|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Cul-scribhinn do chur ar Cheadunaisi.) | Ar Aghaidh (CUID V. Clubanna.) |
ACHT DEOCHA MEISCIÚLA, 1927
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Lion na gCeadunaisi do Laigheadu. | |
[EN] |
Léiriú. |
36. —(1) Sa Chuid seo den Acht so léireofar gach tagairt do líomatáiste cheadúcháin maidir le háitreabh mar thagairt don líomatáiste cheadúcháin ina bhfuil an t-áitreabh san suidhte agus léireofar gach tagairt do líomatáiste cheadúcháin maidir le ceadúnas no le sealbhóir ceadúnais mar thagairt don líomatáiste cheadúcháin ina bhfuil an t-áitreabh le n-a ngabhann an ceadúnas san suidhte. |
[EN] | (2) Sa Chuid seo den Acht so léireofar gach tagairt d'údarás chúitimh maidir le líomatáiste ceadúcháin mar thagairt d'údarás chúitimh an líomatáiste cheadúcháin sin agus léireofar gach tagairt d'údarás chúitimh maidir le ceadúnas mar thagairt d'údarás chúitimh an líomatáiste cheadúcháin ina bhfuil an t-áitreabh le n-a ngabhann an ceadúnas san suidhte. | |
[EN] | (3) Sa Chuid seo den Acht so—cialluíonn an focal “ceadúnas” ceadúnas chun deocha meisciúla do mhiondíol chun a n-ólta san áitreabh ach ní fholuíonn sé ceadúnas a ghabhann— | |
[EN] | (i) le tigh ósta no le tigh bidh ná fuil aon bheár ann chun deocha meisciúla do dhíol, no | |
[EN] | (ii) le hamharclainn, no | |
[EN] | (iii) le seomra úrúcháin bóthair iarainn, no | |
[EN] | (iv) le ceantín atá ar bun fé údarás an Aire Cosanta, agus | |
[EN] | cialluíonn an focal “áitreabh ceadúnuithe” (ach amháin nuair adeirtar a mhalairt go soiléir) áitreabh gur deonadh ceadúnas agus go bhfuil sé i bhfeidhm maidir leis. | |
[EN] |
Údaráis Chúitimh. |
37. —(1) Beidh údarás cúitimh ann do gach líomatáiste ceadúcháin agus isé bheidh ina údarás cúitimh den tsórt san ná an Breitheamh no an Breitheamh ionaid no conganta den Chúirt Chuarda a bheidh ag feidhmiú údaráis de thurus na huaire sa chontae no sa chontae-bhuirg ina bhfuil an tigh cúirte suidhte inar gnáth suidheanna na Cúirte Dúithche do bheith de thurus na huaire chun gnó ceadúcháin do dhéanamh don líomatáiste cheadúcháin. |
[EN] | (2) An clárathóir contae gur laistigh dá líomatáiste údaráis atá an tigh cúirte sin d'aon líomatáiste ceadúcháin suidhte isé a ghníomhóidh mar chlárathóir d'údarás chúitimh an líomatáiste cheadúcháin sin. | |
[EN] | (3) Beidh ag gabháil le gach údarás cúitimh meastóir a thabharfidh don údarás chúitimh le n-a ngabhann sé comhairle i dtaobh éinní a bhaineann le cúiteamh do mheas fén Acht so agus a chuirfidh an t-údarás cúitimh sin fé n-a bhráid. | |
[EN] | (4) Isé an tAire a cheapfidh gach meastóir d'údarás chúitimh agus ní foláir an meastóir sin do bheith ina cheainteálaí, ina shuirbhéir, ina luachálaí no ina dhuine eile go mbeidh taithí aige ar áitreabhacha ceadúnuithe do dhíol no do luacháil agus beidh sé i seilbh oifige ar feadh cúig mblian o dháta a cheaptha agus an fhaid sin amháin mara bhfagha sé bás no mara n-eirighe sé as oifig roimhe sin, ach beidh sé ion-athcheaptha. | |
[EN] | (5) Féadfidh an tAire gach meastóir d'údarás chúitimh do chur as oifig aon uair le haontú an údaráis chúitimh mar gheall ar mhí-iompar no ar mhí-ábaltacht. | |
[EN] | (6) Íocfar le gach meastóir d'údarás chúitimh, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, pé luach saothair, pe'ca i bhfuirm tuarastail no i bhfuirm táillí é, a ordóidh an tAire le ceadú an Aire Airgid. | |
[EN] | (7) Féadfar an t-éinne amháin do cheapa chun bheith ina mheastóir do dhá údarás chúitimh no níos mó. | |
[EN] | (8) Ní ceapfar chun bheith ina mheastóir d'údarás chúitimh éinne a bheidh ag gabháil do dheocha meisciúla do dhéanamh no do dhíol no 'na mbeidh baint aige leis sin. | |
[EN] |
Cistí cúitimh. |
38. —(1) Bunófar do gach líomatáiste ceadúcháin ciste dá ngairmfar ciste cúitimh an líomatáiste cheadúcháin. |
[EN] | (2) Isé príomh-oifigeach na Roinne Dlí agus Cirt no pé oifigeach eile don Aire a ordóidh an tAire o am go ham a bheidh ina chisteoir do gach ciste cúitimh a bunófar fén alt so agus sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an focal “an cisteoir” an t-oifigeach san a bheidh ina chisteoir den tsórt san de thurus na huaire. | |
[EN] | (3) Féadfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, rialacha do dhéanamh chun cistí cúitimh a bunófar fén Acht so do bhainistí agus chun cuntaisí na gcistí sin do chimeád agus d'iniúcha. | |
[EN] |
An scór ar a bhféadfar deire do chur le ceadúnaisí. |
39. —(1) Féadfar deire do chur le ceadúnas fén gCuid seo den Acht so ar an scór so a leanas agus ní har aon scór eile, sé sin le rá, go bhfuil an iomad áitreabhacha ceadúnuithe sa líomatáiste cheadúcháin agus gur cheart deire do chur leis an gceadúnas san seachas aon cheadúnas eile a ghabhann le háitreabh sa líomatáiste cheadúcháin. |
