'na bhfeidhmeofar thar a gceann aon chomhachta a bronntar leis an alt so i dtaobh aon tailimh cúiteamh d'íoc le húnaer no le sealbhaire an tailimh sin sa damáiste a dineadh tré uachtar an tailimh sin do bhrise no tré phasáiste do dhéanamh tríd an talamh no dréin chuige, agus i gcailliúint úsáid an tailimh sin le linn feidhmiú na gcomhacht san, agus i luach aon ghairbhéil, cloch, gainmhe agus abhair eile a tógadh fé sna comhachta san, ach aire do thabhairt, nuair a beifar ag socrú an luacha san, don ghlaoch atá ar na habhair sin chun crícheanna eile seachas chun bóithre do dheisiú, agus cuimhneamh ar an gcostas a bhain leis an abhar san do thóch, do bhaint agus do thógaint agus le n-a ullamhú chun úsáide.

(5) Mara mbeidh có-aontú ann maidir le méid an chúitimh a híocfar fén bhfo-alt san roimhe seo déanfidh Breitheamh den Chúirt Dúithche, ar iarratas únaer no sealbhaire an tailimh, an méid do shocrú, ach beidh ceart athchomhairc chun na Cúirte Cuarda ag ceachtar de sna páirtithe.

(6) Nuair a bheidh aon ordú (ar a n-áirítear diúltú do ghéille d'iarratas) á dhéanamh ag Breitheamh den Chúirt Dúithche fén alt so, féadfa sé, más maith leis é, a ordú maidir leis na costaisí fé n-ar chuaidh aon pháirtí sna himeachta i dtaobh na n-imeachta san, go n-íocfidh aon pháirtí eile sna himeachta san oiread is ná raghaidh thar trí ghiní de sna costaisí sin.

(7) Baineann an t-alt so le gach talamh ach le talamh a húsáidtear bona fide mar gháirdín, ubhallghort, no áit chun pléisiúir no caitheamh aimsire, no chun cur le taithneamhacht no le háisiúlacht tighe chomhnaithe.

Foirgintí agus déanmhachtaí a choisceann radharc ar bhóithre.

33. —(1) Tar éis iarratas d'fháil ón gcomhairle 'na bhfuil coinneáil-suas aon bhóthair áirithe de chúram ortha, más deimhin leis an Aire go ndéanfadh tógáil foirginte no déanmhachta eile atá beartuithe an oiread san cosca ar radharc daoine a bheadh ag úsáid an bhóthair sin is go mbeadh an bóthar san contabharthach do sna daoine sin, féadfa sé le hordú cosc do chur le haon chuid den bhfoirgint no den déanmhacht san do thógáil laistigh de dheich slata fichead ón mbóthar san.

(2) Tar éis iarratas d'fháil ón gcomhairle 'na bhfuil coinneáilsuas aon bhóthair áirithe de chúram ortha, más deimhin leis an Aire, maidir le foirgint no déanmhacht eile atá suidhte no 'na bhfuil cuid de suidhte laistigh de dheich slata fichead o bhóthar, go ndéanfadh sí an oiread san cosca ar radharc daoine a bheadh ag úsáid an bhóthair sin is go mbeadh an bóthar san contabharthach do sna daoine sin, féadfa sé a ordú go gcuirfar as an slí aon chuid den bhfoirgint no den déanmhacht san atá suidhte laistigh de dheich slata fichead ón mbóthar san agus leis an ordú san féadfa sé aimsir do cheapa gur laistigh di a déanfar an cur-as-an-slí sin.

(3) Ní dhéanfidh an tAire aon ordú fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo i dtaobh aon tighe chomhnaithe 'na bhfuil comhnaí ar dhaoine le linn rithte an Achta so maran deimhin ná go dtí gur deimhin leis an Aire go bhfuil áit chomhnaithe eile le fáil ag na daoine sin agus é, chó fada is théigheann réasún, chó maith leis an tigh comhnaithe sin maidir le cíos agus le hoiriúnaíocht ar gach slí.

