An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III.—PATRUIN.) Ar Aghaidh (CUID V. FORALACHA GENERALTA I dTAOBH PAITINNEACHA, PATRUN AGUS MARCANNA TRADALA.)

16 1927

ACHT MAOINE TIONNSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA (COSAINT), 1927

CUID IV.—MARCANNA TRADALA.

Clár na marcanna trádála.

80. —(1) Cimeádfar san Oifig leabhar dá ngairmfar clár na marcanna trádála agus ina n-iontrálfar na marcanna trádála uile a bheidh cláruithe, maraon le hainmneacha agus seolta a ndílseánach, fógra i dtaobh sannaithe agus tarchurtha, séanta, coiníollacha, teoranta agus pé nithe eile den tsórt san a bhaineann leis na marcanna trádála san agus a hordófar o am go ham.

(2) Cimeádfar clár na marcanna trádála fé smacht agus fé bhainistí an cheannasaí.

(3) Beidh clár na marcanna trádála roinnte ina dhá chuid dá ngairmfar Cuid A agus Cuid B, agus beidh sna codacha san fé seach na marcanna trádála a horduítear leis an Acht so do chlárú ionta fé seach.

Ní foláir marc trádála do bheith i gcóir carraí áirithe.

81. —Ní foláir marc trádála do chlárú maidir le hearraí áirithe no saghsanna áirithe earraí.

Nithe is gá chun clárú do dhéanamh i gCuid A.

82. —(1) I dtreo go bhféadfar marc trádála do chlárú i gCuid A den chlár, ní foláir ceann amháin ar a laighead de sna nithe riachtanacha so a leanas do bheith ann no é bheith có-dhéanta dhe.—

(a) ainm cuideachtan, duine aonair, no tighe ghnótha agus í ar taisbeáint ar shlí speisialta no áirithe;

(b) sighniú iarratasóra an chláruithe, no sighniú roimhshealbhadóra éigin ina ghnó;

(c) focal no focail do cumadh;

(d) focal no focail ná tagrann díreach do chineál ná do cháilíocht na n-earraí, agus nách ainm gheografach ná sloinne é do réir a ghnáth-bhrí;

(e) aon mharc idirdhealuitheach eile, ach ní bheidh ainm, sighniú, ná focal no focail, seachas iad so a foluítear fé sna tuairiscí sna míreanna san thuas (a), (b), (c) agus (d), ionchláruithe fé fhorálacha na míre seo ach amháin de bharr fianaise ar a idirdhealuitheacht.

(2) D'ainneoin forálacha an fho-ailt sin roimhe seo, aon fhocal no focail, leitir, uimhir, no aon chnuasach de leitreacha no d'uimhreacha, speisialta no idirdhealuitheach, do húsáideadh mar mharc thrádála ag an iarratasóir no ag á roimh-shealbhadóirí gnótha roimh an tríú lá déag de Lúnasa míle ocht gcéad seachtó a cúig, agus gur leanadh d'é d'úsáid (ina bhun-fhuirm no maraon le breiseanna leis no atharuithe air nár bhain puinn o n-a sho-aitheantacht) anuas go dtí dáta an iarratais ar chlárú, beidh sé ionchláruithe mar mharc thrádála fén Acht so.

(3) Chun crícheanna an ailt seo ciallóidh “idirdhealuitheach” oiriúnach chun idirdhealú do dhéanamh idir earraí dílseánaigh an mhairc thrádála agus earraí daoine eile, agus nuair a bheidh an bínse á shocrú ce'ca tá marc trádála oiriúnach amhlaidh no ná fuil féadfa sé, i gcás mairc thrádála in úsáid achtúil, a chur san áireamh a mhéid do dhin an úsáid sin an marc trádála san do bheith idirdhealuitheach dáiríríbh do sna hearraí go bhfuil sé cláruithe no go bhfuiltear chun a chláruithe ina dtaobh.

Dath marcanna trádála.

83. —Féadfar teora dhatha no dhathanna áirithe do cheapa do mharc thrádála i bpáirt no go hiomlán, agus ina leithéid sin de chás aon bhínse ar a mbeidh breith do thabhairt ar chineál idirdhealuitheach an mhairc thrádála san cuirfe sé san áireamh go bhfuil an marc san teoranta amhlaidh. Má dintar agus sa mhéid go ndéanfar marc trádála do chlárú gan teora dhatha do cheapa dho tuigfar é do bheith cláruithe fé gach dath.

Marcanna trádála mealltacha no mí-threoracha.

84. —Aon abhar is dóichí a chuirfadh duine amú agus, mar gheall air sin no mar gheall ar éinní eile, ná beifí i dteideal cosaint dá úsáid d'fháil i gcúirt bhreithiúnais, ní bheidh sé dleathach é do chlárú mar mharc thrádála ná mar chuid de mharc thrádála.

Iarratas ar chlárú i gCuid A.

85. —(1) Einne adeir gurb é féin is dílseánach do mharc thrádála agus 'nar mian leis an marc san do chlárú i gCuid A den chlár ní foláir do iarratas i scríbhinn do dhéanamh chun an cheannasaí sa tslí orduithe.

(2) Fé réir forálacha an Achta so féadfidh an ceannasaí diúltú do ghlaca leis an iarratas san, no féadfa sé glaca leis gan aon choiníoll no fé réir coiníollacha, leasuithe no atharuithe, no fé réir pé teoranta, más ann dóibh, i dtaobh modh no áit úsáide no éinní eile a cheapfa sé bheith ceart a fhorchur.

(3) Má dhineann an ceannasaí aon diúltú no aon ghlaca coiníollach den tsórt san déarfa sé i scríbhinn, má éilíonn an t-iarratasóir air é, na scóranna ar ar bhunuigh sé a bhreith agus na habhair d'úsáid sé ag teacht ar an mbreith sin do, agus féadfar athchomharc do dhéanamh chun an Aire no chun na cúirte, fé mar is rogha leis an iarratasóir, i gcoinnibh na breithe sin.

(4) Is sa tslí orduithe a déanfar athchomharc fén alt so, agus ar athchomharc den tsórt san déanfidh an tAire no an chúirt, pe'ca aca é, an t-iarratasóir agus an ceannasaí d'éisteacht más gá san, agus déanfid ordú á shocrú ce'ca glacfar leis an iarratas no ná glacfar agus má glactar cadiad na coiníollacha, na leasuithe, no na hatharuithe, más ann dóibh, no cadiad na teoranta, más ann dóibh, i dtaobh modh no áit úsáide no éinní eile, gur fé n-a réir a glacfar leis.

