|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV.—MARCANNA TRADALA.) | Ar Aghaidh (CUID VI.—COIPCHEART.) |
ACHT MAOINE TIONNSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA (COSAINT), 1927
[EN] | ||
[EN] |
CUID V. FORALACHA GENERALTA I dTAOBH PAITINNEACHA, PATRUN AGUS MARCANNA TRADALA. | |
[EN] |
Ní hiontrálfar iontaobhaisí i gcláir. |
124. —Ní hiontrálfar in aon chlár a bheidh á chimeád fén Acht so, ná ní hionghlactha ag an gceannasaí, aon fhógra i dtaobh aon iontaobhais ráite no iontuigthe no inléirithe. |
[EN] |
Cláir d'iniúcha agus sleachta do bhaint asta. |
125. —Gach clár a bheidh á chimeád fén Acht so beidh sé le feiscint ar gach am oiriúnach ag an bpuiblíocht chun é d'iniúcha, fé réir forálacha an Achta so agus fé réir pé rialachán a hordófar, agus ar íoc na táille orduithe déanfar cóipeanna deimhnithe d'aon iontráil in aon chlár den tsórt san, agus iad séaluithe le séala an cheannasaí, do thabhairt d'éinne a éileoidh iad. |
[EN] |
Beidh tuarasgabhála oifigeach fé phríbhléid. |
126. —Ní foillseofar in aon chás tuarasgabhála a dhéanfidh scrúdóirí agus oifigigh eile fén Acht so ná ní bheid in aon chás le feiscint ag an bpuiblíocht chun iad d'iniúcha, agus ní dlíghfar iad do thaisbeáint ná d'iniúcha, agus ní dlighfar iad do thaisbeáint ná d'iniúcha in aon imeacht dlí, mara ndinidh an chúirt no an t-oifigeach ag á mbeidh comhacht chun a ordú go ndéanfar nochta san imeacht dlí sin a dheimhniú gur mhaith an rud é ar son an chirt iad do thaisbeáint no d'iniúcha amhlaidh, agus gur cheart san do lomháil: |
[EN] | Ach ar a iarraidh d'éinne sa bhfuirm orduithe, féadfidh an ceannasaí a nochta cad ba thora do chuardach do dineadh fé alt 19 (alt a bhaineann le scríbhinní a bheidh i dteanta áireamhacht) no fé alt 20 (alt a bhaineann le fiosrú maidir le háireamhachtaí do foillsíodh roimh iarratas) no fé alt 21 (alt a bhaineann le fiosrú maidir le háireamhachtaí do foillsíodh tar éis iarratais) den Acht so maidir le haon iarratas áirithe ar phaitinn do dheona. | |
[EN] |
Sannaithe, etc., do chlárú. |
127. —(1) I gcás duine do theacht i dteideal paitinne no an chóipchirt i bpátrún cláruithe no mairc trádála chláruithe tré shanna, tré tharchur, no tré oibriú eile dhlí, iarrfa sé ar an gceannasaí a theideal do chlárú, agus déanfidh an ceannasaí, ar fháil an iarratais sin do agus ar chruthú teidil chun a shástachta, an duine sin do chlárú mar dhílseánach don phaitinn, don phátrún, no don mharc thrádála san, agus a chur fé ndeár an sanna, an tarchur, no an instruimid eile a dhineann deifir don teideal d'iontráil sa tslí orduithe ar an gclár oiriúnach. |
[EN] | (2) I gcás éinne do theacht i dteideal aon leasa i bpaitinn no i bpátrún mar mhorgáistí, mar cheadúnaí, no eile, no i dteideal aon leasa i marc trádála mar mhorgáistí no eile, iarrfa sé ar an gceannasaí a theideal do chlárú, agus déanfidh an ceannasaí, ar fháil an iarratais sin do agus ar chruthú teidil chun a shástachta, a chur fé ndeár fógra i dtaobh an leasa d'iontráil sa tslí orduithe sa chlár oiriúnach maraon le mion-innste ar instruimid chruthnuithe an leasa san (más ann di). | |
[EN] | (3) Fé réir forálacha an Achta so agus fé réir aon cheartanna is léir ón gclár a bheith dílsithe in éinne eile, beidh ag an té a bheidh cláruithe mar dhílseánach do phaitinn, do phátrún, no do mharc thrádála, comhacht nea-theoranta chun an phaitinn, an pátrún, no an marc trádála do shanna no chun deighleáil leis in aon tslí eile (agus, i gcás paitinne no pátrúin, chun ceadúnaisí do dheona maidir leis), agus chun admhála éifeachtúla do thabhairt ar aon chomaoin ar son aon tsanna, ceadúnais, no deighleála den tsórt san. | |
[EN] | (4) Féadfar aon chothromaí i dtaobh paitinne, pátrúin no mairc thrádála do chur i bhfeidhm sa tslí chéanna ina gcuirfí i bhfeidhm i dtaobh aon mhaoine pearsanta eile iad. | |
[EN] | (5) Lasmuich de chásanna athchomharc fén alt so agus de chásanna iarratas agus athchomharc á ghearán nár cuireadh isteach i gclár, no gur fágadh amach as, iontráil i dtaobh scríbhinne no instruimide, ní déanfar scríbhinn ná instruimid nár dineadh aon iontráil ina taobh sa chlár do réir forálacha an ailt seo do cheadú mar fhianaise in aon chúirt mar chruthúnas ar an teideal chun paitinne, no chun cóipchirt i bpátrún, no chun mairc thrádála, no chun aon leasa in aon cheann acu, mara n-orduighidh an chúirt a mhalairt. | |
[EN] | (6) Féadfar athchomharc do dhéanamh chun na cúirte i gcoinnibh aon bhreithe a thabharfidh an ceannasaí fén alt so. | |