(4) Má dhineann an tAire ordú fén alt so chun foirgint no déanmhacht eile no aon chuid d'aon cheann acu do chur as an slí, íocfidh an chomhairle 'nar dineadh an t-ordú tar éis iarratais uatha, íocfid le gach duine 'na bhfuil leas acu sa talamh ar a bhfuil an fhoirgint no an déanmhacht san suidhte, mar chúiteamh sa chur-as-an-slí sin, an méid a damáistíodh an leas san leis an cur-as-an-slí sin, agus i gcásanna oiriúnacha íocfid leis an sealbhaire méid aon chailliúna no costais a tháinig de dheascaibh an chur-isteach a dineadh ar an sealbhaire de thora an chur-as-anslí sin agus, marar dineadh có-aontú idir an chomhairle sin agus an duine sin, socrófar na méideanna san do réir forálacha an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

(5) Ní bheidh aon chúiteamh iníoctha fén alt so ag comhairle maidir le foirgint ná déanmhacht gur tosnuíodh ar í thógáil tar éis rithte an Achta so marar tugadh don chomhairle sin sarar tosnuíodh ar an dtógáil sin fógra mí ar a luíod i scríbhinn go rabhthas chun an fhoirgint no an déanmhacht san do thógáil, ná ní bheidh aon chúiteamh den tsórt san iníoctha maidir le haon chuid d'fhoirgint ná de dhéanmhacht eile a tógadh contrárdha d'ordú a dhin an tAire fén alt so.

(6) Má có-líontar go cuibhe ordú ón Aire fén alt so chun cuid d'fhoirgint no de dhéanmhacht do chur as an slí agus san laistigh den aimsir a luadhadh ina chóir sin san ordú san, íocfidh an chomhairle 'nar dineadh an t-ordú san ar iarratas uatha gach costas réasúnta fé n-ar chuathas i gcó-líona an orduithe sin amhlaidh.

(7) Mara gcó-líontar ordú ón Aire fén alt so chun cuid d'fhoirgint no de dhéanmhacht do chur as an slí agus san laistigh den aimsir a luadhadh ina chóir sin san ordú san, féadfidh an chomhairle 'nar dineadh an t-ordú san ar iarratas uatha, féadfid féin an t-ordú san do chó-líona agus gach gníomh agus ní (ar a n-áirítear dul isteach ar thalamh) is gá chuige sin do dhéanamh agus sa chás san beidh teideal ag an gcomhairle sin chun gach costas fé n-ar chuadar i gcó-líona an orduithe sin amhlaidh d'fháil o shealbhaire na foirginte no na déanmhachta san sa Chúirt Dúithche mar fhiacha síbhialta.

(8) Roimh iarratas do dhéanamh chun an Aire fén alt so maidir le foirgint no déanmhacht atá ann cheana no atá beartuithe a thógáil, tabharfidh comhairle fógra mí ar a luíod i scríbhinn, i dtaobh an iarratais, d'únaer agus do shealbhaire na foirginte no na déanmhachta no an ionaid ar a bhfuiltar chun an fhoirgint no an déanmhacht do thógáil, pe'ca aca é, agus in aon chás nách féidir teacht ar an únaer no ar an sealbhaire féadfar an fógra san do sheirbheáil tré chóip de do chur suas in áit fheiceálach ar an bhfoirgint no ar an déanmhacht no ar an ionad san, pe'ca aca é.

(9) I gcás sealbhaire foirginte no déanmhachta no ionaid foirginte no déanmhachta atá beartuithe a thógáil do bheith i seilbh an chéanna fé léas no fé chonnra eile tionóntachta, tuigfar gurb é gar-thiarna an tsealbhaire is únaer ar an bhfoirgint, an déanmhacht, no an ionad chun críche an ailt seo, agus in aon chás eile tuigfar gurb é sealbhaire na foirginte, na déanmhachta, no an ionaid is únaer ar an gcéanna chun na críche roimhráite.

Fáil agus crainn a dhineann dochar do bhóithre.

34. —(1) Tuigfar fál no crann do bheith docharach do bhóthar do réir brí an ailt seo má dhineann agus nuair a dhineann an fál no an crann—

(a) an bóthar do scátha i dtreo gur móide go mór an deacracht no an costas a ghabhann le coinneáil-suas an bhóthair sin, no

(b) constaic ar an mbóthar, no

(c) daome úsáideann an bóthar do chosc ar radharc do bheith acu ar an mbóthar rómpa i dtreo go mbíonn an bóthar contabharthach dóibh dá dheascaibh sin.

