An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. BOITHRE.) Ar Aghaidh (CUID V. ILGHNEITHEACH AGUS GENERALTA.)

5 1925

ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA, 1925

CUID IV.

AOIS-LIUNTAISI, ETC.

Mínithe.

42. —Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn agus foluíonn an focal “cólucht áitiúil” gach údarás áitiúil ach amháin coiste bainistighe gealtlainne ceanntair;

cialluíonn an focal “oifigeach inphinsin” aon oifigeach (nách oifigeach sealadach)—

(a) a thugann a chuid aimsire go léir do sheirbhís cóluchta no cóluchtaí áitiúla, no

(b) nách foláir do, no di, de bhua oifige, bheith ina dhochtúir, ina banaltra, no ina mnaoi chabhartha atá cláruithe,

agus foluíonn an focal san fós na daoine seo a leanas, sé sin le rá:—

(i) éinne a dhin, mar oifigeach, a chuid aimsire go léir do thabhairt do sheirbhís coiste no coistí, có-choiste no có-choistí, a ceapadh chun críche an Agriculture and Technical Instruction (Ireland) Act, 1899, ar feadh tréimhse leanúnaí nár ghiorra ná deich mbliana ar théarmaí ná deir go soiléir go bhfuil sé dúnta amach o phinsean d'fháil, agus d'ainneoin go raibh no go bhfuil a cheapa ion-athnuachta go tréimhsiúil: Ach chun crícheanna na míre seo tuigfar tréimhse sheirbhíse an duine sin do bheith leanúnach d'ainneoin gur briseadh isteach ar an seirbhís sin aon uair idir an 1adh lá d'Eanair, 1919, agus an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, ar feadh tréimhse nár shia ná sé mhí toisc an coiste no an cóchoiste go raibh an duine sin ina seirbhís an uair sin do scur den Agriculture and Technical Instruction (Ireland) Act, 1899, adubhradh, do riara, agus

(ii) éinne a ceapadh go cuibhe mar bhuan-atúrnae d'údarás áitiúil roimh rith an Local Government (Ireland) Act, 1919, agus

(iii) éinne a buan-cheapadh roimh rith an Achta so chun bheith ina chumaisceoir leighis chun crícheanna aon Achta a bhaineann le fóirithin na mbocht,

agus léireofar an focal “oifig inphinsin” dá réir sin;

foluíonn an focal “sochar oifige” gach táille, púntáiste agus íocaíocht eile a tugtar d'oifigeach mar oifigeach chun a úsáide féin, agus fós luach airgid aon tseomraí, scaireanna lóin no liúntaisí eile i bhfuirm earraí a ghabhann le n-a oifig;

cialluíonn an focal “tuarastal agus sochar oifige bliantúil,” maidir le hoifigeach a dhin seirbhís trí mblian ar a luíod, meánmhéid a thuarastail agus a shochair oifige ar feadh na dtrí mblian dar críoch an lá cinn ráithe díreach roimh an lá a scuirfe sé de bheith i seilbh a oifige agus, maidir le hoifigeach a dhin níos lú ná seirbhís trí mblian, meán-mhéid a thuarastail agus a shochair oifige ar feadh gach bliana críochnuithe seirbhíse aige.

Cirt seanoifigeach.

43. —(1) Má dhineann aon oifigeach do chólucht áitiúil, atá in oifig ar dháta rithte an Achta so agus breis is seirbhís deich mblian mar oifigeach don chólucht áitiúil sin tugtha uaidh aige ar an dáta san, a chur in úil i scríbhinn, laistigh de cheithre mhí tar éis rithte an Achta so, don chólucht áitiúil sin no, má cuireadh deire leis na gcólucht san, ansan do chólucht áitiúil chun ar haistríodh a gcomhachta agus a ndualgaisí sin, ná fuil sé chun buntáiste do bhaint as forálacha uile na Coda so den Acht so, ní bhainfidh an Chuid seo den Acht so leis an oifigeach san ach amháin ailt 43, 46, 49, 50, 53, 54, 55 agus 56.