[EN] |
Comhacht an cheannasaí chun an clár do leasú. |
128. —Ar a iarraidh sin sa tslí orduithe do dhílseánach chláruithe paitinne no pátrúin no mairc thrádála, no do dhuine éigin a bheidh do réir dlí i dteideal chun gníomhú ina ainm, féadfidh an ceannasaí— |
[EN] | (a) ceartú do dhéanamh ar aon earráid chléireachais in iarratas ar phaitinn, no ina thaobh san, no in aon phaitinn no in aon áireamhacht no in aon chlár a bheidh á chimeád do réir aon Choda roimhe seo den Acht so; | |
[EN] | (b) aon atharú in ainm no i seola éinne a bheidh iontrálta ar chlár a bheidh á chimeád do réir aon Choda roimhe seo den Acht so d'iontráil; | |
[EN] | (c) clárú pátrúin no mairc thrádála do chur ar nea-mbrí ar fad no sa mhéid go mbaineann an clárú san le haon earraí no saghas earraí ina mbeidh no dá mbeidh an pátrún no an marc trádála san cláruithe; | |
[EN] | (d) séana no memorandum d'iontráil a bhaineann le pátrún no marc trádála agus ná leathnuíonn in aon tslí na cirt a tugtar le seana-chlárú an phátrúin no an mhaire thrádála san. | |
[EN] |
Comhacht na cúirte chun clár do leasú. |
129. —(1) Ar iarratas sa tslí orduithe o éinne ar a ngoilleann aon iontráil do bheith gan cur isteach in aon chlár a bheidh á chimeád do réir aon Choda roimhe seo den Acht so no do bheith fágtha amach as, no aon iontráil do dineadh in aon chlár den tsórt san gan leor-chúis, no aon iontráil d'fhanúint ar aon chlár den tsórt san go héagcórach no earráid no easnamh in aon iontráil in aon chlár den tsórt san, féadfidh an chúirt, fé réir forálacha an Achta so, pé ordú is oiriúnach léi do dhéanamh chun an iontráil sin do dhéanamh no do scrios amach no d'atharú. |
[EN] | (2) Féadfidh an chúirt, in aon imeacht fén alt so, breith do thabhairt ar aon cheist 'na mbeidh sé riachtanach no oiriúnach breith do thabhairt uirthi maidir le ceartú aon chláir den tsórt san. | |
[EN] | (3) Tabharfar don cheannasaí an fógra orduithe i dtaobh aon iarratais fén alt so agus beidh sé de cheart aige teacht i láthair agus éisteacht d'fháil ina thaobh, agus tiocfa sé i láthair má orduíonn an chúirt do é. | |
[EN] | (4) I gcás calaoise i gclárú no i dtarchur paitinne no pátrúin chláruithe no mairc thrádála chláruithe féadfidh an ceannasaí féin iarratas do dhéanamh chun na cúirte fé fhorálacha an ailt seo. | |
[EN] | (5) Le haon ordú a dhéanfidh an chúirt ag ceartú aon chláir den tsórt san ordófar fógra i dtaobh an cheartuithe do sheirbheáil ar an gceannasaí sa tslí orduithe agus déanfidh seisean, ar fháil an fhógra san do, an clár do cheartú dá réir sin. | |
[EN] | (6) Más rogha leis an iarratasóir é féadfar aon iarratas fén alt so (lasmuich d'iarratas ón gceannasaí) do dhéanamh chun an cheannasaí sa chéad dul síos, agus ina leithéid sin de chás beidh ag an gceannasaí na comhachta uile a bheidh ag an gcúirt fén alt so, ach féadfar athchomharc do dhéanamh chun na cúirte i gcoinnibh a bhreithe. | |
[EN] | (7) In aon imeacht fén alt so maidir le clár na marcanna trádála féadfidh an chúirt a ordú go ndéanfí marc trádála a bheidh cláruithe i gCuid A den chlár san d'aistriú go dtí Cuid B den chlár san. | |
[EN] |
Cirt an Stáit maidir le cumadóireachtaí paitinnithe agus le pátrúin chláruithe. |
130. —(1) Chun gach intinne beidh ag paitinn agus ag clárú pátrúin fé seach maidir leis an Stát an éifeacht chéanna atá acu maidir le saoránach: |
[EN] | Ach féadfidh aon Aire is ceann ar Roinn Stáit, uaidh féin no tré pé duine dá ghníomhairí, dá chonnarthóirí, no eile dá dtabharfa sé údarás i scríbhinn aon uair tar éis an iarratais, an chumadóireacht do dhéanamh, d'úsáid, no d'fheidhmiú, no an pátrún d'úsáid no do chur i mbaint, chun seirbhísí an Stáit, ar pé téarmaí ar a gcó-aontófar, roimh a úsáid no dá éis sin, idir an Aire sin agus an dílseánach le haontú an Aire Airgid no, mara gcó-aontuítear amhlaidh, ar pé téarmaí a socrófar sa tslí a foráltar anso ina dhiaidh seo, agus na téarmaí bheidh in aon chó-aontú no ceadúnas a críochnófar idir an dílseánach agus éinne nách Aire beid neamh-oibritheach chó fada is théigheann an chumadóireacht do dhéanamh, d'úsáid, no d'fheidhmiú no an pátrún d'úsáid no do chur i mbaint chun seirbhíse an Stáit: | |
