An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Trathanna Coiscthe.) Ar Aghaidh (CUID IV. Lion na gCeadunaisi do Laigheadu.)

15 1927

ACHT DEOCHA MEISCIÚLA, 1927

CUID III.

Cul-scribhinn do chur ar Cheadunaisi.

Léiriú.

24. —Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn agus foluíonn an focal “cionta le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so” aon chionta i gcoinnibh aon achtacháin dá luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so no i gcoinnibh aon achtacháin atá i bhfeidhm de thurus na huaire agus a bhaineann le truailliú dighe no aon chionta fé sna forálacha den Acht so a bhaineann le tráthanna coiscthe.

Ciontuithe do bhreaca ar cheadúnaisí.

25. —(1) Pé uair a déanfar sealbhóir aon cheadúnais miondíolta deocha meisciúla do chiontú i gcionta le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, ansan, i gcás gan an té a ciontófar amhlaidh do bheith ina shealbhóir ach ar aon cheadúnas amháin den tsórt san, breacfar an ciontú ar an gceadúnas san no, más sealbhóir an duine sin ar dhá cheadúnas no níos mó den tsórt san a bhaineann leis an aon áitreabh amháin, breacfar ar gach ceadúnas acu é no, más sealbhóir é ar dhá cheadúnas no níos mó den tsórt san agus ná bainid uile leis an aon áitreabh amháin breacfar é ar pé ceann no cinn de sna ceadúnaisí sin a bhaineann leis an áitreabh gur dineadh an cionta ina thaobh.

(2) Pé uair a breacfar ciontú sealbhóra cheadúnais ar an gceadúnas san fén alt so leanfidh an ciontú san breactha amhlaidh ar feadh tréimhse cúig mblian o dháta an chiontuithe i gcás an chéad chiontuithe a breacfar amhlaidh ar an gceadúnas san tar éis rithte an Achta so agus leanfa sé breactha amhlaidh ar feadh tréimhse seacht mblian o dháta an chiontuithe i gcás an dara ciontuithe a breacfar amhlaidh ar an gceadúnas san tar éis rithte an Achta so agus leanfa sé breactha amhlaidh ar feadh tréimhse deich mblian o dháta an chiontuithe i gcás an tríú ciontuithe agus gach ciontuithe ina dhiaidh sin a breacfar amhlaidh ar an gceadúnas san tar éis rithte an Achta so.

(3) Gach ciontú a breacfar ar cheadúnas fén alt so scuirfe sé chun gach críche de bheith breactha ar bheith caithte don tréimhse ina mbeidh sé, fén bhfo-alt san roimhe seo, le leanúint breactha amhlaidh.

Ordú speisialta i gcoinnibh ciontú do bhreaca.

26. —(1) Pé uair a dhéanfidh Breitheamh den Chúirt Dúithche sealbhóir ceadúnais díolta deocha meisciúla do chiontú i gcionta le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, ansan, má bhíonn an Breitheamh san sásta, toise a shuaraighe atá an cionta, nách ceart an ciontú san do bhreaca ar an gceadúnas san, féadfa sé ordú do dhéanamh ag innsint na nithe a dhineann an cionta bheith suarach agus á fhaisnéis ná breacfar an ciontú san, agus pé uair a déanfar ordú den tsórt san amhlaidh ní breacfar an ciontú san amhlaidh.

(2) Pé uair a dhéanfidh Breitheamh den Chúirt Dúithche ordú fén bhfo-alt san roimhe seo ar chúiseamh ar agra bhall den Ghárda Síochána luighfidh athchomharc ar agra an chúisitheora san chun an Bhreithimh den Chúirt Chuarda gur laistigh dá chuaird a bheidh dúthaigh no cuid de dhúthaigh an Bhreithimh Chúirte Dúithche sin suidhte i gcoinnibh an orduithe sin ach ní hi gcoinnibh an chiontuithe gur dineadh an t-ordú san ina thaobh, agus má caithtear amach an t-athchomharc san féadfidh an Breitheamh Cúirte Cuarda san a ordú go n-íocfidh an cúisitheoir sin costaisí an athchomhairc.

Féadfidh an Chúirt Chuarda a ordú gan ciontú do bhreaca.