[EN] | (2) Le linn bheith ag féachaint ce'ca tá an iomad áitreabhacha ceadúnuithe i líomatáiste ceadúcháin no ná fuil tabharfidh an Chúirt Dúithche no an t-údarás cúitimh (pe'ca aca é) fé ndeara cadé an saghas (ce'ca áit chomnathóireachta, áit thalmhaíochta, áit déantóireachta, no saghas eile) an líomatáiste ceadúcháin, an méid áitreabhacha ceadúnuithe atá sa líomatáiste i gcomórtas leis an méid daoine atá ann, an méid gnótha a dhineann áitreabhacha ceadúnuithe sa líomatáiste, an méid meisce a bhíonn sa líomatáiste, agus éinní eile is dó leis an gCúirt Dúithche no leis an údarás cúitimh (pe'ca aca é) a bhaineann leis an scéal. | |
[EN] | (3) Le linn bheith ag féachaint ce'ca ba cheart no nár cheart deire do chur le ceadúnas seachas ceadúnaisí eile áireoidh an Chúirt Dúithche no an t-údarás cúitimh (pe'ca aca é) na nithe seo a leanas mar réasúin chun deire do chur leis an gceadúnas seachas ceadúnaisí eile, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) gur beag é an méid gnótha a dintar san áitreabh le n-a ngabhann an ceadúnas, | |
[EN] | (b) go bhfuil déanamh agus staid deisiúcháin an áitreibh sin go holc, | |
[EN] | (c) go bhfuil an chóiríocht atá san áitreabh san do chustuiméirí nea-shásúil maidir le n-a saghas no le n-a méid, | |
[EN] | (d) ná fuil an gnó atá ar siúl san áitreabh san á stiúrú sa cheart, | |
[EN] | (e) go bhfuil suidheamh an áitreibh sin de shaghas gur deacair do sna gárdaí an t-áitreabh d'fhaire. | |
[EN] |
Orduithe curtha ceiste. |
40. —(1) Féadfidh aon oifigeach den Ghárda Síochána a iarraidh ar an gCúirt Dúithche sa chúirt dúithche cheadúcháin bhliantúil do líomatáiste cheadúcháin go gcuirfí fé bhráid an údaráis chúitimh an cheist i dtaobh ce'ca ba cheart deire do chur le ceadúnas áirithe a ghabhann le háitreabh atá suidhte sa líomatáiste cheadúcháin sin no nár cheart. |
[EN] | (2) Ní thabharfidh an Chúirt Dúithche aon áird ar iarratas fén alt so maran deimhin léi ná go dtí gur deimhin léi gur dineadh fógra i scríbhinn, go rabhthas chun an t-iarratas do dhéanamh, do thabhairt do shealbhóir an cheadúnais le n-a mbaineann an t-iarratas agus don chléireach chúirte dúithche deich lá ar a laighead roimh lá na cúirte dúithche ceadúcháin bhliantúla ina bhfuiltar chun an t-iarratas do dhéanamh. | |
[EN] | (3) Ar éisteacht iarratais fén alt so dhi déanfidh an Chúirt, más deimhin léi gur cruthuíodh cás prima facie chun deire do chur leis an gceadúnas le n-a mbaineann an t-iarratas, ordú (da ngairmtear ordú curtha ceiste sa Chuid seo den Acht so) ag cur na ceiste, i dtaobh deire chur leis an gceadúnas san, fé bhráid údaráis chúitimh an líomatáiste cheadúcháin, agus maran deimhin léi an ní sin caithfe sí amach an t-iarratas gan dochar d'iarratas nua do dhéanamh i dtaobh an cheadúnais chéanna i gcúirt dúithche cheadúcháin bhliantúil a bheidh ann ina dhiaidh sin. | |
[EN] | (4) Pé uair a déanfar ordú curtha ceiste cuirfidh an cléireach cúirte dúithche cóip den ordú chun clárathóra an údaráis chúitimh láithreach. | |
[EN] | (5) Ar éisteacht iarratais fén alt so beidh an t-oifigeach den Ghárda Síochána a bheidh ag déanamh an iarratais agus sealbhóir an cheadúnais le n-a mbaineann an t-iarratas beidh siad-san, agus ní bheidh aon pháirtí eile, i dteideal éisteacht d'fháil agus fianaise do thabhairt i láthair. | |
[EN] | (6) Ní luighfidh aon athchomharc i gcoinnibh ordú a dhéanfidh an Chúirt Dúithche ar iarratas fén alt so agus ní molfar le haon ordú den tsórt san ceachtar de sna páirtithe d'íoc aon chostaisí leis an bpáirtí eile. | |
[EN] | (7) Má dintar ordú curtha ceiste i dtaobh ceadúnais ní dhéanfidh san dochar ná deifir don cheadúnas san d'athnuachaint ná do dheimhniú ar an athnuachaint sin do dheona. | |
[EN] |
Orduithe scriosa. |
41. —(1) Chó luath agus bheidh caoi ann chuige sin tar éis ordú curtha ceiste do bheith déanta agus in aon chás ar dháta nách déanaí ná an 31adh lá den chéad Mhí na Nodlag ina dhiaidh sin éistfidh agus socróidh an t-údarás cúitimh a bheidh ainmnithe san ordú curtha ceiste an cheist i dtaobh ce'ca ba cheart deire do chur leis an gceadúnas is abhar don ordú curtha ceiste sin no nár cheart, agus ar dhéanamh na héisteachta san má shocruíonn an t-údarás cúitimh gur cheart deire do chur leis an gceadúnas san déanfidh an t-údarás cúitimh ordú (dá ngairmtear ordú scriosa sa Chuid seo den Acht so) ag cur deire leis an gceadúnas san um meán oíche ar an 30adh lá den chéad Mheán Fhomhair ina dhiaidh sin. |
[EN] | (2) Más rud é, ar dhéanamh aon éisteachta den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo, go socróidh an t-údarás cúitimh nár cheart deire do chur leis an gceadúnas is abhar don éisteacht déanfidh an t-údarás cúitimh ordú gan deire do chur leis an gceadúnas san an uair sin, ach beidh gach ordú den tsórt san gan dochar d'imeachta nua do bhunú aon bhliain ina dhiaidh sin chun deire do chur leis an gceadúnas san. | |
