Ar Aghaidh (CUID I. OIFIG CHLARATHACHTA MHAOINE TIONNSCAIL AGUS TRACHTALA DO BHUNU.)

16 1927


Uimhir 16 de 1927.


ACHT MAOINE TIONNSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA (COSAINT), 1927.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN PAITINNEACHA I gCÓIR CUMADÓIREACHT DO DHEONA, CHUN PÁTRÚIN AGUS MARCANNA TRÁDÁLA DO CHLÁRÚ, AGUS CHUN CÓIPCHEART I SAORSTÁT ÉIREANN DO MHÍNIÚ AGUS DO CHOSAINT.

[20adh Bealtaine, 1927.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

ROIMHRA.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 , do ghairm den Acht so.

Tosach feidhme an Achta.

2. —Tiocfidh an tAcht so i ngníomh pé lá no laetheanta a ceapfar chuige sin le haon ordú no orduithe ón Ard-Chomhairle, go generálta no maidir le haon Chuid áirithe den Acht so, agus féadfar laetheanta deifriúla do cheapa chun Codacha deifriúla den Acht so do theacht i bhfeidhm, ach gan aon lá acu do bheith níos déanaí ná sé mhí tar éis rithte an Achta so.

Mínithe.

3. —San Acht so—

cialluíonn an focal “paitinn” leitreacha paitinne do chumadóireacht;

cialluíonn an focal “paitinn Bhriotáineach” paitinn do dheon Oifig na bPaitinneacha i Lundain;

cialluíonn an focal “paitinní” an té a bheidh de thurus na huaire iontrálta ar an gclár mar dheonaí no mar dhílseánach don phaitinn;

cialluíonn an focal “cumadóireacht” aon ealadha, próiseas, meaisín, déantús no cumasc abhair, nua agus áiseach, no aon fheabhas nua áiseach in aon ealadhain, próiseas, meaisín, déantús no cumasc abhair, agus foluíonn sé rud go ndeirtar gur cumadóireacht é;

fé réir forálacha an Achta so, foluíonn na focail “cumadóir” agus “iarratasóir” fé seach ionadaí dlí cumadóra no iarratasóra atá tar éis bháis;

ní chialluíonn an focal “pátrún” ach an crot, an fíoghar, an samhlachas, no an órnáid a cuirtar ar aon earra le haon phróiseas no meadhon céirde, de láimh, no meceaniciúil, no ceimiciúil, fé leith no le chéile, agus a thaithneann agus a meastar leis an súil amháin san earra chríochnuithe, ach ní fholuíonn sé aon mhodh ná prinsiobal déanmhachta, ná éinní ná fuil ann go substainteach ach seift mheceaniciúil;

cialluíonn an focal “earra” (maidir le pátrúin) aon déantús agus aon tsubstaint, saordha no aiceanta no i bpáirt saordha agus i bpáirt aiceanta;

nuair a húsáidtear an focal “cóipcheart” maidir le pátrún atá cláruithe fé Chuid III. den Acht so, cialluíonn sé an t-aon-cheart chun an pátrún do chur ar aon earra in aon tsaghas ina bhfuil an pátrún cláruithe;

maidir leis an bhfocal “dílseánach pátrúin nua no bunphátrúin”—

(a) cialluíonn sé, i gcás ina ndineann údar an phátrúin an pátrún do dhuine éigin eile ar dhea-chomhaoin, an té dá ndintear an pátrún amhlaidh, agus

(b) i gcás ina ndineann éinne an pátrún no ceart curtha an phátrúin ar aon earra d'fháil do féin amháin no eile, cialluíonn sé, i dtaobh na slí agus sa mhéid go bhfuiltar tar éis an pátrún no an ceart d'fháil amhlaidh, an té ag a bhfuil an pátrún no an ceart fachta amhlaidh, agus

(c) in aon chás eile, cialluíonn sé údar an phátrúin,

agus i gcás dílse an phátrúin no ceart curtha an phátrúin do bheith aistrithe ón mbun-dílseánach chun éinne eile, foluíonn sé an duine eile sin;

cialluíonn an focal “ag obair ar scála tráchtála” an earra no an próiseas a tuairiscítear agus a héilítear in áireamhacht i gcóir paitinne do bheith á dhéanamh no á chur i ngníomh i mbunaíocht no tré chó-ghléasa chinnte shubstainteach, agus ar scála is leor agus is réasúnta do réir a mbaineann leis an gcás;

foluíonn an focal “marc” suaitheantas, comhartha, mírcheann, duillín, ticeud, ainm, sighniú, focal, leitir, uimhir, no aon chinn acu le chéile;

cialluíonn an focal “marc trádála” marc a húsáidtear no atáthar ar aigne d'úsáid ar earraí no maidir le hearraí chun a thaisbeáint gurb iad earraí dílseánach an mhairc thrádála san iad de bhua a ndéanta, a dtoghtha amach, a ndeimhnithe, deighleála leo, no a dtairgthe chun a ndíolta;

cialluíonn an focal “ceannasaí” an Ceannasaí Maoine Tionnscail agus Tráchtála a bheidh ceaptha fén Acht so;

cialluíonn an focal “an Oifig” an Oifig Chlárathachta Mhaoine Tionnscail agus Tráchtála a bheidh bunuithe do réir an Achta so;

cialluíonn an focal “Irisleabhar” an tIrisleabhar Oifigiúil um Mhaoin Tionnscail agus Tráchtála a bheidh á thabhairt amach ag an gceannasaí do réir an Achta so;

cialluíonn an focal “an clár” an clár oiriúnach a bheidh á chimeád do réir an Achta so;

cialluíonn an focal “clár Briotáineach” an clár oiriúnach atá á chimeád in Oifig na bPaitinneacha i Lundain do réir na reacht a bhaineann leis an Oifig sin;

cialluíonn an focal “Oifig na bPaitinneacha i Lundain” an oifig i Lundain dá ngairmtear an Patent Office agus a cimeádtar ar siúl fé sna reachtanna bhaineann le paitinneacha do dheona i gcóir cumadóireachtaí agus le pátrúin agus marcanna trádála do chlárú sa Ríocht Aontuithe a bhí ann le déanaí agus sa Bhreatain Mhóir;

cialluíonn an focal “an Ríocht Aontuithe a bhí ann le déanaí” Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann a bhí ann le déanaí;

cialluíonn agus foluíonn an focal “tiarnaisí Briotáineacha féinrialtacha” Tiarnas Chanada, an Astráil, Tiarnas Zéalann Nua, Aondacht na hAifrice Theas, agus Tír an Eisc;

foluíonn an focal “tiarnaisí Briotáineacha” an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann agus (lasmuich de chás ina n-éilíonn an có-théacs a mhalairt) na tiarnaisí Briotáineacha féinrialtacha;

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an focal “Dlí-Oifigeach” Príomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacha generálta a bheidh déanta fén Acht so;

cialluíonn an focal “cúirt” an Ard-Chúirt Bhreithiúnais i Saorstát Éireann.

Athghairmeacha.

4. —Na hAchtanna a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so athgairmtear leis seo iad sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.