27. —Pé uair a dhéanfidh Breitheamh den Chúirt Dúithche sealbhóir aon cheadúnais díolta deocha meisciúla do chiontú i gcionta le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so luighfidh athchomharc i gcoinnibh an chiontuithe sin chun an Bhreithimh den Chúirt Chuarda gur laistigh dá chuaird a bheidh dúthaigh no cuid de dhúthaigh an Bhreithimh Chúirte Dúithche sin suidhte agus beidh breith an Bhreithimh Chúirte Cuarda san ina breith dheiridh agus ina breith nách féidir athchomharc ina coinnibh agus ar éisteacht an athchomhairc sin, bíodh is go ndaingneodh sé an ciontú san, féadfidh an Breitheamh Cúirte Cuarda san, má bhíonn sé sásta ar réasúin leathscéalachta (a luadhfar in ordú na Cúirte) nách ceart an ciontú san do bhreaca ar an gceadúnas san, ordú do dhéanamh á fhaisnéis ná breacfar an ciontú san, agus pé uair a déanfar ordú den tsórt san amhlaidh ní breacfar an ciontú san amhlaidh agus tuigfar chun gach críche nár breacadh amhlaidh riamh é agus dá réir sin tuigfar aon gheallbhruide a tháinig as breaca an chiontuithe sin do bheith curtha ar nea-mbrí.

Geallbhruide ceadúnaisí.

28. —(1) Pé uair a déanfar sealbhóir ceadúnais miondíolta deocha meisciúla do chiontú i gcionta le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, agus a breacfar an ciontú san ar an gceadúnas san de bhua na Coda so den Acht so, agus a bheidh dhá chiontú (a dineadh tar éis dáta rithte an Achta so) breachtha ar an gceadúnas san de bhua na Coda so den Acht so am an bhreactha san, leis sin geallbhruidfar an ceadúnas san.

(2) I gcás ceadúnas do gheallbhruide fén alt so ní deonfar aon cheadúnas nua aon uair ina dhiaidh sin maidir leis an áitreabh ná le haon chuid den áitreabh le n-ar ghaibh an ceadúnas san.

Dhá chionta no níos mó ar an aon lá amháin.

29. —Pé uair a déanfar sealbhóir ceadúnais miondíolta deocha meisciúla do chiontú i dhá gcionta no níos mó le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus gur ar an aon lá amháin a dineadh na ciontaí sin, féadfidh an Chúirt a chiontóidh an sealbhóir sin amhlaidh no an Chúirt a dhaingneoidh an ciontú san ar athchomharc (pe'ca aca é), féadfa sí, más oiriúnach léi é, a ordú go ndéanfar pé ciontú no ciontuithe acu san is oiriúnach leis an gCúirt sin, ach ní hiad go léir, d'fhágaint gan a mbreaca ar an gceadúnas san, agus pé uair a déanfar ordú den tsórt san déanfar d'ainneoin forálacha an Achta so, an ciontú no na ciontuithe gur ina dtaobh a dineadh an t-ordú d'fhágaint gan breaca ar an gceadúnas san agus, i gcás ordú a dineadh ar athchomharc, tuigfar chun gach críche nár breacadh amhlaidh riamh an ciontú no na ciontuithe sin.

Faoiseamh do cheannathóirí bona fide.

30. —(1) I gcás iarratais ar dheimhniú ar aistriú ceadúnais miondíolta deocha meisciúla, pé uair a dhéanfidh an t-iarratasóir, le linn an iarratais sin, a chur ina luighe ar an gCúirt gur chun éifeacht do thabhairt do dhíol bona fide an cheadúnais sin agus an áitreibh le n-a ngabhann sé ar airgead no ar luach airgid a theastuíonn an t-aistriú, ansan, má dheonann an Chúirt an deimhniú san, ordóidh sí sa deimhniú san agus leis an deimhniú san gach cionta (más ann do) a bheidh breactha, fén gCuid seo den Acht so, ar an gceadúnas san an uair sin do scur, le linn an aistrithe sin, de bheith breactha amhlaidh, agus pé uair a tabharfar an t-ordú san amhlaidh scuirfidh gach cionta den tsórt san de bheith breactha ar an gceadúnas san le linn aistrithe an cheadúnais sin do réir an deimhnithe sin agus déanfar an ceadúnas san d'aistriú amhlaidh saor agus glan o bhreactha na gciontaí sin agus as san amach beidh éifeacht aige chun gach críche fé is dá mba ná breacfí na ciontaí sin riamh air.

