An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI.—COIPCHEART.) Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. ACHTACHAIN A hATHGHAIRMTEAR.)

16 1927

ACHT MAOINE TIONNSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA (COSAINT), 1927

CUID VII.

FORALACHA ILGHNEITHEACHA I dTAOBH COIPCHIRT.

Leabhair do sheachada do leabharlanna.

178. —(1) Laistigh de mhí tar éis foillsiú gach leabhair a céadfhoillseofar i Saorstát Éireann, seachadfidh a fhoillsitheoir ar a chostas féin cóip den leabhar d'iontaobhaithe Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, cóip den leabhar don údarás a bheidh i gcúram Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Atha Cliath, trí cóipeanna den leabhar i gcóir no do réir threoracha an údaráis a bheidh i gcúram Phríomh-Scoil Náisiúnta na hÉireann le haghaidh leabharlanna fé seach na dtrí gColáistí dá bhfuil an Phríomh-Scoil sin có-dhéanta, agus cóip den leabhar d'iontaobhaithe an British Museum, agus tabharfidh na hiontaobhaithe agus an t-údarás san fé seach uatha admháil i scríbhinn ar gach leabhar a seachadfar dóibh amhlaidh:

Ach ar a iarraidh sin d'iontaobhaithe Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, no don údarás a bheidh i gcúram Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Atha Cliath, no d'aon cheann de sna húdaráis fé seach a bheidh i gcúram na dtrí gColáistí dá bhfuil Príomh-Scoil Náisiúnta na hÉireann có-dhéanta, no d'iontaobhaithe an British Museum, féadfidh an tAire rialacháin do dhéanamh chun foillsiúcháin a bheidh ar fad no nách mór ar fad ina bhfógráin trádála, no pé saghsanna de sna foillsiúcháin sin a bheidh luaidhte sna rialacháin, do shaora o fhorálacha an fho-ailt seo chó fada leis na hiontaobhaithe no leis an údarás a bheidh ag déanamh an iarratais, agus leis sin ní bheidh sé riachtanach d'fhoillsitheoir aon fhoillsiúcháin a saorfar amhlaidh an foillsiúchán do sheachada do sna hiontaobhaithe no don údarás san, ná do sna hiontaobhaithe no don údarás san admháil do thabhairt air, maran rud é, maidir le haon fhoillsiúchán áirithe, go ndéanfidh na hiontaobhaithe no an t-údarás san éileamh i scríbhinn é do sheachada.

(2) Déanfa sé fós, má dintar éileamh i scríbhinn laistigh de bhliain tar éis an fhoillsithe, cóip den leabhar do sheachada, laistigh de mhí tar éis an t-éileamh san i scríbhinn d'fháil do, no, má dintar an t-éileamh roimh an bhfoillsiú, í do sheachada, laistigh de mhí tar éis an fhoillsithe, ag seola éigin i mBaile Atha Cliath a bheidh luaidhte san éileamh i gcóir, no do réir threoracha, an údaráis a bheidh i gcúram gach leabharlainne fé leith acu so a leanas, eadhon: an Bodleian Library, Oxford, an University Library, Cambridge, an National Library of Scotland, agus an National Library of Wales. I gcás encyclopædia, páipéir nuachta, irisleabhair léirmheasa, meaigisín, no oibre a foillsítear ina shreath d'uimhreacha no de chodacha, féadfar gach uimhir no cuid den obair a foillseofar ina dhiaidh sin do chur san áireamh san éileamh i scríbhinn.

(3) Isí cóip a seachadfar d'iontaobhaithe an British Museum ná cóip den leabhar iomlán maraon le gach mapa agus maisiú a bhaineann leis, agus í críochnuithe agus daithte sa tslí chéanna ina mbeidh na cóipeanna is fearr den leabhar foillsithe agus beidh sí ceangailte no fuaighte le chéile agus ar an bpáipeur is fearr ar a mbeidh an leabhar clóbhuailte.

(4) An chóip a seachadfar i gcóir na n-údarás eile a luaidhtear san alt so beidh sí ar an bpáipeur ar a mbeidh an líon is mó de chóipeanna den leabhar clóbhuailte chun a ndíolta, agus beidh sí ar an staid chéanna ar a mbeidh na leabhair a hullamhófar chun a ndíolta.

(5) Má theipeann ar fhoillsitheoir an t-alt so do chólíona, dlighfar, ar a chiontú ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint agus luach an leabhair do chur air, agus íocfar an fhíneáil leis na hiontaobhaithe no leis an údarás gur chóir an leabhar do sheachada dhóibh.

