|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. OIFIG CHLARATHACHTA MHAOINE TIONNSCAIL AGUS TRACHTALA DO BHUNU.) | Ar Aghaidh (CUID III.—PATRUIN.) |
ACHT MAOINE TIONNSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA (COSAINT), 1927
[EN] | ||
[EN] |
CUID II.—PAITINNEACHA. | |
[EN] |
Iarratas ar phaitinn go generálta. |
11. —(1) Einne adeir gurb é féin is fíor-chumadóir agus is céad-chumadóir do chumadóireacht áirithe, féadfa sé paitinn d'iarraidh pe'ca coigríoch é no nách ea agus pe'ca in aonar a iarrfa sé í no i bpáirt le duine eile. |
[EN] | (2) Ní foláir an t-iarratas do dhéanamh sa bhfuirm orduithe, agus ní foláir é d'fhágaint san Oifig no é do chur tríd an bpost chun na hOifige sa tslí orduithe. | |
[EN] | (3) Ní foláir dearbhú no (má orduítear amhlaidh) dearbhú reachtúil do bheith san iarratas á rá go bhfuil an t-iarratasóir i seilbh chumadóireachta dar mian leis paitinn d'fháil agus, chó fada agus is eol don iarratasóir no chó fada agus dob fhéidir do a fháil amach, gurb é féin no, i gcás có-iarratais, gurb éinne amháin ar a laighead de sna hiarratasóirí is fíor-chumadóir agus is céadchumadóir don chumadóireacht san. | |
[EN] | (4) Ní foláir áireamhacht shealadach no áireamhacht iomlán do bheith i dteanta gach iarratais ar phaitinn. | |
[EN] | (5) I gcás có-iarratais ní foláir do sna hiarratasóirí uile an dearbhú is gá do réir an ailt seo do dhéanamh. | |
[EN] |
Iarratas ar phaitinn i gcásanna áirithe. |
12. —(1) Aon duine no ionadaí dlíthiúil no sannaí aon duine d'iarr paitinn no cosaint maidir le cumadóireacht tar éis an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, ar an Aire um Ghnóthaí Fearachais do Rialtas Shealadach na hÉireann a bhí ann le déanaí no ar Aire Tionnscail agus Tráchtála Shaorstáit Éireann, beidh sé i dteideal paitinn maidir leis an gcumadóireacht chéanna d'iarraidh fén Acht so laistigh de bhliain tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so agus beidh sé i dteideal go ndéanfí dho an t-iarratas san fén Acht so do dhátú agus d'áireamh fé is dá mb'ar dháta an iarratais a céad-luaidhtear a dineadh é, agus san chun tosaíochtaí fé seach an iarratais sin fén Acht so agus aon iarratais eile do shocrú agus chun an dáta a bheidh ar aon phaitinn a deonfar do réir an iarratais sin fén Acht so do cheapa agus chun a shocrú cé'ca do foillsíodh an chumadóireacht i Saorstát Éireann no sa Bhreatain Mhóir cheana no nár foillsíodh. |
[EN] | (2) Aon duine no ionadaí dlíthiúil no sannaí aon duine do fuair, idir an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus tosach feidhme na Coda so den Acht so, cosaint do chumadóireacht in aon tiarnais Briotáineach (seachas an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann) no stát coigríoch go ndéanfar, le hordú a déanfar fé alt 152 (alt a bhaineann le socruithe idirnáisiúnta) den Acht so, forálacha an ailt sin do chur i mbaint leis no a fhaisnéis go bhfuil na forálacha san ionchurtha i mbaint leis, beidh sé i dteideal paitinn maidir leis an gcumadóireacht chéanna d'iarraidh fén Acht so laistigh de bhliain tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so agus beidh sé i dteideal go ndéanfaí dho an t-iarratas san fén Acht so do dhátú agus d'áireamh fé is dá mb'ar an dáta ar ar hiarradh cosaint don chumadóireacht sa tiarnas Bhriotáineach no sa stát choigríoch san a dineadh é, agus san chun tosaíochtaí fé seach an iarratais sin fén Acht so agus aon iarratais eile do shocrú agus chun an dáta a bheidh ar aon phaitinn a deonfar do réir an iarratais sin fén Acht so do cheapa agus chun a shocrú ce'ca do foillsíodh an chumadóireacht i Saorstát Éireann no sa Bhreatain Mhóir cheana no nár foillsíodh. | |
[EN] | (3) Aon duine a iarrfidh paitinn fé fhorálacha an ailt seo, féadfa sé, aon uair roimh dheona na paitinne sin (dá ngairmtear anso ina dhiaidh seo an chéad phaitinn a luaidhtear) no laistigh de pé aimsir tar éis an deonta san a lomhálfidh an ceannasaí, a iarraidh ar an gceannasaí ceiliúra do dhéanamh ar aon phaitinn (dá ngairmtear anso ina dhiaidh seo an dara paitinn a luaidhtear) go dtuigtar, de bhua an Achta so, í bheith ina paitinn do deonadh fén Acht so agus ar a mbeidh, mar dháta dhi, aon dáta idir an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus tosach feidhme na Coda so den Acht so agus gur paitinn í don chumadóireacht chéanna go mbeifear ad' iarraidh na céad phaitinne a luaidhtear maidir léi, agus féadfa sé an ceiliúra san d'iarraidh ar an scór go raibh an dáta ar ar hiarradh an dara paitinn a luaidhtear ní ba dhéanaí ná an dáta ar ar dhin iarratasóir na céad phaitinne a luaidhtear paitinn no cosaint don chumadóireacht chéanna d'iarraidh ar an Aire um Ghnóthaí Fearachais do Rialtas Shealadach na hÉireann a bhí ann le déanaí no ar Aire Tionnscail agus Tráchtála Shaorstáit Éireann no in aon tiarnas Briotáineach no stát coigríoch den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo agus ar cheiliúra d'iarraidh ar an gcuma san féadfidh an ceannasaí an dara paitinn a luaidhtear do cheiliúra ar an scór roimhráite ach ní har aon scór eile. | |
[EN] | (4) Luighfidh athchomharc chun an dlí-oifigigh i gcoinnibh gach breithe a thabharfidh an ceannasaí ar iarratas ar cheiliúra fén bhfo-alt san roimhe seo. | |
[EN] | (5) Is sé bliana déag o dháta thosach feidhme na Coda so den Acht so a ceapfar, i bpaitinn a deonfar do réir iarratais a déanfar fé fhorálacha fo-alt (1) den alt so, mar théarma fheidhme don phaitinn sin agus chun na gcrícheanna bhaineann leis an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur i mbaint leis an bpaitinn sin tuigfar gurb é dáta an tosaigh fheidhme sin is dáta don phaitinn sin. | |
[EN] | (6) Ní bheidh aon táillí iníoctha fén Acht so ar aon phaitinn a deonfar do réir iarratais a déanfar fé fhorálacha fo-alt (2) den alt so ar son éinní a dineadh ná ar son aon tréimhse aimsire d'imigh roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so. | |
[EN] |
Aireamhachtaí cumadóireacht. |
13. —(1) Ní foláir teideal na cumadóireachta do chur i bhfíorthosach áireamhachta sealadaighe agus tuairisc do thabhairt inti ar chineál na cumadóireachta. |
[EN] | (2) Ní foláir teideal na cumadóireachta do chur i bhfíor-thosach áireamhachta iomláine agus ní foláir tuairisc chruinn do thabhairt agus deimhniú beacht do dhéanamh inti ar chineál na cumadóireachta agus ar an slí ina bhfuil an céanna le cur i ngníomh agus ní foláir cuntas soiléir do thabhairt ina deire ar an gcumadóireacht a héilítear. | |
[EN] | (3) Pé uair is dó leis gur mhaith an rud é dhéanamh féadfidh an ceannasaí a éileamh go soláthrófí tarraiceoireachtaí oiriúnacha i dteanta na háireamhachta (pe'ca áireamhacht shealadach no áireamhacht iomlán í) no aon uair sara nglactar léi, agus nuair a bheidh na tarraiceoireachtaí sin soláthruithe tuigfar gur cuid den áireamhacht iad. | |
[EN] | (4) Pé uair is cumadóireacht cheimiceach an chumadóireacht go mbeifear ad' iarraidh paitinne maidir léi, déanfar, sara nglactar leis an áireamhacht iomláin, pé fíor-shomplaí a hordófar do thabhairt don cheannasaí más dó leis gur mhaith an rud san d'éileamh in aon chás áirithe. | |
[EN] |
Imeachta tar éis iarratas d'fháil. |
14. —(1) Cuirfidh an ceannasaí gach iarratas ar phaitinn fé bhráid scrúdóra. |
[EN] | (2) Má thuairiscíonn an scrúdóir nách tuairisc cheart chothrom an tuairisc do tugadh ar chineál na cumadóireachta no nách sa tslí orduithe do hullamhuíodh an t-iarratas, an áireamhacht, no na tarraiceoireachtaí, no nách leor an méid atá sa teideal chun abhar na cumadóireachta do chur in úil, féadfidh an ceannasaí diúltú do ghlaca leis an iarratas no a éileamh go leasófí an t-iarratas, an áireamhacht, no na tarraiceoireachtaí roimh dhul ar aghaidh leis an iarratas do; agus sa chás deiridh sin, má orduíonn an ceannasaí é, isé am cólíonta an éilimh a cuirfar mar dháta ar an iarratas. | |
[EN] | (3) Má dhiúltuíonn an ceannasaí do ghlaca le hiarratas no má éilíonn sé leasú, féadfidh an t-iarratasóir athchomharc i gcoinnibh a bhreithe do dhéanamh chun an dlí-oifigigh, agus éistfe sé sin an t-iarratasóir agus an ceannasaí má héilítear san air, agus féadfa sé ordú do dhéanamh á shocrú ce'ca glacfar leis an iarratas no ná glacfar agus má glactar cadiad na coiníollacha (más ann dóibh) ar a nglacfar leis. | |
[EN] | (4) Nuair a bheidh glactha le hiarratas tabharfidh an ceannasaí fógra ina thaobh san don iarratasóir. | |
[EN] |
Cosaint shealadach. |
15. —Má glactar le hiarratas ar phaitinn maidir le cumadóireacht, féadfar, i rith na tréimhse idir dáta an iarratais agus dáta séaluithe na paitinne sin, an chumadóireacht d'úsáid agus d'fhoillsiú gan dochar don phaitinn a bheidh le deona i gcóir na cumadóireachta; agus cosaint shealadach a gairmtear san Acht so de chosaint den tsórt san ar a dtiocfadh as úsáid agus as foillsiú. |
[EN] |
An t-am chun áireamhacht iomlán d'fhágaint. |
16. —(1) Mara bhfágaidh an t-iarratasóir áireamhacht iomlán i dteanta a iarratais féadfa sé í d'fhágaint aon uair ina dhiaidh sin laistigh de naoi mí o dháta an iarratais: Ach má iarrtar faidiú ar an aimsir chun áireamhacht iomlán d'fhágaint déanfidh an ceannasaí, ar íoc na táille orduithe, faidiú aimsire, an méid do hiarradh, do dheona ach gan an faidiú san do bheith níos sia ná mí. |
[EN] | (2) Mara bhfágtar áireamhacht iomlán amhlaidh tuigfar an t-iarratas do bheith tréigthe. | |
[EN] |
Compráid idir áireamhacht shealadaigh agus áireamhacht iomláin. |
17. —(1) Má fágtar áireamhacht iomlán tar éis áireamhacht shealadach d'fhágaint, cuirfidh an ceannasaí an dá áireamhacht fé bhráid scrúdóra. |
[EN] | (2) Má thuairiscíonn an scrúdóir nách sa tslí orduithe do hullamhuíodh an áireamhacht iomlán, féadfidh an ceannasaí diúltú do ghlaca leis an áireamhacht iomláin go dtí go mbeidh sí leasuithe chun a shástachta. | |
[EN] | (3) Má thuairiscíonn an scrúdóir nách mar a chéile go substainteach an chumadóireacht ar a dtugtar tuairisc chruinn san áireamhacht iomláin agus an chumadóireacht a tuairiscítear san áireamhacht shealadaigh féadfidh an ceannasaí— | |
[EN] | (a) diúltú do ghlaca leis an áireamhacht iomláin go dtí go mbeidh sí leasuithe chun a shástachta; no | |
[EN] | (b) (le toil an iarratasóra) an áireamhacht shealadach do chur ar nea-mbrí agus an t-iarratas d'áireamh mar iarratas do dineadh ar an dáta ar ar fágadh an áireamhacht iomlán, agus beidh éifeacht ag an iarratas fé is dá mb'ar an dáta san a déanfí é: | |
[EN] | Ach má bhíonn san áireamhacht iomláin cumadóireacht ná fuil san áireamhacht shealadaigh, féadfidh an ceannasaí a lomháil don bhun-iarratas dul ar aghaidh chó fada is bhaineann leis an gcumadóireacht atá san áireamhacht shealadaigh agus san áireamhacht iomláin, agus a lomháil iarratas i dtaobh na cumadóireachta breise atá san áireamhacht iomláin do dhéanamh agus d'áireamh mar iarratas do dineadh i dtaobh na cumadóireachta san ar an dáta ar ar fágadh an áireamhacht iomlán. | |
[EN] | (4) Luighfidh athchomharc chun an dlí-oifigigh i gcoinnibh breithe an cheannasaí fén alt so agus éistfidh an dlí-oifigeach an t-iarratasóir agus an ceannasaí má héilítear san air, agus féadfa sé ordú do dhéanamh á shocrú ce'ca glacfar leis an áireamhacht iomláin no ná glacfar agus má glactar cadiad na coiníollacha (más ann dóibh) ar a nglacfar léi. | |
[EN] |
An t-am chun glaca le háireamhacht iomláin. |
18. —(1) Mara nglactar le háireamhacht iomláin laistigh de thréimhse chúig mí dhéag o dháta an iarratais no, má faidítear an tréimhse sin fén alt so, roimh dheire an fhaidithe dheiridh ar an tréimhse sin, raghaidh an t-iarratas ar nea-mbrí ar bheith caithte don tréimhse sin no don fhaidiú san uirthi (pe'ca aca é). |
[EN] | (2) In aon chás ina raibh iarratas ar phaitinn Bhriotáinigh ar feitheamh nuair do fágadh an áireamhacht iomlán féadfidh an ceannasaí, gan íoc aon táille, pé faidiú no sreath d'fhaidithe ar an tréimhse sin chúig mí dhéag is oiriúnach leis do dheona, ach ní deonfar aon fhaidiú den tsórt san mara n-iarrtar é roimh dheire na tréimhse sin no an fhaidithe dheiridh roimhe sin uirthi (pe'ca aca é). | |
[EN] | (3) In aon chás ná tagann fén bhfo-alt san roimhe seo déanfidh an ceannasaí, ar a iarraidh sin air agus ar íoc na táille orduithe roimh dheire na tréimhse sin chúig mí dhéag, pé faidiú ar an tréimhse sin chúig mí dhéag a hiarrfar amhlaidh do dheona ach gan a bheith níos sia ná trí mhí. | |
