An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. FORALACHA GENERALTA I dTAOBH PAITINNEACHA, PATRUN AGUS MARCANNA TRADALA.) Ar Aghaidh (CUID VII. FORALACHA ILGHNEITHEACHA I dTAOBH COIPCHIRT.)

16 1927

ACHT MAOINE TIONNSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA (COSAINT), 1927

CUID VI.—COIPCHEART.

Cóipcheart.

154. —(1) Fé réir forálacha an Achta so mairfidh cóipcheart i Saorstát Éireann, ar feadh an téarma a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, i ngach bun-obair litríochta, dhrámaíochta, cheoil agus ealadhan más rud é—

(a) i gcás oibre foillsithe, gur laistigh de Shaorstát Éireann do céad-fhoillsíodh an obair; agus

(b) i gcás oibre neamh-fhoillsithe, go raibh an t-údar ina shaoránach de Shaorstát Éireann no ina chomhnaí laistigh de Shaorstát Éireann ar dháta déanta na hoibre;

ach ní hin aon oibreacha eile, ach amháin sa mhéid go ndéanfar an chosaint a bronntar leis an Acht so do leathnú le hOrduithe a déanfar fén Acht so agus a bhainfidh le tiarnaisí Briotáineacha agus le tíortha coigríche:

Ach tré Ordú do dhéanamh ar chomhairle na hArd-Chomhairle féadfidh an Seanascal, maidir le cóipcheart, a mhaireann i Saorstát Éireann fé fhorálacha an fho-ailt seo, in oibreacha 'na raibh a n-údair, ar dháta déanta na hoibre, ina saoránaigh de thír a bheidh ainmnithe san Ordú agus ná beidh aon chonvensiún déanta léi a bhaineann le cóipcheart agus a cheanglann Saorstát Éireann agus nár dineadh aon Ordú ina taobh fé fhorálacha alt 175 (alt a bhaineann le comhacht chun tairbhe na Coda so den Acht so do thabhairt d'oibreacha do céad-fhoillsíodh i dtiarnas Briotáineach no i dtír choigríche) den Acht so, féadfa sé a ordú go mbeidh an cóipcheart san fé réir pé coiníollacha no fuirmeáltachtaí (más ann dóibh) a bheidh orduithe leis an Ordú agus fé réir pé atharuithe, i dtaobh únaeracht an chóipchirt no éinní eile, a chífar a bheith riachtanach de bhíthin dlí na tíre sin.

(2) Chun crícheanna na Coda so den Acht so, cialluíonn “cóipcheart” an t-aon-cheart chun an obair no aon pháirt shubstainteach di do thabhairt amach no d'ath-thabhairt amach in aon fhuirm abhardha in aon chor, agus chun an obair no aon pháirt shubstainteach di do léiriú no, i gcás léigheachta, í do thabhairt go puiblí; agus chun an obair no aon pháirt shubstainteach di d'fhoillsiú mara mbeidh an obair foillsithe; agus folóidh sé an t-aon-cheart—

(a) chun aon aistriú ar an obair do thabhairt amach, d'ath-thabhairt amach, do léiriú, no d'fhoillsiú: ach scuirfidh an ceart san de bheith ann maidir le haistrithe go Gaedhilg mara ndinidh údar na hoibre no a ionadaí dlíthiúil, laistigh de thréimhse deich mblian o dháta céad-fhoillsithe na hoibre, aistriú Gaedhilge ar an obair d'fhoillsiú i Saorstát Éireann no a chur fé ndeár é sin do dhéanamh;

(b) i gcás oibre drámaíochta, chun úirscéal no saghas eile oibre nách obair dhrámaíochta do dhéanamh di;

(c) i gcás úirscéil no oibre eile nách obair dhrámaíochta, no oibre ealadhanta, chun obair dhrámaíochta do dhéanamh di, tré n-a léiriú go puiblí no ar aon tslí eile;

(d) i gcás oibre litríochta, drámaíochta, no ceoil, chun aon recórd, rolla pollta, scannán cinematografach, no gléas eile do dhéanamh le n-a bhféadfar an obair do léiriú no do thabhairt amach go meceaniciúil,

agus chun aon ghníomhartha den tsórt san roimhráite d'údarú.

(3) Chun crícheanna na Coda so den Acht so, cialluíonn foillsiú, maidir le haon obair, cóipeanna den obair do thabhairt amach don phuiblíocht, agus ní fholuíonn sé obair dhrámaíochta no cheoil do léiriú go puiblí, léigheacht do thabhairt go puiblí, obair ealadhan do thaisbeáint go puiblí, ná obair ealadhan ailtireachta do dhéanamh, ach, chun crícheanna na forála so, ní tuigfar gurb ionann grianghrafanna agus greanta d'oibreacha snoigheadóireachta agus d'oibreacha caladhan ailtireachta do thabhairt amach agus na hoibreacha san d'fhoillsiú.

(4) D'ainneoin éinní atá in alt 174 (alt a bhaineann le seanachóipchirt do chimeád i bhfeidhm) den Acht so, bainfidh mír (a) d'fho-alt (2) den alt so le cóipcheart do fuarthas roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, chó maith le cóipcheart do fuarthas tar éis an dáta san fén Acht so.

Sárú cóipchirt.

155. —(1) Tuigfar cóipcheart in obair do bheith sáruithe ag éinne a dhéanfidh, gan cead o únaer an chóipchirt, éinní go mbronntar aon-cheart a dhéanta ar únaer an chóipchirt leis an gCuid seo den Acht so: Ach ní sárú cóipchirt na gníomhartha so a leanas:—

(i) aon deighleáil chothrom le haon obair chun stuidéir phríobháidigh, lorgaireachta, no léirmheasa, no chun achmaireacht do dhéanamh uirthi i bpáipeur nuachta;

(ii) i gcás nách le húdar oibre ealadhanta an cóipcheart san obair sin, an t-údar do dhéanamh úsáide d'aon mhúnla, teilgint, dreachtán, plean, deilbheán no stuideur do chum sé chun críche na hoibre ach gan príomhphátrún na hoibre sin d'ath-chuma ná aithris do dhéanamh air tríd an úsáid sin;

(iii) péinteála, tarraiceoireachtaí, greanta, no grianghrafanna d'obair shnoigheadóireachta no cheárdaíochta ealadhanta do dhéanamh no d'fhoillsiú, má bhíonn an obair sin suidhte go buan in áit no i bhfoirgint phuiblí, no péinteála, tarraiceoireachtaí, greanta, no grianghrafanna (nách de shaghas tarraiceoireachtaí no pleananna ailtireachta) d'aon obair ealadhan ailtireachta do dhéanamh no d'fhoillsiú;