[EN] | Agus fós, i gcás inar dhin aon aire den tsórt san cumadóireacht is abhar d'aon phaitinn no aon phátrún cláruithe do chur ar breaca go cuibhe i scríbhinn, no inar dhin sé féin no éinne thar a cheann é do thriail, roimh dháta na paitinne no an chláruithe (agus an chumadóireacht no an pátrún san gan bheith curtha in úil, go díreach ná go nea-dhíreach, ag an iarratasóir ná ag an dílseánach), féadfidh aon Aire, no pé duine dá ghníomhairí, dá chonnarthóirí, no eile dá dtabharfa sé údarás i scríbhinn, an chumadóireacht do cuireadh ar breaca no do trialadh amhlaidh do dhéanamh, d'úsáid, agus d'fheidhmiú no an pátrún do cuireadh ar breaca no do trialadh amhlaidh d'úsáid no do chur i mbaint chun seirbhíse an Stáit, saor o aon cháin údair no íocaíocht eile d'íoc leis an dílseánach, d'ainneoin an phaitinn no an clárú do bheith ann, agus más dó leis an Aire sin go ndéanfadh sé dochar do leas na puiblíochta an scríbhinn ina mbeidh an chumadóireacht no an pátrún ar breaca, no an fhianaise ar thriail an chéanna, do nochta don iarratasóir no don dílseánach, pe'ca aca é, féadfar an nochta san do dhéanamh fé rún d'abhcóide thar ceann an iarratasóra no an dílseánaigh no d'aon eolgach neaspleách ar a gcó-aontófar. | |
[EN] | (2) Má bhíonn aon aighneas ann i dtaobh cumadóireacht do dhéanamh, d'úsáid, no d'fheidhmiú, no pátrún d'úsáid no do chur i mbaint, fén alt so, no i dtaobh na dtéarmaí ina chóir sin, no i dtaobh aon bhreacachán den tsórt san roimhráite do bheith ann no i dtaobh scóipe aon trialach den tsórt san roimhráite, cuirfar an cás chun na cúirte chun breith do thabhairt air, agus beidh comhacht ag an gcúirt an cás go léir no aon cheist fhírinne a eireoidh as do chur chun a thrialta i láthair eadarscánaí ar pé téarmaí a ordóidh sí. Féadfidh an chúirt no an t-eadarscánaí, pe'ca aca é, le toiliú na bpáirtithe, dleathacht na paitinne no an chláruithe do chur san áireamh chun na gcrícheanna san amháin a bhaineann leis na ceisteanna idir an iarratasóir agus an Aire sin do chur fé bhreithniú agus do shocrú. Ag socrú na dtéarmaí mar adubhradh, beidh teideal ag an gcúirt no ag an eadarscánaí aon tairbhe no cúiteamh do chur san áireamh do fuair an dílseánach, no éinne eile go mbeidh leas aige sa phaitinn no sa phátrún, go díreach no go nea-dhíreach ón Stát no o aon Aire no o aon Roinn Rialtais maidir leis an bpaitinn no leis an bpátrún san. | |
[EN] | (3) Leis an gceart chun cumadóireacht no pátrún d'úsáid chun seirbhíse an Stáit fé fhorálacha an ailt seo gheobhaidh an chomhacht chun aon earraí do dhíol do dineadh do réir an chirt sin agus nách gá chun seirbhíse an Stáit a thuille. | |
[EN] | (4) Ní dhéanfidh éinní san alt so deifir don cheart a bheidh ag an Stát, no a bheidh ag éinne go mbeidh teideal aige go díreach no go nea-dhíreach ón Stát, chun aon earraí, do geallbhruideadh fé sna dlithe a bhaineann le custuim no le mál, do dhíol no d'úsáid. | |
[EN] | (5) San alt so cialluíonn an focal “iarratasóir” iarratasóir ar phaitinn no iarratasóir ar chlárú pátrúin, pe'ca aca is gá sa chás, agus cialluíonn an focal “dílseánach” cumadóir no paitinní, no dílseánach cláruithe pátrúin, pe'ca aca is gá sa chás. | |
[EN] |
Leigheas i gcás ina mbagrófar imeachta dlí gan leor-chúis. |
131. —(1) I gcás ina ndéanfidh éinne adeir go bhfuil leas aige i bpaitinn, i bpátrún cláruithe, no i marc trádála cláruithe, aon imeachta dlí no fiachas do bhagairt tré chearcaláin, tré fhógráin, no tré éinní eile, ar éinne eile mar gheall ar aon tsárú adeirtar a dineadh ar an bpaitinn, no ar an gcóipcheart sa phátrún no ar an marc trádála, féadfidh éinne ar a ngoillfidh san aicsean do bhunú i gcoinnibh an duine sin, agus féadfa sé cosc d'fháil i gcoinnibh leanúint de sna bagartha san, agus féadfa sé pé damáiste (más ann do) do dineadh do dá dheascaibh sin do bhaint amach marar shárú dáiríribh ar an bpaitinn, ar an gcóipcheart ná ar an marc trádála an sárú adubhradh a dineadh agus le n-ar bhain na bagartha. |
[EN] | (2) Ní bhainfidh an t-alt so leis an gcás má dintar aicsean mar gheall ar shárú na paitinne, an chóipchirt sa phátrún, no an mhairc thrádála (pe'ca aca é) do thosnú agus do chur ar aghaidh le dícheall cuibhe. | |
[EN] |
Deimhniú ar dhleathacht do theacht i gceist agus costaisí ina thaobh san. |
132. —(1) In aicsean mar gheall ar shárú phaitinne féadfidh an Chúirt a dheimhniú go dtáinig dleathacht aon éilimh in áireamhacht na paitinne i gceist, agus má dheimhníonn an Chúirt amhlaidh, ansan, in aon aicsean ina dhiaidh sin mar gheall ar shárú an éilimh sin, mara n-orduítear a mhalairt ag an gCúirt a thrialfidh an t-aicsean deiridh sin gheobhaidh an gearánaí san aicsean deiridh sin, ar fháil ordú no breithiúntais dheiridh ina fhabhar do, a chostaisí agus a chaithteachaisí iomlána, mar a bheid idir atúrnae agus cliant, sa mhéid go mbainid leis an éileamh san. |