(5) Is do réir na n-abhar adéarfidh an ceannasaí amhlaidh d'úsáid sé ag teacht ar an mbreith a thug sé uaidh a héistfar athchomhairc fén alt so, agus ní ceadófar don cheannasaí aon scóranna eile seachas na cinn a bheidh ráite aige do thabhairt anuas i gcoinnibh glaca leis an iarratas, ach amháin le cead an bhínse a bheidh ag éisteacht an athchomhairc. Nuair a tabharfar anuas aon scóranna eile i gcoinnibh glactha amhlaidh beidh an t-iarratasóir i dteideal a iarratas do tharrac siar, gan costaisí d'íoc, ar fhógra do thabhairt mar a horduítear.

(6) Féadfidh an ceannasaí no an tAire no an chúirt, pe'ca aca é, aon uair, pe'ca roimh an nglaca é no dá éis sin, aon earráid san iarratas no maidir leis do cheartú, no féadfid a cheadú don iarratasóir a iarratas do leasú ar pé téarmaí is oiriúnach leo.

Iarratas ar chlárú i gCuid B.

86. —(1) I gcás aon mharc do bheith dhá bhliain ar a laighead á úsáid bonâ fide i Saorstát Éireann ar aon carraí no maidir le haon earraí (pe'ca chun a ndíolta i Saorstát Éireann iad no chun a n-easportálta i gcéin) chun a thaisbeáint gurb iad earraí dílseánaigh an mhairc iad de bhua a ndéanta, á dtoghtha amach, a ndeimhnithe, deighleála leo no a dtairgthe chun a ndíolta, féadfidh an té adeir gurb é féin dílseánach an mhairc a iarraidh i scríbhinn ar an gceannasaí sa tslí orduithe go ndéanfaí an marc d'iontráil do mar mharc thrádála chláruithe is leis i gCuid B den chlár maidir leis na hearraí sin.

(2) Breithneoidh an ceannasaí gach iarratas den tsórt san ar mharc thrádála do chlárú i gCuid B den chlár, agus más léir do, tar éis pé cuardach, más ann do, is dó leis is gá, go dtoirmiscthear leis an Acht so an marc trádála do chlárú no maran deimhin leis gur húsáideadh an marc amhlaidh mar adubhradh no gur féidir don mharc earraí an iarratasóra d'idirdhealú, féadfa sé diúltú do ghlaca leis an iarratas, no féadfa sé glaca leis fé réir coiníollacha, leasuithe na atharuithe i dtaobh na n-earraí no na saghsanna earraí dá mbeidh an marc le clárú, no fé réir pé teoranta, más ann dóibh, i dtaobh modh no áit úsáide no éinní eile a cheapfa sé bheith ceart a fhorchur, agus in aon chás eile glacfa sé leis an iarratas, ach beidh gach glaca le haon iarratas den tsórt san fé réir forálacha an Achta so.

(3) Beidh i dteanta gach iarratais den tsórt san dearbhú reachtúil ag deimhniú na húsáide, maraon le dáta na céad úsáide, agus iontrálfar an dáta san ar an gclár.

(4) Féadfar athchomharc do dhéanamh chun na cúirte i gcoinnibh aon diúltú no aon ghlactha coiníollach den tsórt san agus, más nea-dhóthanacht fianaise i dtaobh úsáide an scór ar ar tugadh an diúltú, beidh an diúltú san gan dochar d'aon iarratas ar an marc trádála do chlárú i gCuid A den chlár.

(5) Féadfar marc do chlárú i gCuid B den chlár d'ainneoin aon chlárú do dhin an dílseánach céanna ar an marc gcéanna no ar aon chuid no codacha dhe i gCuid A den chlár.

Iarratas d'aistriú o Chuid A go dtí Cuid B.

87. —Má iarrann éinne go gclárófí marc trádála i gCuid A den chlár, féadfidh an ceannasaí, in ionad diúltú do ghlaca leis an iarratas, é d'áireamh mar iarratas ar chlárú do dhéanamh i gCuid B den chlár, má bhíonn an t-iarratasóir toilteanach chuige, agus deighleáil leis an iarratas dá réir sin.

Marcanna trádála do chlárú i gcásanna áirithe.

88. —(1) Aon duine no ionadaí dlíthiúil no sannaí aon duine do dhin, tar éis an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, a iarraidh ar an Aire um Ghnóthaí Fearachais do Rialtas Shealadach na hÉireann a bhí ann le déanaí no ar Aire Tionnscail agus Tráchtála Shaorstáit Éireann marc trádála do chlárú, beidh sé i dteideal a iarraidh fén Acht so, laistigh de bhliain tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, go gclárófí an marc trádála céanna agus beidh sé i dteideal go ndéanfí dho an t-iarratas san fén Acht so do dhátú agus d'áireamh fé is dá mb'ar dháta an iarratais a céadluaidhtear a dineadh é agus san chun gach críche maraon leis an dáta fé n-a bhfuil an marc trádála le clárú.

(2) Aon duine no ionadaí dlíthiúil no sannaí aon duine do fuair, idir an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus tosach feidhme na Coda so den Acht so cosaint do mharc thrádála in aon tiarnas Briotáineach (seachas an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann) no stát coigríoch go ndéanfar, le hordú a déanfar fé alt 152 (alt a bhaineann le socruithe idirnáisiúnta) den Acht so, forálacha an ailt sin do chur i mbaint leis no a fhaisnéis go bhfuil na forálacha san ionchurtha i mbaint leis, beidh sé i dteideal a iarraidh fén Acht so, laistigh de bhliain tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, go gclárófí an marc trádála céanna agus beidh sé i dteideal go ndéanfí dho an t-iarratas san fén Acht so do dhátú agus d'áireamh fé is dá mb'ar an dáta ar ar hiarradh cosaint don mharc thrádála san sa tiarnas Bhriotáineach no sa stát choigríoch san a dineadh é agus san chun gach críche maraon leis an dáta fé n-a bhfuil an marc trádála le clárú.

(3) Aon duine a iarrfidh fé fhorálacha an ailt seo go gclárófí marc trádála (dá ngairmtear anso ina dhiaidh seo an chéad mharc trádála a luaidhtear) féadfa sé, aon uair roimh chríochnú an chláruithe sin, a iarraidh ar an gceannasaí go dtógfí amach as an gclár aon mharc trádála (dá ngairmtear anso ina dhiaidh seo an dara marc trádála a luaidhtear) a bheidh cláruithe fé alt 89 (alt a bhaineann le marcanna trádála a bheidh cláruithe in Oifig na bPaitinneacha i Lundain do chlárú) den Acht so fé aon dáta idir an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus tosach feidhme na Coda so den Acht so ach tar éis an dáta fé n-a bhféadfí an chéad mharc trádála a luaidhtear do chlárú agus ar a iarraidh sin air féadfidh an ceannasaí an dara marc trádála a luaidhtear do thógaint amach as an gclár ar aon scór ar a bhféadfadh an té d'iarr an tógaint-amach san cur i gcoinnibh clárú an dara mairc thrádála san a luaidhtear agus buachtaint ach ní har aon scór eile.

