10 1925


Uimhir 10 de 1925.


ACHT NA nARM TEINE (FORÁLACHA SEALADACHA) (BUANÚ), 1925.


ACHT CHUN BUANÚ GO CEANN TRÉIMHSE TEORANTA DO DHÉANAMH AR ACHT NA nARM TEINE (FORÁLACHA SEALADACHA), 1924 , AGUS AR NA RIALACHÁIN A DINEADH AGUS AR NA CEADÚNAISÍ A TUGADH AMACH FÉ. [8adh Abrán, 1925.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Buanú an Achta Shealadaigh.

1. —Leanfidh Acht na nArm Teine (Forálacha Sealadacha), 1924 (Uimh. 9 de 1924) , i bhfeidhm go dtí an 31adh lá d'Iúl, 1925, agus ragha sé in éag ansan.

Buanú ar na rialacháin a dineadh agus ar na ceadúnaisí a tugadh amach fén Acht Sealadach.

2. —(1) Gach rialachán a dineadh fé Acht na nArm Teine (Forálacha Sealadacha), 1924 (Uimh. 9 de 1924) , agus atá i bhfeidhm an 4adh lá d'Abrán, 1925, leanfa sé i bhfeidhm (fé réir aon leasú no atharú a dineadh ann fén Acht san) go dtí go gceiliúrfar an céanna fén Acht san no go dtí an 31adh lá d'Iúl, 1925, pe'ca is túisce a thárlóidh.

(2) Gach ceadúnas arm teine a tugadh amach fé Acht san na nArm Teine (Forálacha Sealadacha), 1924, no fé aon rialachán a dineadh fén Acht san agus nár ceiliúradh no nár cuireadh ar nea-mbrí roimh rith an Achta so leanfa sé i bhfeidhm, gan aon táille bhreise d'íoc, ach fé réir aon atharú a dineadh go dleathach ann, ón dáta a luadhadh ann chun é do dhul in éag (pe'ca roimh rith an Achta so no ina dhiaidh don dáta san) go dtí go ndéanfar an ceadúnas san do cheiliúra no do chur ar nea-mbrí fén Acht san no fé sna rialacháin sin no go dtí an 31adh lá d'Iúl, 1925, pe'ca is túisce a thárlóidh.

Gearr-theideal.

3. —Féadfar Acht na nArm Teine (Forálacha Sealadacha) (Buanú), 1925 , do ghairm den Acht so.