[EN] | (2) In aicsean mar gheall ar shárú an chóipchirt i bpátrún chláruithe féadfidh an Chúirt a dheimhniú go dtáinig dleathacht chlárú an phátrúin sin i gceist, agus má dheimhníonn an Chúirt amhlaidh, ansan, in aon aicsean ina dhiaidh sin mar gheall ar shárú an chóipchirt sin, mara n-orduítear a mhalairt ag an gCúirt a thrialfidh an t-aicsean deiridh sin gheobhaidh an gearánaí san aicsean deiridh sin, ar fháil ordú no breithiúntais dheiridh ina fhabhar do, a chostaisí agus a chaithteachaisí iomlána mar a bheid idir atúrnae agus cliant. | |
[EN] | (3) In aon imeacht dlí ina dtiocfidh dleathacht chlárú mairc thrádála chláruithe i gceist agus gur i bhfabhar do dhílseánach an mhairc thrádála san a bheidh an bhreith, féadfidh an Chúirt an dleathacht san do dheimhniú, agus má dheimhníonn sí amhlaidh, ansan, in aon imeacht dlí ina dhiaidh sin ina dtiocfidh an dleathacht san i gceist, mara n-orduítear a mhalairt ag an gCúirt a thrialfidh an imeacht dlí dheiridh sin gheobhaidh dílseánach an mhairc thrádála san, ar fháil ordú no breithiúntais dheiridh ina fhabhar do, a chostaisí agus a chaithteachaisí iomlána mar a bheid idir atúrnae agus cliant. | |
[EN] |
An nós-imeachta a bhainfidh le hathchomhairc chun an dlíoifigigh. |
133. —Féadfidh an dlí-oifigeach fínnéithe do scrúdú fé mhionn agus daoine do chur fé mhionn chuige sin, agus féadfa sé rialacha do dhéanamh chun ceisteanna a curfar fé bhráid an dlí-oifigigh agus athchomhairc a déanfar chuige agus an cleachta agus an nós-imeachta ina láthair fén Acht so do rialáil; agus in aon imeacht i láthair an dlí-oifigigh fén Acht so féadfidh an dlioifigeach a ordú do cheachtar de sna páirtithe costaisí d'íoc agus féadfar riail ón gcúirt do dhéanamh d'aon ordú den tsórt san. |
[EN] |
An ceannasaí d'fheidhmiú comhachta discréidighe. |
134. —I gcás ina mbeidh aon chomhacht discréidighe tugtha don cheannasaí leis an Acht so no fé, ní fheidhmeoidh sé an chomhacht san i gcoinnibh iarratasóra ar phaitinn, no ar leasú áireamhachta, no ar chlárú phátrúin no mhairc thrádála, ná i gcoinnibh dílseánaigh chláruithe paitinne, pátrúin, no mairc thrádála, gan caoi do thabhairt don iarratasóir no don dílseánach chláruithe éisteacht d'fháil (má éilíonn an t-iarratasóir no an dílseánach cláruithe san air laistigh den aimsir orduithe). |
[EN] |
Costaisí agus urrús ar chostaisí. |
135. —(1) Beidh ag an gceannasaí agus ag an Aire fé seach, in aon imeachta i láthair ceachtar acu fén Acht so, comhacht chun pé costaisí is réasúnta dar leis do mhola d'aon pháirtí, tré ordú, agus a ordú conus a híocfar agus cé hiad na páirtithe a íocfidh na costaisí sin, agus féadfar riail ón gcúirt do dhéanamh d'aon ordú den tsórt san. |
[EN] | (2) Má bhíonn aon pháirtí a thabharfidh fógra i dtaobh aon fhreasabhra fén Acht so, no a iarrfidh ceiliúra paitinne ar an gceannasaí, no a thabharfidh fógra athchomhairc i gcoinnibh aon bhreithe ón gceannasaí fén Acht so, gan bheith ina chomhnuí ná ag déanamh gnótha i Saorstát Éireann, féadfidh an ceannasaí, no i gcás athchomhairc chun an Aire, chun an dlí-oifigigh, no chun na cúirte, an tAire, an dli-oifigeach no an chúirt, a cheangal ar an bpáirtí sin urrús do thabhairt ar chostaisí na n-imeacht no an athchomhairc agus, mara dtugtar an t-urrús san, féadfa sé deighleáil leis na himeachta no leis an athchomharc mar rud do tréigeadh. | |
[EN] |
Féadfidh an ceannasaí dul i gcomhairle leis an dlí-oifigeach. |
136. —In aon chás ina n-eireoídh amhrus no deacracht i riara aon cheann d'fhorálacha an Achta so féadfidh an ceannasaí treoracha ina thaobh d'iarraidh ar an dlí-oifigeach. |
[EN] |
Gníomhairí d'admháil. |
137. —(1) Pé uair a bheidh aon ghníomh le déanamh ag éinne no le héinne fén Acht so maidir le paitinn, le pátrún no le marc trádála, no maidir le haon nós-imeachta a bhaineann le paitinn no le fáil phaitinne, no le pátrún no le marc trádála no le clárú ceachtar acu, ansan, fé rialacha agus do réir rialacha a bheidh déanta fén Acht so no, i gcásanna áirithe, le cead speisialta ón Aire, féadfar an gníomh san do dhéanamh ag no le gníomhaire don duine sin 'na mbeidh údarás cuibhe fachta sa tslí orduithe. |
[EN] | (2) Féadfar, le rialacha fén Acht so, a údarú don cheannasaí diúltú d'éinne d'admháil mar ghníomhaire maidir le haon ghnó fén Acht so más rud é, tar éis a ainm do bheith iontrálta i gclár na ngníomhairí paitinne fén Acht so, gur dineadh í do thógaint amach as. | |