[EN] | (4) I gcás athchomharc i gcoinnibh breithe a thug an ceannasaí maidir leis an áireamhacht iomláin do bheith ar feitheamh ar bheith caithte don tréimhse sin chúig mí dhéag no d'aon fhaidiú uirthi do dineadh fén alt so, deonfidh an ceannasaí ar a iarraidh sin air aon uair, agus gan íoc aon táille, faidiú no ath-fhaidiú (pe'ca aca é) ar an tréimhse sin go ceann lá is fiche tar éis na breithe deiridh ar an athchomharc san. | |
[EN] |
Scríbhinní bheidh i dteanta áireamhacht. |
19. —(1) Ní foláir ráiteas do bheith i dteanta gach áireamhachta sealadaighe i dtaobh ce'ca d'iarr an t-iarratasóir paitinn Bhriotáineach don chumadóireacht a tuairiscítear san áireamhacht san no nár iarr agus, marar iarr, ráiteas eile i dtaobh ce'ca tá sé chun san d'iarraidh no ná fuil. |
[EN] | (2) Ní foláir ráiteas do bheith i dteanta gach áireamhachta iomláine i dtaobh ce'ca d'iarr an t-iarratasóir paitinn Bhriotáineach don chumadóireacht a héilítear san áireamhacht no nár iarr agus, má iarr, ráiteas eile i dtaobh ce'ca do géilleadh don iarratas san no tá sé ar feitheamh fós no do diúltuíodh do ghéille dho. | |
[EN] | (3) Aon áireamhacht iomlán go mbeidh ráiteas ina teanta á rá nár hiarradh paitinn Bhriotáineach don chumadóireacht, beidh ina teanta, leis, dearbhú reachtúil do dhin duine atá cláruithe sa chlár de ghníomhairí paitinne a bheidh á chimeád fén Acht so no sa chlár de ghníomhairí paitinne atá á chimeád i Lundain no sa chlár de chléirigh a bheidh á chimeád fén Acht so á rá gur dhin sé cuardach agus fiosrú san Oifig no in Oifig na bPaitinneacha i Lundain, no in áit éigin eile a bhí údaruithe chuige sin de thurus na huaire le rialacha do dineadh fén Acht so, chun a fháil amach ar dineadh an chumadóireacht a héilítear san áireamhacht iomláin d'éileamh no do thuairisciú i bpáirt no go hiomlán in aon áireamhacht (seachas áireamhacht shealadach nár tháinig áireamhacht iomlán ina diaidh) do foillsíodh roimh dháta an iarratais agus do fágadh in Oifig na bPaitinneacha i Lundain do réir iarratais, ar phaitinn sa Ríocht Aontuithe a bhí ann le déanaí, do dineadh i rith na tréimhse dar thosach caoga bliain roimh an iarratas fén Acht so agus dar chríoch dáta tosach feidhme na Coda so den Acht so, agus gur deimhin leis, de bharr an chuardaigh agus an fhiosruithe sin nár dineadh an chumadóireacht san d'éileamh ná do thuairisciú i bpáirt ná go hiomlán in aon áireamhacht den tsórt san do foillsíodh agus do fágadh mar adubhradh. | |
[EN] | (4) Aon áireamhacht iomlán go mbeidh ráiteas ina teanta á rá gur hiarradh agus gur deonadh paitinn Bhriotáineach don chumadóireacht a héilítear san áireamhacht, beidh ina teanta cóip dheimhnithe den áireamhacht iomláin, gur dá druim a deonadh an phaitinn Bhriotáineach san, agus fós an cruthúnas orduithe gur ghlac Comptroller-General Oifig na bPaitinneacha i Lundain leis an áireamhacht deiridh sin a luaidhtear. | |
[EN] | (5) Pé uair a bheidh ráiteas i dteanta áireamhachta iomláine á rá gur hiarradh paitinn Bhriotáineach don chumadóireacht agus go bhfuil an t-iarratas san ar feitheamh fós, ansan, má ghlacann Comptroller-General Oifig na bPaitinneacha i Lundain leis an áireamhacht iomláin do fágadh in Oifig na bPaitinneacha i Lundain do réir an iarratais ar an bpaitinn Bhriotáinigh, déanfidh an t-iarratasóir cóip dheimhnithe den áireamhacht iomláin deiridh sin a luaidhtear, maraon leis an gcruthúnas orduithe gur ghlac an Comptroller-General san leis an áireamhacht san, do lóisteáil laistigh de mhí tar éis an ghlactha san. | |
[EN] | (6) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo (nuair a bhainid leis an gcás) ní ghlacfidh an ceannasaí le háireamhacht shealadaigh ná le háireamhacht iomláin mara mbeidh ná go dtí go mbeidh forálacha na bhfo-alt san roimhe seo den alt so cólíonta (sa mhéid go mbainid leis an gcás). | |
[EN] | (7) I gcás— | |
[EN] | (a) ina mbeidh ráiteas in áireamhacht iomláin á rá gur hiarradh paitinn Bhriotáineach don chumadóireacht agus go bhfuil an t-iarratas san ar feitheamh fós, agus | |
[EN] | (b) ina ndiúltófar do ghéille don iarratas san, | |
[EN] | tabharfidh an t-iarratasóir fógra don cheannasaí i dtaobh an diúltuithe sin agus leis sin diúltóidh an ceannasaí do ghlaca leis an iarratas mara gcruthuighidh agus go dtí go gcruthóidh an t-iarratasóir— | |
[EN] | (i) leis an bhfianaise orduithe gur tugadh an diúltú san ar scóranna eile seachas ar an scór gur dineadh an chumadóireacht a héilítear san áireamhacht iomláin d'éileamh no do thuairisciú i bpáirt no go hiomlán in aon áireamhacht (seachas áireamhacht shealadach nár tháinig áireamhacht iomlán ina diaidh) do foillsíodh roimh dháta an iarratais agus do fágadh in Oifig na bPaitinneacha i Lundain do réir iarratais, ar phaitinn sa Ríocht Aontuithe a bhí ann le déanaí, do dineadh i rith na tréimhse dar thosach caoga bliain roimh an iarratas agus dar chríoch dáta tosach feidhme na Coda so den Acht so, agus | |
[EN] | (ii) le dearbhú reachtúil den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (3) den alt so, nár dineadh an chumadóireacht d'éileamh i bpáirt ná go hiomlán in aon áireamhacht den tsórt a luaidhtear sa mhír sin (i) roimhe seo. | |
[EN] | (8) Má dhiúltuíonn an ceannasaí fén bhfo-alt san roimhe seo do ghlaca le hiarratas féadfar athchomharc do dhéanamh chun an dlí-oifigigh i gcoinnibh an diúltuithe sin. | |
[EN] |
Fiosrú maidir le háireamhachtaí do foillsíodh roimh iarratas. |
20. —(1) Má dintar iarratas ar phaitinn agus má fágtar áireamhacht iomlán, ansan, i dteanta na bhfiosruithe eile a orduíonn an tAcht so dho do dhéanamh, déanfidh an scrúdóir fiosrú eile chun a fháil amach ar dineadh an chumadóireacht a héilítear san áireamhacht d'éileamh no do thuairisciú i bpáirt no go hiomlán in aon áireamhacht (seachas áireamhacht shealadach nár tháinig áireamhacht iomlán ina diaidh) do foillsíodh roimh dháta an iarratais agus do fágadh do réir aon iarratais ar phaitinn do dineadh i Saorstát Éireann fén Acht so. |
[EN] | (2) Má chítar de bharr fiosruithe gur dineadh an chumadóir eacht d'éileamh no do thuairisciú i bpáirt no go hiomlán in aon áireamhacht den tsórt san, cuirfar san in úil don iarratasóir, agus féadfidh an t-iarratasóir, laistigh de pé aimsir a hordófar, a áireamhacht do leasú, agus déanfar fiosrú maidir leis an áireamhacht leasuithe fé mar a dineadh maidir leis an mbun-áireamhacht. | |
[EN] | (3) Más deimhin leis an gceannasaí ná fuil agóid i gcoinnibh na háireamhachta ar an scór gur dineadh an chumadóireacht a héilítear inti d'éileamh no do thuairisciú i bpáirt no go hiomlán in áireamhacht roimhe sin mar adubhradh cheana, glacfa sé leis an áireamhacht mara mbeidh aon scór dleathach eile ann chun cur ina coinnibh. | |
[EN] | (4) Maran deimhin leis an gceannasaí an méid sin déanfa sé, mara gcuirtar an agóid ar neamh-ní tríd an áireamhacht do leasú chun sástachta an cheannasaí, a shocrú ar cheart tagairt do dhéanamh san áireamhacht d'aon áireamhachtaí roimhe sin mar fhógra don phuiblíocht agus, más ceart, cadiad na háireamhachtaí iad: | |
[EN] | Ach más deimhin leis an gceannasaí gur dineadh an chumadóireacht a héilítear d'éileamh go hiomlán agus ar leithligh in aon áireamhacht le n-ar bhain an fiosrú, féadfa sé diúltú do phaitinn do dheona in ionad a cheangal go ndéanfaí tagairtí in áireamhacht an iarratasóra mar adubhradh. | |
[EN] | (5) Luighfidh athchomharc chun an dlí-oifigigh i gcoinnibh breithe an cheannasaí fén alt so. | |
[EN] |
Fiosrú maidir le háireamhachtaí do foillsíodh tar éis iarratais. |
21. —(1) I dteanta an fhiosruithe fén alt dheiridh sin roimhe seo, déanfidh an scrúdóir fiosrú chun a fháil amach ar dineadh an chumadóireacht a héilítear d'éileamh i bpáirt no go hiomlán in aon áireamhacht do foillsíodh ar dháta an iarratais no ina dhiaidh sin agus do lóisteáladh do réir iarratais roimh an iarratas san. |
[EN] | (2) Má chítar de bharr an fhiosruithe bhreise sin gur dineadh an chumadóireacht a héilítear d'éileamh i bpáirt no go hiomlán in aon áireamhacht den tsórt san, tabharfar don iarratasóir, pe'ca dineadh no nár dineadh glaca le n-a áireamhacht no paitinn do dheona dho, pé saoráidí a hordófar chun a áireamhacht do leasú, agus má theipeann air san do dhéanamh déanfidh an ceannasaí, do réir pé nós-imeachta a hordófar, a shocrú cadé an tagairt ba cheart, más ceart aon tagairt, do dhéanamh ina áireamhacht d'áireamhachtaí eile mar fhógra don phuiblíocht. | |
[EN] | (3) Chun crícheanna an ailt seo tuigfar iarratas do theacht roimh iarratas eile más rud é go mbeadh ar an bpaitinn a hiarradh, nuair a deonfí í, dáta roimh dháta na paitinne do deonfí do réir an iarratais eile sin. | |
[EN] | (4) Luighfidh athchomharc chun an dlí-oifigigh i gcoinnibh breithe an cheannasaí fén alt so. | |
[EN] | (5) Na fiosruithe agus na tuarasgabhála is gá do réir an ailt seo agus an ailt dheiridh sin roimhe seo ní tuigfar go ndinid urraíocht in aon tslí ar dhleathacht aon phaitinne, agus ní raghaidh an tAire ná an ceannasaí ná aon oifigeach don Aire no don cheannasaí fé aon fhiachas de bhíthin ná i dtaobh aon fhiosruithe ná tuarasgabhála den tsórt san ná de bhíthin ná i dtaobh aon imeachta a thiocfidh asta. | |
[EN] |
Fógairt ar ghlaca le háireamhacht iomláin. |
22. —Ar ghlaca leis an áireamhacht iomláin fógróidh an ceannasaí an glaca; agus beidh an t-iarratas agus na háireamhachtaí. maraon leis na tarraiceoireachtaí (más ann dóibh), le feiscint ag an bpuiblíocht chun iad d'iniúcha. |
[EN] |
An éifeacht a bheidh le glaca le háireamhacht iomláin. |
23. —Tar éis glaca le háireamhacht iomláin, agus go dtí dáta séaluithe paitinne maidir léi no go dtí go mbeidh an aimsir chun séaluithe caithte, beidh ag an iarratasóir na pribhléidí agus na cirt chéanna do bheadh aige dá séaluítí paitinn don chumadóircacht ar an dáta ar ar glacadh leis an áireamhacht iomláin Ach ní bheidh iarratasóir i dteideal aon imeachta do bhunú mar gheall ar shárú go dtí go ndeonfar paitinn don chumadóireacht do. |
[EN] |
Cur i gcoinnibh paitinn do dheona. |
24. —(1) Aon uair laistigh de dhá mhí ón dáta ar a bhfógrófar go bhfuil glactha le háireamhacht iomláin féadfidh éinne fógra do thabhairt san Oifig ar fhreasabhra i gcoinnibh deona na paitinne ar aon scór acu so a leanas ach ní har aon scór eile:— |
[EN] | (a) go bhfuair an t-iarratasóir an chumadóireacht ón bhfreasabhraí, no o dhuine darb ionadaí dlíthiúil é; no | |
[EN] | (b) gur foillsíodh an chumadóireacht in aon áireamhacht iomláin, no in aon áireamhacht shealadaigh gur tháinig áireamhacht iomlán ina diaidh, a lóisteáladh in Oifig na bPaitinneacha i Lundain do réir iarratais do dineadh san Oifig sin laistigh de thréimhse dar thosach caoga bliain roimh dháta an iarratais ar an bpaitinn 'na bhfuiltar ag cur i gcoinnibh í do dheona agus dar chríoch dáta tosach feidhme na Coda so den Acht so; no | |
[EN] | (c) gur dineadh, roimh dháta an iarratais, an chumadóireacht d'fhoillsiú, i n-aon áireamhacht iomláin, no in aon áireamhacht shealadaigh gur tháinig áireamhacht iomlán ina diaidh, a lóisteáladh san Oifig do réir iarratais do dineadh fén Acht so. no gur cuireadh ar fáil don phuiblíocht í tré n-a foillsiú, roimh dháta an iarratais, in aon scríbhinn (seachas aon áireamhacht den tsórt a luaidhtear sa chlás so no aon áireamhacht Bhriotáineach do foillsíodh roim thosach feidhme na Coda so den Acht so) do foillsíodh i Saorstát Éireann no do foillsíodh, roimh bhunú Shaorstáit Éireann, sa Ríocht Aontuithe a bhí ann le déanaí; no | |
[EN] | (d) gur héilíodh an chumadóireacht in aon áireamhacht iomláin ar phaitinn i Saorstát Éireann agus, cé ná raibh an áireamhacht foillsithe ar dháta an iarratais ar an bpaitinn 'na bhfuiltar ag cur i gcoinnibh í do dheona, gur lóisteáladh í do réir iarratais ar phaitinn ar a bhfuil no ar a mbeidh dáta is luatha ná dáta na paitinne sin; no | |
[EN] | (e) nách leor no nách ceart cothrom an tuairisc agus an deimhniú a tugtar san áireamhacht iomláin ar chineál na cumadóireachta no ar an slí ina bhfuil sí le cur i ngníomh; no | |
[EN] | (f) gur cumadóireacht eile seachas an ceann a tuairiscítear san áireamhacht shealadaigh an chumadóireacht a tuairiscítear no a héilítear san áireamhacht iomláin agus go bhfuil an chumadóireacht eile sin ina habhar d'iarratas do dhin an freasabhraí san am idir fágaint na háireamhachta sealadaighe agus fágaint na háireamhachta iomláine; no | |