(6) Chun crícheanna an ailt seo, foluíonn an focal “leabhar” gach cuid no roinn de leabhar, de phaimfléid, de leathán chló, de leathán cheoil, de mhapa, de phlean, de chairt, no de tháible a foillsítear ar leithligh, ach ní fholóidh sé aon dara heagrán no eagrán ina dhiaidh sin de leabhar mara mbeidh san eagrán san breisithe no atharuithe sa chló no neachtar acu sna mapaí, sna priontaí, no sna greanta eile a bhaineann leis.

Obair ealadhanta a mhíníonn pátrún do chlárú.

179. —(1) Cimeádfar san Oifig leabhar dá ngairmfear clár na n-oibreacha ealadhanta agus ina n-iontrálfar ainmneacha agus seolta dílseánacha an chóipchirt in oibreacha ealadhanta cláruithe, fógraí i dtaobh sannta agus tarchurtha ar an gcóipcheart san, agus pé nithe eile a hordófar.

(2) Beidh clár na n-oibreacha ealadhanta ina fhianaise primâ facie ar gach ní a horduítear no a húdaruítear leis an Acht so d'iontráil ann.

(3) Ar a iarraidh sin sa bhfuirm agus sa tslí orduithe d'éinne is údar d'obair ealadhanta a mhíníonn pátrún, féadfidh an ceannasaí (fé réir forálacha an ailt seo) an obair ealadhanta san do chlárú i gclár na n-oibreacha ealadhanta.

(4) Ní clárófar obair ealadhanta fén alt so maran rud é, i gcás oibre foillsithe, gur tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so do céad-fhoillsíodh an obair no, i gcás oibre neamh-fhoillsithe, gur tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so do dineadh an obair.

(5) Aon obair ealadhanta a clárófar i gclár na n-oibreacha ealadhanta leanfa sí de bheith cláruithe amhlaidh faid a mhairfidh cóipcheart inti fén Acht so agus ar dhul in éag don chóipcheart san tógfidh an ceannasaí amach as an gclár í.

(6) Féadfidh an ceannasaí, más oiriúnach leis é, diúltú d'aon obair ealadhanta do chlárú a tíolacfar do chun a chláruithe agus féadfa sé go sonnrach diúltú d'aon obair ealadhanta den tsórt san do chlárú go mbeadh a húsáid dar leis contrárdha don dlí no don mhorálas.

(7) Einne ar a ngoillfidh diúltú ón gceannasaí d'obair ealadhanta do chlárú, féadfa sé athchomharc do dhéanamh chun an dlí-oifigigh más ar an scór go mbeadh sé contrárdha don dlí no don mhorálas an obair ealadhanta d'úsáid do dineadh an diúltú, no féadfa sé athchomharc do dhéanamh chun na Cúirte in aon chás eile.

(8) Ar a iarraidh sin sa tslí orduithe do dhílseánach chláruithe oibre ealadhanta no do dhuine éigin a bheidh i dteideal do réir dlí chun gníomhuithe ina ainm sin, féadfidh an ceannasaí aon earráid chléireachais i gclárú na hoibre ealadhanta san no ina thaobh do cheartú, no aon atharú d'iontráil sa chlár san ar ainm no ar sheola éinne go mbeidh a ainm no a sheola iontrálta sa chlár san maidir leis an obair ealadhanta san, no clárú na hoibre ealadhanta san do chur ar nea-mbrí.

(9) Bainfidh alt 129 (alt a bhaineann le comhacht na cúirte chun clár do leasú) den Acht so le clár na n-oibreacha ealadhanta ar gach slí díreach mar a bhaineann sé le clár na bpátrún.

Baint Cuid VI. den Acht so le hobair ealadhanta a mhíníonn pátrún.

180. —(1) Bainfidh Cuid VI. den Acht so le hobair ealadhanta a mhíníonn pátrún, más rud é, i gcás oibre foillsithe, gur tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so do céad-fhoillsíodh an obair sin no, i gcás oibre neamh-fhoillsithe, gur tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so do dineadh an obair sin.

(2) Chun na críche a bhaineann le Cuid VI. den Acht so do chur i mbaint, fén alt so, le hobair ealadhanta a mhíníonn pátrún, folóidh “cóipcheart” an t-aon-cheart—

(a) chun an pátrún a mínítear san obair d'fhoillsiú,

(b) chun a údarú go n-úsáidfí an pátrún i gcúrsaí ceárdais.