(iv) ionaid nách sia ná céad líne i ngach cás as oibreacha liteardha foillsithe nách le haghaidh scoileanna do céad-fhoillsíodh iad agus ina maireann cóipcheart, d'fhoillsiú i gcnuasach de phrós no d'fhilíocht no díobh araon, a bheidh ceaptha bonâ fide le haghaidh scoileanna agus a bheidh tuairiscithe amhlaidh sa teideal agus in aon fhógráin a thabharfidh an foillsitheoir amach: Ach ní bheidh ar na hionaid sin ionaid do tógadh as oibreacha cóipchirt laistigh de chúig bliana o dháta a gcéad-fhoillsithe agus ní fhoillseoidh an t-aon fhoillsitheoir amháin san aon leabhar amháin níos mó ná dhá ionad den tsórt san as oibreacha leis an aon údar amháin, agus admhófar cad as gur tógadh na hionaid sin;

(v) tuarasgabháil ar léigheacht a tabharfar go puiblí d'fhoillsiú i bpáipeur nuachta, mara dtoirmiscthear an tuarasgabháil le fógra so-fheicse, scríbhte no clóbhuailte, a cuirfar suas roimh an léigheacht, agus a cimeádfar amhlaidh le linn na léigheachta, ag príomhdhoras no in aice príomh-dhorais na foirginte ina dtabharfar an léigheacht agus, lasmuich den am a bheidh an fhoirgint á húsáid chun Dia d'adhra go puiblí, in ionad in aice an léigheachtaí; ach ní dhéanfidh éinní sa mhír seo deifir do sna forálacha i mír (i) i dtaobh achmaireachtaí i bpáipéirí nuachta;

(vi) lasmuich de chás oibre do céad-fhoillsíodh tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, éinne amháin do léigheamh no d'aithris aon tsleachta réasúnta as aon obair fhoillsithe go puiblí;

(vii) i gcás oibre do céad-fhoillsíodh tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, aon tsliocht réasúnta as an obair do léigheamh no d'aithris go puiblí mar chuid de léigheacht, de dhileagra, de sheanmóin, no d'óráid.

(2) Tuigfar fós cóipcheart in obair do bheith sáruithe ag éinne—

(a) a dhíolfidh no a chuirfidh ar cíos no, mar thrádáil, a thaisbeáinfidh no a thairgfidh le díol no le cur ar cíos; no

(b) a scaipfidh, chun crícheanna trádála no chó flúirseach san go ndéanfí dochar d'únaer an chóipchirt; no

(c) a thaisbeáinfidh go puiblí mar thrádáil; no

(d) a iomportálfidh isteach i Saorstát Éireann le díol no le cur ar cíos;

aon obair is eol do a sháruíonn cóipcheart no do sháródh cóipcheart dá mba laistigh de Shaorstát Éireann a déanfí í.

(3) Lasmuich de chás oibre do céad-fhoillsíodh tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, tuigfar fós cóipcheart in obair do bheith sáruithe ag éinne a cheadóidh, chun proifite dho féin, amharclann no áit eile chun siamsa d'úsáid chun an obair do léiriú go puiblí gan cead únaera an chóipchirt, maran rud é ná raibh a fhios aige agus ná raibh aon chúis réasúnta aige chun bheith amhrusach go mbeadh an léiriú ina shárú ar chóipcheart.

(4) I gcás oibre do céad-fhoillsíodh tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, tuigfar fós cóipcheart do bheith sáruithe ag éinne a cheadóidh amharclann, halla, seomra, no áit eile d'úsáid chun an obair do léiriú go puiblí chun proifite gan cead únaera an chóipchirt, maran rud é ná raibh a fhios ag an duine sin agus ná raibh aon chúis réasúnta aige chun bheith amhrusach go mbeadh an léiriú ina shárú ar chóipcheart.

(5) Gach éinne a cheadóidh amharclann, halla, seomra, no áit eile d'úsáid chun léiriú do dhéanamh is sárú cóipchirt fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so, agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

(6) D'ainneoin éinní atá in alt 174 (alt a bhaineann le seanachóipchirt do chimeád i bhfeidhm) den Acht so, bainfidh mír (iv) d'fho-alt (1) den alt so le cóipcheart do fuarthas roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, chó maith le cóipcheart do fuarthas tar éis an dáta san fén Acht so.

Téarma an chóipchirt.

156. —Isé téarma a mhairfidh cóipcheart, ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an Acht so, ná i rith saoil an údair agus tréimhse de chaoga bliain tar éis a bháis:

Ach aon uair tar éis cúig bliana fichead no, i gcás oibre ina raibh cóipcheart ar marthain an 16adh lá de Mhí na Nodlag, 1911, tar éis triocha bliain o bhás údair oibre foillsithe, ní tuigfar cóipcheart san obair do bheith sáruithe de dhruim an obair d'ath-thabhairt amach chun í do dhíol má chruthuíonn an té bheidh á hath-thabhairt amach go bhfuil sé tar éis an fógra ceaptha i scríbhinn do thabhairt i dtaobh é bheith chun an obair d'ath-thabhairt amach, agus go bhfuil sé tar éis cánacha údair ar scór na gcóipeanna uile den obair a dhíol sé d'íoc sa tslí cheaptha le húnaer an chóipchirt, no chun tairbhe dho, do réir ráta deich per cent. den phraghas ar a bhfoillsíonn sé an obair; agus, chun crícheanna an phrovísó so, féadfidh an tAire rialacháin do dhéanamh ag ceapa an mhodha ar a dtabharfar fógraí agus ag ceapa na mion-innste a tabharfar sna fógraí sin agus modh, am, agus minicíocht íoctha cánacha údair, agus ortha san (más oiriúnach leis é) beidh rialacháin á éileamh go n-íocfar cánacha údair roimh ré no á chur in áirithe ar aon tslí eile go n-íocfar iad.

Ceadúnaisí éigeanta.

157. —Más rud é, aon uair tar éis bháis d'údar oibre litríochta, drámaíochta, no ceoil do foillsíodh no do léiríodh go puiblí, go ndéanfar gearán leis an Aire gur dhiúltuigh únaer an chóipchirt san obair don obair d'ath-fhoillsiú ná do n-a lomháil an obair d'ath-fhoillsiú no gur dhiúltuigh sé do n-a lomháil an obair do léiriú go puiblí agus go bhfuil an obair á chimeád siar ón bpuiblíocht de dheascaibh an diúltuithe sin, féadfar a ordú d'únaer an chóipchirt ceadúnas do dheona chun an obair d'ath-thabhairt amach no chun an obair do léiriú go puiblí, pe'ca aca é, ar pé téarmaí agus fé réir pé coiníollacha is oiriúnach leis an Aire.