[EN] | (g) i gcás iarratais ar phaitinn do dineadh fé fhorálacha fo-alt (1) no fo-alt (2) d'alt 12 (alt a bhaineann le hiarrataisí ar phaitinneacha i gcásanna áirithe) den Acht so, nách ionann an chumadóireacht a héilítear no a tuairiscítear san áireamhacht iomláin agus an chumadóireacht dob abhar don iarratas chun an Aire um Ghnóthaí Fearachais do Rialtas Shealadach na hÉireann a bhí ann le déanaí no chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála do Shaorstát Éireann no dob abhar don chosaint sa tiarnas Bhriotáineach no sa stát choigríoch (pe'ca aca é); no | |
[EN] | (h) i gcás iarratais fé sna forálacha den Acht so a bhaineann le paitinneacha coigríocha agus le paitinneacha i dtiarnaisí Briotáineacha, gur cumadóireacht eile seachas an ceann dar hiarradh cosaint sa stát choigríoch no sa tiarnas Bhriotáineach an chumadóireacht a tuairiscítear no a héilítear san áireamhacht agus go bhfuil an chumadóireacht eile sin ina habhar d'iarratas do dhin an freasabhraí san am idir fágaint an iarratais sa stát choigríoch no sa tiarnas Bhriotáineach agus fágaint an iarratais i Saorstát Éireann. | |
[EN] | (2) Má tugtar fógra den tsórt san tabharfidh an ceannasaí fógra don iarratasóir ar an bhfreasabhra agus, ar bheith caithte don dá mhí sin, tar éis an t-iarratasóir agus an freasabhraí d'éisteacht más mian leo go n-éistfí iad, tabharfa sé breith ar an gcás. | |
[EN] | (3) Féadfar athchomharc do dhéanamh chun an dlí-oifigigh i gcoinnibh breithe an cheannasaí agus, má héilítear san ar an dlí-oifigeach, éistfe sé an t-iarratasóir agus an freasabhraí, más dó leis gur duine é an freasabhraí atá i dteideal go n-éistfí é i gcoinnibh na paitinne do dheona, agus tabharfa sé breith ar an gcás; agus féadfidh an dlí-oifigeach, más oiriúnach leis é, congnamh d'fháil o eolgach agus íocfar leis an eolgach san pé luach saothair a shocróidh an dlí-oifigeach le toiliú an Aire Airgid. | |
[EN] |
Deona agus séalú paitinne. |
25. —(1) Mara mbeidh aon fhreasabhra ann no más rud é, i gcás freasabhra do bheith ann, go mbeidh an socrú i bhfabhar do phaitinn do dheona, déanfar, ar íoc na táille orduithe, paitinn do dheona don iarratasóir no, i gcás có-iarratais, do sna hiarratasóirí le chéile, agus cuirfidh an ceannasaí fé ndeár an phaitinn do shéalú le n-a shéala oifigiúil: |
[EN] | Ach— | |
[EN] | (a) má chó-aontuigh iarratasóir i scríbhinn paitinn do shanna do pháirtí eile no do chó-iarratasóir nuair a deonfí í, agus má dhiúltuíonn sé do dhul ar aghaidh leis an iarratas; no | |
[EN] | (b) má eiríonn aighnis idir có-iarratasóirí i dtaobh dul ar aghaidh le hiarratas; | |
[EN] | féadfidh an ceannasaí, ar an gcó-aontú san do bheith cruthuithe chun a shástachta no más deimhin leis gur cheart leigint do chóiarratasóir no do chó-iarratasóirí dhíobh san dul ar aghaidh go haonaránach leis an iarratas, leigint don pháirtí eile sin no don chó-iarratasóir sin dul ar aghaidh leis an iarratas, agus féadfa sé paitinn do dheona dho, ach san i slí ámh go mbeidh ag gach páirtí le n-a mbaineann an scéal teideal chun éisteacht d'fháil i láthair an cheannasaí, agus luighfidh athchomharc chun an dlíoifigigh i gcoinnibh breithe an cheannasaí fén bprovísó so. | |
[EN] | (2) Séalófar paitinn chó luath agus is féidir é, agus ní tar éis ocht mí dhéag o dháta an iarratais: | |
[EN] | Ach— | |
[EN] | (a) má lomháil an ceannasaí faidiú ar an aimsir in ar féidir áireamhacht iomlán d'fhágaint no glaca léi, lomhálfar, chun an phaitinn do shéalú, faidiú eile de cheithre mhí tar éis an ocht mí dhéag san; | |
[EN] | (b) má moillítear an séalú tré athchomharc chun an dlíoifigigh no tré freasabhra i gcoinnibh deona na paitinne, féadfar an phaitinn do shéalú pé uair a ordóidh an dlí-oifigeach no an ceannasaí, pe'ca aca é, chuige sin; | |
[EN] | (c) má deontar an phaitinn d'ionadaí dhlíthiúil iarratasóra do fuair bás roimh dheire na haimsire do lomhálfí, mara mbeadh san, chun an phaitinn do shéalú, féadfar an phaitinn do shéalú aon uair laistigh de bhliain tar éis dáta a bháis; | |
[EN] | (d) má bhí iarratas ar phaitinn Bhriotáinigh ar feitheamh nuair do lóisteáladh an áireamhacht iomlán, féadfidh an ceannasaí, gan íoc aon táillí d'éileamh, pé tréimhse no tréimhsí is oiriúnach leis do chur leis an aimsir a lomháltar leis an alt so chun an phaitinn do shéalú, | |
[EN] | (e) más rud é, ar aon chúis, nách féidir paitinn do shéalú laistigh den tréimhse a lomháltar leis an alt so féadfar, ar íoc na táille orduithe agus ar chólíona na gcoiníollacha orduithe, pé méid a hordófar do chur leis an tréimhse sin. | |
[EN] |
Iarratas do tréigeadh no do chuaidh ar nea-mbrí. |
26. —Má dineadh iarratas ar phaitinn do thréigint no má chuaidh sé ar nea-mbrí, ansan, na háireamhachtaí agus na tar raiceoireachtaí (más ann dóibh) do bhí i dteanta an iarratais sin no do fágadh mar gheall air, ní bheid le feiscint aon uair ag an bpuiblíocht chun iad d'iniúcha ná ní fhoillseoidh an ceannasaí iad ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an Acht so. |
[EN] |
Dáta paitinne. |
27. —Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an Acht so, dátófar agus séalófar paitinn fé dháta an iarratais: Ach ní bunófar aon imeachta mar gheall ar shárú do dineadh sarar glacadh leis an áireamhacht iomláin. |
[EN] |
Eifeacht agus fuirm paitinne. |
28. —(1) Gach paitinn a deonfar fén Acht so agus a séalófar le séala oifigiúil an cheannasaí oibreoidh sí agus beidh éifeacht aici, agus déarfa sí go n-oibreoidh sí agus go mbeidh éifeacht aici, fé réir forálacha an Achta so— |
[EN] | (a) chun an ceart, an comhacht agus an t-údarás iomlán, aonda agus ar leithligh do bhronna ar an té dá ndeontar an phaitinn, ar a sheiceadúirí, ar a riarthóirí agus ar a shannaithe (dá ngairmtear le chéile sa bhfo-alt so an deonaí) maidir leis an gcumadóireacht go bhfuil an phaitinn á deona ina taobh do dhéanamh, d'úsáid, d'fheidhmiú agus do dhíol i Saorstát Éireann ag an deonaí féin no tré n-a ghníomhairí no a cheadúnaithe agus san gach tráth faid a leanfidh an phaitinn i bhfeidhm; | |
[EN] | (b) chun an ceart aonda do bhronna ar an deonaí chun an phroifit agus an bhuntáiste ar fad a thiocfidh o am go ham de bharr na cumadóireachta san do bheith aige chun tairfe dho féin i rith pé tréimhse a leanfidh an phaitinn i bhfeidhm; | |
[EN] | (c) chun gach duine pé hé féin i Saorstát Éireann do chosc faid a leanfidh an phaitinn i bhfeidhm ar an gcumadóireacht san no aon chuid di d'úsáid no do chur i ngníomh, no ar aithris do dhéanamh ar an gcéanna in aon tslí, no ar a rá no a leigeant air in aon tslí gurb é féin a dhin an chumadóireacht san do chuma no an chumadóireacht san fé aon bhreisiú no fé aon laigheadú do chuma gan cead, ceadúnas no aontú an deonaí do bheith aige chuige sin i scríbhinn fé láimh agus fé shéala an deonaí; | |
[EN] | (d) chun gach duine a dhéanfidh, i Saorstát Éireann, faid a leanfidh an phaitinn i bhfeidhm, sárú in aon tslí ar aon cheart, comhacht no údarás adeirtear sa phaitinn a bheith bronnta tríthi ar an deonaí no a dhéanfidh aon ghníomh, rud no ní adeirtear sa phaitinn a bheith toirmiscithe tríthi a dhéanamh, chun gach duine den tsórt san do dhéanamh freagarthach do réir dlí don deonaí sa sárú san no i ndéanamh an ghnímh, an ruda no an ní sin. | |
[EN] | (2) Is sa bhfuirm orduithe a bheidh gach paitinn agus is i gcóir aon chumadóireachta amháin a deonfar í, ach féadfidh níos mó ná aon éileamh amháin a bheith san áireamhacht; agus ní bheidh sé i gcumas éinne in aicsean no in imeacht eile aon agóid do dhéanamh maidir le paitinn ar an scór gur i gcóir níos mó ná aon chumadóireacht amháin do deonadh í. | |
[EN] |
Eifeacht phaitinneacha Briotáineacha atá ar bith. |
29. —(1) Beidh ag gach paitinn do deonadh ag Oifig na bPaitinneacha i Lundain roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so agus tuigfar go raibh riamh aici, i Saorstát Éireann, ar feadh na tréimhse idir an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, no dáta na paitinne sin (pe'ca aca is déanaí) agus tosach feidhme na Coda so den Acht so, an fheidhm agus an éifeacht chéanna do bhí ag an bpaitinn sin ar feadh na tréimhse sin sa Bhreatain Mhóir, ach o thosach feidhme na Coda so den Acht so amach tuigfar gach paitinn den tsórt san (d'ainneoin dáta roimh dháta rithte an Achta so no roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so do bheith uirthi) do bheith ina paitinn do deonadh fén Acht so fén dáta atá ar an bpaitinn sin agus beidh aici i Saorstát Éireann, ar theacht i bhfeidhm don Chuid seo den Acht so, an fheidhm agus an éifeacht chéanna do bhí ag an bpaitinn sin sa Bhreatain Mhóir díreach roimh an tosach feidhme sin agus beidh aici agus beidh uirthi as san amach gach pribhléid, fiachas, agus fo-rud a bronntar no a forchuirtar leis an Acht so, no ar aon tslí eile le dlí, ar phaitinneacha a deonfar fén Acht so. |
[EN] | (2) Ní bheidh aon táillí iníoctha fén Acht so, ar aon phaitinn den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo, in aghaidh éinní do dineadh ná aon tréimhse aimsire do bhí caithte roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, ach ar gach paitinn den tsórt san, in aghaidh gach ní do dineadh agus gach tréimhse aimsire a bheidh caithte tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, beidh na táillí céanna-iníoctha do bheadh iníoctha dá mba phaitinn a deonfí fén Acht so ar an dáta atá uirthi an phaitinn sin agus san d'ainneoin an dáta san do theacht roimh dháta rithte an Achta so no roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so. | |
[EN] | (3) Gach paitinn a deonfar ag Oifig na bPaitinneacha i Lundain tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so agus dáta lae éigin roimh an tosach feidhme sin mar dháta uirthi tuigfar (d'ainneoin dáta roimh dháta rithte an Achta so no roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so do bheith uirthi) gur paitinn í do deonadh fén Acht so fén dáta atá ar an bpaitinn sin agus dá réir sin beidh ag gach paitinn den tsórt san, i Saorstát Éireann, an fheidhm agus an éifeacht chéanna do bheadh aici dá mba fén Acht so, fén dáta atá uirthi, a deonfí í ach beidh aici agus beidh uirthi gach pribhléid, fiachas, agus fo-rud a bronntar no a forchuirtar leis an Acht so ar phaitinneacha a deonfar fén Acht so. | |
[EN] | (4) Ní bheidh aon táillí iníoctha fén Acht so, ar aon phaitinn den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san atá díreach roimhe seo, in aghaidh éinní do dineadh ná aon tréimhse aimsire do bhí caithte sarar deonadh an phaitinn go hachtúil, ach ar gach paitinn den tsórt san, in aghaidh gach ní do dineadh agus gach tréimhse aimsire a bheidh caithte tar éis deona achtúil na paitinne sin, beidh na táillí céanna iníoctha do bheadh iníoctha ar an bpaitinn sin dá mba phaitinn a deonfí fén Acht so ar an dáta atá uirthi an phaitinn sin agus san d'ainneoin an dáta san do theacht roimh dháta rithte an Achta so no roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so. | |
[EN] | (5) I ngach cás in ar ghlac Comptroller-General Oifig na bPaitinneacha i Lundain le háireamhacht iomláin roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so (pe'ca roimh rith an Achta so e no dá éis sin) agus nár dineadh an phaitinn dá réir do shéalú agus ná beidh an aimsir chun an séaluithe sin caithte i dtosach feidhme na Coda so den Acht so beidh ag iarratasóir na paitinne sin, ar feadh na haimsire idir dáta an ghlactha sin no an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921 (pe'ca dáta acu is déanaí) agus séalú na paitinne no deire na haimsire chun séaluithe, agus tuigfar go raibh riamh aige, na pribhléidí agus na cirt chéanna i Saorstát Éireann do bheadh aige dá ndeontí paitinn i gcóir na cumadóireachta dho fén Acht so ar an dáta ar ar iarr sé an phaitinn sin ar Oifig na bPaitinneacha i Lundain agus san d'ainneoin an dáta deiridh sin a luaidhtear do theacht roimh dháta rithte an Achta so no roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, ach ní bheidh an t-iarratasóir sin i dteideal aon imeachta do bhunú i Saorstát Éireann mar gheall ar shárú go dtí go ndeonfar do i gcóir na cumadóireachta paitinn a tuigtar, de bhua an ailt seo, do bheith ina paitinn do deonadh fén Acht so. | |
