An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT UM FHEIDHMIÚ ORDUITHE CÚIRTE, 1926) Ar Aghaidh (CUID II. Scrudu Feichiun.)

18 1926

ACHT UM FHEIDHMIÚ ORDUITHE CÚIRTE, 1926

CUID I.

Feidhmeanna agus Comhachta an Fho-Shirriaim.

Feidhmiú orduithe feidhmiúcháin.

3. —(1) Fé réir forálacha an Achta so agus fé réir rialacha cúirte a bheidh déanta fén Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924) , feidhmeoidh an fo-shirriam gach ordú feidhmiúcháin ón Ard-Chúirt ar an gcuma gcéanna ina bhfeidhmíodh an fo-shirriam roimhe seo riteanna feidhmiúcháin den tsórt san ón Ard-Chúirt agus chuige sin beidh na comhachta, na cirt agus na húdaráis chéanna aige agus na dualgaisí agus na hoblagáidí céanna air.

(2) Fé réir forálacha an Achta so agus fé réir rialacha cúirte a bheidh déanta fén Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 , feidhmeoidh an fo-shirriam gach ordú feidhmiúcháin ón gCúirt Chuarda agus (lasmuich de chásanna dá bhforáltar a mhalairt ina dhiaidh seo anso) ón gCúirt Dúithche ar an gcuma gcéanna ina bhfeidhmíodh an fo-shirriam roimhe seo riteanna feidhmiúcháin den tsórt san ón Ard-Chúirt agus chuige sin beidh na comhachta, na cirt agus na húdaráis chéanna aige agus na dualgaisí agus na hoblagáidí céanna air.

(3) D'ainneoin forálacha an fho-ailt sin roimhe seo no forálacha an Achta Cúirteanna Breithiúnais, 1924 , feidhmeoidh an Gárda Síochána orduithe feidhmiúcháin ón gCúirt Dúithche i gcásanna do bheadh, roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, laistigh d'údarás Giúistisí Síochána agus iad ina suidhe i nGearr-Shiosón no laistigh d'údarás Giúistís Roinne de Cheanntar Phóilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath (lasmuich de chásanna díshealbhaíochta agus d'imeachta chun rátaí is mó ná cúig púint do bhaint amach) agus feidhmeoid iad ar gach slí díreach mar d'fheidhmíodh an Gárda Síochána agus Póilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath fé seach orduithe feidhmiúcháin den tsórt san roimh thosach feidhme Chuid III. den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 .

(4) Le feidhmiú orduithe feidhmiúcháin ón gCúirt Chuarda ní bhainfidh aon fhoráil reachtúil ná riail chúirte a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme Chuid II. den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 , maidir le feidhmiú aitheanta no orduithe Cúirte Bille Shíbhialta (pe'ca i dtaobh fiacha no seilbh tailte no éinní eile iad).

(5) Aon bhreithiúntas ón gCúirt Chuarda is ionchláruithe de bhua alt 59 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 , i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte, ar bheith cláruithe dho amhlaidh beidh sé, agus tuigfar go raibh sé riamh, ionchláruithe mar mhorgáiste breithiúntais más rud é agus sa mhéid go mbeadh sé ionchláruithe amhlaidh dá mba bhreithiúntas ón Ard-Chúirt é, ach lasmuich den chás roimhráite ní bheidh aon bhreithiúntas ón gCúirt Chuarda ionchláruithe mar mhorgáiste breithiúntais

(6) Chun go mbeadh éifeacht ag an bhfo-alt san roimhe seo ach ní chun a thuille ná chun éinní eile do dhéanamh, léireofar gach tagairt atá in alt 6 den Judgment Mortgage (Ireland) Act, 1850, do Her Majesty's Superior Courts at Dublin fé mar a bheadh tagairt inti don Chúirt Chuarda pe'ca i mBaile Atha Cliath no in áit eile a bheadh sí ina suidhe, agus beidh an Chúirt Chuarda ina Cúirt uachtaraigh do réir bhrí an ailt sin 6, agus beidh éifeacht ag an alt san dá réir sin.

(7) Aon fhoráil reachtúil no riail chúirte a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme Chuid III. den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 , maidir le feidhmiú aitheanta no orduithe Giúistísí Dúithche no Giúistísí Roinne de Cheanntar Phóilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath, ní bhainfe sí le feidhmiú orduithe feidhmiúcháin ón gCúirt Dúithche atá le feidhmiú ag an bhfo-shirriam fén alt so, ach ní léireofar éinní san alt so fé mar a bheadh sé ag tabhairt comhachta chun aon bhreithiúntas, aithne no ordú ón gCúirt Dúithche do chlárú mar mhorgáiste breithiúntais.

Teachtairí cúirte.