(2) Pé uair a déanfar ceadúnas (dá ngairmtear an chéad cheadúnas anso ina dhiaidh seo) d'aistriú saor agus glan, fén bhfo-alt san roimhe seo, o bhreaca cionta, agus a dhéanfidh an té ba shealbhóir ar an gceadúnas san díreach roimh an aistriú san (dá ngairmtear an chéad aistriú anso ina dhiaidh seo) deimhniú d'iarraidh (pe'ca sa líomatáiste cheadúcháin chéanna no i líomatáiste eile ceadúcháin é), laistigh de chúig bliana tar éis an aistrithe sin, ar aistriú (dá ngairmtear an dara haistriú anso ina dhiaidh seo) chuige féin ar an gceadúnas gcéanna no ar cheadúnas eile (dá ngairmtear an dara ceadúnas anso ina dhiaidh seo), ansan, má dheonann an Chúirt an deimhniú san, ordóidh sí sa deimhniú san agus leis an deimhniú san gach cionta a bhí breactha, fén gCuid seo den Acht so, ar an gcéad cheadúnas díreach roimh an gcéad aistriú do bhreaca ar an dara ceadúnas ar dhéanamh an dara haistrithe, agus pé uair a tabharfar an t-ordú san amhlaidh breacfar gach cionta den tsórt san ar an dara ceadúnas ar dhéanamh an dara haistrithe, agus o am an dara haistrithe amach beidh éifeacht ag an mbreaca san fé is dá mb'ar an dara ceadúnas a déanfí é nuair a dineadh ar an gcéad cheadúnas é ach amháin go leigfar ar lár an tréimhse idir an chéad aistriú agus an dara haistriú chun an fhaid a mhairfidh an breaca san fén Acht so do thomhas.

(3) Beidh sé de dhualgas ar gach éinne a iarrfidh deimhniú ar aistriú le n-a mbainfadh an fo-alt san roimhe seo na dátáin gur mar gheall ortha a bhaineann an fo-alt san leis an aistriú san amhlaidh do nochta don Chúirt le linn an iarratais sin, agus gach éinne den tsórt san ná déanfidh an nochta san no a dhéanfidh faillí ar a dhéanamh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air agus fós, más rud é, ar dháta an chiontuithe sin, gurb é an duine sin is sealbhóir ar an gceadúnas is abhar don deimhniú san, tuigfar gach cionta a breacfí fén bhfo-alt san roimhe seo ar an gceadúnas san dá ndintí an nochta san go cuibhe do bheith breactha amhlaidh go cuibhe do réir an fho-ailt sin.

(4) I ngach iontráil a déanfar i gclár de cheadúnaisí ar dheimhniú ar aistriú ina dtabharfar agus le n-a dtabharfar ordú fén alt so beidh mion-innste an orduithe sin.

Ciontú d'fhágaint gan a bhreaca ar cheadúnas.

31. —Má fágtar gan a bhreaca ar cheadúnas ciontú a héilítear leis an Acht so do bhreaca air ní dhéanfidh san dochar ná deifir do dhleathacht ná d'éifeacht an chiontuithe sin ná (maran le hordú o Chúirt fén Acht so a fágfar gan breaca é) ní shaorfa sé an duine ciontuithe o éinní a thiocfadh de dheascaibh an chiontuithe sin dá mbreactí amhlaidh é.

Forálacha generálta i dtaobh ciontuithe do bhreaca.

32. —(1) Pé uair a déanfar sealbhóir ceadúnais mhiondíolta deocha meisciúla do chúiseamh i gcionta le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so déarfar sa ghairm no sa scríbhinn eile le n-a dtabharfar an duine sin i láthair Cúirte chun é thriail sa chúis sin go n-éileofar ar an sealbhóir sin an ceadúnas san do thaisbeáint don Chúirt ag an triail sin, agus ag an triail sin éileoidh an Chúirt ar an sealbhóir sin an ceadúnas san do thaisbeáint agus é do sheachada don chlárathóir, don chléireach no do phríomh-oifigeach eile don Chúirt.