[EN] | (3) Oibreoidh gach ordú scriosa chun deire do chur leis an gceadúnas is abhar don ordú um meán oíche agus o mheán oíche ar an 30adh lá den chéad Mheán Fhomhair tar éis dáta an orduithe, agus ní hathnuafar an ceadúnas san i gcóir aon tréimhse tar éis an dáta san ná ní deonfar aon cheadúnas nua aon uair tar éis dáta an orduithe scriosa san don áitreabh ná d'aon chuid den áitreabh le n-ar ghaibh an ceadúnas san. | |
[EN] | (4) Le linn éisteacht do dhéanamh d'údarás chúitimh fén alt so beidh oifigeach den Ghárda Síochána agus sealbhóir an cheadúnais le n-a mbaineann an éisteacht, agus ní bheidh aon pháirtí eile, i dteideal éisteacht d'fháil agus fianaise do thabhairt i láthair. | |
[EN] | (5) I ngach ordú scriosa agus leis ceapfidh an t-údarás cúitimh dáta caothúil nách déanaí ná an 30adh lá den chéad Abrán ina dhiaidh sin don tsuidhe chun socrú ar mhéid an chúitimh i ndeire do chur leis an gceadúnas le n-a mbaineann an t-ordú. | |
[EN] | (6) Pé uair a déanfar ordú scriosa déanfidh clárathóir an údaráis chúitimh do dhin an t-ordú san fógra d'fhoillsiú láithreach san Iris Oifigiúil gur dineadh an t-ordú san, fógra ina mbeidh pé mion-innste a ordóidh an tAire Dlí agus Cirt. | |
[EN] |
Cúiteamh ar dheire do chur le ceadúnas. |
42. —(1) Pé uair a déanfar ordú scriosa íocfar cúiteamh do réir forálacha na Coda so den Acht so i ndeire do chur leis an gceadúnas le n-a mbaineann an t-ordú. |
[EN] | (2) Ar an dáta a ceapfar chuige sin san ordú scriosa no an chéad uair a gheobhfar caoi air ina dhiaidh sin, ach ní níos déanaí in aon chás ná an 30adh lá den chéad Abrán tar éis dáta an orduithe scriosa, déanfidh an t-údarás cúitimh le hordú (dá ngairmtear ordú cúitimh sa Chuid seo den Acht so) méid an chúitimh is iníoctha fén alt so de bharr an orduithe scriosa san do shocrú agus ag an suidhe chun méid an chúitimh sin do shocrú féadfidh na páirtithe seo a leanas agus ní fhéadfidh aon pháirtí eile éisteacht d'fháil agus fianaise do thabhairt i láthair, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) éinne adéarfidh go bhfuil teideal aige chun an cúiteamh no cuid de d'fháil, agus | |
[EN] | (b) éinne i seilbh cheadúnais a bhaineann le háitreabh sa líomatáiste cheadúcháin, agus | |
[EN] | (c) Príomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann. | |
[EN] | (3) Isé cúiteamh is iníoctha fén alt so ná— | |
[EN] | (a) an chailliúint luacha, a gheobhfar amach sa tslí a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, maidir leis an leas sealbhaireachta de dheascaibh deire do chur leis an gceadúnas, agus ina teanta san | |
[EN] | (b) má sé tuairim an údaráis chúitimh go raibh cailliúint luacha ann maidir le leas an ghar-léasóra de dheascaibh deire do chur leis an gceadúnas, an chailliúint luacha san, a gheobhfar amach sa tslí a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, agus ina teanta san | |
[EN] | (c) in aon chás, pé suim bhreise is dó leis an údarás cúitimh do bheith réasúnta ag cuimhneamh do go mbeidh ar na páirtithe a gheobhaidh an cúiteamh a gcostaisí féin d'íoc maidir le gach imeacht i dtaobh an chúitimh agus, i gcás sealbhóra an cheadúnais, maidir leis an ordú curtha ceiste agus leis an ordú scriosa. | |
[EN] | (4) Chun críche an fho-ailt sin roimhe seo isé is cailliúint luacha ann ná an deifríocht idir na luachanna so a leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) an méid do b'fhiú an leas sealbhaireachta no leas an gharléasóra (pe'ca aca é) ar an marga oscailte an lá roimh dháta an orduithe curtha ceiste, dar leis an údarás cúitimh tar éis do dul i gcomhairle leis an meastóir, dá ndintí, i gcás an leasa shealbhaireachta, an leas san do dhíol maraon leis an gceadúnas do ghaibh leis agus maraon le gach feisteas trádála san áitreabh ceadúnuithe an lá san agus maraon le seilbh ghlan don cheannathóir no, i gcás leas an ghar-léasóra, an leas san do dhíol ar an mbása go raibh an ceadúnas ar bith agus maraon le tairbhe na gceart (dá mb'ann dóibh) do bheadh ag an ngar-léasóir maidir leis an gceadúnas, agus | |
[EN] | (b) an méid do b'fhiú an leas san ar an marga oscailte an lá san, dar leis an údarás cúitimh tar éis do dul i gcomhairle leis an meastóir, dá ndintí, i gcás an leasa shealbhaireachta, é dhíol gan an ceadúnas san agus gan na feistisí sin ach maraon le seilbh ghlan don cheannathóir no, i gcás leas an ghar-léasóra, é dhíol ar an mbása ná fuil an ceadúnas ar bith. | |
[EN] | (5) Nuair a bheidh an t-údarás cúitimh ag socrú méid an chúitimh socróidh sé leis an ordú gcéanna, leis, ce'ca tá aon chuid agus, má tá aon chuid, cá mhéid den chúiteamh is iníoctha ar scór leas an ghar-léasóra. | |