Unaereacht chóipchirt, etc.

158. —(1) Fé réir forálacha an Achta so, isé an té is údar d'obair is céad-únaer ar an gcóipcheart inti:

Ach—

(a) más rud é, i gcás greanta, grianghraif, no portráide, gur duine éigin eile d'orduigh an pláta no an bun-abhar eile agus gur dineadh é ar chomaoin luachmhair do réir an orduithe sin, ansan, mara mbeidh aon chó-aontú ann ar a mhalairt, isé an té d'orduigh an pláta no an bun-abhar eile sin is céad-únaer ar an gcóipcheart; agus

(b) má bhí an t-údar ar fostú ag duine éigin eile fé chonnra sheirbhíse no phrintíseachta agus gur dineadh an obair i gcúrsa a fhostaíochta ag an duine sin, ansan, mara mbeidh aon chó-aontú ann ar a mhalairt, isé an té ag á raibh an t-údar ar fostú is céad-únaer ar an gcóipcheart, ach más aiste no abhar eile do pháipeur, do mheaigisín, no do thréimhseachán den tsórt san an obair, tuigfar, mara mbeidh aon chó-aontú ann ar a mhalairt, go bhfuil ceart curtha ar cosnamh don údar srian do chur leis an obair d'fhoillsiú ar aon tslí eile seachas mar chuid de pháipeur nuachta, de mheaigisín, no de thréimhseachán den tsórt san.

(2) Féadfidh únaer an chóipchirt in aon obair an ceart do shanna, i bpáirt no go hiomlán, agus go generálta no fé choiníoll maidir le háit no eile, agus ar feadh lán-téarma an chóipchirt no ar feadh aon choda den téarma san, agus féadfa sé aon leas sa cheart do dheona le ceadúnas, ach ní bheidh aon tsanna ná deona den tsórt san dleathach mara mbeidh sé i scríbhinn fé láimh únaera an chirt 'na ndéanfar an sanna no an deona ina thaobh, no fé láimh a ghníomhaire chuibhe-údaruithe:

Ach má sé an té is údar d'obair is céad-únaer ar an gcóipcheart inti, ansan, aon tsanna ar an gcóipcheart no aon deona ar aon leas ann a dhéanfa sé ar aon tslí (seachas le huacht) tar éis rithte an Achta so, ní oibreoidh sé chun aon chirt do dhílsiú sa tsannaí no sa deonaí maidir leis an gcóipcheart san obair níos sia amach ná cúig bliana fichead o bhás an údair agus, d'ainneoin aon chó-aontú ar a mhalairt, tuitfidh an frith-leas feitheamhach, a bheidh sa chóipcheart i gcionn na tréimhse sin, chun ionadaithe pearsanta dlíthiúla an údair mar chuid dá estát ar fháil bháis don údar, agus aon chó-aontú do dhin sé i dtaobh conus deighleáil leis an bhfrith-leas san beidh sé gan brí gan éifeacht, ach ní léireofar éinní sa phrovísó so mar ní a bhaineann leis an gcóipcheart i gcnuas-obair do shanna no le ceadúnas chun obair no cuid d'obair d'fhoillsiú mar chuid de chnuas-obair.

(3) Más rud é, fé aon tsanna leathrannach ar chóipcheart, go dtiocfidh an sannaí i dteideal aon chirt a bheidh foluithe i gcóipcheart, déanfar chun crícheanna an Achta so an sannaí d'áireamh, chó fada leis an gceart do sannadh amhlaidh, agus an sannóir d'áireamh, chó fada leis na cirt nár sannadh, mar únaer ar an gcóipcheart agus beidh éifeacht ag forálacha an Achta so dá réir sin.

Leighseanna síbhialta ar shárú chóipchirt.

159. —(1) Má dintar cóipcheart in aon obair do shárú beidh únaer an chóipchirt, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, i dteideal gach leighis i riocht coisc, damáistí, cuntaisí agus eile, a bronntar no a bronnfar le dlí in aghaidh sárú ar cheart.

(2) Is do réir toil na cúirte amháin a bheidh costaisí na bpáirtithe uile in aon imeachta mar gheall ar shárú chóipchirt.

(3) In aon aicsean mar gheall ar shárú chóipchirt in aon obair, tuigfar gur obair ina bhfuil cóipcheart ar marthain an obair agus tuigfar gur leis an ngearánaí an cóipcheart, mara gcuiridh an cosantóir i gceist an cóipcheart do bheith ann in aon chor no teideal chuige do bheith ag an ngearánaí, pe'ca aca é, agus má bhíonn éinní den tsórt san i gceist, ansan—

(a) má bhíonn clóbhuailte no taisbeánta ar aon tslí eile ar an obair ar an ngnáth-chuma ainm a thugann le tuisgint gurb í ainm údair na hoibre í, tuigfar, mara gcruthuítear a mhalairt, gurb é an té go mbeidh a ainm clóbhuailte no taisbeánta amhlaidh is údar don obair;

(b) mara mbeidh aon ainm clóbhuailte ná taisbeánta amhlaidh, no marab í fíor-ainm an údair ná an ainm a tugtar air do ghnáth an ainm a bheidh clóbhuailte no taisbeánta amhlaidh, agus má bhíonn clóbhuailte no taisbeánta ar aon tslí eile ar an obair ar an ngnáth-chuma ainm a thugann le tuisgint gurb í ainm fhoillsitheora no dhílseánaigh na hoibre í, tuigfar, mara gcruthuítear a mhalairt, gurb é an té go mbeidh a ainm clóbhuailte no taisbeánta amhlaidh is únaer ar an gcóipcheart san obair chun crícheanna imeachta mar gheall ar shárú chóipchirt san obair.

Cirt maidir le cóipeanna sáruitheacha, etc.

160. —Gach cóip sháruitheach d'aon obair ina mbeidh cóipcheart ar marthain, no d'aon pháirt shubstaintigh di, agus gach pláta a húsáidfar no a bheidh ceaptha le húsáid chun cóipeanna sáruitheacha den tsórt san do dhéanamh, tuigfar gur le húnaer an chóipchirt iad, agus féadfidh seisean dá réir sin imeachta do bhunú chun seilbh d'fháil ortha no mar gheall ar iad do chlaon-chasa.

Duine a sháruíonn tré neamh-urchóid do shaora o fhiachaisí áirithe.

161. —Má bunuítear imeachta mar gheall ar shárú an chóipchirt in aon obair agus go ndéarfidh an cosantóir ina chosaint ná raibh a fhios aige cóipcheart do bheith san obair, ní bheidh an gearánaí i dteideal aon leighis eile ach cosc maidir leis an sárú má chruthuíonn an cosantóir go raibh sé ar dháta an tsáruithe gan a fhios aige agus gan aon chúis réasúnta aige chun bheith amhrusach go raibh cóipcheart ar marthain san obair.

