|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II.—PAITINNEACHA.) | Ar Aghaidh (CUID IV.—MARCANNA TRADALA.) |
ACHT MAOINE TIONNSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA (COSAINT), 1927
[EN] | ||
[EN] |
CUID III.—PATRUIN. | |
[EN] |
Clárú pátrún go generálta. |
64. —(1) Ar a iarraidh sin sa bhfuirm agus sa tslí orduithe d'éinne adeir gurb é is dílseánach d'aon phátrún nua no bun-phátrún nár foillsíodh, roimh bhunú Shaorstáit Éireann, sa Ríocht Aontuithe a bhí ann le déanaí, agus nár foillsíodh cheana i Saorstát Éireann, féadfidh an ceannasaí (fé réir forálacha an ailt seo) an pátrún san do chlárú fén Acht so. |
[EN] | (2) I gcás ina mbeidh cóipcheart ar bith fé Chodacha VI. agus VII. den Acht so san obair ealadhanta a mhíníonn pátrún, ní clárófar an pátrún san fén gCuid seo den Acht so gan toiliú únaera an chóipchirt sin. | |
[EN] | (3) Féadfar an t-aon phátrún amháin do chlárú i níos mó ná aon tsaghas amháin, agus má bhíonn amhrus ann i dtaobh ce'ca saghas inar cheart pátrún do chlárú féadfidh an ceannasaí an cheist do shocrú. | |
[EN] | (4) Féadfidh an ceannasaí, más oiriúnach leis é, diúltú d'aon phátrún áirithe do chlárú a tíolacfar do chun a chláruithe, ach féadfidh éinne ar a ngoillfidh aon diúltú den tsórt san athchomharc do dhéanamh chun na cúirte (ach amháin i gcás ina luigheann athchomharc fén Acht so chun an dlí-oifigigh) agus tar éis don chúirt an t-iarratasóir d'éisteacht agus fós an ceannasaí, más gá san, déanfa sí ordú á shocrú ce'ca tá no ná fuil agus má tá cadiad na coiníollacha (más ann dóibh) ar a bhfuil clárú le ceadú. | |
[EN] | (5) Tuigfar iarratas do bheith tréigthe a bheidh, mar gheall ar aon éislis no faillí ar thaobh an iarratasóra, gan bheith críochnuithe i slí is gur féidir clárú do dhéanamh laistigh den aimsir orduithe. | |
[EN] | (6) Nuair a clárófar pátrún is fé dháta iarrtha a chláruithe a clárófar é. | |
[EN] |
Pátrúin do chlárú i gcásanna áirithe. |
65. —(1) Aon duine no ionadaí dlíthiúil no sannaí aon duine do dhin, tar éis an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, a iarraidh ar an Aire um Ghnóthaí Fearachais do Rialtas Shealadach na hÉireann a bhí ann le déanaí no ar Aire Tionnscail agus Tráchtála Shaorstáit Éireann pátrún do chlárú, beidh sé i dteideal a iarraidh fén Acht so, laistigh de bhliain tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, go gclárófí an pátrún céanna agus beidh sé i dteideal go ndéanfí dho an t-iarratas san fén Acht so do dhátú agus d'áireamh fé is dá mb'ar dháta an iarratais a céad-luaidhtear a dineadh é, agus san chun tosaíochtaí fé seach an iarratais sin fén Acht so agus aon iarratais eile do shocrú agus chun an dáta fé n-a gclárófar an pátrún do cheapa agus chun a shocrú ce'ca do foillsíodh an pátrún i Saorstát Éireann cheana no nár foillsíodh. |
[EN] | (2) Aon duine no ionadaí dlíthiúil no sannaí aon duine do fuair, idir an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus tosach feidhme na Coda so den Acht so, cosaint do phátrún in aon tiarnas Briotáineach (seachas an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann) no stát coigríoch go ndéanfar, le hordú a déanfar fé alt 152 (alt a bhaineann le socruithe idirnáisiúnta) den Acht so, forálacha an ailt sin do chur i mbaint leis no a fhaisnéis go bhfuil na forálacha san ionchurtha i mbaint leis, beidh sé i dteideal a iarraidh fén Acht so, laistigh de bhliain tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, go gclárófí an pátrún céanna agus beidh sé i dteideal go ndéanfí dho an t-iarratas san fén Acht so do dhátú agus d'áireamh fé is dá mb'ar an dáta ar ar hiarradh cosaint don phátrún san sa tiarnas Bhriotáineach no sa stát choigríoch san a dineadh é, agus san chun tosaíochtaí fé seach an iarratais sin fén Acht so agus aon iarratais eile do shocrú agus chun an dáta fé n-a gclárófar an pátrún do cheapa agus chun a shocrú ce'ca do foillsíodh an pátrún i Saorstát Éireann cheana no nár foillsíodh. | |