[EN] | (3) Féadfar, le rialacha fén Acht so, a údarú don cheannasaí diúltú do chuideachta no do thigh gnótha d'admháil mar ghníomhaire maidir le haon ghnó fén Acht so má tá ar an gcuideachtain no ar an tigh ghnótha san aon stiúrthóir no bainisteoir no aon pháirtnéir (pe'ca aca é) is duine go bhféadfadh an ceannasaí diúltú d'é d'admháil mar ghníomhaire. | |
[EN] | (4) Diúltóidh an ceannasaí d'éinne a bheidh gan comhnaí air ná áit ghnótha aige i Saorstát Éireann d'admháil mar ghníomhaire maidir le haon ghnó fén Acht so. | |
[EN] |
Cumadóireachtaí, etc., contrárdha don dlí no don mhorálas. |
138. —(1) Féadfidh an ceannasaí diúltú do phaitinn do dheona i gcóir cumadóireachta no do phátrún no marc trádála do chlárú go mbeadh a úsáid, dar leis, contrárdha don dlí no don mhorálas. |
[EN] | (2) Luighfidh athchomharc chun na cúirte i gcoinnibh breithe an cheannasaí fén alt so. | |
[EN] |
Tabharfidh an ceannasaí tuarasgabhála bliantúla uaidh. |
139. —Déanfidh an ceannasaí, roimh an gcéad lá de Mheán Fhomhair gach bliain, a chur fé ndeár go leagfar fé bhráid dhá Thigh an Oireachtais tuarasgabháil ar an bhfeidhmiú do dineadh aige no fé ar an Acht so i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta roimhe sin, agus cuirfe sé isteach inti, in aghaidh na bliana le n-a mbaineann an tuarasgabháil, gach riail ghenerálta do dineadh an bhliain sin fén Acht so no chun crícheanna an Achta so, maraon le cuntas ar gach táille, tuarastal, agus liúntas, agus airgead eile do fuarthas agus do híocadh fén Acht so. |
[EN] |
Féadfidh an tAire athchomhairc do chur chun na cúirte. |
140. —Pé uair a déanfar athchomharc chun an Aire fén Acht so, féadfidh an tAire, más oiriúnach leis é, an t-athchomharc san do chur chun na cúirte in ionad é d'éisteacht agus breith do thabhairt air é féin ach, mara gcuiridh an tAire an t-athchomharc chun na cúirte, déanfidh an tAire é d'éisteacht agus breith do thabhairt air agus ní bheidh dul thar breith an Aire. |
[EN] |
Féadfidh an tAire a dhualgaisí fén Acht so do leigint chun daoine eile. |
141. —Gach ní gur gá no go bhfuil sé údaruithe fén Acht so go ndéanfí é ag an Aire no leis no ina láthair féadfidh rúnaí no rúnaí conganta don Aire, no éinne go mbeidh údarás chuige sin aige ón Aire, é do dhéanamh no féadfar é do dhéanamh leis no ina láthair. |
[EN] |
Fianaise i láthair an cheannasaí. |
142. —(1) Fé réir rialacha generálta a bheidh déanta fén Acht so, is tré dhearbhú reachtúil a tabharfar an fhianaise in aon imeacht fén Acht so i láthair an cheannasaí no an Aire mara mbeidh orduithe ann ina choinnibh sin; ach in aon chás in ar dó leis an gceannasaí gur cheart é dhéanamh, féadfa sé fianaise do thógaint vivâ voce in ionad no i dteanta fianaise tré dhearbhú no a lomháil go ndéanfí aon dearbhthóir do chros-cheistiú i dtaobh a dhearbhuithe. I gcás athchomhairc féadfar aon dearbhú reachtúil den tsórt san d'úsáid i lathair na cúirte in ionad fianaise tré mhionn-scríbhinn, ach má úsáidtear amhlaidh é beidh ag gabháil leis agus ag eirghe as gach a ngabhann le agus a eiríonn as fianaise tré mhionn-scríbhinn. |
[EN] | (2) Má dintar aon chuid den fhianaise do thógaint vivâ voce beidh an ceannasaí, maidir le n-a cheangal ar fhínnéithe teacht i láthair agus le fianaise do thógaint fé mhionn agus le scríbhinní do nochta agus do thaisbeáint, ar aon dul, ar gach slí, le breitheamh den Ard-Chúirt. | |
[EN] |
An ceannasaí do theacht i láthair in imeachta a bhaineann le ceartú. |
143. —In aon imeacht dlí ina mbeidh mar chuid den fhaoiseamh a loirgeofar atharú no ceartú do dhéanamh ar chlár a bheidh á chimeád do réir an Achta so, beidh sé de cheart ag an gceannasaí teacht i láthair agus éisteacht d'fháil, agus tiocfa sé i láthair má orduíonn an chúirt do é. Mara n-orduighidh an chúirt a mhalairt, féadfidh an ceannasaí, in ionad teacht i láthair agus éisteacht d'fháil, ráiteas i scríbhinn fé n-a láimh do chur fé bhráid na cúirte, agus mion-innste ann ar na himeachta a bhí ar siúl ina láthair i dtaobh an ní a bheidh i gceist no ar na scóranna ar ar thug sé aon bhreith a dhineann deifir don ní sin no ar chleachta na hoifige i gcásanna den tsórt san, no ar pé nithe eile is oiriúnach leis agus a bhaineann leis na ceisteanna i dtreis agus a bheidh ar eolas aige mar cheannasaí, agus tuigfar gur cuid den fhianaise san imeacht an ráiteas san. |