Srian le leighseanna i gcás ailtireachta.

162. —(1) Má bhíonn tosnuithe ar thógáil fhoirginte no dhéanmhachta eile a sháruíonn, no do sháródh dá gcríochnuítí í, an cóipcheart in obair éigin eile, ní bheidh únaer an chóipchirt i dteideal cosc d'fháil chun srian do chur le tógáil na foirginte no na déanmhachta san ná chun a ordú go leagfí i.

(2) Pé cinn d'fhorálacha eile an Achta so le n-a bhforáltar go dtuigfar gur le húnaer an chóipchirt cóip sháruitheach d'obair, no le n-a bhforchuirtar pionóisí ar an slí achmair, ní bhainfid le haon chás le n-a mbaineann an t-alt so.

Teora le haicsin.

163. —Ní déanfar aicsean mar gheall ar shárú chóipchirt do thosnú tar éis trí mblian ó am an tsáruithe.

Pionóisí mar gheall ar dheighleail le cóipeanna sáruitheacha.

164. —(1) Má dhineann éinne go feasach—

(a) aon chóip sháruitheach d'obair ina mbeidh cóipcheart ar marthain do chuma, le díol no le cur ar cíos; no

(b) aon chóip sháruitheach d'aon obair den tsórt san do dhíol no do chur ar cíos no, mar thrádáil, í do thaisbeáint no do thairisgint le díol no le cur ar cíos; no

(c) cóipeanna sáruitheacha d'aon obair den tsórt san do scaipe chun crícheanna trádála no chó flúirseach san go ndéanfí dochar d'únaer an chóipchirt; no

(d) aon chóip sháruitheach d'aon obair den tsórt san do thaisbeáint go puiblí mar thrádáil; no

(e) aon chóip sháruitheach d'aon obair den tsórt san d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann le díol no le cur ar cíos;

beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar dachad scilling do chur air in aghaidh gach cóipe le n-ar deighleáladh contrárdha don alt so, ach gan dul thar caoga punt maidir leis an aon ghnó-bheart amháin; no, i gcás an dara cionta no cionta ina dhiaidh sin, an fhíneáil sin no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh téarma nách sia ná dhá mhí.

(2) Má dhineann éinne no má bhíonn ar seilbh aige, go feasach, aon phláta chun cóipeanna sáruitheacha d'aon obair ina mbeidh cóipcheart ar marthain do dhéanamh, no má dhineann sé, go feasach, agus chun proifite dho féin, a chur fé ndeár aon obair den tsórt san do léiriú go puiblí gan cead únaera an chóipchirt, beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, i gcás an dara cionta no cionta ina dhiaidh sin, an fhíneáil sin no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh téarma nách sia ná dhá mhí.

(3) An chúirt gur ina láthair a bunófar aon imeachta den tsórt san, féadfa sí, pe'ca ciontófar an té adeirtar do chiontuigh no ná ciontófar, a ordú go ndítheofar no go dtabharfar suas d'únaer an chóipchirt ná cóipeanna uile den obair no na plátaí uile a bheidh i seilbh an té adeirtar do chiontuigh, agus a chífar don chúirt a bheith ina gcóipeanna sáruitheacha no ina bplátaí chun cóipeanna sáruitheacha do dhéanamh, no a ordú go ndeighleálfar leo ar aon tslí eile is oiriúnach leis an gcúirt.

(4) Ní dhéanfidh éinní san alt so deifir d'fhorálacha Chuid VII. den Acht so chó fada is théigheann oibreacha ceoil.

Cóipeanna d'iomportáil.

165. —(1) Cóipeanna a déanfar lasmuich de Shaorstát Éireann d'aon obair ina mbeidh cóipcheart ar marthain agus do sháródh cóipcheart dá mba i Saorstát Éireann a déanfí iad agus 'na dtabharfidh únaer an chóipchirt fógra i scríbhinn ina dtaobh, uaidh féin no tré n-a ghníomhaire, do sna Coimisinéirí Ioncuim gur mian leis ná hiomportálfí na cóipeanna san isteach i Saorstát Éireann ní hiomportálfar amhlaidh iad, agus, fé réir forálacha an ailt seo, tuigfar iad do bheith áirmhithe sa táible de thoirmisc agus de shriantachtaí atá in alt a dó is dachad den Customs Consolidation Act, 1876, agus bainfidh an t-alt san leis an gcás dá réir sin.

(2) Sara ndéanfid aon chóipeanna den tsórt san do choinneáil ná aon imeachta breise do bhunú d'fhonn a ngeallbruidthe fén dlí a bhaineann leis na Custuim, féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim a cheangal go gcólíonfar na rialacháin fén alt so, pe'ca i dtaobh scéala no coiníollacha no nithe eile é, agus féadfid deimhin do dhéanamh dóibh féin de, do réir na rialachán san, go bhfuil na cóipeanna den tsaghas a toirmiscthear leis an alt so d'iomportáil.

(3) Féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim rialacháin, generálta no speisialta, do dhéanamh i dtaobh coinneáil no geallbhruide cóipeanna a toirmiscthear leis an alt so d'iomportáil agus i dtaobh na gcoiníollacha, más ann dóibh, a bheidh le cólíona roimh an gcoinneáil agus an geallbhruide sin, agus féadfid, leis na rialacháin sin, a shocrú cadé an scéala, cadiad na fógraí, agus cadé an t-úrrus a tabharfar, agus cadé an fhianaise is gá chun aon chríche de chrícheanna an ailt seo, agus cadé an modh ar a ndeimhneofar an fhianaise sin.

(4) Féadfidh na rialacháin baint le cóipeanna de sna hoibreacha uile go dtoirmiscthear leis an alt so cóipeanna dhíobh d'iomportáil, no féadfar rialacháin deifriúla do dhéanamh i dtaobh saghsanna deifriúla de sna hoibreacha san.

(5) Féadfar a shocrú leis na rialacháin go ndéanfidh an scéalaí suas do sna Coimisinéirí Ioncuim gach costas agus damáiste fé n-ar chuathas maidir le haon choinneáil do dineadh de dhruim an scéala a thug sé uaidh agus maidir le haon imeachta de dhruim na coinneála san, agus féadfar socrú leis na rialacháin i dtaobh fógraí fé aon achtachán a hathghairmtear leis an Acht so d'áireamh mar fhógraí do tugadh fén alt so.

(6) Beidh éifeacht ag na forálacha san roimhe seo den alt so fé is dá mba chuid den Customs Consolidation Act, 1876, iad.