[EN] | (6) Má shocruíonn an t-údarás cúitimh aon chuid den chúiteamh do bheith iníoctha ar scór leas an ghar-léasóra tuigfar an chuid eile den chúiteamh do bheith iníoctha ar scór an leasa shealbhaireachta, agus má shocruíonn an t-údarás cúitimh gan aon chuid den chúiteamh do bheith iníoctha ar scór leas an ghar-léasóra tuigfar iomlán an chúitimh do bheith iníoctha ar scór an leasa shealbhaireachta. | |
[EN] | (7) Ní bhainfidh fo-ailt (3) (4) (5), agus (6) den alt so le cás ina mbeidh an leas sealbhaireachta fé réir chumhnaint, chó-aontú, no choiníll ná díolfidh únaer an leasa san ach deocha meisciúla do ceannuíodh ón ngar-léasóir no thríd (pe'ca le gach saghas no le saghas no saghsanna áirithe amháin dighe meisciúla a bhaineann an cumhnant, an có-aontú, no an coiníoll san), agus in ionad na bhfo-alt san bainfidh na forálacha so a leanas leis an gcás, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) isé cúiteamh is iníoctha fén alt so ná an chailliúint luacha, a gheobhfar amach sa tslí a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, maidir le leas an ghar-léasóra de dheascaibh deire do chur leis an gceadúnas, maraon le pé suim bhreise is dó leis an údarás cúitimh do bheith réasúnta ag cuimhneamh do go mbeidh ar na páirtithe a gheobhaidh an cúiteamh (maraon le sealbhóir an cheadúnais) a gcostaisí féin d'íoc maidir le gach imeacht i dtaobh an chúitimh agus, i gcás sealbhóra an cheadúnais, maidir leis an ordú curtha ceiste agus leis an ordú scriosa; | |
[EN] | (b) isé rud an chailliúint luacha san ná an deifríocht idir na luachanna so a leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (i) an méid do b'fhiú leas an ghar-léasóra ar an marga oscailte an lá roimh dháta an orduithe curtha ceiste, dar leis an údarás cúitimh tar éis do dul i gcomhairle leis an meastóir, dá ndíoltí é maraon le gach feisteas trádála ba leis an ngar-léasóir agus a bhí san áitreabh ceadúnuithe an lá san agus ar an mbása go raibh deire leis an leas sealbhaireachta agus go raibh an ceadúnas ag gabháil le leas an ghar-léasóra agus go dtabharfí seilbh ghlan an áitreibh cheadúnuithe don cheannathóir, agus | |
[EN] | (ii) an méid do b'fhiú leas an ghar-léasóra ar an marga oscailte an lá roimh dháta an orduithe curtha ceiste, dar leis an údarás cúitimh tar éis do dul i gcomhairle leis an meastóir, dá ndíoltí é gan na feistisí sin agus ar an mbása go raibh deire leis an leas sealbhaireachta, ná raibh aon cheadúnas ag gabháil leis an áitreabh ceadúnuithe, agus go dtabharfí seilbh ghlan don cheannathóir; | |
[EN] | (c) nuair a bheidh an t-údarás cúitimh ag socrú méid an chúitimh socróidh sé leis an ordú gcéanna, leis, cá mhéid den chúiteamh is iníoctha ar scór an leasa shealbhaireachta agus ag déanamh an tsocruithe sin do cuimhneoidh sé ar chineál an leasa shealbhaireachta, ar iompar a únaera, ar an méid aimsire bhí sé sin agus an mhuintir do chuaidh roimhe ina n-únaerí ar an leas san, agus ar an gcuma ina bhfuair sé an leas san agus cuimhneoidh sé, leis, go mbeidh ar únaer an leasa shealbhaireachta a chostaisí féin d'íoc maidir leis an ordú curtha ceiste, leis an ordú scriosa, agus leis na himeachta i dtaobh an chúitimh; | |
[EN] | (d) gach cumhnant, coiníoll, agus có-aontú (pé uair a dineadh iad) tré n-a mbeadh sé ceangailte ar únaer an leasa shealbhaireachta an pháirt no aon chuid den pháirt den chúiteamh a socrófí bheith iníoctha ar scór an leasa shealbhaireachta d'íoc leis an ngarléasóir no do chimeád ar iontaoibh do beid gan brí gan éifeacht; agus | |
[EN] | (e) pé méid den chúiteamh ná socróidh an t-údarás cúitimh a bheith iníoctha ar scór an leasa shealbhaireachta tuigfar é bheith iníoctha ar scór an ghar-léasóra. | |
[EN] | (8) Pé uair a déanfar ordú cúitimh déanfidh clárathóir an údaráis chúitimh do dhin an t-ordú san cóip den ordú san do chur chun an chisteora láithreach. | |
[EN] | (9) San alt so agus sa chéad alt ina dhiaidh— | |
[EN] | cialluíonn an focal “an t-áitreabh ceadúnuithe” an t-áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas maraon le pé áitreabh eile (más ann do) a bhí ar an lá roimh dháta an orduithe curtha ceiste ar gnáthsheilbh in éineacht leis an áitreabh a céad-luaidhtear agus nárbh fhéidir go héasáideach agus ná déanfí go réasúnta an t-áitreabh san a céad-luaidhtear do thairisgint chun a dhíolta dá éamais, | |
[EN] | cialluíonn an focal “an leas sealbhaireachta” an t-estát no an tionóntacht ba lú no dob ísle dá raibh san áitreabh ceadúnuithe an lá roimh dháta an orduithe curtha ceiste, agus | |
[EN] | cialluíonn an focal “leas an ghar-léasóra” an t-estát no an tionóntacht do bhí san áitreabh ceadúnuithe an lá roimh dháta an orduithe curtha ceiste agus do bhí ar an lá san ar an gcéad cheann a bhí níos mó no níos aoirde ná an leas sealbhaireachta. | |
[EN] |
Leithroinneachán an chúitimh. |