(4) Luighfidh athchomharc chun an dlí-oifigigh i gcoinnibh gach breithe a thabharfidh an ceannasaí ar iarratas ar thógaintamach fén bhfo-alt san roimhe seo.

Marcanna trádála a bheidh cláruithe in Oifig na bPaitinneacha i Lundain do chlárú.

89. —(1) An té a bheidh cláruithe de thurus na huaire in Oifig na bPaitinneacha i Lundain mar dhílseánach do mharc thrádála a bheidh cláruithe san oifig sin i dtosach feidhme na Coda so den Acht so (agus marc a bheidh cláruithe fé alt 62 den Trade Marks Act, 1905, d'áireamh), ar íoc na táille orduithe dho agus nuair a thabharfa sé don cheannasaí le clárú cóipeanna deimhnithe den mharc thrádála san agus de sna hiontrála ina thaobh sa chlár Bhriotáineach, beidh teideal aige, aon uair laistigh de shé mhí tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, go ndéanfí dho an marc trádála san do chlárú fén Acht so i gclár na marcanna trádála san Oifig sa chuid chéanna den chlár agus maidir leis na hearraí céanna no na saghsanna céanna earraí agus fé réir na bhfógraí gcéanna agus na nithe gcéanna eile go mbeidh an marc trádála san cláruithe inti agus fé n-a réir in Oifig na bPaitinneacha i Lundain ar dháta iarrtha a chláruithe fén Acht so agus fós fé réir aon teoranta eile a forchuirtar leis an Acht so agus a bhaineann leis an marc trádála san.

(2) Chun gach críche fén Acht so tuigfar, i dtaobh mairc thrádála a bheidh cláruithe do réir an ailt seo, gur ar an dáta ar ar céad-chláruíodh an marc trádála san in Oifig na bPaitinneacha i Lundain do céad-chláruíodh fén Acht so é, d'ainneoin an dáta san do bheith roimh rith an Achta so no roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so agus (pé uair a bheidh sé oiriúnach) tuigfar gur dineadh clárú an mhairc thrádála san d'athnuachaint fén Acht so ar an dáta no ar na dátaí fe seach ar ar dineadh agus go ceann na tréimhse no na dtréimhsí fé seach gur ina cóir no ina gcóir a dineadh clárú an mhairc thrádála san in Oifig na bPaitinneacha i Lundain d'athnuachaint san Oifig sin roimh chlárú an mhairc thrádála san do réir an ailt seo pe'ca roimh rith an Achta so no roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so no d'éis ceachtar den dá am san do bhí an dáta san no na dátaí sin fé seach.

Iarratas d'fhógairt.

90. —(1) Nuair a glacfar le hiarratas ar mharc thrádála do chlárú, pe'ca gan coiníoll é no fé réir choiníollacha agus teoranta, déanfidh an ceannasaí, chó luath agus is féidir é tar éis an ghlactha san, a chur fé ndeár an t-iarratas, mar a bhí nuair a glacadh leis, d'fhógairt sa tslí orduithe, agus luadhfar i ngach fógrán den tsórt san gach coiníoll agus teora gur fé n-a réir a glacadh leis an iarratas.

(2) I n-aon chás in ar dó leis an gceannasaí go bhfuil sé oiriúnach san do dhéanamh féadfa sé a chur fé ndeár iarratas ar mharc thrádála do chlárú d'fhógairt sara nglacfar leis, agus pé uair a fógrófar iarratas amhlaidh ní bheidh sé riachtanach an fhógairt is gá do réir fo-alt (1) den alt so do dhéanamh.

(3) Ní bhainfidh an t-alt so le hiarratas ar mharc thrádála do chlárú a bheidh cláruithe in Oifig na bPaitinneacha i Lundain agus do céad-chláruíodh amhlaidh i dtosach feidhme na Coda so den Acht so.

Cur i gcoinnibh marc trádála do chlárú.

91. —(1) Féadfidh éinne fógra do thabhairt don cheannasaí laistigh den aimsir orduithe o dháta fógartha iarratais ar mharc thrádála do chlárú, go bhfuil sé chun cur i gcoinnibh an chláruithe sin.

(2) Is i scríbhinn sa tslí orduithe a tabharfar an fógra san, agus beidh ráiteas ar scóranna an churtha i gcoinnibh ann.

(3) Cuirfidh an ceannasaí cóip den fhógra san chun an iarratasóra agus, laistigh den aimsir orduithe tar éis an fógra san d'fháil do, cuirfidh an t-iarratasóir chun an cheannasaí sa tslí orduithe frith-ráiteas ar na scóranna ar a seasuíonn sé maidir le n-a iarratas agus, mara ndine sé amhlaidh, tuigfar a iarratas do bheith tréigthe aige.

(4) Má chuireann an t-iarratasóir an frith-ráiteas san chuige, tabharfidh an ceannasaí cóip de do lucht fógartha an churtha i gcoinnibh agus, tar éis do na páirtithe d'éisteacht más gá san, agus an fhianaise do bhreithniú, socróidh sé ce'ca ceadófar clárú do dhéanamh no ná ceadófar agus má ceaduítear cadiad na coiníollacha no cadiad na teoranta i dtaobh modh no áit úsáide no éinní eile gur fé n-a réir a ceadófar san.

(5) Féadfar athchomharc do dhéanamh chun na cúirte i gcoinnibh breithe an cheannasaí.

(6) Is sa tslí orduithe a déanfar athchomharc fén alt so agus ar athchomharc den tsórt san éistfidh an chúirt na páirtithe agus an ceannasaí más gá san agus déanfa sí ordú á shocrú ce'ca ceadófar clárú do dhéanamh no ná ceadófar agus má ceaduítear cadiad na coiníollacha, más ann dóibh, no cadiad na teoranta, más ann dóibh, i dtaobh modh no áit úsáide no éinní eile, gur fé n-a réir a ceadófar san.

(7) Ar éisteacht aon athchomhairc den tsórt san féadfidh aon pháirtí, sa tslí orduithe no le cead speisialta ón gcúirt, tuille abhair do thabhairt ar aghaidh chun go mbreithneoidh an chúirt é.

(8) In imeachta fén alt so ní lomhálfar don fhreasabhrach ná don cheannasaí aon scóranna eile do chur i gcoinnibh marc trádála do chlárú seachas na cinn a bheidh ráite ag an bhfreasabhrach mar a foráltar thuas ach amháin le cead ón gcúirt. Má cuirtar aon scóranna eile i gcoinnibh an chláruithe beidh an t-iarratasóir i dteideal a iarratas do tharrac siar, gan costaisí an fhreasabhraigh d'íoc, ar fhógra do thabhairt mar a horduítear.