(2) Nuair atá fál no crann docharach do bhóthar, féadfidh an suirbhéir contae no an chomhairle bhailecheanntair (pe'ca is gá sa chás), le hachuinge i scríbhinn a seirbheálfar ar únaer agus ar shealbhaire an tailimh ar a bhfuil an fál no an crann san ag fás, a achuinge ar an únaer agus ar an sealbhaire sin, laistigh de lá is fiche tar éis seirbheáil an fhógra san, an fál no an crann san do bhearra no do ghearra i dtreo ná beidh sé docharach don bhóthar a thuille no, má dheabhruíonn sé go bhfuil gá leis, an fál no an crann san do ghearra anuas agus do chur as an slí.

(3) Féadfar achuinge fén bhfo-alt san roimhe seo do sheirbheáil ar shealbhaire tailimh agus, má bhíonn aon deacracht ag baint le heolas do chur ar ainm no ar sheola únaera thailimh, ar an únaer sin tríd an achuinge sin no cóip de do chur suas in áit fheiceálach ar an talamh.

(4) Más rud é ná féadfadh sealbhaire tailimh ar a seirbheálfar fógra fén alt so géille go dleathach mara mbeadh an t-alt so don achuinge gan cead únaer an tailimh no tiarna uachtaraigh bainfidh na forálacha so a leanas leis an scéal, sé sin le rá:—

(a) féadfidh únaer an tailimh no aon tiarna uachtarach ar an talamh, laistigh de dheich lá tar éis seirbheáil na hachuinge ar an únaer, ordú a chuirfidh an achuinge sin ar nea-mbrí d'iarraidh ar Bhreitheamh den Chúirt Dúithche agus, tar éis fógra i dtaobh an iarratais sin do bheith seirbheálta ar shealbhaire an tailimh agus ar an suirbhéir contae no ar an gcomhairle bhailecheanntair a sheirbheáil an achuinge, oibreoidh an t-iarratas san chun an achuinge do chur ar fionnraí go ceann mí no go dtí go ndeighleálfidh an Breitheamh leis an iarratas san, pe'ca tréimhse acu is giorra;

(b) tar éis aon iarratas den tsórt san roimhráite d'fháil do, féadfidh an Breitheamh den Chúirt Dúithche, más deimhin leis go bhfuil an achuinge nea-réasúnta no nách gá géille dhi no go ndéanfadh sé an iomad dochair don iarratasóir géille dhi, an achuinge do chur ar nea-mbrí ar fad no do leasú i pé slí is dó leis is ceart;

(c) ar éisteacht iarratais den tsórt san roimhráite do Bhreitheamh den Chúirt Dúithche, má dhiúltuíonn sé do ghéille don iarratas no má leasuíonn sé an achuinge, tuigfar gur dineadh an achuinge, ina fuirm bhunaidh no mar a bheidh sí leasuithe amhlaidh (pe'ca is gá sa chás), do sheirbheáil ar dháta ordú an Bhreithimh agus beidh éifeacht aici dá réir sin;

(d) mara ndinidh an t-únaer ná aon tiarna uachtarach, laistigh de dheich lá tar éis seirbheáil na hachuinge fén alt so ar an únaer, fógra do thabhairt uaidh i dtaobh iarratais den tsórt san roimhráite chun Breithimh den Chúirt Dúithche, féadfidh an sealbhaire, ar bheith caithte don deich lá san, géille don achuinge gan cead an únaera ná aon tiarna uachtaraigh, agus sa chás san ní fhéadfidh an t-únaer ná aon tiarna uachtarach ná ní féadfar thar ceann ceachtar acu aicsean do bhunú mar gheall ar éinní ná maidir le héinní a dhin an sealbhaire bona fide chun géille don achuinge;

(e) an té gur gá a chead chun crann do ghearra anuas a hiarradh le hachuinge a ghearra féadfa sé an crann san d'éileamh le fógra i scríbhinn a seirbheálfar ar an sealbhaire aon uair sara ngéilltear don achuinge, agus sa chás san nuair a bheidh an crann san gearrtha anuas do réir na hachuinge dílseoidh únaereacht an chrainn sin sa té a sheirbheáil an fógra san agus féadfa sé an crann san do bhreith leis nuair a bheidh sé gearrtha anuas.