[EN] | (6) Ní bheidh aon táillí ionfhálta san Oifig maidir le haon phaitinn den tsórt a luaidhtear san alt so mara ndintar ná go dtí go ndéanfar cóipeanna deimhnithe de sna hiontrála sa chlár Bhriotáineach a bhaineann leis an bpaitinn do thabhairt don cheannasaí chun a gcláruithe agus cóip den áireamhacht iomláin ar ar deonadh an phaitinn Bhriotáineach do lóisteáil leis an gceannasaí ach má dintar teip i lóisteáil na gcóipeanna san ní shaorfidh an teip sin an t-iarratasóir o oblagáid íoctha aon táillí ná o n-a dtiocfadh de dheascaibh a neamh-íoctha. | |
[EN] | (7) An té is sealbhóir paitinne a tuigtar, de bhua an ailt seo, do bheith ina paitinn do deonadh fén Acht so ní bheidh sé i dteideal aon phaitinn eile d'iarraidh, ná í do dheona dho, fén Acht so i gcóir na cumadóireachta gur deonadh ina cóir an chéad phaitinn sin a luaidhtear. | |
[EN] |
Iarrataisí calaoiseacha ar phaitinneacha. |
30. —(1) Aon phaitinn do deonadh don té is fíor-chumadóir agus is céad-chumadóir ní déanfar nea-dhleathach í tré iarratas a déanfar tré chalaois air, ná tré chosaint shealadach do fuarthas de bharr an iarratais sin, ná tríd an gcumadóireacht d'úsáid no d'fhoillsiú ar aon tslí tar éis an iarratais chalaoisigh sin i rith tréimhse na cosanta sealadaighe. |
[EN] | (2) Má dhineann an chúirt paitinn do cheiliúra ar an scór gur tré chalaois ar an té is fíor-chumadóir agus is céad-chumadóir do fuarthas í, no má diúltuíodh d'í do dheona no má ceiliúradh an deona ar an scór go bhfuair an t-iarratasóir no an paitinní an chumadóireacht o dhuine eile, féadfidh an ceannasaí, ar iarratas do dhéanamh don fhíor-chumadóir do réir forálacha an Achta so, paitinn do dheona dho i gcóir na cumadóireachta go hiomlán no i gcóir aon pháirte dhi in ionad agus fé dháta na paitinne do ceiliúradh amhlaidh, no fén dáta do bheadh ar an bpaitinn dá mba ná diúltófí d'í do dheona: | |
[EN] | Ach ní bunófar aon aicsean mar gheall ar aon tsárú ar an bpaitinn do deonadh amhlaidh más roimh an dáta achtúil ar ar deonadh an phaitinn sin do dineadh an sárú. | |
[EN] |
Aon phaitinn amháin do chumadóireachtaí gaolmhara. |
31. —(1) Má bhíonn an t-aon iarratasóir amháin tar éis dhá áireamhacht shealadacha no níos mó do chur isteach do chumadóireachtaí atá gaolmhar le n-a chéile no ná fuil ionta ach atharuithe ar a chéile, agus tar éis cosaint shealadach chó-reathach d'fháil dóibh sa tslí sin, agus gur dó leis an gceannasaí na cumadóireachtaí sin go hiomlán do bheith de shaghas go ndinid suas aon chumadóireacht amháin agus gur féidir, le ceart, iad do chur in aon phaitinn amháin, féadfa sé glaca le haon áireamhacht iomláin amháin in aghaidh iomlán na n-iarratas san agus aon phaitinn amháin do dheona dá réir. |
[EN] | (2) Beidh an phaitinn sin fé dháta an iarratais is luatha acu san ach, ag breithniú dleathacht na paitinne sin agus ag socrú ceisteanna eile fén Acht so dhóibh, déanfidh an chúirt no an ceannasaí, pe'ca aca é, aire do thabhairt do dhátaí fé seach na n-áireamhacht sealadach a bhaineann leis na nithe uile agus fé seach a tuairiscítear sa phaitinn sin. | |
[EN] |
Téarma paitinne. |
32. —Isé téarma feidhme a ceapfar i ngach paitinn don phaitinn sin ná sé bliana déag o n-a dáta ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an Acht so. |
[EN] |
Cad a thiocfidh as neamh-íoc táillí. |
33. —(1) D'ainneoin éinní in aon phaitinn áirithe no san Acht so, raghaidh an phaitinn sin in éag má theipeann agus pé uair a theipfidh ar an bpaitinní táille bheidh orduithe ina taobh d'íoc laistigh den aimsir orduithe no, má faidítear an aimsir sin fén alt so, laistigh den fhaidiú san na haimsire sin. |
[EN] | (2) Ar a iarraidh sin air aon uair don phaitinní fé phaitinn Bhriotáinigh go dtuigtar, de bhua an Achta so, gur fén Acht so do deonadh í, agus gan íoc aon táille breise, féadfidh an ceannasaí aon tréimhse nách sia ná sé mhí o thosach feidhme na Coda so den Acht so do chur leis an aimsir orduithe chun íoctha na céad tháille a thiocfidh chun bheith iníoctha fén Acht so maidir leis an bpaitinn Bhriotáinigh sin. | |
[EN] | (3) In aon chás ná bainfidh an fo-alt san roimhe seo leis déanfidh an ceannasaí, ar a iarraidh sin don phaitinní aon uair agus tar éis don phaitinní pé táille bhreise a hordófar d'íoc, pé tréimhse nách sia ná ráithe agus a hiarrtar amhlaidh do chur leis an aimsir orduithe chun íoctha aon táille bheidh orduithe maidir le haon phaitinn. | |
[EN] | (4) Má bunuítear aon imeacht mar gheall ar shárú do dineadh ar an bpaitinn tar éis a theip ar an bpaitinní aon táille áirithe d'íoc laistigh den aimsir orduithe, agus sarar dineadh aon mhéadú ar an aimsir sin, féadfidh an chúirt go mbunófar an imeacht ina láthair diúltú, más oiriúnach léi é, d'aon damáistí de mhola in éiric an tsáruithe sin. | |
[EN] |
Téarma paitinne d'fhaidiú. |
34. —(1) Tar éis do phaitinní a fhógairt sa tslí a foráltar le rialacha na cúirte go bhfuil sé chun a dhéanta féadfa sé achuinge do thíolaca don chúirt á iarraidh go bhfaideofí tréimhse a phaitinne go ceann téarma eile, ach ní foláir an achuinge sin do thíolaca sé mhí ar a laighead roimh an am a bheidh ceaptha chun an phaitinn do dhul in éag: |
[EN] | Ach féadfidh an chúirt, más rogha léi é, an tréimhse sin d'fhaidiú gur féidir a leithéid sin d'achuinge do thíolaca laistigh di. | |
[EN] | (2) Féadfidh éinne fógra do thabhairt don chúirt i dtaobh agóide maidir leis an bhfaidiú. | |
[EN] | (3) Ar éisteacht aon achuinge fén alt so déanfar páirtithe chun na himeachta den phaitinní agus d'éinne do thug fógra den tsórt san i dtaobh agóide, agus beidh an ceannasaí i dteideal teacht i láthair agus éisteacht d'fháil, agus tiocfa sé i láthair má orduíonn an chúirt do é. | |
[EN] | (4) Ag breithniú a breithe don chúirt tabharfa sí aire do chineál agus do mhaitheas na cumadóireachta maidir leis an bpuiblíocht, do sna proifití do dhin an paitinní mar phaitinní, agus do gach ní a bhaineann leis an gcás. | |
[EN] | (5) Má chítar don chúirt nách leor an luach saothair do fuair an paitinní de bharr a phaitinne, féadfidh an chúirt, le hordú, téarma na paitinne d'fhaidiú go ceann téarma eile nách sia ná cúig bliana no, i gcásanna nea-ghnáthacha, deich mbliana, no féadfa sí a ordú go ndeonfar paitinn nua ar feadh pé téarma a luadhfar san ordú agus aon tsriantacht, coiníollacha, agus forálacha inti is oiriúnach leis an gcúirt. | |
[EN] |
Paitinneacha breisiúcháin. |
35. —(1) Nuair a déanfar paitinn do chumadóireacht d'iarraidh no do dheona fén Acht so no a tuigfar, de bhua an Achta so, paitinn do bheith ina paitinn do deonadh fén Acht so, agus a dhéanfidh an t-iarratasóir no an paitinní, pe'ca aca é, paitinn eile maidir le haon fheabhsú no atharú ar an gcumadóireacht d'iarraidh, féadfa sé, más oiriúnach leis é, a iarraidh, ina iarratas ar an bpaitinn eile sin, gurb é téarma feidhme a ceapfar sa phaitinn sin di ná téarma feidhme na bun-phaitinne no pé méid de a bheidh gan caitheamh. |
[EN] | (2) Má dintar iarratas ina mbeidh a leithéid sin á iarraidh féadar paitinn (dá ngairmtear paitinn bhreisiúcháin anso ina dhiaidh seo) do dheona ar feadh téarma den tsórt san roimhráite. | |
[EN] | (3) Fanfidh paitinn bhreisiúcháin i bhfeidhm faid fhanfidh an phaitinn don bhun-chumadóireacht i bhfeidhm, ach ní níos sia ná san, agus maidir le paitinn bhreisiúcháin ní bheidh aon táillí iníoctha ar son a hathnuachainte: | |
[EN] | Ach má dintar an phaitinn don bhun-chumadóireacht do cheiliúra, ansan, má orduíonn an chúirt no an ceannasaí é, déanfidh paitinn fé leith den phaitinn bhreisiúcháin, agus is do réir a dáta a socrófar cadiad na táillí is iníoctha agus cadiad na dátaí ar a dtiocfid chun bheith iníoctha, ach ní mhairfe sí níos sia ná a mbeidh gan caitheamh de théarma na paitinne don bhunchumadóireacht. | |
[EN] | (4) Beidh deona paitinne breisiúcháin ina fhianaise dhochlaoite gur rud gur ceart paitinn bhreisiúcháin do dheona ina chóir an chumadóireacht agus ní cuirfar dleathacht na paitinne in amhrus ar an scór gur rud gur cheart paitinn fé leith do dheona ina chóir an chumadóireacht. | |
[EN] |
Paitinneacha a raghaidh i nea-mbrí d'aithbheochaint. |
36. —(1) I gcás ina mbeidh aon phaitinn imithe i nea-mbrí de dheascaibh a theipthe ar an bpaitinní aon táille orduithe áirithe d'íoc laistigh den aimsir orduithe, féadfidh an paitinní ordú d'iarraidh ar an gceannasaí sa tslí orduithe chun an phaitinn d'aithbheochaint. |
[EN] | (2) Beidh i ngach iarratas den tsórt san ráiteas ar na nithe as a dtáinig an táille orduithe d'fhágaint gan íoc. | |
[EN] | (3) Má dheabhruíonn sé ón ráiteas san gur go nea-thoiliúil do fágadh an táille sin gan íoc agus nár bhain aon mhoill nea-chuibhe leis an iarratas do dhéanamh, fógróidh an ceannasaí an t-iarratas sa tslí orduithe, agus laistigh de pé aimsir a hordófar féadfidh éinne fógra freasabhra do thabhairt san Oifig. | |
[EN] | (4) Má tugtar fógra den tsórt san cuirfidh an ceannasaí in úil don iarratasóir é. | |
[EN] | (5) Tar éis an tréimhse orduithe do bheith caithte éistfidh an ceannasaí an cás agus tabharfa sé ordú amach ag aithbheochaint na paitinne no ag caitheamh an iarratais amach: Ach cuirfar isteach i ngach ordú fén alt so ag aithbheochaint phaitinne pé forálacha a hordófar chun daoine do chosaint do dhin úsáid d'abhar na paitinne tar éis a bheith craolta san Irisleabhar go raibh an phaitinn gan brí. | |
[EN] | (6) Luighfidh athchomharc chun na cúirte i gcoinnibh breithe an cheannasaí fén alt so. | |
[EN] |
An ceannasaí do leasú áireamhachta. |
37. —(1) Féadfidh iarratasóir no paitinní aon uair, tré iarratas i scríbhinn d'fhágaint san Oifig, cead d'iarraidh chun a áireamhacht, maraon le tarraiceoireachtaí a dhineann cuid di, do leasú tré shéana, tré cheartú, no tré mhíniú, ag luadh cineál an leasuithe atá beartuithe agus na réasún atá leis. |
[EN] | (2) Fógrófar sa tslí orduithe an t-iarratas agus cineál an leasuithe atá beartuithe, agus aon uair laistigh de mhí ón gcéad uair a fógrófar é féadfidh éinne fógra freasabhra i dtaobh an leasuithe do thabhairt san Oifig. | |
[EN] | (3) Má tugtar fógra den tsórt san déanfidh an ceannasaí fógra i dtaobh an fhreasabhra do thabhairt don té bheidh ag déanamh an iarratais, agus an cás d'éisteacht agus breith do thabhairt air. | |
[EN] | (4) Mara dtugtar aon fhógra freasabhra, no mara dtagaidh an duine i láthair do thug fógra freasabhra amhlaidh, socróidh an ceannasaí ce'ca ba cheart no nár cheart, agus más ceart cadiad na coiníollacha (más ann dóibh) fé n-ar cheart, an leasú do lomháil. | |
[EN] | (5) Féadfar athchomharc do dhéanamh chun an dlí-oifigigh i gcoinnibh breithe an cheannasaí i gceachtar den dá chás agus, má héilítear san ar an dlí-oifigeach, éistfe sé an té bheidh ad' iarraidh ceada chun an leasú do dhéanamh agus, i gcás fógra freasabhra do bheith tugtha, an té do thug an fógra san, más dó leis an dlí-oifigeach teideal do bheith ag an duine sin chun go n-éistfí é i gcoinnibh an iarratais, agus, i gcás gan aon fhreasabhra do bheith ann, an ceannasaí, agus féadfa sé ordú do dhéanamh á shocrú ce'ca ba cheart no nár cheart, agus más ceart cadiad na coiníollacha (más ann dóibh) fé n-ar cheart, an leasú do lomháil. | |
[EN] | (6) Ní lomhálfar aon leasú do bhéarfadh go dtuairisceofí leis an áireamhacht, mar do leasuíodh í, cumadóireacht do bheadh níos mó go mór ná an chumadóireacht do tuairiscíodh leis an áireamhacht mar a bhí sí sarar leasuíodh í no do bheadh ana-neachosúil leis an gcumadóireacht san. | |
[EN] | (7) Beidh cead chun leasú do dhéanamh ina fhianaise dhochlaoite, ach amháin i gcás calaoise, ar cheart do bheith ag an bpáirtí an leasú do lomháladh do dhéanamh; agus fógrófar an leasú sa tslí orduithe, agus i ngach cúirt agus chun gach críche tuigfar gur cuid den áireamhacht é: | |
[EN] | Ach beidh teideal ag cúirt, le linn di áireamhacht mar do leasuíodh í do léiriú, tagairt don áireamhacht mar do glacadh léi agus mar do foillsíodh í. | |
[EN] | (8) Ní bhainfidh an t-alt so leis an scéal nuair a bheidh agus faid a bheidh aon aicsean mar gheall ar shárú no aon imeacht a bheidh os cóir cúirte chun paitinn do cheiliúra ar feitheamh. | |
[EN] |
An chúirt do leasú áireamhachta. |
38. —In aon aicsean mar gheall ar shárú phaitinne no in aon imeacht os cóir cúirte chun paitinn do cheiliúra, féadfidh an chúirt, le hordú, a lomháil don phaitinní a áireamhacht do leasú tré shéana, tré cheartú, no tré mhíniú i pé slí, agus ar pé téarmaí i dtaobh costaisí, fógrán, no nithe eile, is oiriúnach leis an gcúirt: |