(9) In aon athchomharc fén alt so maidir le clárú i gCuid A den chlár, féadfidh an chúirt, tar éis an ceannasaí d'éisteacht, a cheadú go ndéanfar an marc trádála atáthar ar aigne a chlárú d'atharú in aon tslí ná bainfidh puinn o sho-aitheantacht an mhairc thrádála san, ach ina leithéid sin de chás déanfar an marc trádála, agus é atharuithe amhlaidh, d'fhógairt sa tslí orduithe sara gclárófar é.

Codacha neamhidirdhealuitheacha do shéana.

92. —Má bhíonn i marc trádála 'na n-iarrfar go n-iontrálfí é no a bheidh iontrálta i gCuid A den chlár codacha ná beidh cláruithe ar leithligh ag an dílseánach mar mharcanna trádála, no má bhíonn ann abhar atá có-choitiann don trádáil no ná fuil agus is de chineál neamh-idirdhealuitheach, ansan, nuair a bheid á shocrú ce'ca déanfar an marc trádála san d'iontráil no do chimeád ar an gCuid sin den chlár no ná déanfar, féadfidh an ceannasaí no an tAire no an chúirt a cheangal ar an dílseánach, mar choiníoll ar a mbeidh an marc san ar an gCuid sin den chlár, go séanfadh sé aon cheart chun é féin amháin do dhéanamh úsáide d'aon chuid no codacha den mharc thrádála san no de gach cuid no d'aon chuid den abhar san gur dó leo ná fuil teideal aige chun iad do bheith aige féin amháin le húsáid, no féadfid a cheangal air aon tséana eile do dhéanamh is dó leo is gá chun a chirt fén gclárú san do mhíniú: Ach ní dhéanfidh aon tséana a bheidh ar an gclár deifir d'aon chirt a bheidh ag dílseánach mhairc thrádála lasmuich díobh san a thagann as clárú an mhairc thrádála gur ina thaobh a déanfar an séana.

Dáta an chláruithe.

93. —Nuair a glacfar le hiarratas ar mharc thrádála do chlárú agus ná beidh curtha ina choinnibh agus a bheidh an aimsir chun fógra curtha i gcoinnibh caithte no, tar éis curtha ina choinnibh, nuair is i bhfabhar don iarratasóir a tabharfar breith ar an gcur i gcoinnibh, cláróidh an ceannasaí an marc trádála san maran tré earráid do glacadh leis an marc no mara n-orduighidh an tAire a mhalairt, agus nuair a bheidh an marc trádála á chlárú is fé dháta an iarratais ar chlárú a clárófar é, agus tuigfar chun críche an Achta so gurb é an dáta san dáta an chláruithe.

Deimhniú ar chlárú.

94. —Ar bheith cláruithe do mharc thrádála tabharfidh an ceannasaí amach don iarratasóir deimhniú sa bhfuirm orduithe ar chlárú an mhairc thrádála san fé láimh an cheannasaí agus é séaluithe le séala an cheannasaí.

Moill ar chlárú do chríochnú.

95. —Más rud é, tré fhaillí ar thaobh an iarratasóra, ná críochnófar clárú mairc thrádála laistigh de bhliain o dháta an iarratais, féadfidh an ceannasaí, tar éis do fógra do thabhairt i scríbhinn sa tslí orduithe don iarratasóir i dtaobh an neachríochnuithe, deighleáil leis an iarratas mar iarratas thréigthe mara gcríochnuítear é laistigh den aimsir a bheidh luaidhte chuige sin sa bhfógra san.

Marcanna trádála atá mar a chéile.

96. —Ach amháin le hordú na cúirte no i gcás marcanna trádála do bhí in úsáid roimh an tríú lá déag de Lúnasa míle ocht gcéad seachtó a cúig, ní clárófar maidir le haon earraí ná saghas earraí aon mharc trádála gur mar a chéile é agus ceann is le dílseánach eile agus a bheidh ar an gclár cheana féin maidir leis na hearraí no leis an saghas earraí sin, no a bheidh chó cosúil sin le marc trádála den tsórt san gur dócha go gcuirfadh sé duine amú.

Freas-éilithe ar mharcanna atá mar a chéile.

97. —Má deir gach duine de roinnt daoine gurb é féin is dílseánach don mharc thrádála chéanna, no do mharcanna trádála is mar a chéile nách mór maidir leis na hearraí céanna no leis an saghas céanna earraí, agus gur cheart é do chlárú mar dhílseánach den tsórt san, féadfidh an ceannasaí diúltú d'éinne acu do chlárú go dtí go mbeidh a gcirt socair ag an gcúirt no réitithe tré chó-aontú i slí a ceadófar aige no (ar athchomharc) ag an Aire.

Usáid chomhaimseardha.

98. —I gcás úsáide comh-aimseardha macánta no nithe eile fé leith a dhéanfidh é bheith ceart le déanamh dar leis an gcúirt no leis an gceannasaí, féadfidh an chúirt no an ceannasaí a cheadú do níos mó ná aon dílseánach amháin an marc trádála céanna, no marcanna trádála is mar a chéile nách mór, do chlárú maidir leis na hearraí céanna no leis an saghas céanna earraí, fé réir pé coiníollacha agus teoranta, más ann dóibh, i dtaobh modh no áit úsáide no éinní eile, a cheapfidh an chúirt no an ceannasaí, pe'ca aca é, a bheith ceart a fhorchur.

Marcanna trádála do shanna agus do tharchur.

99. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, nuair a bheidh marc trádála cláruithe ní déanfar é do shanna agus do tharchur ach amháin i dteanta na dea-thola sa ghnó a bheidh i gceist sna hearraí dar cláruíodh an marc agus féadfar deire do chur leis in éineacht leis an dea-thoil sin.

(2) Ní tuigfar go ndineann éinní atá san alt so deifir don cheart a bheidh ag dílseánach mairc thrádála chláruithe sanna do dhéanamh ar an gceart an marc san d'úsáid in aon tiarnas Briotáineach no tír fé chomairce Briotáinigh no in aon tír choigríche, maidir le haon earraí dá mbeidh sé cláruithe, maraon leis an dea-thoil sa ghnó ann sna hearraí sin, agus má sanntar an ceart san an marc san d'úsáid déanfidh san dílseánach do mharc thrádála fé leith den tsannaí chun críche an ailt deiridh roimhe seo, fé réir pé coiníollacha agus teoranta a forchuirfar fén alt san.