(5) Mara ngéilltear d'achuinge fén alt so laistigh de lá is fiche tar éis í sheirbheáil ar an únaer agus ar an sealbhaire, féadfidh an suirbhéir contae no an chomhairle bhailecheanntair a sheirbheáil an achuinge ordú d'iarraidh ar Bhreitheamh den Chúirt Dúithche go ngéillfar don achuinge agus ar éisteacht an iarratais sin—

(a) más deimhin leis an mBreitheamh an fál no an crann a luaidhtear san achuinge do bheith docharach don bhóthar agus gur gá do réir réasúin géille don achuinge, ordóidh sé do shealbhaire an tailimh ar a bhfuil an fál no an crann ag fás géille don achuinge laistigh de cheithre lá déag; agus

(b) féadfidh an Breitheamh, in aon chás eile, diúltú do ghéille don iarratas no an achuinge do leasú ar pé slí is ceart dar leis agus a ordú go ngéillfidh an sealbhaire don achuinge, agus í leasuithe amhlaidh, laistigh de cheithre lá déag.

(6) Mara gcó-líonfidh sealbhaire tailimh ordú o Bhreitheamh den Chúirt Dúithche fén bhfo-alt roimhe seo laistigh de cheithre lá déag o dháta an orduithe, féadfidh an suirbhéir contae no an chomhairle bhailecheanntair gur dineadh an t-ordú ar iarratas uaidh no uatha, féadfa sé féin no iad féin géille don achuinge no don achuinge leasuithe le n-a mbaineann an t-ordú agus gach gníomh agus ní (ar a n-áirítear dul isteach ar thalamh) is gá chuige sin do dhéanamh, agus sa chás san beidh teideal ag an suirbhéir contae no ag an gcomhairle bhailecheanntair sin chun gach costas atá réasúnta dar leis an mBreitheamh Dúithche d'fháil ón sealbhaire sa Chúirt Dúithche mar fhiacha síbhialta.

(7) Má dhineann Breitheamh den Chúirt Dúithche ordú fén alt so á éileamh ar shealbhaire géille d'achuinge no d'achuinge leasuithe le n-a n-éilítear fál do ghearra anuas agus do chur as an slí agus más dó leis an mBreitheamh go mbeadh sé ródhocharach d'únaer no do shealbhaire an tailimh an fál do chur as an slí gan claidhe oiriúnach do thógáil ar ionad an fháil, féadfidh an Breitheamh suim do shocrú mar shíntiús réasúnta a thabharfidh an chomhairle chontae no an chomhairle bhailecheanntair uatha mar chabhair chun costas tógtha an fháil oiriúnaigh sin d'íoc agus féadfa sé a ordú go n-íocfidh an chomhairle chontae no an chomhairle bhailecheanntair an tsuim sin leis an sealbhaire (no, más oiriúnach leis an mBreitheamh é, leis an únaer), agus íoc na suime d'áireamh mar chuid de chostaisí an bhóthair do choinneáil suas.

(8) Ní údaróidh éinní san alt so do shuirbhéir chontae ná do chomhairle bhailecheanntair aon fhál ná crann do bhearra ná do ghearra aon uair idir an lá deiridh de Mhárta agus an lá deiridh de Mheán Fhomhair ná ní údaróidh sé a achuinge ar éinne ná a ordú dho fál ná crann do bhearra ná do ghearra idir an dá lá san.

(9) Más idir an lá deiridh de Mhárta agus an lá deiridh de Mheán Fhomhair a bheidh deire na haimsire a ceapfar le hachuinge no le hordú fén alt so chun fál no crann do bhearra no do ghearra, tuigfar an aimsir sin do bheith sínte go dtí an seachtú lá de Dheire Fomhair ina dhiaidh sin.

(10) Más fé léas no fé chonnra eile tionóntachta atá seilbh ag sealbhaire tailimh ar an talamh san, tuigfar gurb é gar-thiarna an tsealbhaire is únaer ar an talamh san chun críche an ailt seo, agus in aon chás eile tuigfar gurb é sealbhaire an tailimh is únaer air chun na críche roimhráite.