4. —(1) Fé réir aontú an Aire, ceapfidh gach fo-shirriam pé méid daoine (ar a dtabharfar, agus dá ngairmtear ina dhiaidh seo anso, teachtairí cúirte) a cheadóidh an tAire chun gníomhuithe dho agus chun cabhruithe leis ar shlite eile i bhfeidhmiú orduithe feidhmiúcháin fén Acht so.

(2) Má orduíonn an tAire é agus má thoilíonn an tAire Airgid chuige, féadfar pé tuarastal a shocróidh an tAire, le cead an Aire Airgid, d'íoc le haon teachtaire cúirte as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(3) Beidh gach teachtaire cúirte i seilbh a oifige faid is toil leis an Aire é agus féadfidh an tAire é chur as oifig ar iarratas an fho-shirriaim no más maith leis féin é.

(4) Cuirfidh gach fo-shirriam fé ndeár liost ceart d'ainmneacha agus d'áiteanna comhnaithe na ndaoine a bheidh i seilbh oifige mar theachtairí cúirte ina bháillíocht de thurus na huaire do chimeád postálta suas ina oifig agus i ngach tigh cúirte ina bháillíocht.

Barántaisí do thabhairt amach do theachtairí cúirte.

5. —(1) Nuair a bheidh sé ag cabhrú leis an bhfo-shirriam i bhfeidhmiú ordú feidhmiúcháin no nuair a bheidh sé ag feidhmiú ordú feidhmiúcháin d'fho-shirriam, beidh ag gach teachtaire cúirte ón bhfo-shirriam barántas i scríbhinn fé láimh an fhoshirriaim á údarú don teachtaire chúirte, tré n-a ainm do luadh, an t-ordú feidhmiúcháin áirithe sin d'fheidhmiú no cabhrú chun a fheidhmithe, agus ní fheidhmeoidh aon teachtaire cúirte aon ordú feidhmiúcháin ná ní thógfa sé páirt ina fheidhmiú mara n-údaruítear do go cuibhe le barántas den tsórt roimhráite é dhéanamh.

(2) Gach teachtaire cúirte a bheidh ag feidhmiú ordú feidhmiúcháin no ag cabhrú chun a fheidhmithe, beidh sé de dhualgas air, aon uair tar éis dul isteach ar aon tailte no in aon áitreabh fén ordú feidhmiúcháin sin agus sara n-aistrighe sé aon mhaoin uatha, an barántas a thug an fo-shirriam do fén alt so do thaisbeáint don té a dheabhróidh bheith i seilbh na dtailte no an áitribh sin má héilítear san air.

(3) Ag teachtaire cúirte a bheidh ag feidhmiú ordú feidhmiúcháin no ag cabhrú chun a fheidhmithe do réir barántais a tugadh amach do go cuibhe fén alt so beidh gach comhacht a bheadh dílsithe do réir dlí i mbáille a bheadh ar fostú ag foshirriam chun na críche sin.

(4) Ní thiocfidh barántas a thug fo-shirriam amach fén alt so do thuitim ar lár ná dochar do dhéanamh do de bharr an foshirriam san do scur de bheith i seilbh oifige ach tuitfidh gach barántas den tsórt san ar lár agus beidh deire leis nuair a scuirfidh an teachtaire cúirte a hainmnítear ann de bheith i seilbh oifige.

Cuntas ar áirnéis a gabhadh.

6. —Beidh sé de dhualgas ar gach fo-shirriam 'na ndéanfar fé n-a údarás feidhmiú ar earraí, ar ainmhithe, no ar áirnéis eile a chur fé ndeár go ndéanfar amach cuntas ítimithe ar an áirnéis a gabhadh agus laistigh de cheithre huaire fichead a' chluig tar éis na gabhála agus, más féidir é, sara n-aistrítear éinní, a chur fé ndeár go dtabharfar don chosantóir (no neachtar acu don té dheabhruíonn bheith i seilbh na háirnéise sin) dúbláid don chuntas san agus í sighnithe ag an bhfo-shirriam no ag teachtaire cúirte ag gníomhú thar a cheann.

Airnéis áirithe ná tógfar

7. —Maran fiú níos mó ná £15 ar fad cóir ghléasta agus cóir leapan riachtanach an té go ndéanfar feidhmiúchán ina choinnibh agus cóir ghléasta agus cóir leapan riachtanach a chúraim agus úirlisí agus fearaistí a chéirde, ní féadfar iad do ghabháil.

Féadfidh fo-shirriam díol aon tráth.