(2) Aon oifigeach do chólucht áitiúil go ráineoidh do, de bhua an ailt seo, gan an Chuid seo den Acht so do bhaint leis go hiomlán, fanfa sé agus beidh sé fé réir pé achtacháin, dá n-athghairmtear leis an Acht so, a bhaineann le haois-liúntas no cúiteamh i gcailliúint oifige do dheona d'oifigigh cóluchtaí áitiúla, fé is dá mba ná rithfí den Acht so ach na hailt a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so, ach amháin, nuair a bheidh cólucht áitiúil ag cur alt 8 den Local Government (Ireland) Act, 1919, i mbaint le deona liúntais don oifigeach san go bhfolóidh an focal “case of dispute” san alt san imreasán um cheart chun liúntais no um mhéid liúntais a deonadh tar éis rithte an Achta so, imreasán a thóg iniúchóir don Aire do ceapadh go cuibhe chun cuntaisí an chóluchta áitiúla san d'iniúcha, agus údaruítear leis seo don iniúchóir sin an t-imreasán san do thógaint nuair a déanfar iniúcha cuntaisí na tréimhse ina gcéad-íocfar an liúntas ach ní ina dhiaidh sin.

Deonfar cúiteamh i gcailliúint oifige.

44. —(1) D'oifigeach inphinsin atá ar fostú ag cólucht áitiúil—

(a) agus atá cúig bliana is trí fichid d'aois agus seirbhís cúig mbliana ar fhichid ar a luíod tugtha uaidh aige, no

(b) ná fuil ar a chumas dualgaisí a oifige do chó-líona go héifeachtúil mar gheall ar easláinte bhuan aigne no chuirp no mar gheall ar shean-aois, agus ná fuil níos lú ná seirbhís deich mblian tugtha uaidh aige,

deonfidh an cólucht áitiúil sin, le toil an Aire, liúntas bliantúil le n-a shaol nách mó ná dhá dtrian a thuarastail agus a shochair oifige bhliantúla nuair eireoidh sé as a oifig no nuair a scuirfe sé ar aon tslí eile de bheith i seilbh oifige.

(2) D'oifigeach inphinsin atá ar fostú ag cólucht áitiúil agus 'na bhfuil seirbhís deich mblian ar a luíod tugtha uaidh aige, agus

(a) a cuirfar as a oifig ar chúis nách mí-iompar ná mí-chumas, no

(b) 'na gcuirfar deire le n-a oifig, no

(c) 'nar dó leis an Aire gur chuaidh atharú substainteach, chun dochar do, ar a staid de dheascaibh atharuithe a dineadh ar choiníollacha a fhostaíochta gan cúis réasúnta, agus a eireoidh as a oifig le cead ón Aire,

deonfidh an cólucht áitiúil sin, le toil an Aire, liúntas bliantúil le n-a shaol nách mó ná dhá dtrian a thuarastail agus a shochair oifige bhliantúla.

(3) D'oifigeach inphinsin atá ar fostú ag cólucht áitiúil agus 'na bhfuil níos lú ná seirbhís deich mblian tugtha uaidh aige agus a scuirfidh de bheith i seilbh a oifige ar a leithéid sin de shlí go bhféadfí liúntas do dheona dho fén bhfo-alt san roimhe seo dá mba ná beadh ní ba lú ná seirbhís deich mblian tugtha uaidh aige, deonfidh an cólucht áitiúil sin, le toil an Aire, aisce nách mó ná séú cuid dá thuarastal agus dá shochar oifige bliantúil in aghaidh gach bliana seirbhíse a bheidh críochnuithe aige.

