25 1925


Uimhir 25 de 1925.


ACHT NA mBANNAÍ TALMHAN, 1925.


ACHT CHUN SOCRÚ EILE A BHEIDH NÍOS FEARR DO DHÉANAMH I dTAOBH BANNAÍ TALMHAN DO THABHAIRT AMACH FÉN ACHT TALMHAN, 1923 , AGUS I dTAOBH URRAÍOCHT AGUS FUASCAILT DO DHÉANAMH ORTHA AGUS ÍOC AN ÚIS ORTHA AGUS CHUN DEIGHLEÁIL LE BLIANACHTAÍ CEANNAIGH A hÍOCTAR FÉN ACHT SAN. [3adh Iúl, 1925.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” an t Acht Talmhan, 1923 (Uimh. 42 de 1923) .

Urraíocht Bhriotáineach ar Bhannaí Talmhan.

2. —(1) Má tugtar aon tsuim amach as an gCiste Có-dhlúite Briotáineach no as a thora fáis chun aon urraíocht do chó-líona a thug an Cisteán Briotáineach ar íoc cholann agus ús aon Bhannaí Talmhan a bunuíodh chun crícheanna an Phríomh-Achta, cuirfar mar mhuirear ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis agus íocfar amach as, láithreach i ndiaidh an mhuirir a bunuíodh le fo-alt (4) d'alt 1 den Phríomh-Acht, mar a leasuítear é leis an Acht so, suim is leor chun aon tsuim a tugadh amach mar adubhradh d'aisíoc leis an gCisteán Briotáineach maraon le hús uirthi o dháta na tabhartha amach san do réir pé ráta a có-aontófar idir an Aire Airgid agus an Cisteán Briotáineach no mara gcó-aontuítear amhlaidh, do réir ráta cúig per cent. per annum.

(2) Gach suim a tabharfar amach as an bPrímh-Chiste do réir an mhuirir a bunuítear leis an bhfo-alt san roimhe seo aisíocfar í leis an gCiste sin amach as an gCiste Urraíochta.

Bunú agus fuascailt Bannaí Talmhan 4½ per cent.

3. —Léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige agus tuigfar go raibh éifeacht riamh aige fé is dá gcuirtí an t-alt so a leanas ann in ionad an ailt 1 atá anois ann, sé sin le rá:—

1.—(1) Chun soláthar do dhéanamh chun íoctha na suimeanna a bheidh le n'íoc i mbannaí fén Acht so beidh comhacht ag an Aire Airgid, nuair is gá é agus fé mar is gá chun na críche sin, bannaí dá ngairmfear Bannaí Talmhan 4½ per cent. do bhunú agus do thabhairt amach, de pé tomhasanna (nách lú in aon chás ná púnt) a cheapfidh an tAire.

(2) Tabharfidh na bannaí ús do réir 4½ per cent. per annum dá n-ainm-luach, ús a bheidh iníoctha in airgead Briotáineach ina chó-choda leath-bhliantúla ar pé uaire i ngach bliain a ceapfar leis na Rialacháin fé n-a dtabharfar amach iad.

(3) Beidh na bannaí ionfhuascailte ar par in airgead Briotáineach maraon le híoc gach riaráiste úis, agus déanfidh an tAire Airgid socruithe chun iad d'fhuascailt le tarraicí bliantúla no leath-bhliantúla laistigh de cheithre fichid bliain ón 18adh lá de Mhí na Nodlag, 1924, agus féadfidh an tAire sin rialacháin do dhéanamh i gcóir tarrac na mbannaí sin. Socrófar leis na rialacháin sin i dtaobh fuascailt do dhéanamh láithreach ar bhannaí a haistreofar le hordú an Choimisineura Bhreithiúntais in íoc Diúitéthe Báis no i bhfuascailt blianachtaí talamh-cheannaigh a bheidh ina muirear ar na tailte a thiocfidh i seilbh Choimisiún na Talmhan fén Acht so:

Ach, aon uair tar éis deich mbliana fichead a bheith caithte o tugadh amach iad, féadfar, marar fuascladh cheana iad, aon bhannaí d'fhuascailt ar par pé uair agus le tarraicí no ar pé slí eile a ordóidh an tAire Airgid.