(2) Pé uair a dhéanfidh aon Chúirt no a déanfar ina láthair sealbhóir aon cheadúnais den tsórt san roimhráite do chiontú i gcionta le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfidh an clárathóir, an cléireach, no príomh-oifigeach eile don Chúirt dáta an chiontuithe sin agus pé mioninnste eile air is gá sa chás do chur mar chúl-scríbhinn ar an gceadúnas san láithreach;

(b) marab é an príomh-oifigeach san an cléireach cúirte dúithche a chimeádann an clár de cheadúnaisí ina bhfuil an ceadúnas san cláruithe, déanfidh an príomhoifigeach san fógra i dtaobh an chiontuithe sin maraon le gach mion-innsint tháchtach do chur chun an chléirigh chúirte dúithche sin;

(c) má thagann de dheascaibh an chiontuithe sin an ceadúnas san do gheallbhruide, coinneoidh an príomhoifigeach san an ceadúnas san agus, marab é siúd an cléireach cúirte dúithche roimhráite, cuirfe sé an ceadúnas san chun an chléirigh chúirte dúithche sin;

(d) déanfidh an cléireach cúirte dúithche sin dáta an chiontuithe sin agus pé mion-innste eile air is gá sa chás d'iontráil sa chlár do cheadúnaisí ina bhfuil an ceadúnas san cláruithe;

(e) má thagann de dheascaibh an chiontuithe sin an ceadúnas san do gheallbhruide, cuirfidh an cléireach cúirte dúithche sin fógra i dtaobh an gheallbhruidthe sin go dtí an t-oifigeach ceart do sna Coimisinéirí Ioncuim.

(3) Pé uair a dhéanfidh an Chúirt Chuarda ordú ar athchomharc i gcoinnibh ciontú i gcionta le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, déanfidh an clárathóir contae fógra i dtaobh an orduithe sin maraon leis na mionn-innste táchtacha air do chur láithreach chun an chléirigh chúirte dúithche a chimeádann an clár de cheadúnaisí ina bhfuil an ceadúnas san cláruithe, agus ar fháil an fhógra san do, iontrálfidh an cléireach cúirte dúithche sin sa chlár san pé mion-innste is gá sa chás ar an ordú san agus, pé uair a dhéanfidh an t-ordú san an ceadúnas san do gheallbhruide no deifir in aon tslí dá gheallbhruide, cuirfe sé fógra i dtaobh an orduithe sin go dtí an t-oifigeach ceart do sna Coimisinéirí Ioncuim.

Cláracha agus cúl-scríbhinní do ghlaca mar fhianaise.

33. —(1) Glacfar gach clár de cheadúnaisí in aon Chúirt mar fhianaise ar gach a mbeidh iontrálta ann do réir an Achta so agus go sonnrách ar gach ciontú, breaca ciontú, agus geallbhruide ceadúnais a bheidh iontrálta amhlaidh ann.

(2) Gach cúl-scríbhinn ar cheadúnas ag luadh ní a héilítear leis an Acht so a chur i gcúl-scríbhinn amhlaidh, má tugtar le tuisgint leis an gcúl-scríbhinn sin gurb é an t-oifigeach ar a n-éilítear leis an Acht so í dhéanamh do dhin agus do shighnigh í, beidh sí ina fianaise ar na nithe adeirtar sa chúl-scríbhinn sin gan cruthúnas ar shighniú ná ar údarás an oifigigh sin.

(3) Gach cóip d'iontráil a bheidh déanta i gclár de cheadúnaisí do réir an Achta so, má tugtar le tuisgint leis an gcóip sin gurb é an cléireach cúirte dúithche a chimeádann an clár san do shighnigh í agus do dheimhnigh gur cóip dhílis í, glacfar í in aon Chúirt (gan cruthúnas ar shighniú ná ar údarás an té do shighnigh agus do dheimhnigh í) mar chóip dhílis den iontráil sin agus mar fhianaise ar éinní ar a mbeadh an iontráil sin ina fianaise.

Pionós mar gheall ar bhreaca chiontú ar cheadúnas d'agha-lot.

34. —Má dhineann éinne aon bhreaca ciontú ar a cheadúnas d'agha-lot no do scrios amach no tabhairt fé beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Baint an Probation of Offenders Act, 1907.

35. —Ní bhainfidh forálacha fo-alt (1) d'alt 1 den Probation of Offenders Act, 1907, le cás ina gcúiseofar éinne i láthair Breithimh den Chúirt Dúithche i gcionta le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus ina measfidh an Chúirt go bhfuil an chúis cruthuithe.