8. —Aon fho-shirriam a thógfidh aon earraí, ainmhithe, no áirnéis eile i bhfeidhmiúchán fé ordú feidhmiúcháin beidh sé dleathach do na hearraí, na hainmhithe, no an áirnéis eile sin do dhíol ar cheant phuiblí aon tráth tar éis deire tréimhse ocht n-uaire is dachad a' chluig tar éis do iad do thógaint i bhfeidhmiúchán, ach san do dhéanamh gan aon mhoill mhí-réasúnta, agus ní gá don bhfo-shirriam a fhoillsiú ná a chraola gur díolachán ag fo-shirriam aon díolachán den tsórt san ná gur díolachán earraí, ainmhithe ná áirnéise a tógadh i bhfeidhmiúchán é.

Féadfidh fo-shirriam díol lasmuich dá bháillíocht.

9. —(1) Aon fho-shirriam a thógfidh earraí, ainmhithe, no áirnéis eile i bhfeidhmiúchán fé aon ordú feidhmiúcháin, féadfa sé na hearraí, na hainmhithe, agus an áirnéis sin do dhíol ar cheant phuiblí i pé áit no áiteanna, laistigh no lasmuich dá bháillíocht, is tairbhí ina bhféadfar, dar leis, na hearraí, na hainmhithe, agus an áirnéis sin do dhíol, agus féadfa sé na hearraí, na hainmhithe, agus an áirnéis sin no aon chuid acu d'aistriú no a chur fá ndeár iad d'aistriú ón áit in ar gabhadh iad go dtí an áit no na háiteanna díolacháin sin.

(2) Féadfidh fo-shirriam gach earra, ainmhí, agus áirnéis eile a thógfa sé i bhfeidhmiúchán fé aon ordú feidhmiúcháin do chur i bpóna, i stór agus i gcimeád i pé áit no áiteanna is oiriúnach leis go dtí go ndíolfar iad cé ná beidh sé ceaptha ná údaruithe do réir dlí an áit no na háiteanna san d'úsáid mar phónaí.

(3) Is ag an bhfo-shirriam amháin a bheidh a rá cá háit no áiteanna is tairbhí ina bhféadfar aon earraí, ainmhithe, no áirnéis eile a thóg sé i bhfeidhmiúchán do dhíol agus ní luighfidh aon aicsean i gcoinnibh aon fho-shirriaim mar gheall ar é do dhíol aon earraí, ainmhithe, no áirnéis den tsórt san roimhráite lasmuich dá bháillíocht.

Ceannach o fho-shirriam ina cheannach dhleathach.

10. —Gach duine a dhéanfidh aon earraí, ainmhithe, no áirnéis eile a thóg fo-shirriam i bhfeidhmiúchán do cheannach go macánta ar dhíolachán a cuireadh ar siúl ag an bhfo-shirriam san no fé n-a údarás beidh dea-theideal éifeachtúil aige i gcoinnibh gach n-aon chun na n-earraí, na n-ainmhithe agus na háirnéise a cheannóidh sé mar sin, in ainneoin aon neamh-éifeachta no nea-rialtachta i ngabháil no i ndíol no i dtaobh gabháil no díol na n-earraí, na n-ainmhithe, no na háirnéise sin, agus pe'ca is fíor no nách ea go raibh a fhios aige, no gur cheart do a fhios do bheith aige, no go bhféadfadh sé a fhios do bheith aige, no go bhfuair sé aon tsaghas fógra gur dhíolachán ag fo-shirriam, no fé n-a údarás, an díolachán san.

Ní dochar don díol aon chur isteach a déanfar ar chimeád an fho-shirriaim.

11. —Ní dhéanfa sé dochar ná difríocht do chomhacht ná d'údarás fo-shirriaim chun aon earraí, ainmhithe, no áirnéis eile a thóg sé i bhfeidhmiúchán do dhíol, na hearraí, na hainmhithe, no an áirnéis sin do bheith as cimeád an fho-shirriaim no aon chur isteach do dhéanamh in aon tslí ar a chimeád ortha aon tráth no tráthanna idir am na gabhála agus am na n-earraí, na n-ainmhithe no na háirnéise sin do dhíol.

Ní luighfidh aon aicsean i gcoinnibh an fho-shirriaim mar gheall ar dhul no brise isteach in áitreabh.

12. —(1) I gcoinnibh fo-shirriaim a chólíon na coiníollacha atá leagtha amach ina dhiaidh seo anso ní luighfidh aon aicsean i dtaobh ná mar gheall ar é do dhul ná do bhrise isteach ar aon tailte, in aon tigh, in aon chlós ná in aon áitreabh eile, chun tógaint i bhfeidhmiúchán do dhéanamh ar aon earraí, ainmhithe no áirnéis eile a bhí no d'fhéadfadh a bheith ar na tailte sin no sa tigh, sa chlós, no san áitreabh san, ná fós i dtaobh ná mar gheall ar aon díobháil a dineadh do sna tailte, don tigh no don áitreabh san leis an dul isteach no leis an mbrise isteach san no le n-a linn.