(4) As Ciste na mBannaí Talmhan a bunófar fén Acht so isea a híocfar an t-ús ar na bannaí talmhan agus na suimeanna theastóidh chun bannaí talmhan d'fhuascailt do réir forálacha an ailt seo, agus marar leor an céanna beidh a muirear agus a n-íoc ar Phrímh-Chiste Shaorstáit Éireann no ar a thora fáis mar chéad-mhuirear air i ndiaidh aon mhuirearacha a bunuíodh roimh rith an Achta so. Aon tsuimeanna a híocfar mar sin as an bPrímh-Chiste áireofar iad mar roimh-íoc sealadach le Ciste na mBannaí Talmhan agus déanfar suas iad as an gCiste Urraíochta.

(5) Chun fuascailte na mbannaí cuirfar na suimeanna so a leanas i leataoibh i gCiste na mBannaí Talmhan i ndeire gach leath-bhliana dar críoch an 1adh lá de Bhealtaine, no an 1adh lá de Mhí na Samhna, go dtí go mbeidh fuascailt déanta ar gach banna a tugadh amach fén Acht so, sé sin le rá:—

(a) suim chó mór le dó agus trí ochtú per cent. de sna suimeanna uile a roimh-íocadh no a híocadh tré bhannaí talmhan do thabhairt amach fén Acht so go dtí deire na leath-bhliana roimhe sin agus nár dheimhnigh an tAire Airgid a bheith aisíoctha agus, ina theanta san, más ar an lá deiridh den leath-bhliain roimhe sin a tugadh amach na bannaí talmhan, suim a háireofar do réir ráta 4¾per cent. per annum in aghaidh na tréimhse o dheire na leath-bhliana go dtí an chéad lá dividendum ina dhiaidh sin, agus

(b) suim a háireofar do réir ráta ceathair agus trí ceathrúin per cent. per annum de sna suimeanna uile a roimhíocadh no a híocadh tré bhannaí talmhan do thabhairt amach fén Acht so o thosach na leath-bhliana san agus nár dheimhnigh an tAire Airgid a bheith aisíoctha, agus is in aghaidh na tréimhse o dháta an bhanna do thabhairt amach go dtí an chéad lá dividendum tar éis deire na leath-bhliana san a háireofar an tsuim sin amhlaidh, agus

(c) gach suim a íocfidh ceannathóirí tionóntacha i rith na leath-bhliana san i bhfuascailt blianachtaí cheannaigh is iníoctha fén Acht so, agus

(d) gach suim a íocfidh ceannathóir in airgead i rith na leath-bhliana san tar éis do Choimisiún na Talmhan aon talamh a dílsíodh ionta fén Acht so do dhíol leis.

Déanfar na méideanna so a leanas do bhaint as na suimeanna a cuirfar i leataoibh amhlaidh i ndeire aon leath-bhliana, sé sin le rá:—

(e) méid an úis is iníoctha an chéad lá dividendum eile ar scór gach banna a tugadh amach amhlaidh agus nár fuascladh go deire na leath-bhliana san, agus

(f) an méid a theastóidh, má theastuíonn sé, chun lán-íoctha gach banna a haistríodh fén Acht so i rith na leathbhliana san, le hordú an Choimisineura Bhreithiúntais, in íoc Diúitéthe Báis no i bhfuascailt blianachtaí talamh-cheannaigh, agus

(g) méid aon roimh-íoca a híocadh amach as an gCiste Urraíochta i rith na leath-bhliana san in íoc úis ar bhannaí talmhan a tugadh amach an lá deiridh den leath-bhliain roimhe sin, no tar éis an lae sin, agus roimh an lá dividendum a tháinig sa leathbhliain a céad-luaidhtear, in aghaidh na tréimhse idir an tabhairt-amach san agus an lá dividendum san.