Marcanna trádála do chion-roinnt ar scur páirtnéireachta.

100. —(1) In aon chás ina n-eireoidh duine as gnó ar aon chúis, pe'ca de bhíthin páirtnéireacht do scur é no éinní eile, agus, in ionad dea-thoil an duine sin do dhul chun aon chomharba amháin, go roinnfar í, féadfidh an ceannasaí (fé réir na bhforálacha den Acht so a bhaineann le marcanna trádála cóluite), ar iarratas na bpáirtithe le n-a mbaineann, a cheadú go ndéanfar marcanna trádála cláruithe an duine do chion-roinnt ar na daoine a bheidh dáiríribh ag leanúint den ghnó, agus san fé réir pé coiníollacha agus atharuithe, más ann dóibh, agus fé réir pé teoranta, más ann dóibh, i dtaobh modh no áit úsáide a cheapfa sé is gá ar mhaithe leis an bpuiblíocht.

(2) Féadfar athchomharc do dhéanamh chun an Aire i gcoinnibh gach breithe a thabharfidh an ceannasaí fén alt so.

Marcanna trádála cóluite.

101. —Má iarrtar go ndéanfí clárú i gCuid A den chlár ar mharc thrádála gur mar a chéile é agus marc trádála leis an iarratasóir a bheidh ar an gCuid sin den chlár cheana do sna hearraí céanna no don tsaghas chéanna earraí no a bheidh chó cosúil sin leis an gcéanna gur dócha go gcuirfadh sé duine amú no go gcuirfadh sé mearbhall air dá n-úsáideadh éinne ach an t-iarratasóir é, féadfidh an bínse a éistfidh an t-iarratas a cheangal mar choiníoll chun cláruithe gur mar mharcanna trádála cóluite a hiontrálfar na marcanna trádála san ar an gclár.

Marcanna trádála có-cheangailte.

102. —Má deir dílseánach mairc thrádála a bheidh cláruithe i gCuid A den chlár go bhfuil sé i dteideal aon chuid den mharc thrádála san do bheith aige féin amháin le húsáid ar leithligh féadfa sé a iarraidh go gclárófí an céanna sa Chuid sin A mar mharc thrádála fé leith. Ní foláir gach marc trádála fé leith acu san do bheith do réir na gcoiníoll go léir a bhaineann le marc trádála nea-spleách agus beidh ag gabháil leis gach fo-ní a ghabhann le marc trádála nea-spleách, ach amháin, ar bheith cláruithe dho, go dtuigfar gur marcanna trádála cóluite é féin agus an marc trádála dar cuid é agus iontrálfar ar an gclár iad mar mharcanna trádála den tsórt san, ach tuigfar chun crícheanna an Achta so gur mar a chéile an marc trádála iomlán d'úsáid agus na marcanna trádála cláruithe sin is leis an dílseánach céanna agus a bheidh mar chuid den mharc san d'úsáid chó maith.

Sreath de mharcanna trádála.

103. —(1) Nuair iarrfidh duine adeir gurb é féin is dílseánach do roinnt marcanna trádála don tsaghas chéanna earraí, agus na marcanna san cosúil le n-a chéile maidir le n-a mion-innste táchtacha ach deifriúil le n-a chéile maidir le—

(a) ráitisí ar cadiad na hearraí dá n-úsáidtear iad fé seach no dá bhfuil sé beartuithe iad fé seach d'úsáid; no

(b) ráitisí ar uimhir, ar phraghas, ar cháilíocht, no ar ainmneacha áiteanna; no

(c) habhar eile neamh-idirdhealuitheach ná baineann puinn o sho-aitheantacht an mhairc thrádála; no

(d) dath;

nuair iarrfa sé go gclárófí na marcanna trádála san, féadfar iad do chlárú mar shreath in aon chlárú amháin.

(2) Más i gCuid A den chlár a clárófar na marcanna trádála uile a bheidh i sreath de mharcanna trádála a clárófar fén alt so tuigfar gur marcanna trádála cóluite iad agus clárófar mar mharcanna den tsórt san iad.

Marcanna trádála cóluite do shanna agus d'úsáid.

104. —Is i dteanta a chéile agus ní har leithligh a bheidh marcanna trádála cóluite iontsannta no iontarchurtha, ach chun gach críche eile tuigfar gur mar mharcanna trádála fé leith do cláruíodh iad: Ach i gcás in ar gá fé fhorálacha an Achta so a chruthú chun aon chríche gur húsáideadh marc trádála cláruithe féadfidh an bínse, más dó leis agus sa mhéid gur dó leis gur ceart é, a áireamh gur có-ionann leis an úsáid sin úsáid do dhéanamh de mharc thrádála chláruithe chóluithe no den mharc thrádála agus breiseanna curtha leis no atharuithe déanta air ná baineann puinn o n-a sho-aitheantacht.

Buaine an chláruithe.

105. —Mairfidh clárú mairc thrádála ar feadh tréimhse cheithre bliana déag, ach féadfar é d'athnuachaint o am go ham do réir forálacha an Achta so.

Clárú d'athnuachaint.

106. —Ar iarratas do dhéanamh do dhílseánach chláruithe mhairc thrádála sa tslí orduithe agus laistigh den tréimhse orduithe, athnuadhfidh an ceannasaí clárú an mhairc thrádála san go ceann tréimhse cheithre bliana déag o dhul in éag don bhunchlárú no don athnuachaint deiridh ar chlárú, pe'ca aca é, dáta ar a dtugtar san Acht so “dul in éag don chlárú dheiridh.”

An nósimeachta a leanfar ar dhul in éag do thréimhse an chláruithe.

107. —Ar an am orduithe roimh dhul in éag don chlárú dheiridh ar mharc thrádála, cuirfidh an ceannasaí fógra sa tslí orduithe chun an dílseánaigh chláruithe go dtí a sheola cláruithe i dtaobh an dáta ar a raghaidh an seana-chlárú in éag agus i dtaobh na gcoiníollacha maidir le táillí d'íoc agus eile ar a bhféadfar athnuachaint ar an gclárú san d'fháil, agus más rud é, ar dhul in éag don aimsir a bheidh orduithe chuige sin, ná beidh na coiníollacha san cólíonta go cuibhe, féadfidh an ceannasaí an marc trádála san do thógaint amach as an gclár, fé réir pé coiníollacha (más ann dóibh) i dtaobh a churtha thar n-ais ar an gclár a hordófar.

Status mairc thrádála neamhathnuaite.