Oibreacha có-údar.

166. —(1) I gcás oibre có-údar, mairfidh cóipcheart le saol an údair is túisce éagfidh agus go ceann téarma caoga bliain tar éis a bháis, no le saol an údair is déanaí éagfidh, pe'ca tréimhse acu is sia, agus léireofar tagairtí san Acht so don tréimhse tar éis deire aon mhéid áirithe blian o bhás an údair mar thagairtí don tréimhse tar éis deire an méid céanna blian ó bhás an údair is túisce éagfidh no tar éis bháis an údair is déanaí éagfidh pe'ca tréimhse acu is giorra, agus sna forálacha den Acht so a bhaineann le deona ceadúnaisí éigeanta déanfar tagairt do dháta bháis an údair is déanaí éagfidh do chur in ionad na tagartha do dháta bháis an údair.

(2) I gcás oibre có-údar, má bhíonn duine no daoine éigin de sna có-údair gan na coiníollacha do chólíona le n-a mbronntar cóipcheart agus a leagtar amach leis an Acht so, deighleálfar leis an obair chun crícheanna an Achta so fé is dá mbé an t-údar no na húdair eile amháin dob údar no dob údair di:

Ach beidh téarma an chóipchirt díreach mar a bheadh sé dá gcólíonadh na húdair uile na coiníollacha san mar adubhradh.

(3) Chun crícheanna an Achta so cialluíonn “obair chó-údar” obair do dineadh tré chó-obair bheirt údar no níos mó agus ná fuil cion aon údair amháin di idirdhealuithe o chion an údáir no na n-údar eile.

(4) Más có-údair oibre bean phósta agus a céile is leis an mnaoi phósta san ar leithligh a leas san obair sin.

Oibreacha iarmbáis.

167. —(1) I gcás oibre litríochta, drámaíochta, no ceoil, no greanta, ina mbeidh cóipcheart ar marthain ar dháta bháis an údair no, i gcás oibre có-údar, ar no díreach roimh dháta bháis an údair is déanaí éagfidh, ach nár foillsíodh, ná i gcás oibre drámaíochta no ceoil, nár léiríodh go puiblí, ná, i gcás léigheachta, nár tugadh go puiblí, roimh an dáta san, mairfidh cóipcheart inti go dtí n-a follisiú, no a léiriú no a tabhairt go puiblí, pe'ca aca is túisce thárlóidh, agus go ceann téarma caoga bliain ina dhiaidh sin, agus i gcás oibre den tsórt san bainfidh an proivísó a ghabhann le halt 156 (alt a bhaineann le téarma an chóipchirt) den Acht so leis an scéal fé is dá mb'ar dháta an fhoillsithe no an léirithe no na tabhartha puiblí sin mar adubhradh d'éagfadh an t-údar.

(2) Beidh únaeracht láimhscríbhinne údair tar éis bháis an údair ina cruthúnas primâ facie ar an gcóipcheart do bheith ag únaer na láimhscríbhinne má fuarthas an únaeracht san fé uacht do dhin an t-údar agus gur láimhscríbhinn oibre nár foillsíodh ná nár léiríodh go puiblí ná nár tugadh go puiblí an láimhscríbhinn.

Cóipcheart i bhfoillsiúcháin Rialtais.

168. —(1) An cóipcheart i ngach obair do hullamhuíodh no do foillsíodh ag Rialtas Sealadach na hÉireann a bhí ann le déanaí no ag aon Aire dho no Roinn de no fé stiúrú no fé smacht ceachtar acu is le Rialtas Shaorstáit Éireann é fé réir aon chó-aontú leis an údar agus mairfe sé go ceann tréimhse chaoga bliain o dháta céad-fhoillsithe na hoibre.

(2) An cóipcheart i ngach obair do hullamhuíodh, do clóbhuaileadh, no do foillsíodh (pe'ca roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so é no dá éis sin) ag Rialtas Shaorstáit Éireann no ag aon Aire dho no Roinn de no fé stiúrú eachtar acu, no ag Oifig an tSoláthair no fé n-a maoirseacht no fé n-a húdarás, is le Rialtas Shaorstáit Éireann é fé réir aon chó-aontú le húdar na hoibre, agus mairfe sé go ceann tréimhse chaoga bliain o dháta céad-fhoillsithe na hoibre.

Cóipcheart in instruimidí meceaniciúla ceoil.

169. —(1) Beidh cóipcheart ar marthain i recórdaí, i rollaí pollta, agus i ngléasanna eile le n-ar féidir foghair d'ath-thabhairt amach go meceaniciúil fé is dá mb'oibreacha ceoil na gléasanna san, ach isé is téarma don chóipcheart ná caoga bliain o dhéanamh an bhun-phláta o n-ar tháinig an gléas, díreach no nea-dhíreach, agus an té dob únaer ar an mbun-phláta san am déanta an phláta san tuigfar gurb é is údar don obair agus, más cólucht corparáideach an t-únaer sin, tuigfar, chun crícheanna an Achta so, é do bheith ina chomhnaí laistigh de Shaorstát Éireann má bhíonn áit ghnótha bunuithe aige laistigh de Shaorstát Éireann.

(2) Ní tuigfar gur sárú ar chóipcheart in aon obair cheoil éinne do dhéanamh laistigh de Shaorstát Éireann recórdaí, rollaí pollta, no gléasanna eile le n-ar féidir an obair do léiriú go meceaniciúil má chruthuíonn an duine sin—

(a) gur dineadh gléasanna den tsórt san cheana ag únaer an chóipchirt san obair no le n-a thoiliú no le n-a aontú; agus

(b) go bhfuil sé tar éis an fógra orduithe do thabhairt i dtaobh é bheith chun na gléasanna do dhéanamh, agus go bhfuil sé tar éis cánacha údair ar na gléasanna uile den tsórt san a dhíol sé d'íoc sa tslí orduithe le húnaer an chóipchirt san obair, no chun tairbhe dho, do réir an ráta a luaidhtear anso ina dhiaidh seo:

Ach—

(i) ní údaróidh éinní sa bhforáil seo aon atharuithe do dhéanamh ar an obair a hath-thabharfar amach ná éinní do leigint ar lár inti, marar dineadh cheana, ag únaer an chóipchirt, no le n-a thoiliú no le n-a aontú, gléasanna ag ath-thabhairt amach na hoibre agus atharuithe uirthi agus nithe ar lár inti den tsaghas chéanna, no mara mbeidh gá réasúnta leis na hatharuithe sin do dhéanamh no leis na nithe sin do leigint ar lár chun an obair do chur in oiriúint do sna gléasanna a bheidh i gceist; agus

(ii) chun crícheanna na forála so, tuigfar go bhfoluíonn obair cheoil aon fhocail chó dlúth san baint léi gur cuid den obair chéanna iad, ach ní tuigfar go bhfoluíonn sí gléas le n-ar féidir foghair d'ath-thabhairt amach go meceaniciúil.