43. —(1) Is leis an duine no le héinne amháin no níos mó de sna daoine ag á raibh leas sa leas sealbhaireachta an lá roimh dháta an orduithe curtha ceiste no le hoighrí, le seiceadúirí, le riarthóirí, no le sannaithe an duine no na ndaoine sin a híocfar an cúiteamh no an chuid den chúiteamh (pe'ca aca é) is iníoctha ar scór an leasa shealbhaireachta agus is leis an duine no le héinne amháin no níos mó de sna daoine ag á raibh leas i leas an gharléasóra an lá roimh dháta an orduithe curtha ceiste no le hoighrí, le seiceadúirí, le riarthóirí, no le sannaithe an duine no na ndaoine sin a híocfar an chuid den chúiteamh (más ann di) is iníoctha ar scór leas an ghar-léasóra. |
[EN] | (2) Chó luath agus bheidh caoí ann chuige sin tar éis do ordú cúitimh do dhéanamh socróidh an t-údarás cúitimh le hordú (dá ngairmtear ordú leith-roinneacháin sa Chuid seo den Acht so) cé hiad na daoine le n-a bhfuil agus cadiad na cionúireachtaí ina bhfuil an cúiteamh iníoctha ag cuimhneamh do ar gach estát, iontaobhas, muirear, agus ualach atá sa leas sealbhaireachta no i leas an ghar-léasóra (pe'ca aca é) no a dhineann deifir do agus féadfa sé aon cheist no abhar imreasáin a eireoidh le linn a shocrú cé hiad na daoine sin no cadiad na cionúireachtaí sin do chur fé bhráid a chlárathóra chun é shocrú ach gach socrú den tsórt san a dhéanfidh an clárathóir sin beidh sé fé réir athchomhairc chun an údaráis chúitimh. | |
[EN] | (3) Féadfidh an t-údarás cúitimh ordú leith-roinneacháin do leasú ar pé slí is gá do réir chirt (pe'ca mar gheall ar nithe thárlóidh tar éis dáta an orduithe é no mar gheall ar nithe eile) aon uair sara n-íoctar an chuid den chúiteamh le n-a mbaineann an leasú. | |
[EN] | (4) Pé uair a déanfar no a leasófar ordú leith-roinneacháin, déanfidh clárathóir an údaráis chúitimh do dhin an t-ordú san cóip den ordú san no mion-innste an leasuithe sin (pe'ca aca é) do chur chun an chisteora láithreach. | |
[EN] |
Ioc an chúitimh. |
44. —(1) Díreach tar éis cóip d'ordú chúitimh d'fháil do o chlárathóir údaráis chúitimh, cuirfidh an cisteoir chun an Aire Airgid éileamh i scríbhinn á iarraidh air méid an chúitimh a socruíodh leis an ordú san do roimh-íoc agus d'íoc isteach sa chiste chúitimh cheart, agus ar dháta nách déanaí ná an chéad 30adh lá de Mheán Fhomhair ina dhiaidh sin déanfidh an tAire sin do réir an éilimh sin as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] | (2) Laistigh de dheich lá tar éis pé lá acu so a leanas is déanaí, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) an chéad 30adh lá de Mheán Fhomhair tar éis dáta orduithe chúitimh, no | |
[EN] | (b) an lá gheobhaidh an cisteoir cóip den ordú leith-roinneacháin a bhaineann leis an ordú cúitimh sin, | |
[EN] | déanfidh an cisteoir méid an chúitimh a socruíodh leis an ordú cúitimh sin d'íoc amach as an gciste cúitimh leis na daoine bheidh ainmnithe san ordú leith-roinneacháin sin agus san sna cionúireachtaí bheidh luaidhte san ordú san. | |
[EN] |
Súncáil an airgid chúitimh. |
45. —(1) Le rialacha a déanfar fén Acht so chun cistí cúitimh do bhainistí féadfar socrú do dhéanamh chun aon airgead cúitimh do shúncáil a bheidh ar láimh an chisteora de thurus na huaire agus nách féidir, toisc gan ordú leith-roinneacháin do bheith ann no ar aon réasún eile, é d'íoc láithreach leis an té bheidh ina theideal. |
[EN] | (2) Pé uair a súncálfar airgead cúitimh fé rialacha a beidh déanta de bhua an ailt seo, is leis an té agus íocfar leis an té le n-a mbeidh an t-airgead cúitimh sin iníoctha sa deire gach ioncum a tuillfar leis an súncáil sin agus gach méadú caipitail fhásfidh as an súncáil sin agus is ar an duine sin a bheidh gach costas agus laigheadú luacha caipitail fé n-a raghfar ag déanamh na súncála san no tríthi. | |
[EN] |
Aiscí d'fhostaithe áirithe sealbhóirí na gceadúnas gur cuireadh deire leo. |
46. —(1) Pé uair a cuirfar deire le ceadúnas de bhua ordú scriosa féadfar, le hordú ón údarás cúitimh do dhin an t-ordú scriosa san, aisce (dá ngairmtear aisce dhíomhaointis san alt so) do dheona, fén alt so agus dá réir, d'éinne— |
[EN] | (a) do bhí ar fostú ag sealbhóir an cheadúnais sin ar feadh cúig mblian ar a laighead roimh an dáta ar ar cuireadh deire leis an gceadúnas san, agus | |
[EN] | (b) gur go hiomlán no nách mór ar fad in obair a bhain leis an ngnó ceadúnuithe a bhí ar siúl san áitreabh le n-ar ghaibh an ceadúnas san do bhí sé ar fostú ag an sealbhóir sin, agus | |
[EN] | (c) gur mar ghar-thora dhíreach ar dheire do chur leis an gceadúnas san do scaoil an sealbhóir sin uaidh é, agus | |
[EN] | (d) do bhí díomhaoin ar feadh ráithe tar éis a scaoile amhlaidh d'ainneoin iarrachtaí réasúnta uaidh féin ar obair d'fháil. | |
[EN] | (2) Ní raghaidh méid aon aisce díomhaointis thar suim is cóionann le cion ráithe de phágh an té dá ndeonfar í agus pé suim eile is dó leis an údarás cúitimh do bheith réasúnta ag cuimhneamh do go mbeidh ar an duine sin a chostaisí féin d'íoc maidir le gach imeacht i dtaobh an aisce díomhaointis sin. | |