(4) Más rogha le ban-oifigeach inphinsin atá ar fostú ag cólucht áitiúil no más éigean di, de bhíthinn téarmaí a ceaptha, dul as oifig mar gheall ar a pósa no ar í bheith chun pósa, féadfidh an cólucht áitiúil sin, le toil an Aire, aisce nách mó ná suim a háireofar do réir an dara cuid déag dá tuarastal agus dá sochar oifige bliantúil in aghaidh gach bliana seirbhíse a bheidh críochnuithe aici no nách mó ná suim is ionann agus a tuarastal agus a sochar oifige bliantúil, pe'ca suim acu san is lú, do dheona don oifigeach san ar dhul as oifig di no, más roimh a pósa a ragha sí as oifig, ar phósa dhi.

(5) Fé réir a bhforáltar ina dhiaidh seo anso, nuair a beifar, chun crícheanna na Coda so den Acht so, ag déanamh amach cadí an tseirbhís a bheidh tugtha uaidh ag oifigeach ar an dáta ar a scuirfe sé de bheith i seilbh a oifige, áireofar iomlán na tréimhse a bheidh caithte ar an dáta san ag an oifigeach san in oifig no in oifigí inphinsin go leanúnach fé aon chólucht áitiúil no cóluchtaí áitiúla:

Ach—

(a) ní háireofar aon tréimhse sheirbhíse go bhfuair an t-oifigeach san liúntas no aisce ar a son fén achtachán so no fé aon achtachán eile, agus

(b) i gcás oifigigh do choiste no do chó-choiste a ceapadh chun crícheanna an Agriculture and Technical Instruction (Ireland) Act, 1899, oifigeach a tháinig chun bheith inphinsin de bharr a chuid aimsire go léir do thabhairt uaidh i seirbhís coiste no có-choiste, coistí no có-choistí, den tsórt san ar feadh tréimhse leanúnaí nách giorra ná deich mbliana, tuigfar gur i dtosach na tréimhse leanúnaí sin a thosnuigh a sheirbhís.

(6) Má bhíonn oifigeach do chólucht áitiúil mí-shásta leis an gcólucht áitiúil do dhéanamh faillí no eiteachais i liúntas no aisce fén alt so do dheona dho, no le méid aon liúntais no aisce a dheon an cólucht áitiúil do, féadfa sé athchomharc do dhéanamh chun an Aire laistigh de shé mhí tar éis scur de bheith i seilbh a oifige dho, agus leis sin féadfidh an tAire liúntas no aisce do dheona don oifigeach san, pé liúntas no aisce is dó leis ba chóir don chólucht áitiúil a dheona don oifigeach san fén alt so agus leis sin beidh an t-oifigeach san i dteideal an liúntas no an t-aisce sin d'fháil ón gcólucht áitiúil.

(7) Beidh soláthar aisce ag cólucht áitiúil fén alt so ina chrích chun ar féidir don chólucht áitiúil sin iasacht d'fháil do réir na n-achtachán a bhaineann leis an gcólucht áitiúil sin d'fháil iasachtaí.

“Seanoifigigh” do réir brí an Local Government (Ireland) Act, 1898.

45. —(1) Einne ba shean-oifigeach do réir brí an Local Government (Ireland) Act, 1898, agus do scuir de bheith i seilbh oifige fé chólucht áitiúil tar éis an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus roimh rith an Achta so, agus nár dheon an cólucht áitiúil sin aon chúiteamh ná liúntas do mar gheall ar an scur san, féadfidh an cólucht áitiúil sin an cúiteamh no an liúntas céanna do dheona dho a fhéadfí a dheona don duine sin dá mba tar éis rithte an Achta so a déanfí an scur san.

(2) Bainfidh an Chuid seo den Acht so le cúiteamh no aois-liúntas do dheona d'éinne fén alt so agus leis an gcúiteamh no leis an aois-liúntas san nuair a deonfar é.

Bonus ar an gcostas maireachtana.