(3) Isé ráta gur dá réir a háireofar cánacha údair den tsórt san roimhráite ná cúig per cent. de ghnáth-phraghas mhiondíola an ghléis agus é áirmhithe sa tslí orduithe, ach san i slí ná beidh an cháin údair is iníoctha ar ghléas níos lú in aon chás ná leathphinge in aghaidh gach oibre ceoil fé leith ina mbeidh cóipcheart ar marthain agus a hath-thabharfar amach ar an ngléas san, agus, má bhíonn codán d'fheoirling sa cháin údair a háireofar mar adubhradh, áireofar an codán san mar fheoirling:

Ach má chítear don Aire, aon uair tar éis seacht mblian o thosach feidhme na Coda so den Acht so, ná fuil an ráta san roimhráite cothrom a thuille, féadfidh an tAire, tar éis fiosrú puiblí do chur ar bun, ordú do dhéanamh ag laigheadú no ag méadú an ráta san oiread agus a dheabróidh bheith cóir sa chás, ach aon ordú a déanfar amhlaidh ní bheidh sé ach sealadach agus ní bheidh aon éifeacht aige mara ndaingnítear ná go dtí go ndaingneofar é le rún a rithfidh gach Tigh den Oireachtas; ach má dintar agus má daingnítear amhlaidh ordú ag ceartú an ráta ní déanfar aon cheartú eile go ceann ceithre mblian ndéag o dháta an cheartuithe dheiridh.

(4) Má dintar aon ghléas den tsórt san chun dhá obair dheifriúla no níos mó ina mbeidh cóipcheart ar marthain d'ath-thabhairt amach agus nách le héinne amháin an cóipcheart ionta, déanfar na suimeanna is iníoctha mar chánacha údair fén alt so do chionroinnt ar únaerí uile agus fé seach an chóipchirt do réir pé coinúireachtaí a socrófar le headarascán mara gcó-aontuítear ortha.

(5) Nuair a déanfar aon ghléasanna den tsórt san le n-ar féidir obair cheoil a léiriú go meceaniciúil, ansan, chun crícheanna an ailt seo, tuigfar gur dhin únaer an chóipchirt san obair, maidir le héinne a dhéanfidh na fiosruithe ceaptha, a thoiliú chun na gléasanna san do dhéanamh má theipeann air freagra do thabhairt ar na fiosruithe sin laistigh den aimsir cheaptha.

(6) Chun crícheanna an ailt seo féadfidh an tAire rialacháin do dhéanamh ag ceapa éinní a bheidh le ceapa fén alt so agus ag ceapa an mhodha ar a dtabharfar fógraí agus ag ceapa na mioninnste a tabharfar sna fógraí sin agus modh, am, agus minicíocht íoctha cánacha údair, agus ortha san, más oiriúnach leis an Aire é, beidh rialacháin á éileamh go n-íocfar cánacha údair roimh ré no á chur in áirithe ar aon tslí eile go n-íocfar iad.

(7) I gcás oibreacha ceoil do foillsíodh roimh an gcéad lá d'Iúl, 1912, beidh éifeacht ag an forálacha san roimhe seo, fé réir na n-atharuithe agus na mbreiseanna so a leanas:—

(a) na coiníollacha i dtaobh gléasanna do bheith déanta cheana ag únaer an chóipchirt san obair no le n-a thoiliú no le n-a aontú, agus na sriantachtaí i dtaobh atharuithe ar an obair no nithe ar lár inti, ní bhainfid leis an gcás;

(b) cuirfar ráta dó go leith per cent. in ionad ráta cúig per cent. mar ráta gur dá réir a háireofar cánacha údair;

(c) d'ainneoin aon tsanna do dineadh roimh an 16adh lá de Mhí na Nodlag, 1911, ar an gcóipcheart in obair cheoil, is leis an údar no le n-a ionadaithe pearsanta dlíthiúla agus ní leis an sannaí aon chirt a bronntar leis an Copyright Act, 1911, no leis an Acht so maidir le gléasanna do dhéanamh le n-ar féidir an obair do léiriú go meceaniciúil no maidir leis an déanamh san d'údarú, agus beidh na cánacha údair roimhráite iníoctha le húdar na hoibre no le n-a ionadaithe pearsanta dlíthiúla agus chun tairbhe don údar no do sna hionadaithe sin;

(d) más obair ar a mbronnfar cóipcheart le hordú a déanfar fén gCuid seo den Acht so agus a bhaineann le tiarnas Briotáineach no le tír choigríche an obair, ní fholóidh an cóipcheart a bronnfar amhlaidh, ach amháin sa mhéid go bhforálfar leis an ordú é, aon chirt maidir le recórdaí, rollaí pollta, no gléasanna eile do dhéanamh le n-ar féidir an obair do léiriú go meceaniciúil.

(8) D'ainneoin éinní san Acht so, más roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so do dineadh recórd, rolla pollta, no gléas eile le n-ar féidir foghair d'ath-thabhairt amach go meceaniciúil, mairfidh cóipcheart ann ón tosach feidhme sin sa tsli chéanna agus ar feadh an téarma chéanna 'na mairfeadh sé ann dá mbeadh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm ar dháta déanta an bhunphláta o n-a dtáinig an gléas díreach no nea-dhíreach:

Ach—

(i) an té gur leis an bun-phláta san i dtosach feidhme na Coda so den Acht so isé is céad-únaer ar an gcóipcheart san; agus

(ii) ní léireofar éinní sa bhforáil seo mar ní a bhronnann cóipcheart in aon ghléas den tsórt san más rud é go sáródh sé cóipcheart i ngléas éigin eile den tsórt san é dhéanamh, dá mbeadh an fhoráil seo i bhfeidhm am déanta an ghléis a céad-luaidhtear.

Tuarasgabhála ar óráideacha polaitíochta.

170. —D'ainneoin éinní san Acht so, ní sárú ar chóipcheart i ndileagra de shaghas pholaiticiúil a tugadh ag cruinniú puiblí tuarasgabháil air d'fhoillsiú i bpáipeur nuachta.

Cóipcheart i ngrianghrafanna.

171. —Isé téarma a mhairfidh cóipcheart i ngrianghrafanna ná caoga bliain o dhéanamh an bhun-chlaonchló o n-a dtáinig an ghrianghraf, díreach no nea-dhíreach, agus an té dob únaer ar an gclaonchló san am déanta an chlaonchló san tuigfar gurb é is údar don obair agus más cólucht corparáideach an t-únaer sin tuigfar, chun crícheanna an Achta so, é do bheith ina chomhnaí laistigh de Shaorstát Éireann má bhíonn áit ghnótha bunuithe aige laistigh de Shaorstát Éireann.