[EN] | (3) Déanfar gach iarratas chun an údaráis chúitimh ar aisce dhíomhaointis ar dháta nách déanaí ná an chéad 30adh lá de Mhárta tar éis an dáta ar ar cuireadh deire le ceadúnas an té ag a raibh an t-iarratasóir sin ar fostú, agus éistfidh agus breithiúnóidh an t-údarás cúitimh gach iarratas den tsórt san ar dháta nách déanaí ná an chéad 1adh lá de Mheitheamh tar éis an 30adh lá san de Mhárta. | |
[EN] | (4) Nuair a bheidh iarratas á éisteacht fén bhfo-alt san roimhe seo féadfidh na páirtithe seo a leanas agus ní fhéadfidh aon pháirtí eile, éisteacht d'fháil agus fianaise do thabhairt i láthair, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) an t-iarratasóir, agus | |
[EN] | (b) éinne i seilbh cheadúnais a bhaineann le háitreabh atá suidhte sa líomatáiste cheadúcháin, agus | |
[EN] | (c) Príomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann. | |
[EN] | (5) Pé uair a déanfar ordú (dá ngairmtear ordú um aisce dhíomhaointis san alt so) ag mola aisce díomhaointis d'éinne déanfidh clárathóir an údaráis chúitimh do dhin an t-ordú san cóip den ordú san do chur chun an chisteora láithreach. | |
[EN] | (6) Ar fháil chóipe d'ordú um aisce dhíomhaointis do, cuirfidh an cisteoir chun an Aire Airgid láithreach éileamh i scríbhinn á iarraidh air méid na haisce a socruíodh leis an ordú san do roimhíoc agus d'íoc isteach sa chiste chúitimh cheart, agus chó luath agus is féidir é tar éis an t-éileamh san d'fháil do déanfidh an tAire sin do réir an éilimh sin as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus leis sin íocfidh an cisteoir leis an té bheidh ainmnithe san ordú um aisce dhíomhaointis an méid a bheidh luaidhte san ordú san. | |
[EN] | (7) Gach suim a roimh-íocfidh agus a íocfidh an tAire Airgid le ciste cúitimh do réir éilimh ón gcisteoir fén alt so chun tairbhe d'ex-fhostaí no d'ex-fhostaithe sealbhóra aon cheadúnais áirithe dob abhar d'ordú chúitimh déanfar chun crícheanna an chéad ailt ina dhiaidh seo í do chur leis an airgead cúitimh (dá ngairmtear an t-airgead bun-chúitimh anso ina dhiaidh seo) do socruíodh leis an ordú cúitimh sin go hachtúil agus tuigfar gur cuid de í, agus tuigfar gurb amhlaidh do roimh-íoc agus d'íoc an tAire Airgid leis an gciste cúitimh sin í do réir an éilimh chéanna gur dá réir do roimh-íoc agus d'íoc an tAire Airgid an t-airgead bun-chúitimh leis an gciste cúitimh sin agus gur san am gcéanna inar roimh-íoc agus in ar íoc an tAire Airgid an t-airgead bun-chúitimh leis an gciste cúitimh sin do roimh-íocadh agus do híocadh amhlaidh í. | |
[EN] |
Blianachtaí cúitimh. |
47. —(1) Gach suim a roimh-íocfidh agus a íocfidh an tAire Airgid le ciste cúitimh do réir éilimh ón gcisteoir fén gCuid seo den Acht so aisíocfar leis an Stát-Chiste í tré bhlianacht ionstadtha (dá ngairmtear blianacht chúitimh sa Chuid seo den Acht so) a háireofar do réir seacht bpúint agus deich scillinge in aghaidh gach céad punt den tsuim do roimh-íocadh agus do híocadh amhlaidh agus mar sin do réir an chothruim sin in aghaidh aon tsuime is lú ná san, agus a bheidh iníoctha amach as an líomatáiste ceadúcháin le n-a mbaineann an ciste cúitimh sin ag na daoine, sna tráthanna, agus sa tslí a ceaptar leis an gCuid seo den Acht so. |
[EN] | (2) Beidh gach blianacht chúitimh iníoctha go bliantúil an 1adh lá de Dheire Fomhair gach bliain ar feadh fiche bliain, ag tosnú an 1adh lá de Dheire Fomhair an chéad bhliain tar éis na bliana inar roimh-íocadh agus inar híocadh leis an gciste cúitimh an tsuim a bheidh le n'aisíoc. | |
[EN] | (3) Sa mhéid gur féidir é ní raghaidh an méid iomlán is iníoctha ar scór blianachtaí cúitimh in aon líomatáiste ceadúcháin aon 1adh lá de Dheire Fomhair thar suim iomlán na ndiúitéthe máil d'íoc sealbhóirí ceadúnaisí a bhaineann le háitreabhacha atá suidhte sa líomatáiste cheadúcháin sin in aghaidh na bliana dar thosach an 1adh lá de Dheire Fomhair roimhe sin, agus cuimhneoidh an t-údarás cúitimh ar fhorálacha an fho-ailt seo agus é á bhreithniú ce'ca dhéanfa sé ordú scriosa no ná déanfidh. | |
[EN] |
Blianachtaí cúitimh do chionroinnt. |
48. —(1) Ar an 15adh lá d'Iúl no roimhe sin gach bliain déanfidh an tAire, maidir le gach blianacht chúitimh is iníoctha an bhliain sin, dreacht-ordú (dá ngairmtear ordú cion-roinneacháin sa Chuid seo den Acht so) ag cion-roinnt na blianachta cúitimh sin sa tslí seo a leanas ar na daoine uile ba shealbhóirí an 1adh lá d'Iúl an bhliain sin ar cheadúnaisí do bhí i bhfeidhm an uair sin maidir le háitreabhacha atá suidhte sa líomatáiste cheadúcháin, sé sin le rá, tré shuim do chion-roinnt ar gach duine den tsórt san 'na mbeidh idir í agus an diúité máil do híocadh no do bhí iníoctha ag an duine sin no ag an té ba shealbhóir ar an gceadúnas roimhe in aghaidh na bliana ceadúcháin do bhí ann an uair sin ar an gceadúnas do bhí ar seilbh aige an uair sin an cothrom céanna atá idir suim na blianachta cúitimh sin agus suim iomlán na ndiúitéthe máil go léir do híocadh ag na daoine sin uile no ag na daoine ba shealbhóirí ar na ceadúnaisí rompa in aghaidh na bliana ceadúcháin sin ar na ceadúnaisí a bhí ar seilbh acu fé seach an uair sin. |