Isé suim a theastóidh chun bannaí d'fhuascailt nuair a déanfar aon tarrac bliantúil no leath-bhliantúil ná méid iomlán na suim uile a cuireadh i leataoibh fén bhfo-alt so (ach na méideanna roimhráite do bhaint as) o dineadh an tarrac deiridh roimhe sin maraon le pé ús a hordófar le rialacháin a déanfar fén Acht so.”

I mBannaí Talmhan a híocfar éilithe i gcoinnibh airgid cheannaigh.

4. —Léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige agus tuigfar go raibh éifeacht riamh aige fé is dá gcuirtí an t-alt so a leanas ann in ionad an ailt 3 atá anois ann, sé sin le rá:—

“3.—(1) Déanfar gach éileamh i gcoinnibh an airgid cheannaigh d'íoc agus do ghlana, sa mhéid gur leor chuige na bannaí talmhan a bheidh ag seasamh don airgead cheannaigh, tré bhannaí talmhan is ionann ainm-luach le méid an éilimh d'aistriú chun an éilitheora amach as na bannaí talmhan a bheidh ag seasamh don airgead cheannaigh, agus i ngach cás den tsórt san beidh teideal ag an éilitheoir chun an úis d'fhás ón lá ceaptha ar na bannaí talmhan a haistríodh chuige amhlaidh.

(2) Tuigfar íoc éilimh i gcoinnibh an airgid cheannaigh do réir an ailt seo do bheith ina shásamh san éileamh chó fada le méid ainm-luach na mbannaí talmhan a haistríodh chun an éilitheora in íoc an éilimh.

(3) D'ainneoin forálacha an ailt seo, féadfidh an Coimisinéir Breithiúntais, in aon chás áirithe ina bhfeicfar do gur gá é do réir chirt, pé ordú is dó leis is ceart, ordú bunoscionn leis na forálacha san roimhe seo den alt so, do dhéanamh i dtaobh aon éilimh i gcoinnibh an airgid cheannaigh no i dtaobh na mbannaí talmhan is ionaistrithe in íoc an éilimh no i dtaobh an úis ar na bannaí talmhan san.

(4) Ag socrú praghas fuascailte leasanna uachtaracha dho, tabharfidh an Coimisinéir Breithiúntais aire don phraghas a fuair an díoltóir ar na tailte as a ngluaiseann na leasanna uachtaracha san.

(5) San alt so foluíonn an focal “éileamh i gcoinnibh an airgid cheannaigh” na nithe seo a leanas sa mhéid go bhfuilid fé seach iníoctha amach as an airgead ceannaigh, sé sin le rá:—

(a) praghas fuascailte gach leasa, ualaigh, agus éilimh eile, uachtarach agus eadarghabhálach, a bhaineann le hairgead ceannaigh a híocfar le bannaí talmhan 4½ per cent. no is iníoctha amach as na leasanna, na hualaighe, agus na héilithe sin, agus

(b) riaráiste uile na leasanna, na n-ualach, agus na n-éilithe sin agus gach ús ortha, agus

(c) na costaisí a bhain le cruthú an teidil chun na leasanna, na n-ualach, agus na n-éilithe sin, agus

(d) costaisí díola an díoltóra,

agus gairmtear an t-éilitheoir den té go bhfuil teideal aige chun méid éilimh i gcoinnibh an airgid cheannaigh d'fháil.”

Alt 27 den Phríomh-Acht ar lár.

5. —Léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige agus tuigfar go raibh éifeacht riamh aige fé is dá bhfágtí ar lár ann alt 27 atá anois ann.

Iocaíochtaí o Choimisiún na Talmhan i gcásanna áirithe.

6. —(1) Iocfidh Coimisiún na Talmhan le Ciste na mBannaí Talmhan ús do réir ráta ceathair go leith per cent. per annum agus ciste fiach-luíoduithe do réir ráta an cheathrú cuid d'aon per cent. per annum ar gach suim a roimh-íocadh no a híocadh tré bhannaí talmhan do thabhairt amach fén bPríomh-Acht agus nár dheimhnigh an tAire Airgid a bheith aisíoctha.