[EN] |
Costaisí an cheannasaí in imeachta cúirte. |
144. —I ngach imeacht i láthair na cúirte fén Acht so beidh costaisí an cheannasaí do réir mar is rogha leis an gcúirt, ach ní hordófar don cheannasaí costaisí aon pháirtí eile d'íoc. |
[EN] |
Deimhniú an cheannasaí do bheith ina fhianaise. |
145. —Deimhniú a thugann le tuisgint é bheith fé láimh an cheannasaí agus a bhaineann le haon iontráil, ní, no rud a húdaruítear don cheannasaí, leis an Acht so no le haon rialacha generálta a bheidh déanta fén Acht so, do dhéanamh, beidh sé ina fhianaise primâ facie ar an iontráil do dhéanamh agus ar a mbeidh san iontráil sin, no ar an ní no an rud do dhéanamh no d'fhágaint gan déanamh. |
[EN] |
Cóipeanna séaluithe de scríbhinní san oifig do bheith ina bhfianaise. |
146. —Cóipeanna no sleachta, clóbhuailte no scríbhte, a thugann le tuisgint go bhfuilid deimhnithe ag an gceannasaí no ag oifigeach don cheannasaí agus atá séaluithe le séala an cheannasaí, de phaitinneacha, d'áireamhachtaí, de phátrúin, de mharcanna trádála, agus de scríbhinní eile san Oifig, agus de chláir agus de leabhair eile a cimeádtar ansan, ceadófar iad mar fhianaise i ngach cúirt agus i ngach imeacht dlí gan aon chruthú eile do thabhairt ná na bun-abhair do thaisbeáint. |
[EN] |
Féadfar fógraí do chur tríd an bpost. |
147. —Aon iarratas, fógra, no scríbhinn eile a húdaruítear no is gá d'fhágaint no do dhéanamh no do thabhairt san Oifig no don cheannasaí, no d'éinne eile fén Acht so, féadfar é chur tríd an bpost. |
[EN] |
Laetheanta neamhionáirithe. |
148. —I gcás an lá deiridh a socruítear leis an Acht so chun éinní do dhéanamh fén Acht so do thuitim ar aon lá a bheidh luaidhte i rialach generálta a bheidh déanta fén Acht so mar lá neamh-ionáirithe, féadfar a shocrú leis na rialacha gur ar an gcéad lá ina dhiaidh sin nách lá neamh-ionáirithe a déanfar an ní. |
[EN] |
Dearbhuithe o mhionaoisigh, o gheilteanna, etc. |
149. —(1) Má bhíonn éinne, de bhíthin mionaoise, gealtachta, no mí-ábaltachta eile, gan bheith ábalta ar aon dearbhú no éinní do dhéanamh is gá do réir an Achta so no fé no a ceaduítear leis no fé, féadfidh an caomhnóir no an coiste más ann do don té a bheidh fén mí-ábaltacht no, marab ann do san, féadfidh éinne a ceapfar ag aon chúirt go mbeidh údarás maidir le n-a mhaoin aici an dearbhú san do dhéanamh no dearbhú chó mór deabhramh leis agus is féidir sa chás, agus an ní sin do dhéanamh in ainm agus thar ceann an té a bheidh fén mí-ábaltacht. |
[EN] | (2) Féadfidh an chúirt ceapachán do dhéanamh chun críchcanna an ailt seo ar achuinge éinne a bheidh ag gníomhú thar ceann an té a bheidh fén mí-ábaltacht no ar achuinge éinne eile le n-a mbaineann déanamh an dearbhuithe no an ní. | |
[EN] |
Ciontaí. |
150. —(1) Má dhineann éinne no má chuireann sé fé ndéar go ndéanfar iontráil bhréagach in aon chlár a bheidh á chimeád fén Acht so, no scríbhinn a thabharfidh le tuisgint, go bréagach, gur cóip d'iontráil in aon chlár den tsórt san í, no má dhineann sé no má chuireann sé fé ndeár aon scríbhinn den tsórt san do thaisbeáint no do thairisgint i bhfianaise agus a fhios aige an iontráil no an scríbhinn do bheith bréagach, beidh sé ciontach i mí-iompar. |
[EN] | (2) Má thugann éinne le tuisgint go bréagach aon earra a dhíolann sé do bheith ina hearra phaitinnithe, no má deir sé go bréagach aon phátrún a bheidh curtha ar aon earra a dhíolann sé do bheith cláruithe, no má thugann sé le tuisgint go bréagach marc trádála do bheith cláruithe, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air. | |
[EN] | (3) Má dhíolann éinne earra go mbeidh stampálta, greanta, no múnluithe uirthi, no curtha uirthi ar aon tslí eile, an focal “paitinn,” “paitinnithe,” no “cláruithe,” no aon fhocal eile adeir no a chialluíonn an earra do bheith paitinnithe no an pátrún atá curtha uirthi no an marc trádála uirthi do bheith cláruithe, tuigfar chun crícheanna an ailt seo é do bheith á thabhairt le tuisgint gur earra phaitinnithe an earra, no gur pátrún cláruithe an pátrún atá curtha uirthi, no gur marc trádála cláruithe an marc trádála uirthi. | |
[EN] | (4) Einne a dhéanfidh, tar éis an cóipcheart i bpátrún do bheith imithe in éag, an focal “cláruithe” no aon fhocal no focail a chialluíonn go bhfuil cóipcheart sa phátrún fós, do chur no a chur fé ndeár é do chur ar aon earra ar a mbeidh an pátrún curtha, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air. | |