[EN] | Ach ní lomhálfar amhlaidh aon leasú do bhéarfadh go dtuairisceofí leis an áireamhacht, mar do leasuíodh í, cumadóireacht do bheadh níos mó go mór ná an chumadóireacht do tuairiscíodh leis an áireamhacht mar a bhí sí sarar leasuíodh í no do bheadh ana-nea-chosúil leis an gcumadóireacht san, agus i gcás ina n-iarrfar ordú den tsórt san ar an gcúirt tabharfar fógra don cheannasaí i dtaobh an iarratais, agus beidh ceart ag an gceannasaí teacht i láthair agus éisteacht d'fháil, agus tiocfa sé i láthair má orduíonn an chúirt do é. | |
[EN] |
Srian le damáistí do thabhairt i gcás ina leasófar áireamhacht. |
39. —Má lomháltar fén Acht so leasú do dhéanamh ar áireamhacht tré shéana, tré cheartú, no tré mhíniú, ní tabharfar aon damáistí in aon aicsean mar gheall ar úsáid do dhéanamh den chumadóireacht roimh dháta na breithe le n-a lomháltar an leasú, mara gcuiridh an paitinní ina luighe ar an gcúirt gur go macánta agus le hoilteacht agus eolas réasúnta do dreachtuíodh a bhun-tuairise. |
[EN] |
Forálacha i dtaobh paitinneacha fén gcúl-scríbhinn “ceadúnaisí mar cheart.” |
40. —(1) Aon uair tar éis paitinn do bheith séaluithe cuirfidh an ceannasaí fé ndeár, má iarrann an paitinní é, na focail “ceadúnaisí mar cheart” do chur i gcúl-scríbhinn ar an bpaitinn agus iontráil dá réir do dhéanamh sa chlár, agus leis sin— |
[EN] | (a) beidh mar cheart ag éinne aon uair ina dhiaidh sin teideal chun ceadúnais fén bpaitinn ar pé téarmaí a shocróidh an ceannasaí ar iarratas ón bpaitinní no ón iarratasóir mara gcó-aontuítear ina dtaobh: | |
[EN] | Ach mara bhforáltar a mhalairt go soiléir tuigfar, maidir le haon cheadúnas 'na socrófar a théarmaí tré chó-aontú, go bhfoluíonn sé na téarmaí agus na coiníollacha a luaidhtear i míreanna (c) agus (d) den fho-alt so fé is dá bhforchuireadh an ceannasaí fén bhfo-alt so iad díreach fé is dá mb'é an ceannasaí do shocródh na téarmaí; | |
[EN] | (b) ag socrú téarmaí aon cheadúnais den tsórt san do, beidh na nithe seo a leanas mar threoir ag an gceannasaí— | |
[EN] | (i) ar thaobh amháin den scéal tabharfa sé fé n-a chur in áirithe go ndéanfar an chumadóireacht d'úsáid i Saorstát Éireann chó foirleathan agus is féidir é gan cur isteach ar an bpaitinní d'fháil bhuntáiste réasúnta as a chirt phaitinne, | |
[EN] | (ii) ar an dtaobh eile den scéal tabharfa sé fé n-a chur in áirithe don phaitinní an buntáiste is mó is féidir d'fháil gan cur isteach ar an gceadúnaí d'oibriú na cumadóireachta, le proifit réasúnta dho féin, i Saorstát Éireann, | |
[EN] | (iii) tabharfa sé fé n-a chur in áirithe leis, go mbeidh có-ionannas buntáiste imeasc na gceadúnaithe uile agus fé seach, agus chuige sin féadfa sé, ar chruthú leor-chúise chuige, na cánacha údair no na híocaíochtaí eile a thagann chun an phaitinní fé aon cheadúnas do deonadh roimhe sin do laigheadú: | |
[EN] | Ach ag breithniú na ceiste sin có-ionannas buntáiste dho, cuirfidh an ceannasaí san áireamh aon obair do dhin no aon chostas fé n-ar chuaidh aon tseanacheadúnaí d'fhonn luach tráchtála na cumadóireachta do thástáil no d'fhonn a chur in áirithe go n-oibreofí ar scála tráchtála i Saorstát Éireann í; | |
[EN] | (c) aon cheadúnas den tsórt san gurb é an ceannasaí a shocróidh a théarmaí, féadfar é do dhreachtú i dtreo go gcoiscfe sé an ceadúnaí ar aon earraí d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann gur shárú ar an bpaitinn iad d'iomportáil dá mba dhaoine eile seachas an paitinní no daoine ag éileamh fén bpaitinní do dhéanfadh amhlaidh agus ina leithéid sin de chás tuigfar cumhnant do bheith déanta le n-a chéile ag an bpaitinní agus ag na ceadúnaithe uile fén bpaitinn i gcoinnibh iomportála den tsórt san; | |
[EN] | (d) beidh teideal ag gach ceadúnaí den tsórt san glaoch ar phaitinní imeachta do bhunú chun cosc do chur le sárú na paitinne, agus má eitíonn an paitinní no má thugann sé faillí maidir leis an ní sin do dhéanamh laistigh de dhá mhí tar éis an ghlaoigh sin air, féadfidh an ceadúnaí imeachta do bhunú ina ainm féin mar gheall ar an sárú fé is dá mb'é an paitinní é, agus cosantóir do dhéanamh den phaitinní. Ní bheidh fiachas aon chostaisí ar phaitinní a luadhfar amhlaidh mar chosantóir bhreise mara ndine sé fógra teachti-láthair d'iontráil agus páirt do thógaint sna himeachta. Féadfar an rit do sheirbheáil air tré n-a fágaint ag a sheola chun seirbheála a bheidh curtha síos ar an gclár; | |
[EN] | (e) más rud é, in aon aicsean mar gheall ar shárú phaitinne atá fé chúl-scríbhinn amhlaidh, go mbeidh an cosantóir do dhin an sárú ullamh agus toilteanach ar cheadúnas do ghlaca ar théarmaí a bheidh le socrú ag an gceannasaí, ní déanfar aon chosc air do mhola, agus an tsuim is ionbhainte dhe mar dhamáistí (más ann dóibh) ní ragha sí thar dúbailt na suime dob ionbhainte dhe mar cheadúnaí dá mba dháta roimh dháta an tsáruithe ba thúisce thárla do bheadh ar an gceadúnas: | |
[EN] | Ach ní bhainfidh an mhír seo leis an gcás más sárú tré iomportáil earraí sáruitheacha an sárú do dineadh; | |
[EN] | (f) na táillí athnuachainte is iníoctha ag paitinní paitinne a cuirtar fé chúl-scríbhinn amhlaidh ní bheidh ionta, o dháta na cúl-scríbhinne, ach leath amháin de sna táillí do bheadh iníoctha ina mhalairt sin de chás. | |
[EN] | (2) Sara ndinidh an ceannasaí éinní i dtaobh an iarratais ón bpaitinní fén alt so ar phaitinn do chur fé chúl-scríbhinn fógróidh sé an t-iarratas san san Irisleabhar, agus déanfa sé deimhin do féin de ná fuil an paitinní coiscthe le connra ar an iarratas san do dhéanamh agus chuige sin ceanglóidh sé ar an bpaitinní pé fianaisc is dó leis is gá do thabhairt do tré dhearbhú reachtúil no ar shlí eile: | |
[EN] | Ach ní tuigfar paitinní do bheith coiscthe amhlaidh de bhíthin ceadúnas do bheith deonta aige fén bpaitinn agus dá bhíthin sin amháin mara gcuireann an ceadúnas teora le n-a cheart chun ceadúnaisí eile do dheona. | |
[EN] | (3) Einne adéarfidh gur contrárdha do chonnra éigin le n-a bhfuil baint aige do dineadh iarratas fén alt so, féadfa sé iarratas do dhéanamh chun an cheannasaí laistigh den aimsir orduithe agus sa tslí orduithe agus déanfidh an ceannasaí, más deimhin leis gur fíor an ní adeir an duine sin, diúltú don phaitinn do chur fé chúl-scríbhinn do réir an iarratais no, má bhíonn an chúlscríbhinn déanta cheana féin, a chur fé ndeár an chúl-scríbhinn do chur ar nea-mbrí. | |
[EN] | Féadfar athchomharc do dhéanamh chun na cúirte i gcoinnibh aon ordú fén bhfo-alt so. | |
[EN] | (4) Iontrálfar ar chlár na bpaitinneacha na cúl-scríbhinní uile a cuirfar ar phaitinneacha fén alt so agus foillseofar iad san Irisleabhar agus ar pé slí eile is dó leis an gceannasaí is oiriúnach chun an chumadóireacht do chur in úil do dhéantóirí. | |
[EN] | (5) Má dheabhruíonn sé aon uair, i gcás paitinne a bheidh fé chúl-scríbhinn amhlaidh, ná fuil aon cheadúnas ar bith féadfidh an ceannasaí, más oiriúnach leis é agus tar éis fógra cuibhe do thabhairt uaidh, an chúl-scríbhinn do chur ar nea-mbrí ar iarratas an phaitinní agus nuair a íocfa sé sin an leath a bheidh gan íoc de gach táille athnuachainte a bheidh tagtha chun bheith dlite o dineadh an chúl-scríbhinn, agus sa chás san beidh cirt agus fiachaisí an phaitinní díreach mar a bheidís dá mba ná déanfí aon chúl-scríbhinn den tsórt san. | |
[EN] |
An chúirt do cheiliúra paitinneacha. |
41. —(1) Féadfar ceiliúra paitinne d'fháil tré achuinge chun na cúirte. |
[EN] | (2) Gach scór ar a bhféadfí roimhe seo, do réir na dlí comónta, paitinn d'athghairm le scire facias féadfar feidhm do bhaint as mar chosaint ar aicsean mar gheall ar shárú agus fós beidh sé ina scór chun ceiliúra d'fháil fén alt so. | |
[EN] | (3) Féadfar achuinge chun ceiliúra paitinne do thíolaca— | |
[EN] | (a) ag an dlí-oifigeach no ag éinne go mbeidh údarás aige uaidh; no | |
[EN] | (b) ag éinne adéarfidh— | |
[EN] | (i) gur tré chalaois i gcoinnibh a cheart, no i gcoinnibh ceart éinne fé no tré n-a n-éilíonn sé, gurb ea a fuarthas an phaitinn, no | |
[EN] | (ii) gurb é féin, no gurb éinne fé no tré n-a n-éilíonn sé, dob fhíor-chumadóir d'aon chumadóireacht áirithe a foluítear sa phaitinn, no | |
[EN] | (iii) go raibh sé féin, no éinne fé no tré n-a n-éilíonn sé leas in aon trádáil, gnó, no déantóireacht, tar éis aon rud áirithe a éilíonn an paitinní mar chumadóireacht leis féin do dhéanamh, d'úsáid no do dhíol go puiblí, laistigh de Shaorstát Éireann, roimh dháta na paitinne. | |
[EN] |
An ceannasaí do cheiliúra paitinneacha. |
42. —(1) Einne do bheadh i dteideal cur i gcoinnibh paitinn do dheona, no is comharba i leas do dhuine do bhí i dteideal amhlaidh, féadfa sé, laistigh de bhliain o dheona na paitinne, ordú ag ceiliúra na paitinne d'iarraidh ar an gceannasaí ar aon scór no scóranna acu súd ar a bhféadfí cur i gcoinnibh an phaitinn do dheona: |
[EN] | Ach nuair a bheidh aicsean mar gheall ar shárú no imeachta chun an phaitinn do cheiliúra ar feitheamh in aon chúirt ní déanfar iarratas fén alt so ach le cead na cúirte. | |
[EN] | (2) Tabharfidh an ceannasaí fógra i dtaobh an iarratais don phaitinní, agus tar éis na páirtithe d'éisteacht, más mian leo go n-éistfí iad, féadfa sé ordú do dhéanamh ag ceiliúra na paitinne, no á éileamh go ndéanfaí an áireamhacht a bhaineann léi do leasú tré shéana, tré cheartú, no tré mhíniú, no ag caitheamh an iarratais amach; ach ní dhéanfidh an ceannasaí ordú ag ceiliúra na paitinne mara mbeidh a mbaineann leis an scéal i slí do bhéarfadh ceart do bheith aige diúltú don phaitinn do dheona dá mb'imeachta i bhfreasabhra i gcoinnibh deona paitinne na himeachta. | |
[EN] | (3) Tré fhógra do thabhairt sa tslí orduithe don cheannasaí féadfidh paitinní aon uair a thairisgint a phaitinn do thabhairt suas, agus tar éis fógra do thabhairt uaidh i dtaobh na tairisginte agus tar éis gach páirtí d'éisteacht gur mian leis go n-éistfí é féadfidh an ceannasaí, más oiriúnach leis é, glaca leis an tairisgint, agus ansan ordú do dhéanamh chun an phaitinn do cheiliúra. | |
[EN] | (4) Féadfar athchomharc do dhéanamh chun na cúirte i gcoinnibh aon bhreithe a thabharfidh an ceannasaí fén alt so. | |
[EN] |
Cosc le cirt aon-tseilbhe do mhí-úsáid. |
43. —(1) Féadfidh éinne le n-a mbaineann an scéal iarratas do dhéanamh chun an cheannasaí aon uair á rá, i gcás aon phaitinne, gur dineadh mí-úsáid de sna cirt aon-tseilbhe fúithi agus ag iarraidh faoisimh fén alt so. |
[EN] | (2) Tuigfar mí-úsáid do bheith déanta de sna cirt aon-tseilbhe fé phaitinn in aon chás acu so a leanas:— | |
[EN] | (a) más rud é, aon uair tar éis trí bliana do bheith caithte o thosach feidhme na Coda so den Acht so, i gcás paitinne Briotáinighe 'na dtuigtar de bhua an Achta so gur fén Acht so do deonadh í, no o dháta iarrtha na paitinne, i gcás aon phaitinne eile, ná beidh an chumadóireacht phaitinnithe (eadhon, ceann is féidir d'oibriú i Saorstát Éireann) á hoibriú laistigh de Shaorstát Éireann ar scála tráchtála agus nách féidir aon chúis shásúil do thabhairt leis an neamh-oibriú san: | |
[EN] | Ach má tíolaictear iarratas don cheannasaí ar an scór so agus gur dó leis an gceannasaí, maidir leis an aimsir d'imigh o dháta na paitinne, nár leor í, mar gheall ar chineál na cumadóireachta no ar aon chúis eile, chun go bhféadfí an chumadóireacht d'oibriú laistigh de Shaorstát Éireann ar scála tráchtála, féadfidh an ceannasaí an t-iarratas do chur ar athló go ceann pé tréimhse is dó leis is leor chun na críche sin; | |
[EN] | (b) má bhíonn oibriú na cumadóireachta laistigh de Shaorstát Éireann ar scála tráchtála á chosc no á thoirmeasc tríd an earra phaitinnithe do bheith á hiomportáil ag an bpaitinní no ag daoine a éilíonn fé, no ag daoine a cheannuíonn uaidh iad féin no tré dhaoine eile, no ag daoine eile ná fuil aon imeachta mar gheall ar shárú á bhunú ag an bpaitinní ina gcoinnibh no nár bhunuigh sé aon imeachta den tsórt san ina gcoinnibh; | |
[EN] | (c) más rud é ná beidh an t-éileamh ar an earra phaitinnithe i Saorstát Éireann á leor-fhreagairt agus san ar théarmaí réasúnta, ag cuimhneamh, imeasc nithe eile, ar an éileamh d'fhéadfadh teacht dá ndíoltí an earra phaitinnithe ní ba shaoire; | |
[EN] | (d) má bhíonn an praghas ar a ndíoltar an earra phaitinnithe ró-mhór ar fad, agus gach ní sa scéal d'áireamh, i gcomórtas leis an bpraghas ar a ndíoltar an earra i dtíortha eile; | |