[EN] | (3) Aon duine a iarrfidh fé fhorálacha an ailt seo go gclárófí pátrún, féadfa sé, aon uair roimh chríochnú an chláruithe sin (dá ngairmtear anso ina dhiaidh seo an chéad chlárú a luaidhtear), a iarraidh ar an gceannasaí nea-mbríochaint do dhéanamh ar aon chlárú (dá ngairmtear anso ina dhiaidh seo an dara clárú a luaidhtear) a dineadh ar an bpátrún gcéanna fé alt 66 (alt a bhaineann le pátrúin a bheidh cláruithe in Oifig na bPaitinneacha i Lundain do chlárú) den Acht so agus ar a mbeidh, mar dháta dho, aon dáta idir an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus tosach feidhme na Coda so den Acht so, féadfa sé an nea-mbríochaint sin d'iarraidh ar an scór go raibh an dáta ar ar hiarradh an dara clárú a luaidhtear ní ba dhéanaí ná an dáta ar ar dhin iarratasóir an chéad chláruithe a luaidhtear a iarraidh ar an Aire um Ghnóthaí Fearachais do Rialtas Shealadach na hÉireann a bhí ann le déanaí no ar Aire Tionnscail agus Tráchtála Shaorstáit Éireann no in aon tiarnas Briotáineach no stát coigríoch den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo an pátrún céanna do chlárú agus ar nea-mbríochaint d'iarraidh ar an gcuma san féadfidh an ceannasaí an dara clárú a luaidhtear do chur ar nea-mbrí ar an scór roimhráite ach ní har aon scór eile. | |
[EN] | (4) Luighfidh athchomharc chun an dlí-oifigigh i gcoinnibh gach breithe a thabharfidh an ceannasaí ar iarratas ar neambríochaint fén bhfo-alt san roimhe seo. | |
[EN] |
Pátruin a bheidh cláruithe in Oifig na bPaitinneacha i Lundain do chlárú. |
66. —(1) An té a bheidh cláruithe de thurus na huaire in Oifig na bPaitinneacha i Lundain mar dhílseánach pátrúin a bheidh cláruithe san Oifig sin i dtosach feidhme na Coda so den Acht so, ar íoc na táille orduithe dho agus nuair a thabharfa sé don cheannasaí le clárú cóipeanna deimhnithe den phátrún san agus de sna hiontrála ina thaobh sa chlár Bhriotáineach beidh teideal aige, aon uair laistigh de shé mhí tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, go ndéanfí dho an pátrún san do chlárú fén Acht so i gclár na bpátrún san Oifig sna saghsanna céanna agus fé réir na bhfógraí gcéanna agus na nithe gcéanna eile go mbeidh an pátrún san cláruithe ionta agus fé n-a réir in Oifig na bPaitinneacha i Lundain ar dháta iarrtha a chláruithe fén Acht so. |
[EN] | (2) Chun gach críche fén Acht so tuigfar, i dtaobh pátrúin a bheidh cláruithe do réir an ailt seo, gur ar an dáta ar ar céadchláruíodh an pátrún san in Oifig na bPaitinneacha i Lundain do céad-chláruíodh fén Acht so é, d'ainneoin an dáta san do bheith roimh rith an Achta so no roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so agus (pé uair a bheidh sé oiriúnach) tuigfar gur dineadh tréimhse an chóipchirt sa phátrún san d'fhaidiú fén Acht so ar an dáta no ar na dátaí fé seach ar ar dineadh agus go ceann na haimsire no na n-aimsear fé seach gur ina cóir no ina gcóir a dineadh an tréimhse sin d'fhaidiú in Oifig na bPaitinneacha i Lundain roimh chlárú an phátrúin sin do réir an ailt seo pe'ca roimh rith an Achta so no roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so no d'éis ceachtar den dá am san do bhí an dáta san no na dátaí sin fé seach. | |