[EN] | (5) Má úsáideann éinne ar a áit ghnótha, no ar aon scríbhinn a thabharfa sé amach, no ar aon tslí eile, aon fhocail a thugann le tuisgint go bhfuil baint oifigiúil ag á áit ghnótha leis an Oifig no gurb í an Oifig í, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air. | |
[EN] |
Leabhrúin Stáit d'úsáid gan údarás. |
151. —Einne a dhéanfidh gan údarás dleathach, maidir le haon ghnó, trádáil, slí bheatha no gairm, úsáid do bhaint as aon leabhrún, suaitheantas, comhartha, no bratach a bheidh curtha ar leithligh do réir dlí le haghaidh úsáide, no a úsáidtear do ghnáth, ag an Stát no ag aon oifigeach don Stát no ag aon Roinn Rialtais (no aon leabhrún, suaitheantas, comhartha, no bratach chó cosúil sin leis an gcéanna gur dócha go gcuirfadh sé duine amú) i slí is gur dócha go dtiocfadh as go gcreidfí gur duine é go bhfuil údarás cuibhe aige an leabhrún, an suaitheantas, an comhartha, no an bratach san d'úsáid, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil eile ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lá a leanfidh an cionta. |
[EN] |
Socruithe idirnáisiúnta. |
152. —(1) Má dineadh no má dintar le rialtas aon stáit choigríche aon tsocrú atá no a bheidh ina cheangal ar Shaorstát Éireann (pe'ca mar gheall ar an Seanascal á dhéanamh ar chomhairle na hArd-Chomhairle é no ar aon chúis eile) chun cóchosanta cumadóireachtaí no pátrún no marcanna trádála, ansan, éinne d'iarr cosaint d'aon chumadóireacht, pátrún, no marc trádála sa stát san, no ionadaí dlíthiúil no sannaí an duine sin, beidh sé i dteideal paitinne dá chumadóireacht no clárú a phátrúin no a mhairc thrádála fén Acht so roimh iarratasóirí eile; agus beidh ar an bpaitinn no ar an gclárú an dáta céanna a bheidh ar an iarratas sa stát choigríche, ach go gcólíonfar go cuibhe pe'ca coiníoll acu so a leanas a bhaineann leis an gcás, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) i gcás paitinne, déanfar an t-iarratas ar chosaint i Saorstát Éireann laistigh de bhliain tar éis dáta an iarratais ar chosaint sa stát choigríche no, i gcás an t-iarratas deiridh sin a luaidhtear do bheith ar feitheamh i dtosach feidhme Chuid II. den Acht so, laistigh de bhliain tar éis dáta an tosaigh fheidhme sin, agus | |
[EN] | (b) i gcás pátrúin, déanfar an t-iarratas ar chosaint i Saorstát Éireann laistigh de cheithre mhí tar éis dáta an iarratais ar chosaint sa stát choigríche no, i gcás an t-iarratas deiridh sin a luaidhtear do bheith ar feitheamh i dtosach feidhme Chuid III. den Acht so, laistigh de cheithre mhí tar éis dáta an tosaigh fheidhme sin, agus | |
[EN] | (c) i gcás mairc thrádála, déanfar an t-iarratas ar chosaint i Saorstát Éireann laistigh de cheithre mhí tar éis dáta an iarratais ar chosaint sa stát choigríche no, i gcás an t-iarratas deiridh sin a luaidhtear do bheith ar feitheamh i dtosach feidhme Chuid IV. den Acht so, laistigh de cheithre mhí tar éis dáta an tosaigh fheidhme sin. | |
[EN] | (2) Ní dhéanfidh éinní san alt so an paitinní fé phaitinn ná dílseánach pátrúin no mairc thrádála do chur i dteideal damáistí do bhaint amach in éiric sáruithe a thárlóidh roimh an dáta ar a nglacfar leis an áireamhacht iomláin don phaitinn no ar a gcríochnófar clárú an phátrúin no an mhairc thrádála (pe'ca aca é). | |
[EN] | (3) Ní bheidh an phaitinn a deonadh don chumadóireacht ná clárú an phátrúin ná an mhairc thrádála nea-dhleathach— | |
[EN] | (a) i gcás paitinne, mar gheall ar thuairisc ar an gcumadóireacht d'fhoillsiú no an chumadóireacht d'úsáid agus mar gheall air sin amháin; ná | |
[EN] | (b) i gcás pátrúin, mar gheall ar an bpátrún do thaisbeáint no d'úsáid, no tuairisc air no samhail de d'fhoillsiú agus mar gheall air sin amháin; ná | |
[EN] | (c) i gcás mairc thrádála, mar gheall ar an marc trádála d'úsáid agus mar gheall air sin amháin, | |
[EN] | i Saorstát Éireann i rith na tréimhse a luaidhtear san alt so mar thréimhse inar féidir an t-iarratas do dhéanamh laistigh di. | |
[EN] | (4) Ní foláir an t-iarratas ar dheona phaitinne no ar chlárú phátrúin no ar chlárú mhairc thrádála fén alt so do dhéanamh sa tslí chéanna ina ndéanfí gnáth-iarratas fén Acht so: | |
[EN] | Ach— | |
[EN] | (a) i gcás paitinneacha beidh áireamhacht iomlán i dteanta an iarratais agus mara nglactar léi laistigh den bhliain ón iarratas ar chosaint sa stát choigríche no o thosach feidhme Chuid II., den Acht so (pe'ca aca is gá sa chás) beidh sí féin, maraon leis na tarraiceoireachtaí (más ann dóibh), le feiscint ag an bpuiblíocht chun iad d'iniúcha ar bheith caithte don tréimhse sin; agus | |