[EN] | (e) más rud é, de dheascaibh diúltú an phaitinní do cheadúnas no ceadúnaisí do dheona ar théarmaí réasúnta, go mbeidh dochar á dhéanamh do thrádáil no do cheárdas Shaorstáit Éireann no do thrádáil aon duine no aon aicme daoine a dhineann trádáil i Saorstát Éireann, no maidir le haon trádáil no ceárdas nua do bhunú i Saorstát Éireann, agus gurb é leas na puiblíochta go ndeonfí ceadúnas no ceadúnaisí; | |
[EN] | (f) má bhíonn aon trádáil no ceárdas i Saorstát Éireann, no aon duine no aicme daoine a bheidh ag gabháil don trádáil no don cheárdas san, fé leath-chumaidh de dheascaibh na gcoiníoll do chuir an paitinní, roimh rith an Achta so no dá éis sin, leis an earra phaitinnithe do cheannach, do thógaint ar cíos, do cheadúnú, no d'úsáid no leis an bpróiseas paitinnithe d'úsáid no d'oibriú: | |
[EN] | Ach chun a shocrú ce'ca dineadh aon mhí-úsáid de sna cirt aontseilbhe fé phaitinn no nár dineadh, tuigfar nách amháin chun daoine do sprioca chun cumadóireachta a deontar paitinneacha do chumadóireachtaí nua ach fós chun a chur in áirithe go ndéanfar, sa mhéid gur féidir é, cumadóireachtaí nua d'oibriú ar scála tráchtála i Saorstát Éireann gan mhoill ró-mhór. | |
[EN] | (3) Ar bheith sásta don cheannasaí go bhfuil sé cruthuithe gur dineadh mí-úsáid de sna cirt aon-tseilbhe fé phaitinn, féadfa sé aon chomhacht acu so a leanas is dó leis is oiriúnach sa chás d'fheidhmiú:— | |
[EN] | (a) féadfa sé a ordú na focail “ceadúnaisí mar cheart” do chur i gcúl-scríbhinn ar an bpaitinn agus, leis sin, bainfidh leis an gcás na rialacha céanna a foráltar san Acht so maidir le paitinneacha fé chúl-scríbhinn den tsórt san, agus de bharr an cheannasaí d'fheidhmiú na comhachta so beidh gach seana-cheadúnaí i dteideal ordú d'iarraidh ar an gceannasaí ag tabhairt teidil do a cheadúnas do thabhairt suas mar mhalairt ar cheadúnas a shocróidh an ceannasaí díreach fé is dá mb'ar iarratas an phaitinní a cuirfí an chúl-scríbhinn ar an bpaitinn amhlaidh, agus féadfidh an ceannasaí an t-ordú san do dhéanamh; agus féadfar ordú chun paitinn do chur fé chúl-scríbhinn amhlaidh do dhéanamh d'ainneoin có-aontú do bheith ann do choiscfadh cúl-scríbhinn do chur ar an bpaitinn ar iarratas an phaitinní; | |
[EN] | (b) féadfa sé a ordú go ndeonfí ceadúnas don iarratasóir ar pé téarmaí is dó leis an gceannasaí is oiriúnach agus ortha san téarma á chosc ar an gceadúnaí aon earraí d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann gur shárú ar an bpaitinn iad d'iomportáil dá mba dhaoine eile seachas an paitinní no daoine ag éileamh fén bpaitinní do dhéanfadh amhlaidh, agus ina leithéid sin de chás tuigfar cumhnant do bheith déanta le n-a chéile ag an bpaitinní agus ag gach éinne bheidh ina cheadúnaí de thurus na huaire i gcoinnibh iomportála den tsórt san. Beidh teideal ag ceadúnaí fén mhír seo glaoch ar an bpaitinní imeachta do bhunú chun cosc do chur le sárú na paitinne, agus má eitíonn an paitinní no má thugann sé faillí maidir leis an ní sin do dhéanamh laistigh de dhá mhí tar éis an ghlaoigh sin air, féadfidh an ceadúnaí imeachta do bhunú ina ainm féin mar gheall ar shárú fé is dá mb'é an paitinní é, agus cosantóir do dhéanamh den phaitinní. Ní bheidh fiachas aon chostaisí ar phaitinní a luadhfar amhlaidh mar chosantóir bhreise mara ndine sé fógra teacht-iláthair d'iontráil agus páirt do thógaint sna himeachta. Féadfar an rit do sheirbheáil air tré n-a fágaint ag a sheola chun seirbheála a bheidh curtha síos ar an gclár. Ag socrú téarmaí ceadúnais fén mír seo dho beidh mar threoir ag an gceannasaí, sa mhéid gur féidir é, na nithe céanna a luaidhtear san Acht so chun a threoruithe agus é ag socrú ceadúnaisí fé phaitinneacha 'na mbeidh “ceadúnaisí mar cheart” i gcúl-scríbhinn ortha; | |
[EN] | (c) más deimhin leis an gceannasaí ná fuil an chumadóireacht á hoibriú ar scála tráchtála laistigh de Shaorstát Éireann agus gur saghas í nách féidir d'oibriú amhlaidh gan caipital do chaitheamh nách mór seasamh ar an aon-tseilbh phaitinne chun é chruinniú, ansan, mara ndinidh an paitinní no na daoine a éilíonn fén bpaitinní a thógaint ortha féin an caipital san d'fháil, féadfidh an ceannasaí a ordú go ndeonfí don iarratasóir, no d'éinne eile no, neachtar acu, don iarratasóir agus d'aon duine no daoine eile le chéile, má bhíd ábalta agus toilteannach ar an gcaipital san do sholáthar, ceadúnas aon-tsealbhach ar pé téarmaí is dó leis an gceannasaí is ceart, ach fé réir a bhforáltar anso ina dhiaidh seo; | |
[EN] | (d) más deimhin leis an gceannasaí nách féidir cuspóirí an ailt seo d'aimsiú tré fheidhmiú aon chomhachta acu san a luaidhtear anso roimhe seo, féadfa sé a ordú an phaitinn do cheiliúra, láithreach no tar éis pé aimsir réasúnta a luadhfar san ordú, mara gcólíontar idir an dá linn pé coiníollacha a hordófar san ordú d'fhonn cuspóirí an ailt seo d'aimsiú, agus, ar thaisbeáint chúise réasúnta in aon chás féadfidh an ceannasaí, tré ordú ina dhiaidh sin, an aimsir do luadhadh amhlaidh do chur i bhfaid: | |
[EN] | Ach ní dhéanfidh an ceannasaí aon ordú ceiliúrtha a bheidh buiniscionn le haon chonnra, convensiún, socrú, no marga atá ann le haon tír iasachta no tiarnas Briotáineach agus a dineadh ag Saorstát Éireann no atá ina cheangal air; | |
[EN] | (e) más dó leis an gceannasaí gurb é slí is fearr chun cuspóirí an ailt seo d'aimsiú ná gan aon ordú do dhéanamh fé sna forálacha san thuas den alt so, féadfa sé ordú do dhéanamh ag diúltú don iarratas agus deighleáil le haon cheist i dtaobh costaisí an iarratais fé mar is ceart dar leis. | |
[EN] | (4) Nuair a beifear ag socrú téarmaí aon cheadúnais aontsealbhaigh den tsórt dá bhforáltar i mír (c) den fho-alt deiridh sin roimhe seo tabharfar aire chuibhe don chontabhairt atá á tarrac ag an gceadúnaí air féin ag soláthar an chaipitail agus ag oibriú na cumadóireachta, ach, fé réir an méid sin, dreachtófar an ceadúnas— | |
[EN] | (a) i slí is go gcuirfar in áirithe don phaitinní an cháin údair mhaximum do bheith aige as an gceadúnaí d'oibriú na cumadóireachta laistigh de Shaorstát Éireann ar scála tráchtála agus le proifit réasúnta; | |
[EN] | (b) i slí is go n-urrófar don phaitinní suim bhliantúil mhinimum mar cháin údair do bheith aige, má bhíonn agus sa mhéid go mbeidh sé réasúnta san do dhéanamh, ag cuimhneamh ar an gcaipital is gá chun an chumadóireacht d'oibriú sa cheart agus ar gach a mbaineann leis an gcás; | |
[EN] | agus, i dteanta aon chomhacht eile a bheidh ráite sa cheadúnas no san ordú, déanfar an ceadúnas agus ordú deonta an cheadúnais do bheith incheiliúrtha do réir tola an cheannasaí má theipeann ar an gceadúnaí an tsuim do chaitheamh a bheidh luaidhte sa cheadúnas mar shuim go bhfuil sé ábalta agus toilteanach ar í do sholáthar chun an chumadóireacht d'oibriú ar scála tráchtála laistigh de Shaorstát Éireann, no má theipeann air an chumadóireacht d'oibriú amhlaidh laistigh den aimsir a bheidh luaidhte san ordú. | |
[EN] | (5) A shocrú don cheannasaí cé dho go bhfuil a leithéid sin de cheadúnas aon-tsealbhach le deona déanfa sé, mara dtaisbeántar cúis mhaith ina choinnibh, tosach do thabhairt do sheana-cheadúnaí ar dhuine ná fuil aon leas cláruithe aige sa phaitinn. | |
[EN] | (6) An t-ordú le n-a ndeonfar ceadúnas aon-tsealbhach fén alt so oibreoidh sé chun aon cheart do bhaint den phaitinní a bheidh aige mar phaitinní chun an chumadóireacht d'oibriú no d'úsáid, agus fós chun gach seana-cheadúnas do cheiliúra, mara bhforáltar a mhalairt san ordú, ach, ar dheona ceadúnais aon-tsealbhaigh, féadfidh an ceannasaí, más dó leis gur rud cóir cothrom é, a chur mar choiníoll go ndéanfidh an ceadúnaí cúiteamh ceart a shocróidh an ceannasaí do thabhairt in aon airgead no saothar do chaith an paitinní no aon tseana-cheadúnaí ag saothrú na cumadóireachta no á cur ar aghaidh. | |
[EN] | (7) I ngach iarratas a tíolaicfar don cheannasaí fén alt so ní foláir cuntas iomlán do thabhairt ar cadé an saghas é leas an iarratasóra agus ar na dátáin ar a bhfuil a chás bunuithe ag an iarratasóir agus fós ar an bhfaoiseamh atá aige á lorg. Ní foláir dearbhuithe reachtúla do bheith i dteanta an iarratais ag deimhniú leasa an iarratasóra agus na ndátán atá curtha síos san iarratas. | |
[EN] | (8) Breithneoidh an ceannasaí na nithe adeirtar san iarratas agus sna dearbhuithe agus, más deimhin leis leas bonâ fide do bheith ag an iarratasóir agus cás primâ facie do bheith déanta amach chun faoiseamh d'fháil, ordóidh sé don iarratasóir cóipeanna den iarratas agus de sna dearbhuithe do sheirbheáil ar an bpaitinní agus ar aon daoine eile gur léir ón gclár leas do bheith acu sa phaitinn, agus fógróidh sé an t-iarratas san Irisleabhar. | |
[EN] | (9) Más mian leis an bpaitinní no le héinne cur i gcoinnibh aon fhaoiseamh do dheona fén alt so, seachadfa sé don cheannasaí, laistigh de pé aimsir a hordófar no laistigh de pé aimsir bhreise a lomhálfidh an ceannasaí ar a hiarraidh air, frith-ráiteas a bheidh deimhnithe le dearbhú reachtúil agus na scóranna ar a gcuirfar i gcoinnibh an iarratais curtha síos ann go hiomlán. | |
[EN] | (10) Breithneoidh an ceannasaí an frith-ráiteas agus na dearbhuithe a neartuíonn leis agus leis sin féadfa sé an t-iarratas do chaitheamh amach más deimhin leis leor-fhreagra do bheith tugtha ar na nithe adeirtar san iarratas, mara n-iarraidh éinne de sna páirtithe éisteacht no mara gceapfidh an ceannasaí féin éisteacht. In aon chás féadfidh an ceannasaí a éileamh ar éinne de sna dearbhthóirí teacht ina láthair chun cros-cheistiú no tuille ceistiúcháin do dhéanamh air i dtaobh nithe a bhaineann leis na ceisteanna d'eirigh san iarratas agus sa bhfrith-ráiteas, agus féadfa sé, tar éis aire chuibhe do thabhairt ná nochtfar eolas d'iomathóirí trádála, a éileamh go ndéanfaí leabhair agus scríbhinní a bhaineann leis an ní atá i gceist do thabhairt ina láthair. | |
[EN] | (11) Féadfar athchomharc do dhéanamh chun na cúirte i gcoinnibh orduithe uile an cheannasaí fén alt so, agus ar aon athchomharc den tsórt san beidh ag an dlí-oifigeach, no ag pé abhcóide eile a cheapfidh seisean, teideal chun teacht i láthair agus éisteacht d'fháil. | |
[EN] | (12) In aon chás ná caithfidh an ceannasaí iarratas amach mar a foráltar anso roimhe seo, agus— | |
[EN] | (a) má thoilíonn na páirtithe 'na bhfuil leas acu sa scéal chuige; no | |
[EN] | (b) más gá sna himeachta aon scrúdú fada ar scríbhinní no aon fhiosrú eolaíochtach no áitiúil nárbh uiriste, dar leis an gceannasaí, a dhéanamh ina láthair; | |
[EN] | féadfidh an ceannasaí a ordú aon uair na himeachta go léir no aon cheist fhírinne d'eirigh fútha do chur fé bhráid eadarscánaí ar a gcó-aontóidh na páirtithe no, mara ndinid có-aontú, a cheapfidh an ceannasaí agus má cuirtar na himeachta go léir fé bhráid eadarscánaí ní bheidh dul thar mola an eadarscánaí sin má thoilíonn na páirtithe uile chuige, ach mara dtoilíd amhlaidh féadfar athchomharc do dhéanamh ina choinnibh fé mar is féidir athchomharc do dhéanamh i gcoinnibh breithe an cheannasaí fén alt so agus má cuirtar ceist fhírinne fé bhráid eadarscánaí tuairisceoidh an t-eadarscánaí a bhreith-thora don cheannasaí. | |
[EN] | (13) Chun crícheanna an ailt seo, foluíonn an focal “earra phaitinnithe” earraí a dintar le próiseas paitinnithe. | |
[EN] |
Oibriú ordú chun ceadúnas do dheona. |
44. —Gan dochar d'aon tslí eile feidhmiúcháin, oibreoidh aon ordú chun ceadúnas do dheona fén Acht so fé is dá mba chuid é de dhintiúir deonta ceadúnais do chríochnódh an paitinní agus gach páirtí eile ba ghá. |
[EN] |
Clár na bpaitinneacha. |
45. —(1) Cimeádfar san Oifig leabhar dá ngairmfar clár na bpaitinneacha, agus ina n-iontrálfar ainmneacha agus seolta na ndeonaithe dar deonadh paitinneacha fén Acht so, fógraí i dtaobh sannaithe agus tarchurtha ar na paitinneacha san, i dtaobh ceadúnaisí fé sna paitinneacha san, agus i dtaobh leasuithe, faidithe, agus ceiliúrtha ar na paitinneacha san, agus pé nithe eile a dhineann deifir do dhleathacht no do dhílseánacht na bpaitinneacha san agus a hordófar. |
[EN] | (2) Beidh clár na bpaitinneacha ina fhianaise primâ facie ar gach ní a horduítear no a húdaruítear leis an Acht so a chur isteach ann. | |
[EN] | (3) Ní foláir cóipeanna de dhintiúirí, de cheadúnaisí, agus d'aon scríbhinní eile a dhineann deifir don dílseánacht in aon phaitinn no in aon cheadúnas fén bpaitinn sin do thabhairt don cheannasaí sa tslí orduithe chun a gcurtha i dtaisce san Oifig. | |