Baint na Coda so den Acht so le pátrúin chláruithe.

172. —(1) Bainfidh an Chuid seo den Acht so le pátrúin ná beidh á n-úsáid ná ceaptha le húsáid mar dheilbheáin no samplaí le hiomadú le haon phróiseas céirde bíodh go bhfuil na pátrúin sin ionchláruithe fé Chuid III. den Acht so, agus leis na rialacha generálta a dhéanfidh an tAire fé Chuid V. den Acht so féadfar a shocrú cadiad na coiníollacha fé n-a dtuigfar pátrún do bheith á úsáid chun crícheanna den tsórt san roimhráite.

(2) Fé réir forálacha an fho-ailt sin roimhe seo agus lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt i gCuid VII. den Acht so, ní bhainfidh an Chuid seo den Acht so le pátrúin is ionchláruithe fé Chuid III. den Acht so.

Oibreacha údar gcoigríche.

173. —Más léir do Sheanascal Shaorstáit Éireann, ag gníomhú dho ar chomhairle na hArd-Chomhairle, ná tugann tiarnas Briotáineach no tír choigríche no nár thóg sé air féin go dtabharfadh sé leor-chosaint d'oibreacha le húdair o Shaorstát Éireann, beidh sé dleathach don tSeanascal, tré Ordú do dhéanamh ar chomhairle na hArd-Chomhairle, a ordú, maidir le pé cinn d'fhorálacha na Coda so den Acht so a bhronnann cóip cheart ar oibreacha do céad-fhoillsíodh laistigh de Shaorstát Éireann, ná bainfid le hoibreacha a foillseofar tar éis an dáta a bheidh luaidhte san Ordú agus 'na mbeidh a n-údair ina ngéilliúnaigh no ina saoránaigh den tiarnas Bhriotáineach no den tír choigríche sin agus gan comhnaí ortha i Saorstát Éireann, agus leis sin ní bhainfidh na forálacha san leis na hoibreacha san.

Seana-chóipchirt do chimeád i bhfeidhm.

174. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir sa Chuid seo den Acht so ní dhéanfidh an athghairm a dintar leis an Acht so ar an Copyright Act, 1911, cur le haon chóipcheart ná ceart eile do fuarthas roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, fén Copyright Act, 1911, no dá bhua no fé aon ordú no de bhua aon ordú a dineadh fén Acht san, ná ní bhainfe sí uaidh ná ní dhéanfa sí deifir do ar aon tslí eile.

(2) Sa mhéid go mbaineann sé le hathghairm an Copyright Act, 1911, tuigfar feidhm agus éifeacht do bheith ag alt 4 (alt a bhaineann le hathghairmeacha) den Acht so ón 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus tuigfar feidhm agus éifeacht do bheith ag an gCuid seo den Acht so ón dáta san: Ach—

(i) d'ainneoin éinní atá in alt 163 (alt a bhaineann le teora le haicsin) den Acht so féadfar aicsean mar gheall ar shárú chóipchirt idir an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus tosach feidhme na Coda so den Acht so do thosnú laistigh de thrí bliana tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so ach ní níos déanaí ná san, agus

(ii) ní bheidh feidhm agus éifeacht ag forálacha alt 172 (alt a bhaineann le baint na Coda so den Acht so le pátrúin chláruithe) den Acht so go dtí tosach feidhme na Coda so den Acht so.

Comhacht chun tairbhe na Coda so den Acht so do thabhairt d'oibreacha do céad-fhoillsíodh i dtiarnas Briotáineach no i dtír choigríche.

175. —(1) Féadfidh an Seanascal, tré Ordú do dhéanamh ar chomhairle na hArd-Chomhairle, a ordú go mbainfidh an Chuid seo den Acht so (ach amháin pé codacha dhi, más ann dóibh, a bheidh luaidhte san Ordú)—

(a) le hoibreacha do céad-fhoillsíodh i dtiarnas Briotáineach no i dtír choigríche le n-a mbaineann an tOrdú, díreach fé is dá mba laistigh de Shaorstát Éireann do céad-fhoillseofí iad;

(b) le hoibreacha litríochta, drámaíochta, ceoil, agus ealadhan no le haon tsaghas acu san, 'na raibh a n-údair, ar dháta déanta na hoibre, ina ngéilliúnaigh no ina saoránaígh de thiarnas Bhriotáineach no de thír choigríche le n-a mbaineann an tOrdú, díreach fé is dá mba shaoránaigh de Shaorstát Éireann na húdair;

(c) maidir le comhnaí i dtiarnas Briotáineach no i dtír choigríche le n-a mbaineann an tOrdú, díreach fé is dá mba chomhnaí laistigh de Shaorstát Éireann an comhnaí sin;

agus leis sin, fé réir forálacha na Coda so den Acht so agus an Orduithe, bainfidh an tAcht so dá réir sin:

Ach—

(i) sara ndéanfa sé ordú fén alt so maidir le tiarnas Briotáineach no le tír choigríche (nách tiarnas ná tír go mbeidh convensiún déanta leis a bhaineann le chóipcheart agus a cheangalann Saorstát Éireann ní foláir don tSeanascal, ag gníomhú dho ar chomhairle na hArd-Chomhairle, bheith sásta gur dhin an tiarnas Briotáineach no an tír choigríche sin no gur thóg sé air féin go ndéanfadh sé pé socruithe, más ann dóibh, is léir don tSeanascal, ag gníomhú dho ar chomhairle na hArd-Chomhairle, bheith oiriúnach le héileamh chun cosanta oibreacha i dteideal cóipchirt fé fhorálacha na Coda so den Acht so;

(ii) féadfar a fhoráil leis an ordú go mbeidh seilbh na gceart a bronntar leis an gCuid seo den Acht so fé réir chólíona pé cioníollacha agus fuirmeáltachtaí (más ann dóibh) a bheidh orduithe leis an ordú;

(iii) i gcur na bhforálacha den Chuid seo den Acht so i dtaobh únaereachta cóipchirt i bhfeidhm, féadfar, leis an ordú, pé atharuithe do dhéanamh uirthi a dheabhróidh bheith riachtanach mar gheall ar dhlí na tíre coigríche;

(iv) i gcur na bhforálacha den Chuid seo den Acht so i dtaobh sean-oibreacha i bhfeidhm, féadfar, leis an ordú, pé atharuithe do dhéanamh ortha a dheabhróidh bheith riachtanach, agus a shocrú ná déanfar éinní sna forálacha san, mar a bheid curtha i bhfeidhm amhlaidh, do léiriú mar ní a dhineann aithbheochaint ar aon cheart chun cosc do chur le haon aistriú do thabhairt amach no d'iomportáil in aon chás ina mbeidh deire leis an gcart de bhua alt 5 den International Copyright Act, 1886.

