An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT MAOINE TIONNSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA (COSAINT), 1927) Ar Aghaidh (CUID II.—PAITINNEACHA.)

16 1927

ACHT MAOINE TIONNSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA (COSAINT), 1927

CUID I.

OIFIG CHLARATHACHTA MHAOINE TIONNSCAIL AGUS TRACHTALA DO BHUNU.

Oifig Chlárathachta Mhaoine Tionnscail agus Tráchtála do bhunú.

5. —(1) Bunófar Oifig Chlárathachta Mhaoine Tionnscail agus Tráchtála chun crícheanna an Achta so agus chun pé crícheanna eile a cheapfidh an tOireachtas di ina dhiaidh seo.

(2) Beidh an Oifig roinnte ina dhá brainse, eadhon—

(a) Brainse Phaitinneacha, ina ndéanfar gach gnó, ní, agus rud den tsórt a horduítear leis an Acht so no ar shlí eile le dlí do dhéanamh san Oifig i dtaobh paitinneacha;

(b) Brainse Phátrún agus Mharcanna Trádála, ina ndéanfar gach gnó, ní, agus rud den tsórt a horduítear leis an Acht so no ar shlí eile le dlí do dhéanamh san Oifig i dtaobh pátrún no i dtaobh marcanna trádála;

(3) Beidh an Oifig fé ghar-smacht an Cheannasaí Mhaoine Tionnscail agus Tráchtála agus gníomhóidh sé sin fé mhaoirseacht agus fé stiúrú ghenerálta an Aire.

Ceannasaí Maoine Tionnscail agus Tráchtála do cheapa.

6. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis rithte an Achta so agus ina dhiaidh sin fé mar is gá é ceapfidh an Ard-Chomhairle duine oiriúnach chun oifige an Cheannasaí Mhaoine Tionnscail agus Tráchtála, agus beidh sé sin i seilbh oifige ar feadh pé aimsire agus ar pé téarmaí a cheapfidh an Ard-Chomhairle.

(2) Gach éinne a ceapfar chun bheith ina cheannasaí fén Acht so gheobha sé pé luach saothair a shocróidh an tAire Airgid.

(3) Má bhíonn sé i ndea-shláinte le linn a cheaptha agus más go buan a ceapfar é tuigfar an ceannasaí do bheith ar fostú i Stát-Sheirbhís bhuain Shaorstáit Éireann d'ainneoin a cheaptha gan deimhniú o Choimisinéiri na Stát-Sheirbhíse, agus féadfar pé aois-liúntas no liúntas eile no aisce do dheona dho féin ar imeacht as oifig do no dá ionadaí phearsanta dhlíthiúil ar fháil bháis do d'fhéadfaí a dheona, fé sna hAchtanna Aois-liúntais a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, dá mbeadh sé i Stát-Sheirbhís bhuain Shaorstáit Éireann.

(4) Pé uair a bheidh an ceannasaí go sealadach gan bheith ábalta ar aire do thabhairt dá dhualgaisí, no a bheidh a oifig folamh, féadfidh an tAire duine oiriúnach do cheapa chun dualgaisí an cheannasaí do chólíona fén Acht so faid a mhairfidh an neamh-ábaltacht no an folúntas san, agus gach duine a ceapfar amhlaidh beidh aige, le linn a bheith ceaptha, comhachta uile an cheannasaí fén Acht so agus gheobha sé, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, pé luach saothair a ordóidh an tAire le ceadú an Aire Airgid.

Beidh an ceannasaí ina chorparáid agus beidh séala oifigiúil aige.

7. —(1) Beidh an Ceannasaí Maoine Tionnscail agus Tráchtála ina chorparáid aon-fhir fén ainm sin agus beidh síor-chomharbas agus séala oifigiúil aige, agus féadfa sé dul chun dlí agus féadfar dul chun dlí leis fén ainm roimhráite.

(2) Tabharfar áird, i gcúrsaí breithiúntais, ar chomharthaí a déanfar le séala oifigiúil an Cheannasaí Mhaoine Tionnscail agus Tráchtála agus glacfar i bhfianaise iad.

Oifigigh don cheannasaí do cheapa.

