8 1925


Uimhir 8 de 1925.


ACHT UM AM SAMHRAIDH, 1925.


ACHT CHUN FORÁIL DO DHÉANAMH CHUN GO mBEIDH AN tAM I SAORSTÁT ÉIREANN CHUN TOSAIGH AR AM IARTHAIR NA hEURÓIPE AR FEADH TRÉIMHSE ÁIRITHE DEN BHLIAIN. [2adh Abrán, 1925.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Am do chur uair chun tosaigh ar feadh ama shamhraidh.

1. —(1) Beidh an t-am i Saorstát Éireann uair chun tosaigh ar am Iarthair na hEuróipe chun crícheanna generálta ar feadh tréimhse an ama shamhraidh.

(2) In aon chás ina bhfuil tagairt do phonc ama in aon achtachán, ordú i gcomhairle, ordú, rialachán, riail, fo-dhlí, cairt, fógra no scríbhinn ar bith eile, tuigfear, ar feadh tréimhse an ama shamhraidh, fé réir a bhforáltar ina dhiaidh seo, gurb é am dá dtagartar ná an t-am fé mar a socruítear é chun crícheanna generálta leis an Acht so.

(3) Ní dhéanfidh éinní san Acht so cur isteach ar úsáid ama Iarthair na hEuróipe chun crícheanna réalt-eolais, méteoraíochta, no máirnéalachta, ná cur isteach ar léiriú aon scríbhinne ina ndintar luadh no tagairt do phonc ama i dtaobh aon chríche dhíobh san.

Teoranta tréimhse ama shamhraidh.

2. —Chun críche an Achta so agus fé réir a bhforáltar ina dhiaidh seo anso isé rud é tréimhse an ama shamhraidh ná an tréimhse a thosnóidh ar a dó a chlog, am Iarthair na hEuróipe, ar maidin an chéad lae tar éis an tríú Sathairn i mí an Abráin no, más Domhnach Cásca an lá san, a thosnóidh an uair sin den chéad lá tar éis an dara Sathairn i mí an Abráin, agus a chríochnóidh, i gceachtar den dá chás san, ar a dó a chlog, am Iarthair na hEuróipe, ar maidin an chéad lae tar éis an tríú Sathairn i mí Mheán Fhomhair.

Comhacht don Aire Dlí agus Cirt chun am samhraidh d'atharú.

3. —(1) Féadfidh an tAire Dlí agus Cirt, aon uair a chífar do go bhfuil sé oiriúnach san a dhéanamh, a ordú, le hordú, nách í an tréimhse a ceaptar, leis an Acht so no le haon ordú a dineadh roimhe sin fén alt so, chun bheith ina tréimhse ama shamhraidh chun críche an Achta so, nách í a bheidh, go generálta no in aon bhlianta no bliain áirithe, ina tréimhse ama shamhraidh chun na críche sin agus, ina hionad san, gur tréimhse éigin eile a luadhfar san ordú san a bheidh, go generálta no sna blianta no sa bhliain áirithe sin (fé mar is gá sa chás), ina tréimhse ama shamhraidh chun críche an Achta so.

(2) Aon ordú a dhéanfidh an tAire Dlí agus Cirt fén alt so ní thiocfa sé i ngníomh mara ndintar no go dtí go ndéanfar é cheadú le rún a rithfidh gach Tigh den Oireachtas, ach nuair a bheidh an t-ordú san ceaduithe amhlaidh beidh éifeacht reachtúil aige mar leasú ar an Acht so.

Míniú ar am Iarthair na hEuróipe.

4. —San Acht so cialluíonn an focal “am Iarthair na hEuróipe” meadhon-am Greenwich.

Gearr-theideal.

5. —Féadfar an tAcht um Am Samhraidh, 1925 , do ghairm den Acht so.