108. —Má dintar marc trádála a bheidh cláruithe i gCuid A den chlár do thógaint amach as an gclár mar gheall ar nár híocadh an táille athnuachainte, tuigfar, dá ainneoin sin, chun críche aon iarratais ar chlárú a déanfar laistigh de bhliain tar éis an dáta ar ar dineadh an tógaint-amach san, gur marc trádála atá cláruithe cheana an marc trádála san mara gcuirtar ina luighe ar an gceannasaí nár dineadh aon úsáid trádála bonâ fide den mharc trádála san i rith an dá bhlian díreach roimh an tógaintamach san.

Focalmharcanna trádála a húsáidtear mar ainm ar earraí do thógaint amach as an gclár.

109. —(1) I gcás earra no substainte a dintar fé aon phaitinn a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme na Coda so den Acht so no a deonfar ina dhiaidh sin, más focal-mharc trádála, cláruithe fén Acht so, is ainm don earra no don tsubstaint a dintar amhlaidh no má sé an t-aon ainm phraiticiúil amháin uirthi é, beidh deire le gach ceart chun úsáid aon-tsealbhach an mhairc thrádála san, pe'ca ceart fén dlí choitinn é no ceart o chlárú, ar dhul in éag don phaitinn no ar dheire do bheith curtha léi, agus ina dhiaidh sin ní tuigfar gur marc idirdhealuitheach an focal san, agus féadfidh an chúirt é do thógaint amach as an gclár ar iarratas éinne ar a ngoillfe sé.

(2) Ní clárófar mar mharc thrádála aon fhocal gurb é an t-aon ainm no tuairisc phraiticiúil amháin é ar aon dúil cheimiciúil aonair no cumasc ceimiciúil aonair, ar leith o mheascán, agus féadfidh an chúirt aon fhocal den tsórt san do thógaint amach as an gclár ar iarratas éinne ar a ngoillfe sé:

Ach ní bhainfidh forálacha an fho-ailt seo le cás ina n-úsáidfar an marc chun cineál no déantús na substainte sin mar a dhineann an dílseánach í, ar leith ón substaint mar a dhineann daoine eile í, agus san amháin, do chur in úil, agus i dteanta ainme oiriúnaí praiticiúla is féidir don phuiblíocht d'úsáid.

(3) An chomhacht a bronntar leis an alt so chun marc trádála do thógaint amach as an gclár beidh sé mar bhreis, agus ní mar laigheadú, ar aon chomhachta eile a bheidh ag an gcúirt maidir le marcanna trádála do thógaint amach as an gclár.

(4) Más rogha leis an iarratasóir é, féadfar iarratas fén alt so do dhéanamh chun an cheannasaí sa chéad dul síos agus ina leithéid sin de chás beidh ag an gceannasaí na comhachta uile a bheidh ag an gcúirt fén alt so, ach féadfar athchomharc do dhéanamh chun na cúirte i gcoinnibh a bhreithe.

Marc trádála cláruithe d'atharú.

110. —Féadfidh dílseánach cláruithe aon mhairc thrádála cead d'iarraidh ar an gceannasaí sa tslí orduithe cur leis an marc trádála san no é d'atharú in aon tslí ná bainfidh puinn o sho-aitheantacht an mhairc sin, agus féadfidh an ceannasaí an cead san do dhiúltú no é do dheona ar pé téarmaí agus fé réir pé teoranta i dtaobh modh no áit úsaide a cheapfa sé bheith oiriúnach ach féadfar athchomharc do dhéanamh chun an Aire i gcoinnibh aon diúltú no ceada choiníollaigh den tsórt san. Má deontar cead, fógrófar sa tslí orduithe an marc trádála mar a bheidh sé atharuithe.

Neamh-úsáid mhairc thrádála.

111. —(1) Ar iarratas chun na cúirte o éinne ar a ngoillfidh féadfar marc trádála cláruithe do thógaint amach as an gclár maidir le haon chuid de sna hearraí dá mbeidh sé cláruithe, ar an scór gur dhin an dílseánach no roimh-shealbhadóir teidil do é do chlárú gan aon intinn bonâ fide aige é d'úsáid maidir leis na hearraí sin agus nár dineadh dáiríribh aon úsáid bonâ fide dhe maidir leo, no ar an scór nár dineadh aon úsáid bonâ fide den mharc thrádála san maidir leis na hearraí sin i rith na gcúig mblian do tháinig díreach roimh an iarratas, maran rud é, i gceachtar den dá chás go dtaisbeánfar gur nithe speisialta sa trádáil gurbh ea fé ndeár an neamh-úsáid sin, agus nách aon intinn an marc trádála san d'fhágaint gan úsáid no do thréigean maidir leis na hearraí sin fé ndeár é.

(2) Más rogha leis an iarratasóir é, féadfar aon iarratas fén alt so do dhéanamh chun an cheannasaí sa chéad dul síos agus ina leithéid sin de chás beidh ag an gceannasaí na comhachta uile a bheidh ag an gcúirt fén alt so, ach féadfar athchomharc do dhéanamh chun na cúirte i gcoinnibh a bhreithe.

Comhachta dílseánaigh chláruithe.

112. —Fé réir forálacha an Achta so—

(a) an té bheidh iontrálta sa chlár de thurus na huaire mar dhílseánach do mharc thrádála, beidh aige, fé réir aon cheartanna is léir ón gclár san a bheith dílsithe in éinne eile, comhacht chun an marc san do shanna agus chun admhála éifeachtúla do thabhairt ar aon chomaoin ar son an tsannta san;

(b) féadfar aon chothromaí i dtaobh mairc thrádála do chur i bhfeidhm sa tslí chéanna ina gcuirfí i bhfeidhm i dtaobh aon mhaoine pearsanta eile iad.

Cirt dílseánaigh chláruithe.

113. —(1) Fé réir na bhforálacha den Acht so a bhaineann le clárú marcanna trádála is mar a chéile no is mar a chéile nách mór, agus fé réir aon teoranta agus coiníollacha a bheidh iontrálta ar an gclár, beidh ag duine, de bharr a chláruithe i gCuid A den chlár mar dhílseánach do mharc thrádála, más clárú dleathach é, an t-aon-cheart chun an marc trádála san d'úsáid ar na hearraí no i dtaobh na n-earraí dá mbeidh sé cláruithe.

(2) I gcás ina gclárófar beirt no níos mó daoine in aon Chuid den chlár mar dhílseánaigh don mharc thrádála chéanna (no do mharcanna is ionann nách mór) maidir leis na hearraí céanna, ní bhfuighidh éinne acu seachas a chéile, de bharr clárú an mhairc thrádála san, aon chirt chun an marc san do bheith le húsáid aige féin amháin (ach amháin sa mhéid go mbeidh a gcirt fé seach mínithe ag an gcúirt), ach lasmuich de sin beidh ag gach éinne fé leith de sna daoine sin na cirt chéanna do bheadh aige dá mb'é féin amháin ba dhílseánach cláruithe don mharc san.