(2) Féadfidh ordú fén alt so baint le gach ceann de sna tíortha uile agus fé seach a bheidh ainmnithe no tuairiscithe ann.

Cirt fén dlí choitiann do chur ar ceal.

176. —Ní bheidh éinne i dteideal cóipchirt ná aon chirt dá shórt in aon obair litríochta, drámaíochta, cheoil, ná ealadhan, foillsithe no neamh-fhoillsithe, ach amháin fé fhorálacha agus do réir fhorálacha an Achta so no aon achtacháin reachtúla eile a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, ach ní léireofar éinní san alt so mar ní a chuireann ar ceal aon cheart no údarás chun srian do chur le sárú iontaoibhe no muiníne.

Mínithe agus léiriú.

177. —(1) Sa Chuid seo den Acht so, mara n-éilíonn an cóthéacs a mhalairt—

foluíonn “obair litríochta” mapaí, cairteacha, pleananna, táiblí, agus díoghloma;

foluíonn “obair dhrámaíochta” aon dréacht le haithris, obair chorégrafach, no siamsa geáitsíochta go bhfuil riara na radharc no fuirm na haicteála ann socruithe i scríbhinn no ar aon tslí eile, agus aon tabhairt-amach chinematografach 'na dtugann an riara no fuirm na haicteála ann no cóshnadhma na n-eachtraí a taisbeántar ann dreach bunaidh don obair;

foluíonn “obair ealadhan” oibreacha péintéireachta, tarraiceoireachta, snoigheadóireachta, agus ceárdaíochta ealadhanta, agus oibreacha ealadhan ailtireachta agus greanta agus grianghrafanna;

foluíonn “obair shnoigheadóireachta” teiligintí agus deilbheáin;

cialluíonn “obair ealadhan ailtireachta” aon fhoirgint no déanmhacht de dhreach no de phátrún ealadhanta, chó fada is théigheann an dreach no an pátrún san, no aon deilbheán don fhoirgint no don déanmhacht san, ach an chosaint a tugtar leis an Acht so ní bhainfe sí ach leis an dreach agus an pátrún ealadhanta, agus ní bhainfe sí le próiseasaí ná le modhna déanmhachta;

foluíonn “greanta” eitseála, liagrafanna, gearrtha adhmaid, priontaí, agus oibreacha eile den tsórt san nách grianghrafanna;

foluíonn “grianghraf” fóto-liagraf agus aon obair a dintar le haon phróiseas atá cosúil le grianghrafaíocht;

foluíonn “cinematograf” aon obair a dintar le haon phróiseas atá cosúil le cinematografacht;

cialluíonn “cnuas-obair”—

(a) encyclopædia, foclóir, leabhar cinn bliana, no obair den tsórt san, agus

(b) páipeur nuachta, irisleabhar léirmheasa, meaigisín, no tréimhseachán den tsórt san, agus

(c) aon obair do scríobhadh ina codacha idirdhealuithe ag údair dheifriúla no ina bhfuil oibreacha no codacha d'oibreacha le húdair dheifriúla ionchorparuithe;

nuair a húsáidtear “sáruitheach” i dtaobh cóipe d'obair ina bhfuil cóipcheart ar marthain, cialluíonn sé aon chóip, agus aon aithris dheabharthach d'áireamh, do dineadh no do hiomportáladh contrárdha d'fhorálacha an Achta so;

cialluíonn “léiriú” aon léiriú fuaimiúil ar obair agus aon léiriú feicseanach ar aon ghníomh drámúil in obair, agus léiriú den tsórt san le haon instruimid mheceaniciúil d'áireamh;

foluíonn “tabhairt” maidir le léigheacht tabhairt amach le haon instruimid mheceaniciúil;

foluíonn “pláta” aon chlóphláta no pláta eile, cloch, bloc, múnla, matrix, priont aistriúcháin, no claonchló a húsáidtear no atá ceaptha le húsáid chun cóipeanna d'aon obair do chlóbhuala no do dhéanamh, agus aon mhatrix no fearas eile le n-a ndintar recórdaí, rollaí pollta no gléasanna eile chun an obair do léiriú go fuaimiúil no 'na bhfuil sé ceaptha iad do dhéanamh leis;

foluíonn “léigheacht” dileagra, óráid, agus seanmóin.

(2) Chun crícheanna na Coda so den Acht so (lasmuich de sna crícheanna a bhaineann le sáruithe cóipchirt), ní tuigfar obair do bheith foillsithe no léirithe go puiblí, agus ní tuigfar léigheacht do bheith tugtha go puiblí, de dhruim í d'fhoillsiú, í do léiriú go puiblí, no í do thabhairt go puiblí, gan toiliú no aontú an údair, a sheiceadúirí, a riarthóirí, no a shannaithe.

(3) Chun crícheanna na Coda so den Acht so, tuigfar gur laistigh de Shaorstát Éireann do céad-fhoillsíodh obair d'ainneoin gur foillsíodh in áit éigin eile san am gcéanna í, maran rud é ná beidh an foillsiú i Saorstát Éireann ach in ainm bheith ina fhoillsiú agus ná beidh sé ceaptha chun riachtanaisí réasúnta na puiblíochta do shásamh, agus tuigfar gur foillsíodh obair i dhá n-áit san am gcéanna maran sia an tréimhse idir an foillsiú in áit amháin acu agus an foillsiú san áit eile ná ceithre lá déag no pé tréimhse is sia ná san agus a bheidh socruithe de thurus na huaire le hordú ón Ard-Chomhairle.

(4) Más rud é, i gcás oibre neamh-fhoillsithe, go raibh an obair á déanamh ar feadh tréimhse fada, tuigfar na coiníollacha den Chuid seo den Acht so le n-a mbronntar cóipcheart do bheith cólíonta má bhí an t-údar ar feadh aon chuid mhaith den tréimhse sin ina shaoránach de Shaorstát Éireann no ina chomhnuitheoir laistigh de Shaorstát Éireann.

(5) Chun crícheanna na bhforálacha den Chuid seo den Acht so maidir le comhnaí, tuigfar údar oibre do bheith ina chomhnuitheoir i Saorstát Éireann má bhíonn buan-chomhnaí air i Saorstát Éireann, agus é do bheith ina chomhnuitheoir in aon stát no tír eile má bhíonn buan-chomhnaí air sa stát no sa tír sin.