8. —(1) Ceapfidh an tAire, chun bheith ina n-oifigigh don cheannasaí, pé daoine is dó leis is gá chun crícheanna an Achta so, ach ceadú an Aire Airgid do bheith aige chuige maidir le n-a líon, agus beidh na hoifigigh sin i seilbh oifige ar pé téarmaí agus gheobhaid luach saothair do réir pé rátaí agus ar pé slí a cheadóidh an tAire Airgid.

(2) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar tuarastail no luach saothair an cheannasaí agus a chuid oifigeach agus pé costaisí eile a bhainfidh leis an Acht so do chur in éifeacht agus a cheadóidh an tAire Airgid.

Na táillí a éileoidh an ceannasaí.

9. —(1) Eileoidh an ceannasaí agus íocfar maidir le deona paitinneacha agus le clárú pátrún, marcanna trádála agus oibreacha ealadhanta, agus le hiarrataisí ortha san agus maidir le nithe eile a bhaineann le paitinneacha, le pátrúin, le marcanna trádála agus le hoibreacha ealadhanta fén Acht so, pé táillí a ordóidh an tAire o am go ham le ceadú an Aire Airgid, ach san i slí ná beidh na táillí a hordófar maidir leis na hinstruimidí agus leis na nithe a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so níos mó ná na táillí fé seach a luaidhtear sa Sceideal san.

(2) Gach táille a éileoidh an ceannasaí fén alt so, is i pé slí a ordóidh an tAire, le ceadú an Aire Airgid, a baileofar í agus a tabharfar cuntas uirthi.

Foillseoidh an ceannasaí Irisleabhar Oifigiúil agus scríbhinní eile.

10. —(1) Tabharfidh an ceannasaí amach go tréimhsiúil irisleabhar maisithe cumadóireachtaí paitinnithe, pátrún gcláruithe, agus marcanna trádála cláruithe dá ngairmfar an tIrisleabhar Oifigiúil um Mhaoin Tionnscail agus Tráchtála, agus foillseoidh sé ann gach ní a horduítear leis an Acht so no ar shlí eile le dlí d'fhoillsiú ann agus pé nithe agus eolas eile a dheabhróidh bheith áisiúil no táchtach do dhílseánaigh phaitinneacha, phátrún, mharcanna trádála, no chóipchirt do deonadh, do cláruíodh, no atá ar bith i Saorstát Éireann.

(2) Féadfidh an ceannasaí tuarasgabhála do thabhairt amach go tréimhsiúil san Irisleabhar no mar aguisín do no mar fhoillsiúchán ar leithligh—

(a) ar chásanna a bhaineann le paitinneacha, le pátrúin, le marcanna trádála no le cóipcheart agus ar ar tugadh breith ag cúirteanna breithiúnais i Saorstát Éireann, agus

(b) ar pé cásanna a bhaineann le paitinneacha, le pátrúin, le marcanna trádála, no le cóipcheart agus ar ar tugadh breith ag cúirteanna breithiúnais lasmuich de Shaorstát Éireann agus is dó leis an gceannasaí bheith áisiúil no táchtach do dhílseánaigh phaitinneacha, phátrún, mharcanna trádála, no chóipchirt do deonadh, do cláruíodh, no atá ar bith i Saorstát Éireann.

(3) Féadfidh an ceannasaí cláir innste, achmaireachtaí ar áireamhachtaí, catalóga agus oibreacha eile bhaineann le cumadóireachtaí, le paitinneacha, le pátrúin, agus le marcanna trádála d'ullamhú agus d'fhoillsiú.

(4) Déanfidh an ceannasaí socrú chun go gcimeádfar ar díol cóipeanna de gach scríbhinn, a horduítear no a húdaruítear leis an alt so dho do thabhairt amach no d'fhoillsiú, agus fós de sna háireamhachtaí iomlána go léir (maraon le haon tarraiceoireachtaí a ghabhann leo) ar phaitinneacha a bheidh i bhfeidhm lasmuich de Phaitinneacha Briotáineacha a tuigtar de bhua an Achta so do bheith ina bpaitinneacha do deonadh fén Acht so.