[EN] |
Pátrúin do chlárú i saghsanna nua. |
67. —I gcás pátrún do bheith cláruithe i saghas no i saghsanna carraí ní diúltófar do ghéille d'iarratas o dhílseánach an phátrúin ar é chlárú i saghas no i saghsanna éigin eile, ná ní bheidh a chlárú nea-dhleathach— |
[EN] | (a) ar an scór nách pátrún nua ná bun-phátrún an pátrún, mar gheall ar gur cláruíodh amhlaidh cheana é agus mar gheall air sin amháin; ná | |
[EN] | (b) ar an scór gur foillsíodh an pátrún i Saorstát Éireann cheana, mar gheall ar gur cuireadh é ar earraí d'aon tsaghas inar cláruíodh amhlaidh cheana é agus mar gheall air sin amháin: | |
[EN] | Ach ní dhéanfidh an clárú iar-ré sin tréimhse an chóipchirt sa phátrún d'fhaidiú thar an tréimhse a thagann as an gclárú do dineadh roimhe sin. | |
[EN] |
Deimhniú clárathachta. |
68. —(1) Deonfidh an ceannasaí deimhniú clárathachta do dhílseánach an phátrúin nuair a bheidh an pátrún cláruithe. |
[EN] | (2) I gcás an bun-deimhniú do chailliúint no in aon chás eile gur oiriúnach leis é féadfidh an ceannasaí cóip no cóipeanna den deimhniú do thabhairt uaidh. | |
[EN] |
Clár na bpátrún. |
69. —(1) Cimeádfar san Oifig leabhar dá ngairmfar clár na bpátrún agus ina n-iontrálfar ainmneacha agus seolta dílseánacha pátrún cláruithe, fógraí i dtaobh sannaithe agus tarchurtha pátrún cláruithe, agus pé nithe eile a hordófar. |
[EN] | (2) Beidh clár na bpátrún ina fhianaise primâ facie ar gach ní a horduítear no a húdaruítear leis an Acht so a chur isteach ann. | |
[EN] |
Cóipcheart i bpátrúin chláruithe. |
70. —(1) Nuair a clárófar pátrún beidh cóipcheart ag dílseánach cláruithe an phátrúin sa phátrún ar feadh cúig mblian o dháta an chláruithe fé réir forálacha an Achta so agus fé réir an chóipchirt agus gan dochar don chóipcheart a bronntar le Cuid VII. den Acht so maidir le hoibreacha ealadhanta áirithe a mhíníonn pátrúin. |
[EN] | (2) Más rud é, laistigh den aimsir orduithe roimh dheire na gcúig mblian san, go n-iarrfar ar an gceannasaí sa tslí orduithe tréimhse an chóipchirt d'fhaidiú, déanfidh an ceannasaí, ar íoc na táille orduithe, tréimhse an chóipchirt d'fhaidiú go ceann na dara tréimhse de chúig bliana o dheire na bun-tréimhse de chúig bliana. | |
[EN] | (3) Más rud é, laistigh den aimsir orduithe roimh dheire na dara tréimhse sin de chúig bliana, go n-iarrfar ar an gceannasaí sa tslí orduithe tréimhse an chóipchirt d'fhaidiú, féadfidh an ceannasaí, fé réir aon rialacha fén Acht so agus ar íoc na táille orduithe, tréimhse an chóipchirt d'fhaidiú go ceann na tríú tréimhse de chúig bliana o dheire na dara tréimhse de chúig bliana. | |
[EN] |
Nithe le cólíona sara seachadtar earraí tar éis a ndíolta. |
71. —(1) Sara seachadfar, tar éis a ndíolta, aon earraí ar ar cuireadh pátrún cláruithe, déanfidh an dílseánach— |
[EN] | (a) (marar soláthruíodh samhla cruinne ná samplaí ar an gclárú d'iarraidh), an líon orduithe de shamhla cruinne no de shamplaí den phátrún do thabhairt don cheannasaí; agus má theipeann air san do dhéanamh féadfidh an ceannasaí a ainm do scrios amach as an gclár, agus leis sin beidh deire leis an gcóipcheart sa phátrún; agus | |