[EN] | (b) i gcás marcanna trádála, aon mharc trádála gur hiarradh go cuibhe sa tír gurb as do go gclárófí é, féadfar é do chlárú fén Acht so. | |
[EN] | (5) Ní bhainfidh forálacha an ailt seo ach le cás na stát gcoigríche sin 'na bhfaisnéisfidh an Seanascal tré ordú do dhéanamh ar chomhairle na hArd-Chomhairle, go mbainid le n-a gcás agus san, i gcás gach stáit fé leith, chó fada san amháin is leanfidh an t-ordú i bhfeidhm maidir leis an stát san. | |
[EN] | (6) I gcás ina ndéanfar soiléir don tSeanascal go bhfuil lucht reachtúcháin aon tiarnais Bhriotáinigh, tíre fé chomairce Briotáinighe no críche Briotáinighe tar éis socrú sásúil do dhéanamh chun cumadóireachtaí, pátrúin, no marcanna trádála atá paitin nithe no cláruithe i Saorstát Éireann do chosaint, beidh sé dleathach don tSeanascal, tré ordú do dhéanamh ar chomhairle na hArd-Chomhairle, forálacha an ailt seo do chur i mbaint leis an tiarnas, leis an tír fé chomairce no leis an gcrích sin agus pé atharuithe ortha no nithe curtha leo, más ann dóibh, a bheidh ráite san ordú. | |
[EN] |
Féadfidh an tAire rialacha generálta, etc., do dhéanamh. |
153. —(1) Féadfidh an tAire pé rialacha generálta agus pé nithe is dó leis is oiriúnach do dhéanamh, fé réir forálacha an Achta so— |
[EN] | (a) chun an cleachta a bhaineann le clárú fén Acht so do rialáil; | |
[EN] | (b) chun earraí do shaghsú chun crícheanna pátrún agus chun crícheanna marcanna trádála; | |
[EN] | (c) chun dúbláidí d'áireamhachtaí, de phátrúin, de mharcanna trádála, de tharraiceoireachtaí, agus de scríbhinní eile do dhéanamh no d'éileamh; | |
[EN] | (d) chun a chur in áirithe go bhfoillseofar agus go ndíolfar, ar pé praghsanna agus i pé slí is oiriúnach leis, cóipeanna d'áireamhachtaí, de phátrúin, de mharcanna trádála, de tharraiceoireachtaí agus de scríbhinní eile agus chun an foillsiú agus an díol san do rialáil; | |
[EN] | (e) chun rialáil do dhéanamh (le haontú an Aire Airgid) ar fhoillsiú, ar thabhairt amach, agus ar dhíol an Irisleabhair agus gach aguisín do, na dtuarasgabhála, agus na scríbhinní eile a ceangailtear ar an gceannasaí no a húdaruítear do leis an Acht so d'fhoillsiú no do thabhairt amach agus chun na nithe a bheidh le foillsiú san Irisleabhar agus sna haguisíní, sna tuarasgabhála, agus sna scríbhinní eile sin fé seach do rialáil; | |
[EN] | (f) chun a chur in áirithe go ndéanfar, go gclóbhuailfar, go bhfoillseofar, agus go ndíolfar treoracha d'áireamhachtaí, do phátrúin, do mharcanna trádála agus do scríbhinní eile san Oifig, agus fós giorraithe dhíobh, agus chun na gníomhartha san do rialáil, agus chun socrú i gcóir iniúcha na dtreoracha agus na ngiorraithe agus na scríbhinní eile sin; | |
[EN] | (g) chun rialáil do dhéanamh (le haontú an Aire Airgid) ar chóipeanna d'fhoillsiúcháin a bheidh déanta fén Acht so do thíolaca do phaitinnithe agus d'údaráis, do chóluchtaí, agus d'fhundúireachtaí puiblí i mbaile is i gcéin; | |
[EN] | (h) chun rialáil do dhéanamh ar chimeád na gcláracha uile agus fé seach a bheidh le cimeád do réir an Achta so; | |
[EN] | (i) chun éinní no aon rud d'ordú dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú; | |
[EN] | (j) chun éinní do dhéanamh a húdaruítear no a héilítear leis an Acht so do dhéanamh, no dá dtagartar san Acht so mar ní á dhéanamh no le déanamh, le rialacha generálta a bheidh déanta fén Acht so; | |
[EN] | (k) chun rialáil do dhéanamh go generálta ar ghnó na hOifige agus ar gach ní a cuirtar tríd an Acht so fé stiúrú no fé smacht an cheannasaí no an Aire. | |
[EN] | (2) Rialacha generálta a déanfar fén alt so beidh acu faid a bheid i bhfeidhm an éifeacht chéanna do bheadh acu dá mba gur san Acht so a bheidís. | |
[EN] | (3) Na rialacha uile a déanfar do réir an ailt seo fógrófar iad fé dhó san Irisleabhar, agus leagfar iad fé bhráid dhá Thigh an Oireachtais chó luath agus is féidir é tar éis a ndéanta, agus má dhineann ceachtar de dhá Thigh an Oireachtais, laistigh den chéad dhachad lá tar éis aon rialacha do bheith leagtha fé bhráid an Tighe sin amhlaidh, a bheartú le rún gur cheart na rialacha no aon chinn díobh do chur ar nea-mbrí, beidh na rialacha no an chuid díobh le n-a mbaineann an rún gan aon éifeacht acu tar éis dáta an rúin sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do dineadh idir dhá linn fé sna rialacha ná do dhéanamh aon rialacha nua. |