(2) Isiad coiníollacha a luaidhtear anso roimhe seo ná:—

(a) roimh bhrise isteach in aon tigh comhnaithe no foirgint eile, go ndéanfidh an fo-shirriam iarrachtaí réasúnta ar dhul isteach ann go síochánta agus gan fóiréigean, agus

(b) má bhriseann agus má théigheann an fo-shirriam isteach in áitreabh éinne seachas an té gur glaodhadh air chun ordú feidhmiúcháin do chur i bhfeidhm air, beidh sé tar éis cúis réasúnta do bheith aige chun a chreidiúint go raibh san áitreabh san roinnt earraí, ainmhithe, no áirnéise leis an duine deiridh sin adubhradh no gheobha sé san áitreabh san roinnt earraí, ainmhithe no áirnéise den tsórt san.

Ní luighfidh aicsean i gcoinnibh an fho-shirriaim mar gheall ar earraí thógaint a éilíonn bean, etc., an fhéichiún.

13. —(1) Ní luighfidh aon aicsean i gcoinnibh aon fho-shirriaim i dtaobh ná mar gheall ar gur thóg sé i bhfeidhmiúchán fé aon ordú feidhmiúcháin aon earraí, ainmhithe, no áirnéis eile a fuarthas sa tigh no sa tionóntachán ar a bhfuil an féicheamh ina shealbhaire, ina aonar no i dteanta duine no daoine eile no ar thailte an fhéichiún agus 'na n-éilítear no 'na ndeirtar ina dtaobh (pe'ca iompóidh no ná hiompóidh sé amach go raibh bunús maith leis an éileamh no leis an ráiteas san) gur le bean no le fear an fhéichiún gurb ea iad, no le hathair no le máthair an fhéichiún, no le haon duine cloinne dho, a bhí de thurus na huaire ina chomhnaí sa tigh no sa tionóntachán ar a bhfuil an féicheamh ina shealbhaire, ina aonar no i dteanta duine no daoine eile agus in ionad an t-aicsean san do thabhairt i gcoinnibh an fho-shirriaim beidh ag an té go mba leis dáiríribh na hearraí, na hainmhithe no an áirnéis eile sin a tógadh amhlaidh i bhfeidhmiúchán (má iompuíonn sé amach nár leis an bhféichiúin na hearraí, na hainmhithe, no an áirnéis eile sin), beidh aige teideal chun luach na n-earraí, na n-ainmhithe, agus na háirnéise eile sin d'fháil ón bhféichiúin le haicsean, maraon le pé damáiste a dineadh air tríd na hearraí, na hainmhithe no an áirnéis eile sin do thógaint amhlaidh i bhfeidhmiúchán.

(2) Ní oibreoidh an fo-alt san roimhe seo chun a chur d'oblagáid ar aon fho-shirriam aon earraí, ainmhithe no áirnéis eile den tsórt dá dtagartar sa bhfo-alt san do thógaint i bhfeidhmiúchán fé aon ordú feidhmiúcháin.

Ceapa na dtáillí a éileofar d'fho-shirriaim no acu.

14. —(1) Le toiliú an Aire Airgid féadfidh an tAire, le hordú, scálaí do cheapa mar leanas agus iad d'atharú o am go ham—

(a) scálaí de tháillí agus de chostaisí a bheidh le héileamh ag fo-shirriaim agus le híoc leo ar son a seirbhísí i bhfeidhmiú no i dtaobh feidhmiú orduithe feidhmiúcháin, agus

(b) scálaí de tháillí a bheidh le héileamh ag oifigigh áirithe d'aon chúirt agus le híoc leo in aghaidh cuntais an fho-shirriaim, agus

(c) scálaí de tháillí agus de chostaisí a bheidh le héileamh ag baill den Ghárda Síochána agus le híoc leo mar gheall ar fheidhmiú orduithe feidhmiúcháin atá le feidhmiú acu fén Acht so.

(2) Gach achtachán a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta so maidir le híoc no le baint amach táillí is inéilithe ag fo-shirriaim, ag báillí, no ag daoine eile no is iníoctha leo mar gheall ar fheidhmiú orduithe feidhmiúcháin, bainfe sé leis na táillí agus leis na costaisí (más ann dóibh) a luaidhtear in aon scála de tháillí, no de tháillí agus de chostaisí, a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire de bhua an ailt seo maidir leis an bhfeidhmiú san.

(3) Na táillí uile a bheidh ceaptha i scála a bheidh déanta fén Acht so de tháillí a bheidh le héileamh ag oifigeach áirithe do chúirt agus le híoc leis in aghaidh cuntais an fho-shirriaim éileoidh an t-oifigeach san agus íocfar leis iad pé tráthanna a bheidh ceaptha sa scála san agus íocfidh an t-oifigeach san leis an bhfo-shirriam iad no tabharfa sé cuntas do ionta.