46. —(1) Más cuid de thuarastal agus de shochar oifige bhliantúil oifigigh do chólucht áitiúil méadú no breis shealadach (dá ngairmtear “bonus” san alt so) a cuireadh in úil, le linn a dheonta,a bheith á dheona i gcoinnibh an chostais mhéaduithe mhaireachtana, agus é áirithe do réir méid na coda eile dá thuarastal agus dá shochar oifige agus é ion-atharuithe o am go ham do réir an mheán-chostais mhaireachtana i Saorstát Éireann, ní cuirfar an bonus san san áireamh nuair a beifar ag socrú méid aon liúntais a deonfar don oifigeach san.

(2) Má deontar liúntas don oifigeach i gcás le n-a mbaineann an fo-alt san roimhe seo cuirfar leis an liúntas san méadú no breis a háireofar do réir méid an liúntais agus a bheidh ionatharuithe ar gach slí díreach mar dob ion-atharuithe an bonus dob iníoctha leis an oifigeach san díreach roimh scur de bheith i seilbh oifige dho.

Rann-íocanna o chóluchtaí áitiúla fé n-a raibh oifigeach i seilbh oifige, lasmuich den chólucht áitiúil a dheonfidh an cúiteamh.

47. —Má bhíonn liúntas no aisce iníoctha ag cólucht áitiúil (dá ngairmtear “an cólucht íocach” san alt so) le héinne fén Acht so mar gheall ar é do scur de bheith i seilbh oifige fútha agus, nuair a beifar ag déanamh amach méid seirbhíse an oifigigh sin ar dháta an scuir sin, má dintar aon tseirbhís fé chólucht áitiúil eile (dá ngairmtear “an cólucht rann-íocach” san alt so) do shuimiú agus d'áireamh, aisíocfidh an cólucht rann-íocach leis an gcólucht íocach cuid den liúntas no den aisce sin a háireofar do réir seirbhís agus págh an oifigigh sin fén gcólucht rann-íocach agus do réir na slí in ar scuir sé de bheith i seilbh oifige fén gcólucht íocach, agus socrófar an chuid sin le có-aontú idir an dá chólucht no, mara ndintar mar sin é, socróidh an tAire é.

Oifigí nách oifigí fé údarás áitiúil agus 'na bhféadfidh oifigigh inphinsin a bheith ina seilbh.

48. —Ní tuigfar chun críche na Coda so den Acht so status oifigigh inphinsin do bheith bainte d'oifigeach do chólucht áitiúil de dheascaibh é bheith i seilbh oifige mar chléireach do Choiste Pinsean Sean-aoise no do Choiste Arachais Náisiúnta, no i seilbh aon oifige fé Choiste Freastail Scoile fén Irish Education Act, 1892, no i seilbh oifige mar Cheann-Chlárathóir Beireataisí, Báis agus Póstaíocha no mar Chlárathóir Póstaíocha, ach ní cuirfar tuarastal ná sochar oifige na hoifige sin san áireamh nuair a beifar ag déanamh amach an chúitimh is féidir a dheona don oifigeach san fén gCuid seo den Acht so.

Pinsinéirí do chóluchtaí áitiúla á bhfostú ag cóluchtaí áitiúla eile.

49. —(1) Má cheapann no má cheap aon chólucht áitiúil chun aon oifige no fostaíochta (dá ngairmtear “an oifig nua” san alt so) duine atá ag fáil liúntais o chólucht áitiúil fén Acht so no fé aon Acht eile toisc é do scur, roimh rith an Achta so no dá éis sin, de bheith i seilbh oifige (dá ngairmtear “an tseanoifig” san alt so) fé chólucht áitiúil, no fé choiste d'otharlainn no d'óspidéal fhiabhrais chontae, ansan—

(a) más ionann suim bhliantúil profid na hoifige nua agus tuarastal agus sochar oifige bliantúil na sean-oifige no más mó ná san é, scuirfar den liúntas roimhráite d'íoc faid a bheidh an duine sin i seilbh na hoifige nua, agus

(b) más lú suim bhliantúil profid na hoifige nua ná tuarastal agus sochar oifige bliantúil na sean-oifige, ní híocfar leis an duine sin faid a bheidh sé san oifig nua níos mó den liúntas roimhráite ná mar a bheadh có-ionann, i dteanta suim bhliantúil profid na hoifige nua, le tuarastal agus sochar oifige na sean-oifige.