(11) Nuair a bheidh aon ordú (ar a n-áirítear diúltú do ghéille d'iarratas) á dhéanamh ag Breitheamh den Chúirt Dúithche fén alt so, féadfa sé, más maith leis é, a ordú maidir leis na costaisí fé n-ar chuaidh aon pháirtí sna himeachta san i dtaobh na n-imeachta san, go n-íocfidh aon pháirtí eile sna himeachta san oiread is ná raghaidh thar trí ghiní de sna costaisí sin.

(12) Pé méid den Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1851, a bhaineann le scáth aon fháil no crainn do bheith docharach do bhóthar phuiblí, no le haon fhál no crann do bheith ag déanamh aon chonstaice ar aon bhóthar puiblí, scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige.

Pumpaí petrol ar bhóithre.

35. —(1) San alt so cialluíonn agus foluíonn an focal “pumpa petrol” aon phumpa, píopa, no fearas eile chun biotáille mhótair i gcóir comhachta tiomána d'fhreastal do ghluaisteáin agus d'innil ghluaiseachta bhóthair.

(2) An chomhairle ar a mbeidh sé mar dhualgas fén Acht so aon bhóthar do choinneáil suas, féadfid ceadúnas do dheona d'éinne chun pumpa petrol do thógáil, do dhéanamh, do chur, agus do choinneáil suas ar an mbóthar san, no ann, no fé.

(3) Einne bheidh ag iarraidh ceadúnais fén alt so, tabharfa sé don chomhairle pé pleananna agus eolas eile a éileoidh an chomhairle maidir le hionad agus le pátrún an phumpa phetrol agus leis an méid a choinníonn sé.

(4) Féadfidh comhairle ceadúnas do dheona fén alt so ar feadh pé tréimhse agus ar pé coiníollacha a ordóidh an chomhairle agus má dhineann an pumpa petrol constaic no má eiríonn sé contabharthach de dheascaibh méadú no atharú an tráchta ar an mbóthar no de dheascaibh leathnú an bhóthair no de dheascaibh aon fheabhais a cuirfar ar an mbóthar no a bhainfidh leis an mbóthar, féadfidh an chomhairle, le fógra i scríbhinn, an ceadúnas do tharrac siar agus a chur ar an gceadúnaí an pumpa petrol san do chur as an slí ar a chostas féin.

(5) Einne ar a ngoillfidh breith comhairle ag deona, ag eiteach, ag tarrac siar no ag buanú ceadúnais fén alt so, no na coiníollacha d'orduigh comhairle i gcóir a leithéid sin de cheadúnas, féadfa sé athchomharc do dhéanamh chun an Aire agus féadfa sé sin, le hordú, gníomhartha agus nithe do dhéanamh sa scéal le n-a mbaineann an t-athchomharc, no a ordú go ndéanfar iad, pé gníomhartha agus nithe is dó leis is ceart agus 'na bhféadfadh an chomhairle 'na mbeifar ag athchomharc i gcoinnibh a mbreithe iad do dhéanamh go dleathach, agus leis sin beidh ag an ordú san an éifeacht chéanna bheadh aige dá mb'í an chomhairle dhéanfadh é fén alt so agus cuirfidh an chomhairle é in éifeacht dá réir sin.

(6) Féadfidh an tAire rialacháin do dhéanamh ag ordú méid na táille a híocfar le comhairle as ceadúnas do dheona fén alt so, agus aon táillí den tsórt san a gheobhaidh comhairle íocfar iad isteach sa Ród-Chiste a bunuíodh fé alt 3 den Roads Act, 1920, do réir orduithe an Aire Airgid.

(7) Ní léireofar éinní san alt so—

(a) fé mar a dhéanfadh sé difir maidir leis na rialacháin a bheadh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh stóráil no díol biotáille mótair do chur i mbaint le pumpaí petrol ná fé mar a bheadh sé á údarú pumpa petrol d'úsáid ar aon tslí eile ach do réir na rialachán san, ná

(b) fé mar a dhéanfadh sé difir do chearta ná luíodú ar chearta únaer ithir an bhóthair ar a mbeadh aon phumpa petrol tógtha ná do chearta ná ar chearta éinne ag déanamh éilimh fén únaer sin.