[EN] | (2) Ar an 15adh lá d'Iúl gach bliain no laistigh de sheachtain ina dhiaidh sin déanfidh an tAire cóip de gach dreacht-ordú cionroinneacháin do hullamhuíodh an bhliain sin do lóisteáil in áit éigin chaothúil sa líomatáiste cheadúcháin agus foillseoidh sé i dhá bpáipeur nuachta no níos mó a léightear sa líomatáiste cheadúcháin fógra á rá go bhfuiltar éis an dreacht-ordú cionroinneacháin sin do dhéanamh agus é do lóisteáil amhlaidh agus cadiad na tráthanna a féadfar é do scrúdú. | |
[EN] | (3) Gach dreacht-ordú cion-roinneacháin a lóisteálfar fén bhfo-alt san roimhe seo leanfa sé lóisteálta amhlaidh ar feadh mí, agus i rith an mhí sin féadfidh aon oifigeach custum agus máil agus éinne ar a gcion-roinntar aon tsuim leis an dreacht-ordú cionroinneacháin sin agus éinne is sealbhóir ar cheadúnas a bheidh i bhfeidhm an uair sin maidir le háitreabh atá suidhte sa líomatáiste cheadúcháin, féadfid é do scrúdú i rith cúig uaire a' chluig ar a laighead aon lá nách Satharn ná Domhnach ná lá saoire puiblí. | |
[EN] | (4) Einne ar a gcion-roinnfar aon tsuim le dreacht-ordú cionroinneacháin féadfa sé, aon uair idir dáta lóisteálta an dreachtorduithe chion-roinneacháin sin fén alt so agus an chéad 20adh lá de Lúnasa ina dhiaidh sin, agóid do dhéanamh, tré leitir no fógra i scríbhinn chun an Aire, i gcoinnibh an dreacht-orduithe chion-rionneacháin sin ar aon scór no scóranna aca so a leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) an méid do cion-roinneadh air féin no ar éinne eile leis an dreacht-ordú cion-roinneacháin sin go bhfuil sé mí-cheart, | |
[EN] | (b) nár cheart é áireamh sa dreacht-ordú chion-roinneacháin sin, | |
[EN] | (c) gur cheart éinne ná fuil áirmhithe sa dreacht-ordú chionroinneacháin sin d'áireamh ann. | |
[EN] | (5) Breithneoidh an tAire gach agóid den tsórt san a cuirfar chuige amhlaidh agus ar an 15adh lá de Mheán Fhomhair no roimhe sin déanfa sé ar an dreacht-ordú cion-roinneacháin le n-a mbaineann an agóid pé leasuithe (más aon cheann é) is dó leis is gá ar an mbreithniú san do dhéanamh do. | |
[EN] | (6) Ar an 15adh lá de Mheán Fhomhair gach bliain déanfidh, de gach dreacht-ordú cion-roinneacháin do hullamhuíodh an bhliain sin, ordú deiridh sa bhfuirm inar leasuíodh é, má leasuíodh fén bhfo-alt san roimhe seo é, no, más rud é nár leasuíodh amhlaidh é, sa bhfuirm ina raibh sé nuair a lóisteáladh fén alt so é. | |
[EN] | (7) San alt so cialluíonn an focal “an líomatáiste ceadúcháin” an líomatáiste ceadúcháin as a mbeidh an bhlianacht chúitimh le n-a mbaineann an dreacht-ordú cion-roinneacháin iníoctha fén Acht so. | |
[EN] |
Blianachtaí cúitimh do bhaint amach. |
49. —(1) An tsuim a cion-roinnfar ar éinne le hordú cionroinneacháin beidh sí iníoctha ag an duine sin le hoifigeach custum agus máil ar dháta nách déanaí ná an chéad 1adh lá de Dheire Fomhair tar éis an lá a dhéanfidh ordú deiridh den ordú chionroinneacháin sin fén Acht so agus, má dhineann an duine sin no aistrí chun ar haistríodh an ceadúnas uaidh sin deimhiú ar athnuachaint no aistriú ar an gceadúnas d'fháil tré fhéachaint chun an diúité ar ar cion-roinneadh an tsuim sin, íocfar í san am gcéanna ina mbeidh agus leis an oifigeach gcéanna custum agus máil le n-a mbeidh na diúitéthe máil ar an gceadúnas san iníoctha in aghaidh na bliana dar tosach an 1adh lá san de Dheire Fomhair, agus ní dheonfidh aon oifigeach den tsórt san aon athnuachaint ná aistriú den tsórt san ar an gceadúnas san go dtí go mbeidh an tsuim sin íoctha amhlaidh. |
[EN] | (2) An tsuim a cion-roinnfar ar éinne le hordú cion-roinneacháin beidh sí ina fiacha a bheidh dlite ag an Aire Airgid ar an duine sin agus iníoctha ag an duine sin leis an chéad 1adh lá de Dheire Fomhair tar éis an lá a dhéanfidh ordú deiridh den ordú chion-roinneacháin sin fén Acht so agus beidh sí ionbhainte ag an Aire sin den duine sin agus dá sheiceadúirí no dá riarthóirí mar fhiacha síbhialta in aon chúirt údaráis inniúla. | |
[EN] | (3) An tsuim a cionn-roinnfar ar éinne le hordú cion-roinneacháin beidh sí ina muirear, i bhfabhar don Aire Airgid, ar an estát no ar an tionóntacht a luaidhtear anso ina dhiaidh seo san áitreabh le n-ar ghaibh an ceadúnas tré fhéachaint chun an diúité ar ar cion-roinneadh an tsuim sin, agus tuigfar an muirear san do bheith iníoctha an chéad 1adh lá de Dheire Fomhair tar éis an lá a dhéanfidh ordú deiridh den ordú chion-roinneacháin fén Acht so agus beidh tosach ag an muirear san ar gach estát, leas, agus ualach do bhí ann an 1adh lá san de Dheire Fomhair no d'eirigh no do cruthnuíodh ina dhiaidh sin (lasmuich díobh san dá ndintar eisceachtaí anso ina dhiaidh seo) agus féadfidh an tAire sin é do chruinniú dá réir sin. | |