(2) Bainfidh fo-ailt (5) agus (6) d'alt 11 den Phríomh-Acht leis na híocaíochtaí atá le n'íoc ag Coimisiún na Talmhan fén alt so fé mar a bhainid leis na híocaíochtaí bliantúla agus eile atá le n'íoc ag Coimisiún na Talmhan fén alt san.

(3) Athghairmtear leis seo fo-ailt (1), (2), agus (3) d'alt 11 den Phríomh-Acht.

Conus a deighleálfar le blianachtaí áirithe ceannaigh.

7. —(1) Má ath-dhíolann Coimisiún na Talmhan ar phraghas níos aoirde, tar éis rithte an Phríomh-Achta, tailte do cheannuíodar féin no Bord na gCeanntar gCumhang fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh roimh rith an Phríomh-Achta, déanfar gach suim a bailíodh ar scór na blianachta ceannaigh is iníoctha ar scór an phraghais ar ar hath-dhíoladh na tailte sin amhlaidh d'íoc isteach i gCiste na mBlianachtaí Ceannaigh d'ainneoin an bhlianacht cheannaigh sin no cuid éigin di do bheith ionchurtha i leith caiteachais nár híocadh aon roimh-íoc amach as Ciste Ceannach Talmhan na hÉireann ina chóir.

(2) Pé méid, d'aon bhlianacht cheannaigh a híocadh isteach i gCiste na mBlianachtaí Ceannaigh do réir an fho-ailt sin roimhe seo, pé méid di sin is ionchurtha i leith caiteachais nár híocadh aon roimh-íoc amach as Ciste Ceannach Talmhan na hÉireann ina chóir deighleálfidh an tAire Airgid leis do réir rialachán a dhéanfa sé chuige sin fén bhfo-alt so, agus leis na rialacháin sin féadfar a ordú cadé an modh ar a bhfuighfar amach cadé an cion den bhlianacht cheannaigh is ionchurtha i leith an chaiteachais sin.

(3) Má dhineann Coimisiún na Talmhan (pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis é) tailte a cheannuíodar fén bPríomh-Acht d'ath-dhíol ar phraghas níos aoirde déanfar pé méid, den bhliantacht cheannaigh is iníoctha ar scór an phraghais sin, pé méid di sin is ionchurtha i leith caiteachais nár híocadh aon roimh-íoc ina chóir tré bhannaí talmhan do thabhairt amach, déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no deighleálfar leis chun sochair den Stát-Chiste i pé slí a cheapfidh an tAire Airgid le rialacháin a déanfar fén bhfo-alt so, agus leis na rialacháin sin féadfar a ordú cadé an modh ar a bhfuighfar amach cadé an cion den bhlianacht cheannaigh is ionchurtha i leith an chaiteachais sin.

Suimeanna áirithe a híocadh amach as an gCiste Urraíochta d'aisíoc leis.

8. —Má híocadh amach as an gCiste Urraíochta, le Cuntas Ceannach na Talmhan no le Ciste Ceannach Talmhan na hÉireann, roimh-íoc ar scór an úis ar roimh-íoc a híocadh le ceannathóir in aghaidh na tréimhse idir—

(a) an lá sé mhí roimh an gcéad lá gála chun an bhlianacht cheannaigh d'íoc ar scór an roimh-íoca san, agus

(b) an chéad lá ina dhiaidh sin go raibh dividenda iníoctha ar stoc a tugadh amach fén Purchase of Land (Ireland) Act, 1891, no fén Irish Land Act, 1903,

íocfar isteach sa Chiste Urraíochta, in ainneoin éinní contrárdha dho san i bhfo-alt (2) d'alt 12 den Phríomh-Acht, gach suim a gheobhaidh Coimisiún na Talmhan o cheannathóir ar scór an úis sin.

Gearr-theideal, léiriú agus luadh.

9. —(1) Féadfar Acht na mBannaí Talmhan, 1925 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus féadfar é do luadh i dteanta na nAcht san.