(8) Einne—

(a) a thógfidh, a dhéanfidh, a chuirfidh, no a choinneoidh suas pumpa petrol ar aon bhóthar gan ceadúnas do bheith aige fén alt so chun san a dhéanamh, no

(b) a thógfidh, a dhéanfidh, a chuirfidh, no a choinneoidh suas pumpa petrol ar aon bhóthar ar aon tslí eile ach do réir ceadúnais fén alt so, no

(c) a sháróidh aon choiníoll fé n-ar deonadh ceadúnas do fén alt so,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Rialacháin i dtaobh bóithre.

36. —(1) Féadfidh an tAire rialacháin do dhéanamh ag ordú na nithe seo—

(a) standárd agus cáilíocht na n-abhar a féadfar a úsáid i gcoinneáil suas agus i ndéanamh bóithre;

(b) méid, cuma, dath, agus saghas na gcomharthaí a cuirfar suas ar bhóithre—

(i) chun na háiteanna chun a dtéigheann an bóthar agus na faideanna go dtí sna háiteanna san do thaisbeáint,

(ii) chun na faideanna ar an mbóthar do thaisbeáint,

(iii) chun foláramh i dtaobh codacha dainséaracha den bhóthar do thabhairt do dhaoine bheidh ag úsáid an bhóthair,

(iv) chun trácht ar an mbóthar do threorú d'fhonn baol tionóisce do luíodú;

(c) na háiteanna ina gcuirfar suas na comharthaí uile agus fé seach a luaidhtear anso roimhe seo;

(d) na coiníollacha ar a bhféadfidh únaer no sealbhaire tailimh atá teoranta le haon bhóthar comharthaí den tsórt san roimhráite do chur suas no do choinneáil ar an talamh san;

(e) na comharthaí le n-a bhféadfidh daoine bheidh ag úsáid bóithre a n-intinní do chur in úil do dhaoine eile den tsórt san.

(2) Beidh comhacht ag an Aire coiníollacha d'ordú, le rialacháin a déanfar fén alt so, fé n-a bhféadfar aon chomhartha den tsórt san a luaidhtear anso roimhe seo do chur suas ar thalamh atá teoranta le bóthar puiblí, gan cead an únaera ná an tsealbhaire, nuair is gá do réir réasúin no nuair is áil, chun crícheanna aon chomhartha den tsórt san, an comhartha san do chur suas ar an talamh teoranta san agus ní har aon chuid den bhóthar féin.

(3) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhineann aon Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialachán do chur fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar neambrí, beidh an rialachán san ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén rialachán san.

(4) An chomhairle go gcuirtar de chúram ortha leis an Acht so aon bhóthar do choinneáil suas—

(a) ní úsáidfid, i gcoinneáil-suas an bhóthair sin, aon abhar de standárd ná de cháilíocht a bheidh contrárdha do rialacháin a déanfar fén alt so, agus

(b) cuirfid suas agus coinneoid suas ar an mbóthar san pé comharthaí agus pé méid comharthaí a hordófar leis na rialacháin a déanfar fén alt so agus san i pé áiteanna is gá chun na rialacháin sin do chó-líona, agus

(c) ní chuirfid suas ar an mbóthar san aon chomhartha contrárdha do sna rialacháin sin.

(5) Na costaisí a bheidh ar chomhairle ag cur suas aon chomhartha ar aon bhóthar do réir rialachán den tsórt san roimhráite agus ag coinneáil suas an chomhartha san, beid ina gcuid de chostaisí coinneáil-suas an bhóthair sin.

(6) Má chítear do Bhreitheamh den Chúirt Dúithche aon chomhartha den tsórt dá dtagartar san alt so do bheith curtha suas no á choinneáil, ar thalamh atá teoranta le haon bhóthar, contrárdha d'aon rialachán a dineadh fén alt so, féadfa sé, ar a iarraidh sin d'aon oifigeach póilíneachta no d'aon oifigeach don chomhairle go gcuirtar coinneáil-suas an bhóthair sin de chúram air leis an Acht so, a ordú go gcuirfar an comhartha san as an slí agus, más dó leis gur ceart é, a údarú don oifigeach san, leis an ordú san, dul isteach ar an talamh san chun an comhartha san do chur as an slí.