Eifeacht chláruithe i gCuid B.

114. —Beidh clárú duine mar dhílseánach do mharc thrádála i gCuid B den chlár ina fhianaise primâ facie go bhfuil ag an duine sin an t-aon-cheart chun an marc trádála san d'úsáid, ach in aon aicsean mar gheall ar shárú mhairc thrádála a bheidh iontrálta i gCuid B den chlár, ní deonfar aon chosc ná faoiseamh eile d'únaer an mhairc thrádála maidir leis an gclárú san má chruthuíonn an cosantóir chun sástacht na cúirte nách dócha go ndéanfadh an úsáid ar a bhfuil an gearánaí ag gearán duine do chur amú ná é do thabhairt chun a chreidiúint gurbh earraí do dineadh, do toghadh amach, do deimhníodh, le n-ar deighleáladh, no do tairgeadh le díol ag dílseánach an mhairc thrádála na hearraí ar ar húsáideadh an marc san amhlaidh.

Clárú a bheith ina fhianaise primâ facie ar dhleathacht.

115. —I ngach imeacht dlí a bhaineann le marc trádála cláruithe (agus iarrataisí ar cheartú an chláir d'áireamh) beidh sé ina fhianaise primâ facie ar dhleathacht bhun-chlarú an mhairc thrádála san, agus ar gach sanna agus tarchur ina dhiaidh sin air, duine do bheith cláruithe mar dhílseánach don mharc thrádála san.

Clárú a bheith do-chlaoidhte tar éis seacht mblian.

116. —(1) I ngach imeacht dlí a bhaineann le marc trádála a bheidh cláruithe i gCuid A den chlár (agus iarrataisí ar cheartú an chláir d'áireamh) tuigfar bun-chlárú an mhairc thrádála san, tar éis deire seacht mblian o dháta an bhun-chláruithe sin, do bheith dleathach ar gach slí maran tré chalaois a fuarthas an bun-chlárú san, no maran marc trádála é an marc trádála 'na dtoirmiscthear a chlárú le halt 84 (alt a bhaineann le marcanna trádála mealltacha no mí-threoracha) no le halt 138 (alt a bhaineann le cumadóireachtaí, etc., contrárdha don dlí no don mhorálas) den Acht so.

(2) Ní dhéanfidh éinní san Acht so dílseánach do mharc thrádála a bheidh cláruithe in aon Chuid den chlár do chur i dteideal cur isteach ar éinne do dhéanamh úsáide ná srian do chur le héinne do dhéanamh úsáide de mharc thrádála den tsórt chéanna ar earraí no i dtaobh earraí go raibh an marc trádála san in úsáid ortha no ina dtaobh ag an duine sin féin no ag roimhshealbhadóirí a ghnótha go leanúnach o dháta roimh an am do húsáideadh no roimh an am do cláruíodh an marc trádála céadluaidhte ag dílseánach an mhairc sin no ag roimh-shealbhadóirí a ghnótha, pe'ca am acu is luatha, ná (ar chruthú na húsáide sin) cur i gcoinnibh an duine sin do chur ar an gclár maidir leis an marc trádála san den tsórt chéanna i dtaobh na n-earraí sin fé sna forálacha den Acht so a bhaineann le clárú marcanna trádála is mar a chéile no is mar a chéile nách mór.

Marc trádála nea-chláruithe.

117. —(1) Ní bheidh éinne i dteideal aon imeachta do bhunú chun cosc do chur le sárú mairc thrádála nea-chláruithe ná chun damáistí d'fháil mar gheall ar an sárú san maran rud é go raibh an marc trádála san in úsáid roimh an tríú lá déag de Lúnasa míle ocht gcéad seachtó a cúig, agus gur dineadh diúltú d'é do chlárú fén Acht so no diúltú, roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, d'é do chlárú in Oifig na bPaitinneacha i Lundain.

(2) Féadfidh an ceannasaí, ar a iarraidh san air, deimhniú do dheona gur diúltuíodh do chlárú fén Acht so do dheanamh.

Fianaise ar nósa trádála do cheadú.

118. —In aon aicsean no imeacht a bhaineann le marc trádála no ainm thrádála ceadóidh an bínse fianaise ar nósa na trádála a bheidh i gceist agus ar aon mharc trádála no ainm no déanamhsuas trádála a bhaineann leis an gcás agus a úsáideann daoine eile go dlisteanach.

Ní cuirfar isteach ar dhuine do dhéanamh úsáide dá ainm féin, etc.

119. —Ní dhéanfidh aon chlárú fén Acht so cur isteach ar dhuine do dhéanamh aon úsáide bonâ fide dá ainm no dá áit ghnótha féin no d'ainm no d'áit ghnótha éinne de roimhshealbhadóirí a ghnótha, ná ar éinne do dhéanamh úsáide d'aon tuairisc bonâ fide ar chineál no ar cháilíocht a chuid earraí.

Ní bainfar le leighseanna mar gheall ar earraí do dhíol fé riocht bhréagach.

120. —Ní tuigfar go ndineann éinní atá san Acht so deifir do chirt chun aicsin i gcoinnibh éinne mar gheall ar earraí do dhíol mar earraí de chuid duine eile ná do sna leighseanna air sin.

Clárú marcanna ag Airí.

121. —(1) Féadfidh aon Aire a thabhairt chun críche go gclárófar i gCuid A den chlár marc a bheidh ceaptha chun a chur in úil cad as d'earraí ar a mbeidh sé curtha no chun a n-abhar, modh a ndéanta, a gcáilíocht, a gcruinneas no ceann eile dá n-airdheana do chur in úil agus tuigfar, ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so, gur marc trádála cláruithe ar gach slí gach marc den tsórt san ar bheith cláruithe dho agus an tAire do thug chun críche é do chlárú isé a bheidh, agus clárófar é, mar dhílseánach do.

(2) Is sa tslí orduithe a iarrfidh Aire go gclárófí marc fén bhfo-alt san roimhe seo, agus beidh clárú an mhairc fé réir na bhforálacha den Acht so a bhaineann le marc trádála do chlárú i gCuid A den chlár ach amháin sa mhéid go bhfuil na forálacha san buiniscionn le forálacha an ailt seo.

(3) Féadfidh aon Aire a thabhairt chun críche go gclárófar in aon chlár a bheidh á chimeád ar siúl in aon áit lasmuich de Shaorstát Éireann marc (pe'ca cláruithe dho no gan clárú fé sna forálacha san roimhe seo den alt so) a bheidh ceaptha chun a chur in úil cad as d'earraí no chun a n-abhar, modh a ndéanta, a gcáilíocht, a gcruinneas no ceann eile dá n-airdheana do chur in úil más rud é agus sa mhéid go gceaduítear agus fé réir pé coiníollacha fé n-a gceaduítear clárú den tsórt san leis an dlí a rialálann an clár san, agus in aon chás den tsórt san féadfa sé a thabhairt chun críche go n-iontrálfar é féin sa chlár san mar dhílseánach don mharc san.