(3) Más rud é, i gcás oibre ealadhanta a mhíníonn pátrún agus le n-a mbaineann Cuid VI. den Acht so de bhua an ailt seo, go raibh an t-údar ar fostú ag duine éigin eile fé chonnra sheirbhíse no phríntíseachta agus gur dineadh an obair i gcúrsa a fhostaíochta ag an duine sin agus go mbeidh an pátrún a mínítear san obair in úsáid no ceaptha le húsáid chun críche ceárdais, tuigfar, mara mbeidh aon chó-aontú ann ar a mhalairt, go bhfuil ceart curtha ar cosnamh don údar srian do chur leis an bpátrún d'úsáid chun aon chríche ceárdais eile.

(4) Na forálacha uile de Chuid VI. den Acht so a bhaineann le pionóisí mar gheall ar chóipeanna sáruitheacha d'oibreacha ina mbeidh cóipcheart ar marthain, bainfid le cóipeanna sáruitheacha d'oibreacha ina mbeidh cóipcheart ar marthain de bhua an ailt seo.

Cimeádfidh dílseánaigh amharclann, etc., clár.

181. —(1) Beidh sé de dhualgas ar dhílseánach gach amharclainne, halla, seomra, no áite eile, ina mbíonn siamsa puiblí ar siúl clár, sa bhfuirm a ordóidh an tAire, de gach siamsa puiblí a bheidh ar siúl san amharclainn, sa halla, sa tseomra, no san áit sin do chimeád, no a chur fé ndeár é do chimeád, san amharclainn, sa halla, sa tseomra, no san áit sin agus fós, laistigh de dhá uair dhéag a'chluig tar éis gach siamsa puiblí den tsórt san, pé mion-innste ar an siamsa agus ar an té go raibh an siamsa ar siúl aige a hordófar le rialacháin a bheidh déanta ag an Aire fén alt so d'iontráil sa chlár san no a chur fé ndeár iad d'iontráil ann.

(2) Féadfidh aon oifigeach don Aire go mbeidh údarás cuibhe aige chuige sin ón Aire, no éinne is údar no is únaer don chóipcheart in aon obair fhoillsithe, gach clár a bheidh á chimeád do réir an ailt seo d'iniúcha gach tráth réasúnta.

(3) Féadfidh an tAire, le hOrdú, rialacháin do dhéanamh ag ordú gach ní no éinní acu so a leanas, sé sin le rá:—

(a) fuirm an chláir a bheidh le cimeád do réir an ailt seo,

(b) na mion-innste a hiontrálfar sa chlár ar gach siamsa agus ar an té go mbeidh an siamsa ar siúl aige,

(c) á mhíniú cé hé, go dtuigfar, maidir le haon tsiamsa áirithe, an siamsa san do bheith ar siúl aige.

(4) Más rud é, maidir le héinne ar a gceangailtear leis an alt so aon chlár den tsórt san roimhráite do chimeád no a chur fé ndeár é do chimeád—

(a) go dteipfidh air an clár san do chimeád no a chur fé ndeár é do chimeád, no

(b) go dteipfidh air aon iontráil do dhéanamh no a chur fé ndeár í do dhéanamh sa chlár san laistigh den am a horduítear leis an alt so, iontráil a héilítear leis an alt so no fé do dhéanamh ann, no

(c) go dteipfidh air an clár san do thaisbeáint chun go n-iniúchfadh éinne é 'na mbeidh teideal aige fén alt so é d'iniúcha, no go gcuirfe sé bac no cosc le héinne den tsórt san agus é ag déanamh an iniúchta san, no

(d) go ndéanfa sé, no go gcuirfe sé fé ndeár no go gceadóidh sé go ndéanfí, sa chlár san, agus san go toiliúil no go faillitheach, aon iontráil a bheidh bréagach no míthreorach in aon phonc táchtach,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpuint do chur air.

(5) Chun crícheanna an ailt seo—

(a) foluíonn clár d'iniúcha cóipeanna do dhéanamh de no d'aon chuid de, agus

(b) cialluíonn “siamsa” aon obair dhrámaíochta do léiriú mar a mínítear san i gCuid VI. den Acht so no léigheacht do thabhairt mar a mínítear san amhlaidh: Ach chun crícheanna an ailt seo ní fholóidh “léigheacht” seanmóin.

Coipeanna píoráidithe d'oibreacha ceoil do ghabháil, etc.