(2) Má luíoduítear liúntas fén alt so, déanfar an méid de (más ann do) a rann-íocann aon chólucht áitiúil seachas an cólucht áitiúil a dheon an liúntas do luíodú sa chothrom chéanna in ar luíoduíodh an liúntas iomlán.

Ioc liúntaisí agus aiscí.

50. —(1) Maidir le suim aon liúntais no aisce a deonadh d'oifigeach do choiste comhairle contae, comhairle bailecheanntair, no comhairle buirge, no d'oifigeach do chó-choiste dhá cheann no níos mó de sna comhairlí sin, fén gCuid seo den Acht so, íocfidh an chomhairle no na comhairlí sin í leis an oifigeach san agus, i gcás oifigigh do chó-choiste, i pé cionúireachtaí le n-a gcó-aontófar no, mara ndintar có-aontú, a shocróidh an tAire.

(2) Aon tsuim is iníoctha fén gCuid seo den Acht so ag cólucht áitiúil ar scór liúntais no aisce a deonadh do dhuine a bhí ina oifigeach no ina fhostaí roimhe sin don chólucht áitiúil sin no do choiste dhe, no do chó-choiste dhe sin agus d'aon chólucht áitiúil eile, déanfar (fé réir forálacha fo-alt (3) d'alt 82 den Acht so) í do chruinniú tríd an ráta gcéanna tré n-a gcruinneofí agus í d'íoc amach as an gciste gcéanna as a n-íocfí agus í do mhuirearú ar an líomatáiste gcéanna ar a muirearófí tuarastal no págh an duine sin dá leanadh sé i seilbh na hoifige no na fostaíochta céanna fén gcólucht áitiúil, fén gcoiste no fén bhfochoiste sin, pe'ca aca é, agus ní háireofar an tsuim sin chun críche aon achtacháin a chuireann teora le méid an ráta san.

Oifigigh do chóluchtaí áitiúla a ceapadh chun na státsheirbhíse.

51. —(1) Aon oifigeach do chólucht áitiúil 'na bhfuil seirbhís deich mblian ar a luíod tugtha uaidh aige agus a ceapfar no a ceapadh tar éis an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, chun puist bhuain i Stát-Sheirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann, post go mbaineann a dhualgaisí leis na nithe céanna le n-ar bhain dualgaisí a oifige fén gcólucht áitiúil sin, agus a eireoidh no d'eirigh láithreach ina dhiaidh sin as an oifig sin, bainfidh an Chuid seo den Acht so leis an oifigeach san fé is dá n-eiríodh sé as an oifig sin tar éis cúig bliana is trí fichid do shlánú dho agus seirbhís fiche blian ar a luíod tugtha uaidh aige; ach aon liúntas a deonfar d'oifigeach den tsórt san de bhua an ailt seo ní híocfar é mara ndintar ná go dtí go ndéanfar an t-oifigeach san do chur as an Stát-Sheirbhís sin ar chúis nách mí-iompar ná mí-chumas, no mara n-eirighe sé ná go dtí go n-eireoidh sé as an Stát-Sheirbhís sin le toil an Aire Airgid.

(2) Féadfar feidhmiú do dhéanamh aon uair nách déanaí ná trí mhí tar éis rithte an Achta so ar na comhachta atá ag cólucht áitiúil chun liúntas do dheona de bhua an ailt seo d'oifigeach d'eirigh as a oifig roimh rith an Achta so.

Cosc le haistriú pinsean.