[EN] | (4) Tabharfar don cheannasaí agus iontrálfar i gclár na bpaitinneacha fén Acht so cóipeanna deimhnithe de sna hiontrála uile sa chlár Bhriotáineach i dtaobh paitinneacha Briotáineacha go dtuigtar de bhua an Achta so gur paitinneacha do deonadh fén Acht so iad, ach ní bheidh sé oblagáideach na hiontrála san do dhéanamh sa chlár go dtí an chéad uair a bheidh sé riachtanach, do réir an Achta so no fé, cóipeanna deimhnithe de sna hiontrála san sa chlár Bhriotáineach do thabhairt don cheannasaí. | |
[EN] |
Féadfidh cumadóir no paitinní tairbhe do shanna d'Aire. |
46. —(1) Féadfidh aon chumadóir no paitinní an tairbhe go léir as cumadóireacht agus as aon phaitinn a fuarthas no a bheidh le fáil don chumadóireacht do shanna (ar chomaoin luachmhair no dá héamais) d'Aire thar ceann an Stáit. |
[EN] | (2) San alt so cialluíonn an focal “Aire” Aire is ceann ar Roinn Stáit do bunuíodh fén Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 (Uimh. 16 de 1924) . | |
[EN] |
Cumadóireachtaí a bhaineann le hinstruimidí no muinisin chogaidh. |
47. —(1) Féadfidh an té is cumadóir d'aon fheabhsú ar instruimidí no muinisin chogaidh an tairbhe go léir as an gcumadóireacht agus as aon phaitinn a fuarthas no a bheidh le fáil don chumadóireacht do shanna (ar chomaoin luachmhair no dá héamais) don Aire Cosanta thar ceann an Stáit. |
[EN] | (2) Déanfidh an sanna tairbhe na cumadóireachta agus na paitinne do dhílsiú go héifeachtúil san Aire Cosanta thar ceann an Stáit, agus gach cumhnant agus có-aontú ann chun an chumadóireacht do chimeád fé rún agus i gcóir nithe eile beid dleathach agus éifeachtúil (d'ainneoin aon easba comaoine luachmhaire) agus féadfidh an tAire Cosanta iad do chur i bhfeidhm dá réir sin. | |
[EN] | (3) I gcás ina mbeifear tar éis aon tsanna den tsórt san roimhráite do dhéanamh féadfidh an tAire Cosanta, aon uair roimh fhoillsiú na háireamhachta iomláine, a dheimhniú don cheannasaí gur cheart, ar mhaithe leis an seirbhís phuiblí, na mion-innste ar an gcumadóireacht agus ar an slí ina bhfuil sí le hoibriú do chimeád fé rún. | |
[EN] | (4) Má dheimhníonn an tAire Cosanta amhlaidh déanfar, in ionad an t-iarratas agus na háireamhachtaí, maraon leis na tarraiceoireachtaí (más ann dóibh) agus le haon leasú ar an áireamhacht iomláin, agus aon chóipeanna de sna scríbhinní agus de sna tarraiceoireachtaí sin d'fhágaint san Oifig sa ghnáth-shlí, iad do sheachada don cheannasaí i bpacáid a bheidh séaluithe tré údarás an Aire Chosanta. | |
[EN] | (5) Go dtí deire an téarma a bheidh paitinn don chumadóireacht i bhfeidhm, cimeádfidh an ceannasaí an phacáid roimhráite fé shéala agus ní hosclófar í ach fé údarás ordú ón Aire Cosanta no ón dlí-oifigeach. | |
[EN] | (6) Aon uair le linn an phaitinn do bheith i bhfeidhm seachadfar an phacáid shéaluithe roimhráite d'éinne go mbeidh údarás aige ón Aire Cosanta í do ghlaca agus má tugtar thar n-ais don cheannasaí í cimeádfa sé sin fé shéala arís í. | |
[EN] | (7) Ar bheith caithte do théarma na paitinne seachadfar an phacáid shéaluithe don Aire Cosanta. | |
[EN] | (8) Má dheimhníonn an tAire Cosanta mar adubhradh tar éis iarratas ar phaitinn do bheith fágtha san Oifig, ach roimh fhoillsiú na háireamhachta iomláine, déanfar láithreach an t-iarratas agus na háireamhachtaí, maraon leis na tarraiceoireachtaí (más ann dóibh), do chur i bpacáid a séalófar tré údarás an cheannasaí, agus beidh an phacáid fé réir na bhforálacha san roimhe seo i dtaobh pacáide a bheidh séaluithe tré údarás an Aire Chosanta. | |
[EN] | (9) Ní luighfidh aon imeacht, tré achuinge ná ar aon tslí eile, chun paitinn do cheiliúra do deonadh i gcóir cumadóireachta go mbeidh an tAire Cosanta tar éis deimhniú den tsórt san roimhráite ina taobh do thabhairt uaidh. | |
[EN] | (10) Ní déanfar ar aon tslí in aon chor aon chóip d'aon áireamhacht no d'aon scríbhinn eile no d'aon tarraiceoireachtaí is gá do réir an ailt seo a chur i bpacáid shéaluithe d'fhoillsiú ná do nochta don phuiblíocht chun a hiniúchta, ach, lasmuich de chás dá n-orduítear a mhalairt san alt so, bainfidh forálacha an Achta so le haon chumadóireacht agus paitinn den tsórt san roimhráite. | |
[EN] | (11) Féadfidh an tAire Cosanta aon uair tairbhe an ailt seo maidir le haon chumadóireacht áirithe do leigint uaidh agus leis sin déanfar as san amach na háireamhachtaí, na scríbhinní, agus na tarraiceoireachtaí a bhaineann leis an gcumadóireacht san do chimeád sa ghnáth-shlí agus deighleáil leo amhlaidh. | |
[EN] | (12) Má dintar aon chumadóireacht i gcóir aon fheabhais ar instruimidí no muinisin chogaidh do chur in úil don Aire Cosanta no d'aon duine no daoine ag á mbeidh údarás ón Aire Cosanta chun fiosrú do dhéanamh i dtaobh na cumadóireachta san no i dtaobh a maitheasa, ní tuigfar gurb ionann san, ná éinní a déanfar chun crícheanna an fhiosruithe, agus an chumadóireacht san d'úsáid no d'fhoillsiú i slí is go ndéanfadh sé dochar do dheona no do dhleathacht aon phaitinne ina cóir. | |
[EN] | (13) Tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Cosanta féadfidh an tAire rialacha do dhéanamh fén Acht so chun a chur in áirithe go gcimeádfar rún maidir le paitinneacha le n-a mbaineann an t-alt so, agus féadfar, leis na rialacha san, atharú do dhéanamh ar aon cheann d'fhorálacha an Achta so ina mbaint le paitinneacha den tsórt san roimhráite sa mhéid go ndeabhróidh sé bheith riachtanach chun na críche roimhráite. | |
[EN] |
Cás d'éisteacht le congnamh meastóra. |
48. —(1) In aicsean no imeacht mar gheall ar shárú no cheiliúra phaitinne, féadfidh an chúirt, más oiriúnach léi é, agus déanfa sí, ar iarratas o gach páirtí chun na n-imeacht, meastóir ag á mbeidh cáilíocht speisialta do ghlaoch isteach chun conganta, agus an cás do thriail i bpáirt no go hiomlán le n-a chongnamh, agus má dintar amhlaidh trialfar an t-aicsean gan giúiré mara n-orduighidh an chúirt a mhalairt. |
[EN] | (2) Féadfidh an Chúirt Uachtarach, más oiriúnach léi é, in aon imeacht a bheidh os a cóir meastóir do ghlaoch isteach chun conganta mar adubhradh. | |
[EN] | (3) Isí an chúirt no an Chúirt Uachtarach, do réir mar bheidh, a shocróidh cadé an luach saothair, más ann do, a híocfar le meastóir fén alt so, agus is mar chuid de chostaisí feidhmithe an Achta so a híocfar é. | |
[EN] |
Frith-éileamh ar cheiliúra phaitinne. |
49. —Má bhíonn cosantóir, in aicsean mar gheall ar shárú phaitinne, i dteideal achuinge do thíolaca don chúirt chun an phaitinn do cheiliúra, féadfa sé, gan a leithéid d'achuinge do thíolaca, ceiliúra na paitinne d'iarraidh do réir rialacha na cúirte mar fhrith-éileamh san aicsean. |
[EN] |
Comhacht ag an gcúirt faoiseamh do dheona maidir le héilithe áirithe. |
50. —(1) D'ainneoin éinní ina choinnibh sin atá in alt 39 (alt a bhaineann le srian le damáistí do thabhairt i gcás ina leasófar áireamhacht) den Acht so, má gheibheann an chúirt, in aon aicsean mar gheall ar shárú phaitinne, gur dleathach aon cheann no cinn de sna héilithe san áireamhacht go ndeirtar gur dineadh sárú ina taobh, déanfa sí faoiseamh maidir le haon éilithe den tsórt san do sáruíodh do dheona gan cuimhneamh ar nea-dhleathacht aon éilimh eile san áireamhacht ach féadfa sí déanamh do réir mar is rogha léi féin i dtaobh costaisí agus i dtaobh an dáta o n-ar cheart damáistí d'áireamh, agus an deona do dhéanamh ar pé téarmaí maidir le leasú is dó léi is oiriúnach. |
[EN] | (2) Le linn di an rogha a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo d'fheidhmiú, féadfidh an chúirt a chur san áireamh conus a thárla gur chuir na páirtithe na héilithe nea-dhleathacha isteach san áireamhacht no gur leigeadar do sna héilithe sin fanúint inti. | |
[EN] |
Duine a sháruíonn tré neamh-urchóid do shaora o fhiachas damáistí. |
51. —Ní bheidh paitinní i dteideal aon damáistí, mar gheall ar aon tsárú ar phaitinn, do bhaint d'aon chosantóir a chruthóidh ná raibh aige, ar dháta an tsáruithe, eolas ná aon tslí réasúnta chun eolas d'fháil ar an bpaitinn do bheith ann, agus ní tuigfar gurb ionann earra do mharcáil, tríd an bhfocal “paitinn,” “paitinnithe,” no aon fhocal no focail a chuireann in úil no o n-a dtuigfí paitinn do bheith fachta don earra do stampáil, do ghreana, do mhúnlú no do chur ar aon tslí eile ar an earra, ní tuigfar gurb ionann san agus fógra do thabhairt i dtaobh an phaitinn do bheith ann mara mbeidh bliain agus uimhir na paitinne i dteanta an fhocail no na bhfocal: |
[EN] | Ach ní dhéanfidh éinní san alt so deifir d'aon imeachta chun cosc d'fháil. | |
[EN] |
Ordú chun cosc d'fháil no chun iniúchta. |
52. —In aicsean mar gheall ar shárú phaitinne, beidh teideal ag an ngearánaí chun faoisimh i bhfuirm coisc agus damáistí d'fháil ach ní chun cuntais ar phroifití d'fháil, ach fé réir an méid sin féadfidh an chúirt, ar iarratas o cheachtar de sna páirtithe, pé ordú do dhéanamh chun coiscthe no chun iniúchta agus pé téarmaí agus pé orduithe d'fhorchur agus do thabhairt maidir leis an gcéanna agus leis na himeachta ina thaobh is oiriúnach leis an gcúirt. |
[EN] |
Paitinn do dheona do bheirt no níos mó. |
53. —I gcás ina ndeonfar paitinn do bheirt no níos mó le chéile, mara leagtar amach a mhalairt sa phaitinn déanfar, chó fada is bhaineann le cé chuige go dtuitfidh na leasanna dlíthiúla sa phaitinn, na daoine sin d'áireamh mar chó-thionóntaí ach, fé réir aon chonnartha ina choinnibh sin, beidh gach duine fé leith acu san i dteideal an chumadóireacht d'úsáid chun proifite dho féin gan cuntas do thabhairt do sna daoine eile, ach ní bheidh sé i dteideal ceadúnas do dheona gan cead uatha, agus, má gheibheann éinne den tsórt san bás tuitfidh an leas-chun-tairbhe do bhí aige sa phaitinn chun a ionadaithe dlíthiúla mar chuid dá estát phearsanta. |
[EN] |
Coiníollacha áirithe a cuirfar le díol, etc., earraí paitinnithe, beid gan éifeacht. |
54. —(1) Ní bheidh sé dleathach, maidir le haon chonnra i dtaobh aon earra no próiseas fé chosaint phaitinne do dhíol no do chur fé léas no i dtaobh ceadúnais chun an céanna d'úsáid no d'oibriú, coiníoll do chur isteach sa chonnra san 'na dtiocfidh as— |
[EN] | (a) an ceannuitheoir, an léasaí, no an ceadúnaí do thoirmeasc ar úsáid no do shriana o úsáid do dhéanamh d'aon earra no d'aon tsaghas earraí, paitinnithe no nea-phaitinnithe, no d'aon phróiseas paitinnithe, do sholáthruigh éinne no is le héinne seachas an díoltóir, an léasóir, no an ceadúnóir no a ainmnithe sin; no | |
[EN] | (b) a cheangal ar an gceannuitheoir, ar an léasaí, no ar an gceadúnaí aon earra no aon tsaghas earraí ná fuil fé chosaint na paitinne do cheannach ón díoltóir, ón léasóir, ón gceadúnóir, no o n-a ainmnithe sin; | |
[EN] | agus beidh aon choiníoll den tsórt san gan brí gan éifeacht mar gur coiníoll é a chuirfadh srian le trádáil agus a bheadh contrárdha don pholasaí phuiblí: | |
[EN] | Ach ní bhainfidh an fo-alt so leis an gcás— | |
[EN] | (i) má chruthuíonn an díoltóir, an léasóir, no an ceadúnóir go raibh cead ag an gceannuitheoir, ag an léasaí, no ag an gceadúnaí, am déanta an chonnartha, an earra do cheannach no léas no ceadúnas d'fháil ar théarmaí réasúnta, gan coiníollacha den tsórt san roimhráite; agus | |
[EN] | (ii) má thugann an connra teideal don cheannuitheoir, don léasaí, no don cheadúnaí é féin do shaora o n-a fhreagarthacht in aon choiníoll den tsórt san do chólíona tré fhógra ráithe i scríbhinn do thabhairt don pháirtí eile agus, i gcás ceannaigh, tré íoc suime mar chúiteamh sa saoirse sin no, i gcás léasa no ceadúnais, tré íoc cíosa no cánach údair mar chúiteamh inti ar feadh iarsma téarma an chonnartha, pé suim, cíos no cáin údair a shocróidh eadarscánaí a bheidh ceaptha ag an Aire. | |
[EN] | (2) In aon aicsean, iarratas, no imeachta fén Acht so ní stopfar éinne ar shaoirse d'iarraidh no d'fháil de bhíthin aon admhála do dhin sé i dtaobh réasúntacht na dtéarmaí do tairgeadh do fé mhír (i) den fhoráil a ghabhann le fo-alt (1) den alt so. | |
[EN] | (3) Aon chonnra a bhaineann le léas aon earra paitinnithe no próisis phaitinnithe no le ceadúnas chun an céanna d'úsáid no d'oibriú, féadfidh ceachtar de sna páirtithe, tré fhógra ráithe i scríbhinn do thabhairt uaidh don pháirtí eile, deire do chur leis aon uair tar éis don phaitinn no do sna paitinneacha uile le n-a raibh an earra no an próiseas cosanta am déanta an chonnartha scur de bheith i bhfeidhm, agus san d'ainneoin éinní ina choinnibh sa chonnra san no in aon chonnra eile. | |