[EN] | (b) a chur fé ndeár an marc orduithe, no na focail no na figiúirí orduithe a thaisbeánann go bhfuil an pátrún cláruithe do mharcáil ar gach earra den tsórt san; agus má theipeann ar an dílseánach san do dhéanamh ní bheidh sé i dteideal aon phionós ná damáistí do bhaint amach in éiric aon tsárú ar a chóipcheart sa phátrún mara dtaisbeána sé gur dhin sé gach ní ba cheart chun a chur in áirithe go marcálfí an earra, no mara dtaisbeána sé gur dineadh an sárú tar éis don té ba chiontach ann fios no fógra d'fháil go raibh an cóipcheart sa phátrún ar bith. | |
[EN] | (2) Má dintar ag lucht aon trádála no ceárdais no thar a gceann a chur os cóir an Aire go bhfuil sé oiriúnach chun leasa na trádála no an cheárdais éinní dá n-éilítear leis an alt so i dtaobh marcála do leigint ar lár no d'atharú maidir le haon tsaghas no sórt áirithe earraí, féadfidh an tAire más oiriúnach leis é, tré rialacha generálta do dhéanamh fén Acht so, na nithe sin do leigint ar lár no d'atharú, maidir le haon tsaghas no sórt earraí mar sin, chó mór agus fé réir pé coiníollacha is oiriúnach leis. | |
[EN] |
Ní foillsiú ar phátrún é do nochta fé rún. |
72. —Má dhineann an dílseánach pátrún do nochta d'éinne eile i slí is go mbeadh sé mí-mhacánta don duine eile sin an pátrún d'úsáid no d'fhoillsiú, agus má dhineann éinne seachas dílseánach pátrúin an pátrún do nochta contrárdha don mhacántacht, agus má glactar céad-ordú fé rún ar earraí ar a mbeidh pátrún nua no bun-phátrún fíodóireachta a beifear ar aigne a chlárú, ní tuigfar gur foillsiú ar an bpátrún é is leor chun cóipcheart an phátrúin do dhéanamh nea-dhleathach má fachtar clárú air tar éis an nochttha no an ghlactha san. |
[EN] |
Pátrúin chláruithe d'iniúcha. |
73. —(1) Ar feadh téarma cóipchirt i bpátrún, no ar feadh pé tréimhse níos giorra a hordófar agus nách giorra ná dhá bhliain o chlárú an phátrúin, ní bheidh an pátrún le feiscint chun a iniúchta ach ag an dílseánach no ag duine go mbeidh údarás i scríbhinn aige uaidh, no ag duine go mbeidh údarás aige ón gceannasaí no ón gcúirt, agus a thabharfidh uaidh pé eolas a chuirfidh ar chumas an cheannasaí an pátrún d'aithint, agus ní bheidh sé le feiscint chun a iniúchta ag éinne ach amháin i láthair an cheannasaí, no i láthair oifigigh a bheidh ag gníomhú fé, agus ar íoc na táille orduithe; agus an té dhéanfidh an t-iniúcha ní bheidh sé i dteideal aon chóip do thógaint den phátrún ná d'aon chuid de: |
[EN] | Ach má diúltuítear do phátrún do chlárú ar an scór gur mar a chéile é agus pátrún atá cláruithe cheana féin, beidh iarratasóir an chláruithe i dteideal an pátrún atá cláruithe amhlaidh d'iniúcha. | |
[EN] | (2) Tar éis dul in éag don chóipcheart i bpátrún no tar éis tréimhse níos giorra ná san mar adubhradh, beidh an pátrún le feiscint chun a iniúchta, agus ar íoc na táille orduithe féadfidh éinne cóipeanna do thógaint de. | |
[EN] | (3) Féadfar tréimhsí deifriúla d'ordú fén alt so do shaghsanna deifriúla earraí. | |
[EN] |
Eolas i dtaobh clárú do bheith ann. |
74. —Ar a iarraidh sin d'éinne a thabharfidh uaidh pé eolas a chuirfidh ar chumas an cheannasaí an pátrún d'aithint, agus ar íoc na táille orduithe, cuirfidh an ceannasaí in úil don duine sin ce'ca tá an pátrún ar clárú fós no ná fuil agus, má tá, cadiad na saghsanna earraí atá ar clárú, agus inneosa sé dáta an chláruithe agus ainm agus seola an dílseánaigh chláruithe. |
[EN] |
Clárú pátrúin do chur ar nea-mbrí. |
75. —(1) Aon uair tar éis pátrún do bheith cláruithe féadfidh éinne le n-a mbaineann an scéal a iarraidh ar an gceannasaí clárú an phátrúin do chur ar nea-mbrí, ar cheachtar de sna scóranna so a leanas:— |