[EN] | (4) Ní bheidh tosach ag muirear a cruthnófar de bhua an fho-ailt sin roimhe seo ar aon tsaor-chíos ná muirear eile a bhaineann le sealbhaíocht ná ar aon chíos-mhuirear in ionad deachaithe ná ar aon mhuirear do cruthnuíodh fé aon Acht do ritheadh roimh an Acht so ag údarú roimh-íocanna as airgead puiblí no cruthnú muirear mar gheall ar fheabhsuithe. | |
[EN] | (5) I gcás gan an t-estát no an tionóntacht is ísle no is lú dá mbeidh ann ar an dáta ar a gcruthnófar muirear de bhua an ailt seo do bheith níos lú ná téarma de bhlianta 'na mbeidh cúig bliana ar a laighead de gan bheith caithte ar an dáta san, isé estát no tionóntacht ar a muirearófar an muirear san ná an t-estát no an tionóntacht san is ísle no is lú, ach i gcás an t-estát no an tionóntacht san is ísle no is lú do bheith ar an dáta san níos lú ná a leithéid sin de théarma de bhlianta, muirearófar an muirear san, ansan, ar an estát no ar an tionóntacht san is ísle no is lú agus fós ar an estát no ar an tionóntacht a bheidh ann ar an dáta san agus a bheidh an uair sin ar an gcéad estát no ar an gcéad thionóntacht a bheidh níos mó no níos aoirde ná an t-estát no an tionóntacht san is ísle no is lú. | |
[EN] | (6) Beidh éifeacht ag alt 47 den Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, fé is dá ndintí muirear a cruthnófí de bhua an ailt seo do chur leis na heirí a luaidhtear o mhíreanna (a) go (i) den alt san agus d'áireamh mar cheann acu. | |
[EN] | (7) In aon imeachta a bhunóidh an tAire Airgid fén alt so chun an tsuim do cion-roinneadh ar éinne le hordú cion-roinneacháin do bhaint d'éinne no chun í chruinniú as aon áitreabh, beidh deimhniú fé shéala an Aire sin ar an suim sin do bheith dlite agus gan íoc ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar an suim sin do bheith dlite agus gan íoc. | |
[EN] | (8) Déanfidh an cisteoir an tsuim a cion-roinnfar ar éinne le hordú cion-roinneacháin do bhaint as aon airgead is iníoctha leis an duine sin fé aon ordú leith-roinneacháin agus nuair a bheidh sí bainte as an airgead san amhlaidh íocfidh an cisteoir sin í le hoifigeach custum agus máil an líomatáiste cheadúcháin. | |
[EN] | (9) Ciméadfidh na Coimisinéirí Ioncuim cuntaisí fé leith do gach líomatáiste ceadúcháin ar gach airgead a híocfar le hoifigigh chustum agus mháil fén alt so sa líomatáiste cheadúcháin sin. | |
[EN] |
Athcomhairc agus costaisí. |
50. —Ní luighfidh aon athchomharc i gcoinnibh aon ordú o údarás chúitimh agus ní molfar le haon ordú den tsórt san aon pháirtí d'íoc aon chostaisí le haon pháirtí eile. |
[EN] |
Léasanna do thabhairt suas. |
51. —(1) I gcás ina mbeidh aon áitreabh ar seilbh fé léas agus ina ndéanfar, fén gCuid seo den Acht so, deire do chur leis an gceadúnas a ghabhann leis an áitreabh san, féadfidh tionónta an áitreibh sin an t-áitreabh san do thabhairt suas, agus ar a thairisgint do é do thabhairt suas agus ar íoc gach cíosa a bheidh dlite an uair sin (agus cuid chion-roinnte den ghála a bheidh ag fás an uair sin d'áireamh) beidh an tionónta san saor láithreach o gach oblagáid an cíos d'íoc no na cumhnantaí agus na coiníollacha sa léas san do chólíona as san amach. |
[EN] | (2) San alt so isiad bríonna atá leis na focail “léas” agus “tionónta” ná na bríonna a ceaptar dóibh fé seach leis an Landlord and Tenant Law Amendment Act (Ireland), 1860. | |
[EN] |
Baint an Achta um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 . |
52. —Pé uair a déanfar le hordú scriosa deire do chur le ceadúnas agus gur fé chonnra thionóntachta a bhí an t-áitreabh le n-ar ghaibh an ceadúnas san ar seilbh agus go raibh sé fé réir chumhnaint, chó-aontú no choiníll ná díolfadh tionónta an áitreibh sin ach deocha meisciúla do ceannófí óna thiarna talmhan no thríd (pe'ca le gach saghas no le saghas no saghsanna áirithe amháin dighe meisciúla do bhain an cumhnant, an có-aontú, no an coiníoll san), ansan, ar agus tar éis an dáta ar a gcuirfar deire leis an gceadúnas san, is dó réir forálacha mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Acht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 ( Uimh. 19 de 1923 ) a socrófar riail-chíos an áitreibh sin, d'ainneoin go bhféadfadh an cás teacht laistigh d'fhorálacha mír (a) d'fho-alt (1) den alt san 2. |
[EN] |
Rialacha i dtaobh údarásanna cúitimh. |
53. —Feadfidh an tAire Dlí agus Cirt, le hordú, rialacha do dhéanamh ag rialáil nós-imeachta údarásanna cúitimh fén gCuid seo den Acht so. |
[EN] |
Costaisí. |
54. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas a bhainfidh leis an gCuid seo den Acht so do chur in éifeacht. |