[EN] | (4) Má chuireann an paitinní isteach i gconnra aon choiníoll atá gan brí gan éifeacht de bhua an ailt seo féadfar feidhm do bhaint as san mar chosaint in aicsean a bunófar, le linn an connra san do bheith i bhfeidhm, mar gheall ar shárú na paitinne le n-a mbaineann an connra. | |
[EN] | (5) Maidir le héinní san alt so— | |
[EN] | (a) ní dhéanfa sé deifir d'aon choiníoll i gconnra le n-a dtoirmiscthear ar dhuine aon earraí do dhíol seachas earraí duine áirithe; ná | |
[EN] | (b) ní léireofar é mar ní a thugann dleathacht d'aon chonnra do bheadh nea-dhleathach gan an t-alt so; ná | |
[EN] | (c) ní dhéanfa sé deifir d'aon cheart chun deire do chur le connra no le coiníoll i gconnra is infheidhmithe gan cead ón alt so; ná | |
[EN] | (d) ní dhéanfa sé deifir d'aon choiníoll i gconnra i gcóir léasa ar earra phaitinnithe no ceadúnais chun a húsáidthe, coiníoll le n-a gcimeádann an léasóir no an ceadúnóir do féin no dá ainmnithe an ceart chun pé páirteanna nua den earra phaitinnithe do sholáthar is gá chun í do dheisiú no do chimeád deisithe. | |
[EN] |
Tortha agus substaintí ceimiciúla atá ceaptha mar bhia no mar chógaisí. |
55. —(1) I gcás cumadóireachtaí a bhaineann le substaintí a hullamhuítear no a dintar tré phróiseasaí ceimiciúla no atá ceaptha mar bhia no mar chógaisí, ní bheidh éilithe ar an substaint féin san áireamhacht, ach amháin nuair a hullamhuítear no a dintar í tríd na modhna no tríd na próiseasaí déantóireachta a tuairiscítear agus a héilítear no tré n-a gcó-shamhla ceimiciúla soiléire: Ach in aicsean mar gheall ar shárú phaitinne i gcás ina mbaineann an chumadóireacht le substaint nua do dhéanamh, má bhíonn cruthúnas ar a mhalairt ar iarraidh tuigfar gur tríd an bpróiseas paitinnithe a dineadh aon tsubstaint ina bhfuil an có-mhianachas agus an có-dhéantús ceimiciúil céanna atá sa tsubstaint nua. |
[EN] | (2) I gcás aon phaitinne do chumadóireacht a bheidh ceaptha chun no is féidir d'úsáid chun bia no cógaisí d'ullamhú no do dhéanamh, deonfidh an ceannasaí d'éinne a iarrfidh é, maran léir do cúis mhaith ina choinnibh sin, ceadúnas chun an chumadóireacht d'úsáid chun bia no cógaisí d'ullamhú no do dhéanamh agus chuige sin amháin ach ní chun éinní eile; agus ag socrú téarmaí an cheadúnais sin do agus ag ceapa méid na cánach údair no na comaoine eile a bheidh iníoctha, cuimhneoidh an ceannasaí ar a thairbhí do bheadh sé an bia no na cógaisí do chur ar fáil don phuiblíocht ar an bpraghas ba lú ar ar bhféidir iad do dhíol tar éis luach saothair cuibhe do thabhairt don chumadóir as ucht na lorgaireachta as a dtáinig an chumadóireacht. | |
[EN] | Féadfar athchomharc do dhéanamh chun na cúirte i gcoinnibh aon bhreithe a thabharfidh an ceannasaí fén bhfo-alt so. | |
[EN] |
Gníomhartha nách ionann iad agus teacht roimh chumadóireacht. |
56. —(1) Ní tuigfar i dtaobh cumadóireachta fé phaitinn do deonadh no do cláruíodh i Saorstát Éireann go dtánathas roimhe tré n-a foillsiú— |
[EN] | (a) in áireamhacht do fágadh in Oifig na bPaitinneacha i Lundain do réir iarratais do dineadh san Oifig sin caoga bliain ar a laighead roimh dháta iarrtha na paitinne, no | |
[EN] | (b) in áireamhacht shealadaigh do fágadh in Oifig na bPaitinneacha i Lundain roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so agus nár tháinig áireamhacht iomlán ina diaidh, no | |
[EN] | (c) in áireamhacht shealadaigh do fágadh san Oifig agus nár tháinig áireamhacht iomlán ina diaidh. | |
[EN] | (2) Ní tuigfar paitinn do bheith nea-dhleathach mar gheall ar gur dineadh an chumadóireacht no aon pháirt den chumadóireacht dar deonadh an phaitinn d'fhoillsiú roimh dháta na paitinne agus mar gheall air sin amháin, má chruthuíonn an paitinní chun sástachta na cúirte gur uaidh a tháinig no a fuarthas an t-abhar do foillsíodh, agus gur i ngan fhios do agus gan cead uaidh do dineadh an foillsiú, agus, má fuair sé eolas ar an bhfoillsiú roimh an dáta ar ar iarr sé an phaitinn, gur iarr agus go bhfuair sé cosaint dá chumadóireacht le gach dícheall réasúnta tar éis eolas d'fháil ar an bhfoillsiú: | |
[EN] | Ach an chosaint a tugtar leis an bhfo-alt so ní shroichfe sé paitinní d'oibrigh a chumadóireacht ar nós tráchtála i Saorstát Éireann ar shlí eile seachas chun triail réasúnta do bhaint as an gcumadóireacht sara n-iarrfadh sé an phaitinn. | |
[EN] |
Deifríochtaí idir áireamhacht shealadaigh agus áireamhacht iomláin. |
57. —Ní tuigfar paitinn do bheith nea-dhleathach ar an scór go dtuairiscítear leis an áireamhacht iomláin cumadóireacht eile seachas an ceann atá san áireamhacht shealadaigh no ceann atá deifriúil leis an gceann san más rud é go raibh an chumadóireacht a tuairiscítear inti, sa mhéid ná fuil sí le fáil san áireamhacht shealadaigh, go raibh an chumadóireacht san nua ar an dáta ar ar cuireadh isteach an áireamhacht iomlán, agus gurb é an t-iarratacóir ba chéad-chumadóir agus dob fhíor-chumadóir di. |
[EN] |
Cirt ionadaí cumadóra mhairbh. |
58. —(1) I gcás an té adeir gurb é do chum cumadóireacht d'fháil bháis gan paitinn d'iarraidh don chumadóireacht, féadfidh a ionadaí dlíthiúil paitinn d'iarraidh don chumadóireacht agus féadfar í do dheona dho san. |
[EN] | (2) Ní foláir dearbhú ón ionadaí dlíthiúil do bheith i ngach iarratas den tsórt san á rá go gcreideann sé gurb é an duine marbh dob fhíor-chumadóir agus ba chéad-chumadóir don chumadóireacht. | |
[EN] |
Cailliúint no díthiú paitinne. |
59. —Má cailltear no má díthítear paitinn, no má tugtar cuntas a shásóidh an ceannasaí ar conus ná fuil sí le fáil, féadfidh an ceannasaí aon uair dúbláid di do shéalú. |
[EN] |
Cumadóireacht d'fhoillsiú ag taisbeántaisí áirithe. |
60. —(1) Má taisbeántar cumadóireacht ag taisbeántas ceárdasúil no eadarnáisiúnta, a bheidh deimhnithe ag an Aire mar thaisbeántas den tsórt san, no má foillsítear aon tuairisc ar an gcumadóireacht le linn an taisbeántas do bheith ar siúl, no má úsáidtear an chumadóireacht chun críche an taisbeántais san áit ina bhfuil an taisbeántas ar siúl, no má úsáideann éinne an chumadóireacht in aon áit eile i ngan fhios don chumadóir agus gan cead uaidh le linn an taisbeántas do bheith ar siúl, no má léigheann cumadóir páipeur os cóir cumainn léigheanta no má foillsítear an páipeur in imeachta an chumainn, ní dhéanfidh san dochar do cheart an chumadóra chun paitinn d'iarraidh agus d'fháil don chumadóireacht ná do dhleathacht aon phaitinne a deonfar de bharr an iarratais: Ar choiníoll— |
[EN] | (a) go ndéanfidh an taisbeántóir, sara dtaisbeánfa sé an chumadóireacht, no an té a léighfidh an páipeur san no a cheadóidh an foillsiú san, an fógra orduithe do thabhairt don cheannasaí go bhfuil sé chun san do dhéanamh; agus | |
[EN] | (b) go n-iarrfar an phaitinn roimh an dáta no laistigh de shé mhí ón dáta ar a ndéanfar an taisbeántas d'oscailt no an páipeur san do léighe no d'fhoillsiú. | |
[EN] | (2) Féadfidh an Ard-Chomhairle, le hOrdú, an t-alt so do chur i mbaint le haon taisbeántas a bheidh luaidhte san Ordú fé is dá mba thaisbeántas ceárdasúil no eadarnáisiúnta é do bheadh deimhnithe ag an Aire mar thaisbeántas den tsórt san agus féadfar a shocrú le haon Ordú den tsórt san go bhfuasclófar an taisbeántóir ón gcoiníoll san fógra do thabhairt don cheannasaí go bhfuil sé chun taisbeáint do dhéanamh, agus déanfar é d'fhuascailt amhalaidh gan aon choiníoll no ar pé téarmaí agus coiníollacha a bheidh ráite san Ordú. | |
[EN] |
Cumadóireacht d'úsáid ar árthach choigríche ar uiscí cois baile. |
61. —(1) Ní choiscfidh paitinn cumadóireacht d'úsáid chun crícheanna stiúrtha árthaigh choigríche laistigh de líomatáiste údaráis Rialtais Shaorstáit Éireann, ná cumadóireacht d'úsáid in árthach choigríche laistigh den líomatáiste sin, mara n-úsáidtear ann é chun no i dtaobh aon rud do dhéanamh no d'ullamhú atá ceaptha le díol i Saorstát Éireann no le heasportáil amach as. |
[EN] | (2) Ní shroichfidh an t-alt so árthaí le haon stát coighríche ná bronntar le n-a dhlithe cirt den tsaghas chéanna maidir le cumadóireachtaí d'úsáid in árthaí le Saorstát Éireann le linn iad do bheith i bpuirt an stáit sin, no ar na huiscí laistigh de líomatáiste údaráis a chúirteanna. | |
[EN] | (3) Chun crícheanna an ailt seo foluíonn an focal “árthach coigríche” long atá cláruithe i dtiarnas Briotáineach agus foluíonn an focal “stát coigríche” tiarnas Briotáineach. | |
[EN] |
Clárófar gníomhairí paitinne. |
62. —(1) Cimeádfar san Oifig leabhar dá ngairmfar clár na ngníomhairí paitinne, agus ní chleachtfidh éinne mar ghníomhaire phaitinne ná ní dhéanfa sé ná ní cheadóidh sé gníomhaire paitinne do thabhairt air féin ná a chur in úil gur gníomhaire paitinne é, maran rud é— |
[EN] | (a) i gcás duine aonair, go mbeidh sé cláruithe mar ghníomhaire phaitinne i gclár na ngníomhairí paitinne; | |
[EN] | (b) i gcás tighe gnótha, go mbeidh an tigh gnótha agus gach páirtnéir sa tigh ghnótha cláruithe amhlaidh; | |
[EN] | (c) i gcás cuideachtan, go mbeidh an chuideachta agus gach stiúrthóir ar an gcuideachtain agus a bainisteoir (más ann do) cláruithe amhlaidh. | |
[EN] | (2) Má orduíonn agus nuair ordóidh an tAire amhlaidh cimeádfar san Oifig leabhar dá ngairmfar clár na gcléireach agus ina n-iontrálfar ainmneacha cléireacha ceaduithe do ghníomhairí paitinne a bheidh cláruithe. | |
[EN] | (3) Má sháruíonn éinne forálacha an ailt seo aon uair tar éis ráithe o thosach feidhme an Achta so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air, agus i gcás cuideachtan beidh gach stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí, no oifigeach eile don chuideachtain a bheidh páirteach go feasach sa tsárú ciontach i gcionta den tsort chéanna agus dlighfar fíneáil den tsórt chéanna do chur air. | |
[EN] | (4) Chun crícheanna an ailt seo cialluíonn an focal “gníomhaire paitinne” duine, tigh gnótha, no cuideachta ag á mbeidh ar siúl i Saorstát Éireann chun proifite an gnó san paitinneacha i Saorstát Éireann no in aon áit eile d'iarraidh no d'fháil. | |
[EN] | (5) Ní tuigfar éinní san alt so do bheith á thoirmeasc ar atúrnaethe páirt do thógaint den tsórt do thógaidís go dtí so in imeachta cosúil le haon imeachta fén Acht so. | |
[EN] | (6) Ní clárófar aon choigríoch mar ghníomhaire phaitinne. | |
[EN] |
Clár na ngníomhairí paitinne do bhainistí. |
63. —(1) Einne— |
[EN] | (a) a chomhnuíonn no go bhfuil áit ghnótha aige i Saorstát Éireann, agus | |
[EN] | (b) nách coigríoch, agus | |
[EN] | (c) go bhfuil na cáilíochtaí orduithe oideachais agus gairme aige, agus | |
[EN] | (d) a chólíonfidh na coiníollacha orduithe, | |
[EN] | beidh sé ionchláruithe i gclár na ngníomhairí paitinne agus ar a iarraidh sin sa bhfuirm agus sa tslí orduithe agus ar íoc na táille orduithe dho clárófar amhlaidh é. | |
[EN] | (2) Einne a bheidh cláruithe i gclár na ngníomhairí paitinne agus— | |
[EN] | (a) a scuirfidh de bheith ionchláruithe amhlaidh, no | |
[EN] | (b) go gcruthófar chun sástacht an Aire gur ciontuíodh é ina leithéid sin de chionta no go raibh sé ciontach ina leithéid sin de mhí-iompar agus a dhineann é gan bheith oiriúnach, dar leis an Aire, chun bheith ina ghníomhaire phaitinne, no | |
[EN] | (c) a iarrfidh go dtógfí as an gclár é, | |
[EN] | féadfidh an tAire é do thógaint as clár na ngníomhairí paitinne, ach ní tógfar éinne as amhlaidh (ach ar a iarratas féin) gan caoi do thabhairt do ar éisteacht d'fháil. | |
[EN] | (3) Féadfidh an tAire, le hordú, rialacha do dhéanamh chun clár na ngníomhairí paitinne do bhainistí agus leis na rialacha san féadfa sé éinní no aon rud d'ordú dá dtagartar san alt so mar ní no mar rud orduithe, agus féadfa sé go sonnrách a ordú amhlaidh cadiad na cáilíochtaí oideachais agus gairme agus na coiníollacha is gá chun bheith ionchláruithe sa chlár san, agus cadiad na táillí maximum a fhéadfidh éinne a bheidh cláruithe i gclár na ngníomhairí paitinne no aon atúrnae d'éileamh ar son pé seirbhísí a bheidh luaidhte sna rialacha san maidir le paitinneacha d'iarraidh no d'fháil. | |
[EN] | (4) Má bunuítear clár de chléirigh fén Acht so féadfidh an tAire, le hordú, rialacha do dhéanamh chun an clár san do bhainistí agus leis na rialacha san féadfa sé a ordú cadiad na cáilíochtaí agus na coiníollacha is gá chun bheith ionchláruithe sa chlár san agus cadiad na táillí a íocfidh duine ar a chlárú ann. | |
[EN] | (5) San alt so cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacha a bheidh déanta fén alt so. |