52. —(1) Beidh gan brí gach sanna a déanfar agus gach muirear a cuirfar agus gach có-aontú chun sanna do dhéanamh no muirear do chur ar liúntas fén gCuid seo den Acht so.

(2) Ní féadfar aon liúntas a deonfar fén gCuid seo den Acht so do thógaint i bhfeidhmiúchán ná d'aistriú ar aon tslí eile tré chúrsaí dlí chun aon fhiacha ná fiachaisí, ar an té dar deonadh an liúntas san, d'íoc.

Fostaithe do chur ar aois-liúntas.

53. —In aon chás ina bhfuil comhacht ag cólucht áitiúil, fé fhorálacha aon Achta puiblí no áitiúil, liúntas do dheona d'éinne dá bhfostaithe, nách oifigigh, mar gheall ar chailliúint a fhostaíochta, cuirfar alt 42, fo-ailt (1) agus (2) d'alt 44, ailt 46, 49, 50 agus 52 den Acht so in ionad na bhforálacha san, agus bainfidh na hailt agus na fo-ailt sin le deona na liúntas san agus leis na liúntaisí féin tar éis a ndeonta ach na hatharuithe seo a leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) sa bhaint sin folóidh na focail “oifig” agus “oifigeach” “fostaíocht” agus “fostaí” fé seach, agus folóidh an focal “tuarastal” “págh”;

(b) nuair a beifar ag áireamh seirbhíse fostaí, ní háireofar ach an tseirbhís leanúnach a bhí tugtha uaidh ag an bhfostaí sin fén gcólucht áitiúil sin ar dháta na fostaíochta san do chailliúint do;

(c) ní deonfar liúntas fén alt so d'fhostaí gur giorra a sheirbhís ná an tréimhse seirbhíse a héilítear leis an Acht puiblí no áitiúil sin mar choiníoll liúntas do dheona dho fén Acht san.

Cead ón Aire riachtanach chun liúntaisí do dheona d'fhostaithe áirithe i ngealtlanna.

54. —Ní deonfar aon aois-liúntas, gan cead ón Aire, d'aon oifigeach ná seirbhíseach atá ar fostú i ngealtlainn cheanntair no i bhfo-ghealtlainn agus a chuir in úil fé alt a fiche den Asylum Officers Superannuation Act, 1909, ná raibh sé chun buntáiste do bhaint as forálacha an Achta san.

Oifigigh do choistí otharlann contae agus óspidéal fiabhrais contae, coistí gur cuireadh deire leo.

55. —Gach éinne a bhí no a bheidh ina oifigeach do choiste otharlainne contae no óspidéil fhiabhrais chontae ar dháta deire do chur leis an gcoiste sin (pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis) fé no do réir alt 7 den Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 , agus a dhin, maran dochtúir oifigiúil é, a chuid aimsire go léir do thabhairt i seirbhís an choiste sin, marar lú, no maran lú, a thréimhse seirbhíse fén gcoiste sin ná deich mbliana beidh cearta aige chun liúntas d'fháil ón gcomhairle no o sna comhairlí contae no contae-bhuirge gur chun an chéanna no chun coiste den chéanna a haistríodh feidhmeanna an choiste roimhráite nuair a cuireadh deire leis, sé sin, na cearta céanna a bheadh aige fén Acht so dá mb'oifigeach inphinsin é do choiste no do chó-choiste den chomhairle sin no de sna comhairlí sin agus go mbeadh sé i seilbh oifige fé ar feadh tréimhse bheadh chó fada le n-a thréimhse seirbhíse fén gcoiste roimhráite agus go gcuirf as an oifig sin é ar chúis nár mhí-iompar ná mí-chumas.

Cúiteamh i gcailliúint shochair oifige tar éis aistriú dualgaisí.