(7) Má dhineann éinne, gan údarás dleathach, aon chomhartha den tsórt san a luaidhtear san alt so do chur as an slí no d'agha-lot no díobháil do dhéanamh do ar aon tslí eile, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air no, más maith leis an gcúirt é, é chur fé phríosúntacht ar feadh téarma nách sia ná mí.

Dleathacht scéimeanna áirithe saothair dhírigh.

37. —Gach scéim shaothair dhírigh fé n-a ndeisítí agus n-a gcoinnítí suas na bóithre i dtuathcheanntar i rith iomlán na tréimhse no aon choda den tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1920, agus dar chríoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1923, tuigfar í bheith i bhfeidhm do réir dlí ar feadh pé aimsir ina raibh na bóithre sin á ndeisiú agus á gcoinneáil suas fúithi d'ainneoin aon nea-dhlíthiúlachta no nea-dhleathachta sa scéim sin de dheascaibh éinní acu so a leanas, sé sin le rá:—

(a) gan an cead ba ghá do réir dlí do bheith fachta,

(b) deire do bheith leis an tréimhse a horduítear le dlí mar thréimhse bhuaine don scéim,

(c) gur glacadh leis an scéim i gcóir tréimhse ba lú ná mar a horduítear le dlí mar thréimhse bhuaine do scéim shaothair dhírigh.

Buaine scéimeanna saothair dhírigh.

38. —(1) Gach scéim shaothair dhírigh a bhí no a tuigtar de bhua an Achta so do bheith i bhfeidhm do réir dlí in aon tuathcheanntar an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1923, leanfa sí i bhfeidhm, fé réir forálacha an ailt seo, go dtí pé dáta a cheapfidh an tAire.

(2) Gach scéim shaothair dhírigh a cheadóidh an tAire tar éis rithte an Achta so, leanfa sí i bhfeidhm, fé réir forálacha an ailt seo, ar feadh pé tréimhse a cheapfidh an tAire.

(3) Ar a iarraidh don chomhairle chontae féadfidh an tAire aon tréimhse a cheapfidh an tAire fén alt so mar thréimhse bhuaine do scéim shaothair dhírigh do shíne aon uair agus o am go ham go ceann pé tréimhse no tréimhsí breise is dó leis is ceart, agus ar a iarraidh don dream céanna féadfidh an tAire aon uair aon tréimhse a ceapfar amhlaidh no aon tsíne uirthi fén alt so do ghiorrú pé méid is dó leis is ceart.

(4) Gach scéim shaothair dhírigh den tsórt san a luaidhtear san alt so ragha sí in éag i ndeire na tréimhse no i ndeire na tréimhse sínte no giorruithe (pe'ca aca é) a cheap an tAire fén alt so mar thréimhse bhuaine don scéim sin.

Fíneála fén Roads Act, 1920, d'fháil.

39. —D'ainneoin aon fhorála contrárdha dho san in aon achtachán a bhaineann le fíneála máil d'fháil no d'úsáid, féadfar aon fhíneáil a forchuirtar leis an Roads Act, 1920, mar a leasuíodh é le halt 14 den Finance Act, 1922, d'fháil agus d'fheidhmiú ar fhaisnéis o aon bhall de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath no den Ghárda Síochána i láthair cúirte údaráis achmair agus in aon chás den tsórt san beidh comhacht ag an gcúirt chun an fhíneáil do luíodú pé méid is áil leis an gcúirt, agus ní bheidh comhacht ag comhairle na contae ná na contae-bhuirge chun an fhíneáil do luíodú.

Luas feithiclí ar bhóithre puiblí.

40. —Féadfidh an tAire, le hordú a déanfar fé fho-alt (4) d'alt 7 den Roads Act, 1920, agus dá réir, cosc no srian do chur le feithiclí d'aon tsaghas áirithe do thiomáint ar aon bhóthar puiblí áirithe ar luas is mó ná an luas a luaidhtear san ordú san, agus bainfidh forálacha uile an fho-ailt sin le gach ordú den tsórt san.

Leasú ar alt 8 den Development and Road Improvement Funds Act, 1909.

41. —Léireofar mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 8 den Development and Road Improvement Funds Act, 1909, agus beidh éifeacht aici fé is dá leigtí an focal “new” ar lár inti.