[EN] | (a) gur dineadh, roimh dháta cláruithe an phátrúin, an pátrún d'fhoillsiú sa Ríocht Aontuithe, a bhí ann le déanaí, sarar bunuíodh Saorstát Éireann, no i Saorstát Éireann; | |
[EN] | (b) go gcuirtar an pátrún ar aon earra i dtír choigríche tré dhéantóireacht, agus ná dintar san i Saorstát Éireann tré dhéantóireacht chó foirleathan is tá réasúnta do réir chúrsaí an cháis: | |
[EN] | Ach más ar an scór deiridh sin a luaidhtear a déanfar an t-iarratas agus gur deimhin leis an gceannasaí nách leor an aimsir d'imigh o dháta an chláruithe chun an pátrún do chur ar earra tré dhéantóireacht i Saorstát Éireann, féadfidh an ceannasaí an t-iarratas do chur ar athló go ceann pé aimsire is dó leis is leor chun na críche sin; agus in ionad nea-mbríochaint do dhéanamh, féadfidh an ceannasaí a ordú go ndeonfí ceadúnas éigeanta ar pé téarmaí is cóir dar leis. | |
[EN] | (2) Luighfidh athchomharc chun na cúirte i gcoinnibh aon ordú a dhéanfidh an ceannasaí fén alt so, agus féadfidh an ceannasaí aon uair aon iarratas den tsórt san do chur chun na cúirte chun a thrialta. | |
[EN] |
Pátrúin d'fhoillsiú ag taisbeántaisí áirithe. |
76. —Má dintar pátrún no aon earra ar a mbeidh pátrún curtha do thaisbeáint ag taisbeántas ceárdasúil no eadarnáisiúnta, a bheidh deimhnithe ag an Aire mar thaisbeántas den tsórt san, no é thaisbeáint in aon áit eile i ngan fhios don dílseánach agus gan cead uaidh le linn an taisbeántais do bheith ar siúl no tuairisc ar phátrún d'fhoillsiú le linn aon taisbeántais den tsórt san do bheith ar siúl, ní chuirfidh san cosc leis an bpátrún do chlárú ná ní dhéanfa sé a chlárú do bheith nea-dhleathach: Ar choiníoll— |
[EN] | (a) go ndéanfidh an taisbeántóir, sara dtaisbeánfa sé an pátrún no an earra, no sara bhfoillseoidh sé tuairisc ar an bpátrún, an fógra orduithe do thabhairt don cheannasaí go bhfuil sé chun san do dhéanamh; agus | |
[EN] | (b) go n-iarrfar an clárú roimh dháta oscailte an taisbeántais no laistigh de shé mhí ón dáta san. | |
[EN] | (2) Féadfidh an Ard-Chomhairle, le hOrdú, an t-alt so do chur i mbaint le haon taisbeántas a bheidh luaidhte san Ordú fé is dá mba thaisbeántas ceárdasúil no eadarnáisiúnta é do bheadh deimhnithe ag an Aire mar thaisbeántas den tsórt san agus féadfar a shocrú le haon Ordú den tsórt san go bhfuasclófar an tais beántóir ón gcoiníoll san fógra do thabhairt don cheannasaí go bhfuil sé chun taisbeáint do dhéanamh, agus déanfar é d'fhuascailt amhlaidh gan aon choiníoll no ar pé téarmaí agus coiníollacha a bheidh ráite san ordú. | |
[EN] |
Féadfidh Airí pátrúin d'fháil. |
77. —(1) Beidh sé dleathach d'aon Aire pátrún d'fháil, tré n-a cheannach no ar shlí eile, o dhílseánach an phátrúin sin (pe'ca bheidh sé cláruithe i Saorstát Éireann no in aon áit eile no ná beidh) agus beidh sé dleathach don dílseánach san an pátrún san no aon cheart, saoirse, no príbhléid a bhaineann leis do dhíol leis an Aire sin no d'aistriú chuige ar shlí eile ar pé téarmaí ar a gcó-aontófar idir an Aire agus an dílseánach agus a cheadóidh an tAire Airgid. |
[EN] | (2) Féadfidh aon Aire a thabhairt chun críche go ndéanfar (fé réir forálacha an Achta so) aon phátrún do fuair sé no do dílsíodh ann fén alt so no ar shlí eile do chlárú sa chlár oiriúnach a bheidh bunuithe fén Acht so, agus féadfa sé a thabhairt chun críche go gclárófar aon phátrún den tsórt san in aon chlár a bheidh á chimeád in aon áit lasmuich de Shaorstát Éireann má ceaduítear agus sa mhéid go gceaduítear agus fé pé cioníollacha fé n-a gceaduítear clárú den tsórt san leis an dlí a rialálann an clár san, agus in aon chás den tsórt san féadfa sé a thabhairt chun críche go n-iontrálfar é féin mar dhílseánach d'aon phátrún a clárófar amhlaidh. | |