56. —(1) Má dhin oifigeach do bhord caomhnóirí le n-ar cuireadh deire, roimh rith an Achta so, fé fhorálacha an Achta um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 , leanúint, tar éis deire bheith curtha leis an mbord san, de dhualgaisí do cho líona do chó-líonadh sé roimhe sin de bhua a oifige fén mbord san, agus más dó leis an Aire nár dineadh an sochar oifige a gheibheadh an t-oifigeach san ar son có-líona na ndualgas san do chur san áireamh nuair a bhíthas ag socrú méid an chúitimh a bhí iníoctha leis mar gheall ar chailliúint a oifige fén mbord san ar scur don oifigeach san (pe'ca roimh an Acht so no dá éis) ar aon chúis nách mí-iompar ná mí-chumas de sna dualgais roimhráite do chó-líona beidh sé i dteideal cúiteamh i gcailliúin an tsochair roimhráite d'fháil, i dteanta an chúitimh roimhráite on gcomhairle go raibh an cúiteamh roimhráite iníoctha acu, pé méid a shocróidh an tAire.

(2) Gach seana-chléireach do bhord caomhnóirí nár cuireadh deire leis fé scéim chontae roimh rith an Achta Timpea Toghachán, 1923 ( Uimh. 12 de 1923 ), cléireach a scuir no a scuirfidh ina dhiaidh seo, de bhua an Achta san, de dhualgais do chó-líona do chó-líonadh sé roimhe sin maidir le clárú toghthóirí, agus gach seana-chléireach do bhord caomhnóirí ná cuireadh deire leis fé scéim chontae roimh rith Achta na gCoistí Dháréag (Leasú) 1924 ( Uimh. 18 de 1924 ), cléireach a scuir no a scuirfidh ina dhiaidh seo, de bhua an Achta san, de dhualgais do chó-líona do chó-líonadh sé roimhe sin maidir le hullamhú no athscrúdú liostaí de choisteoirí, beidh teideal aige chun cúiteamh d'fháil ón mbord caomhnóirí no ón gcólucht da haistríodh no dá n-aistreofar (pe'ca is gá sa chás) fiachaisí an bhúird sin, pé cúiteamh a shocróidh an tAire mar gheall ar chailliúint an tsochair oifige a gheibheadh sé roimhe sin ar son na ndualgaisí roimhráite sin uile agus fé seach no ar son pé dualgaisí acu gur scuir no go scuirfe sé d'iad do chó-líona.

Sa bhfo-alt so cialluíonn an focal “seana-chléireach” cléireach a bhí in oifig an lá deiridh de Mhárta, 1898.

(3) Ní raghaidh méid an chúitimh is iníoctha le héinne fén alt so—

(a) thar liúntas bliantúil chó mór le dhá dtrian an méid sochair oifige glan a chaill sé más cúiteamh i bhfuirm liúntais bhliantúla an cúiteamh, ná

(b) thar suim nách mó ná an séú cuid den mhéid sochair oifige glan a chaill sé, más cúiteamh i bhfuirm aisce an cúiteamh.

Sa bhfo-alt so cialluíonn an focal “an méid sochair oifige glan a chaill sé”—

(i) más ar feadh trí mblian no breis a dineadh có-líona, no a beifar tar éis có-líona do dhéanamh, ar na dualgaisí gur as scur díobh d'éirigh an ceart chun cúitimh, meán-mhéid an tsochair oifige a fuarthas, ar son cólíona na ndualgas san, i rith gach bliana de sna trí bliana a chuaidh díreach roimh an scur san agus in ar có-líonadh na dualgaisí sin no ina mbeifar tar éis a gcó-líonta, agus

(ii) más ar feadh níos lú ná trí bliana a có-líonadh na dualgaisí sin no a beifar tar éis a gcó-líonta, meánmhéid bliantúil an tsochair oifige a fuarthas, ar son có-líona na ndualgas san, i rith na tréimhse in ar cólíonadh na dualgaisí sin no ina mbeifar tar éis a gcólíonta.