(4) Féadfidh Aire is dílseánach cláruithe d'aon mharc den tsórt a luaidhtear sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so ceadúnas do dheona d'éinne chun an marc san d'úsáid agus chun é chur ar gach ceann no aon cheann de sna hearraí no de sna saghsanna earraí dá mbeidh an marc san cláruithe ach, i gcás mairc a bheidh cláruithe i gclár a bheidh á chimeád ar siúl in áit lasmuich de Shaorstát Éireann, ní fhéadfa sé déanamh amhlaidh ach amháin más rud é agus sa mhéid go gceaduítear deona ceadúnais den tsórt san leis an dlí a rialálann an clár san.

(5) Beidh éifeacht do réir a théarmaí ag gach ceadúnas a dheonfidh Aire fén bhfo-alt san roimhe seo agus beidh forálacha ann chun a chur in áirithe ná déanfidh an ceadúnaí an marc le n-a mbaineann an ceadúnas do chur ach ar earraí d'fhás no do dineadh no do saothruíodh i Saorstát Éireann, agus fós féadfidh a bheith in aon cheadúnas den tsórt san pé téarmaí agus forálacha is dó leis an Aire a dheonfidh é do bheith ceart agus go háirithe forálacha chun a chur in áirithe ná déanfar an marc le n-a mbaineann an ceadúnas do chur ach ar earraí de cháilíocht no de shaghas áirithe.

(6) Féadfidh Aire is dílseánach cláruithe d'aon mharc den tsórt san roimhráite a cheangal ar an gceannasaí na focail “ní hionchláruithe ceadúnaisí” d'iontráil sa chlár no do thógaint amach as maidir leis an marc san agus, pé uair agus faid a bheidh na focail sin iontrálta sa chlár amhlaidh ní déanfar ná ní féadfar (d'ainneoin forálacha alt 127 (alt a bhaineann le sannaithe, etc., do chlárú) den Acht so) ceadúnaisí a dheonfidh an tAire fén alt so maidir le marcanna den tsórt san d'iontráil sa chlár ná ní diúltófar d'iad do cheadú mar fhianaise in aon chúirt mar gheall ar gan iad do bheith iontrálta sa chlár agus mar gheall air sin amháin.

(7) Féadfidh Aire is dílseánach cláruithe d'aon mharc den tsórt san roimhráite pé nithe dleathacha is dó leis is ceart do dhéanamh aon uair, pe'ca tré aicsean é no tré chúiseamh fén dlí no ar aon tslí eile, chun cosc no srian do chur le sáruithe ar an marc san no chun pionós do chur i bhfeidhm mar gheall ortha no chun an marc san do chosaint ar aon tslí eile agus féadfa sé na nithe sin do dhéanamh i Saorstát Éireann no in aon tír eile ina mbeidh sé cláruithe mar dhílseánach den tsórt san.

(8) Tuigfar marc a bheidh cláruithe fén alt so do bheith ina mharc thrádála do réir bhrí aon achtacháin do rith an tOireachtas go dtí so i dtaobh clárú marcanna trádála ag Airí.

(9) San alt so cialluíonn an focal “Aire” Aire is ceann ar Roinn Stáit do bunuíodh fén Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 (Uimh. 16 de 1924) .

Mí-úsáid do dhéanamh de mharcanna trádála a thaisbeánann gur as Éirinn d'earraí.

122. —Beidh sé dleathach don Aire pé nithe dleathacha is dó leis is ceart do dhéanamh in aon tír no áit lasmuich de Shaorstát Éireann, pe'ca tré aicsean é no tré chúiseamh fén dlí no ar aon tslí eile, chun cosc no srian do chur le haon mharc trádála no marc no tuairisc eile, a thaisbeánann no a thugann le tuisgint no is dócha do thabharfadh duine chun a chreidiúint gur in Éirinn d'fhás no do dineadh no do saothruíodh na hearraí 'na mbeidh an marc trádála, an marc no an tuairisc sin á úsáid ina dtaobh no ar a mbeidh sé curtha, do chlárú no d'úsáid i dtaobh earraí no do chur ar earraí nár fhás ná nár dineadh ná nár saothruíodh in Éirinn, no chun pionós do chur i bhfeidhm mar gheall air sin.

Marcanna trádála ná húsáidtear ach mar dheimhnithe cáilíochta, etc.

123. —(1) Má thógann aon chomhlachas no duine air féin deimhniú do dhéanamh ar cad as d'aon earraí no ar a n-abhar, ar mhodh a ndéanta, ar a gcáilíocht, ar a gcruinneas, no ar cheann eile dá n-airdheana tré mharc d'úsáid ar na hearraí sin no ina dtaobh, féadfidh an tAire, má bhíonn agus faid a bheidh sé sásta go bhfuil an comhlachas no an duine sin inniúil ar dheimhniú do dhéanamh mar adubhradh, a cheadú don chomhlachas no don duine sin, más dó leis an Aire go ragha sé chun leasa don phuiblíocht, an marc san do chlárú mar mharc thrádála maidir leis na hearraí sin, pe'ca is comhlachas trádála no trádála an comhlachas no an duine sin no nách ea no pe'ca atá sé i seilbh dea-thola maidir leis an deimhniú san no ná fuil. Ar bheith cláruithe dho amhlaidh tuigfar an marc trádála san do bheith ina mharc thrádála chláruithe ar gach slí agus tuigfar gurb é an comhlachas no an duine sin is dílseánach do, ach amháin ná beidh an marc trádála san iontarchurtha ná iontsannta ach le cead ón Aire.

(2) An té is dílseánach do mharc a bheidh cláruithe fén alt so no do mharc do cláruíodh ar dtúis in Oifig na bPaitinneacha i Lundain fé alt 62 den Trade Marks Act, 1905, agus do cláruíodh ina dhiaidh sin fé alt 89 (alt a bhaineann le marcanna trádála a bheidh cláruithe in Oifig na bPaitinneacha i Lundain do chlárú) den Acht so i gclár na marcanna trádála san Oifig, féadfa sé an marc san do shanna don Aire agus féadfidh an tAire sanna air do ghlaca, agus ar bheith déanta don tsanna san bainfidh alt 121 (alt a bhaineann le clárú marcanna ag Airí) den Acht so leis an marc san chó hiomlán is dá dtugadh an tAire chun críche é do chlárú fén alt san 121.