[EN] | (3) Beidh sé dleathach d'Aire ceadúnas do dheona d'éinne chun aon phátrún dá mbeidh an tAire sin ina dhílseánach chláruithe d'úsáid agus do chur ar aon earraí agus pé táillí a cheadóidh an tAire Airgid d'éileamh ar cheadúnaisí den tsórt san. | |
[EN] | (4) Féadfidh forálacha bheith i ngach ceadúnas a dheonfidh Aire fén bhfo-alt san roimhe seo á chur in áirithe gur ar earraí d'fhás no do dineadh no do saothruíodh i Saorstát Éireann agus ortha san amháin a chuirfidh an ceadúnaí an pátrún le n-a mbaineann an ceadúnas san agus, fós, féadfidh forálacha, coiníollacha agus sriantachtaí bheith in aon cheadúnas den tsórt san fé mar is dó leis an Aire is ceart chun a chur in áirithe gur ar earraí de cháilíocht no de shórt áirithe agus ortha san amháin a chuirfidh an ceadúnaí an pátrún le n-a mbaineann an ceadúnas san. | |
[EN] | (5) Féadfidh Aire aon uair pé nithe dleathacha is dó leis is ceart do dhéanamh, pe'ca tré aicsean no tré chúiseamh sa dlí no ar shlí eile é, chun srian de chur le sáruithe ar an gcóipcheart in aon phátrún dá mbeidh sé ina dhílséanach chláruithe fén alt so no chun pionós do chur i bhfeidhm mar gheall ortha no chun an cóipcheart san do chosaint in aon tslí eile, agus féadfa an tAire sin na nithe sin do dhéanamh i Saorstát Éireann no in aon tír no áit eile ina mbeidh sé cláruithe amhlaidh. | |
[EN] | (6) San alt so cialluíonn an focal “Aire” Aire is ceann ar Roinn Stáit do bunuíodh fén Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 (Uimh. 16 de 1924) . | |
[EN] |
Sárú cóipchirt i bpátrún do thoirmeasc. |
78. —Ar feadh téarma chóipchirt in aon phátrún ní bheidh sé dleathach d'éinne— |
[EN] | (a) an pátrún ná aon aithris chalaoiseach no shoiléir air do chur, ná a chur fé ndeár san do chur, chun crícheanna díola, ar aon earra in aon tsaghas earraí ina mbeidh an pátrún cláruithe, ach amháin le ceadúnas no le toiliú i scríbhinn ón dílseánach cláruithe, ná éinní do dhéanamh chun go bhféadfar an pátrún do chur ar earra amhlaidh; ná | |
[EN] | (b) aon earra d'fhoillsiú no do thaisbeáint chun a díolta no a chur fé ndeár í do dhíol no do thaisbeáint chun a díolta agus a fhios aige go bhfuil an pátrún no aon aithris chalaoiseach no shoiléir air curtha ar an earra san gan toiliú ón dílseánach cláruithe. | |
[EN] | (2) Má dhineann éinne sárú ar an alt so dlighfar air, in aghaidh gach sáruithe, suim ná raghaidh thar caoga punt d'íoc le dílseánach cláruithe an phátrúin, suim a bheidh ionbhainte amach mar fhiacha gnáth-chonnartha, no más rogha leis an dílseánach aicsean do bhunú chun damáistí do bhaint amach mar gheall ar an sárú san agus chun cosc d'fháil i gcoinnibh a dhéanta arís, dlighfar air pé damáistí a molfar d'íoc agus srian do chur leis tré chosc dá réir sin: | |
[EN] | Ach an tsuim iomlán is ionbhainte amach mar fhiacha gnáthchonnartha maidir le haon phátrún aonair ní ragha sí thar céad punt. | |
[EN] |
Iarrataisí a tréigfar no 'na ndiúltófar do ghéille dhóibh. |
79. —Má dineadh iarratas ar phátrún do thréigint no diúltú do ghéille dho, ansan, an t-iarratas agus aon tarraiceoireachtaí, grianghrafanna, riantarraiceoireachtaí, samhla no samplaí do fágadh mar gheall ar an iarratas, ní bheid le feiscint aon uair ag an bpuiblíocht chun iad d'iniúcha ná ní fhoillseoidh an ceannasaí iad. |