182. —Féadfidh an Chúirt Dúithche, ar iarratas únaer an chóipchirt in aon obair cheoil, gníomhú mar leanas: Más deimhin léi o fhianaise go bhfuil cúis réasúnta ann chun a chreidiúint go bhfuil cóipeanna píoráidithe den obair cheoil sin á mangaireacht, á mbreith timpeal, á ndíol no á dtairisgint chun a ndíolta, féadfa sí, le hordú, a údarú do bhall den Ghárda Síochána na cóipeanna san do ghabháil gan barántas agus do thabhairt os cóir na cúirte, agus ar a bheith cruthuithe gur cóipeanna píoráidithe na cóipeanna féadfidh an chúirt a ordú go ndítheofí iad no go dtabharfí d'únaer an chóipchirt iad má iarrann sé é sin.

Cóipeanna píoráidithe do ghabháil ar iarratas únaer an chóipchirt.

183. —Má dhineann éinne aon chóip phíoráidithe d'aon obair cheoil do mhangaireacht, do bhreith timpeal, do dhíol, no do thairisgint chun a díolta, féadfidh aon bhall den Ghárda Síochána gach cóip phíoráidithe den tsórt san do ghabháil gan barántas ar a iarraidh sin i scríbhinn don té a dheabhróidh bheith ina únaer ar an gcóipcheart san obair sin, no dá ghníomhaire agus údarás aige chuige sin i scríbhinn, agus ar fhreagarthacht an únaera san.

Ar ghabháil aon chóipeanna den tsórt san do, tabharfidh an ball san den Ghárda Síochána os cóir na Cúirte Dúithche iad agus, ar a bheith cruthuithe gur sáruithe cóipchirt iad, geallbhruidfar no dítheofar iad no deighleálfar leo ar aon tslí eile is oiriúnach leis an gcúirt.

Pionóisí mar gheall ar bheith i seilbh chóipeanna píoráidithe.

184. —(1) Gach éinne a chlóbhuailfidh, a dhéanfidh, no a dhíolfidh, no a thaisbeánfidh, a thairgfidh, no 'na mbeidh ar seilbh aige chun a ndíolta, aon chóipeanna píoráidithe d'aon obair cheoil, no 'na mbeidh ar seilbh aige aon phlátaí chun cóipeanna píoráidithe d'aon obair cheoil do chlóbhuala no do dhéanamh, beidh sé (mara gcruthuighe sé gur tré neamh-urchóid do ghníomhuigh sé) ciontach i gcionta fén alt so is inphionósuithe ar a chiontú ann ar an slí achmair agus dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air agus, ar a chiontú ann an dara huair no aon uair ina dhiaidh sin, príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh téarma nách sia ná dhá mhí no fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint: Ach duine a ciontófar i gcionta fén alt so agus nár ciontuíodh roimhe sin ina leithéid de chionta agus a chruthóidh go raibh i gcló ar an leathanach teidil ar na cóipeanna den obair cheoil 'nar dineadh an cionta ina taobh ainm agus seola is ainm agus seola don chlódóir no don fhoillsitheoir do réir dheabhraimh, ní dlighfar aon phionós do chur air fén alt so mara gcruthuítear gur chóipeanna píoráidithe na cóipeanna go bhfios do.

(2) Féadfidh aon bhall den Ghárda Síochána, gan barántas, éinne do ghabháil a dhíolfidh, no a thaisbeánfidh, a thairgfidh, no 'na mbeidh ar seilbh aige chun a ndíolta, in aon tsráid no áit phuiblí, aon chóipeanna píoráidithe d'aon obair cheoil den tsórt a bheidh luaidhte in aon údarás scríbhte generálta a bheidh dírithe chun cheannphuirt an Ghárda Síochána don cheanntar le n-a mbaineann an t-údarás agus a bheidh sighnithe ag an té a dheabhróidh bheith ina únaer ar an gcóipcheart san obair sin, no ag á ghníomhaire agus údarás aige chuige sin i scríbhinn, á íarraidh go ngabhfí, ar fhreagarthacht an únaera san, gach duine a gheobhfar ag déanamh ciontaí fén alt so maidir leis an obair sin, no a dhéanfidh aon chóipeanna píoráidithe d'aon obair cheoil a bheidh luaidhte amhlaidh do thairisgint chun a ndíolta tré thathant phearsanta no tré fhógráin no cearcaláin do sheachada go pearsanta.

(3) Beidh cóip de gach údarás scríbhte a bheidh dírithe chun ceannphuirt don Ghárda Síochána fén alt so le feiscint ag éinne chun a hiniúchta gach tráth réasúnta gan aon táille d'íoc, agus féadfidh éinne cóipeanna do dhéanamh d'aon údarás den tsórt san no sleachta do thógaint as.

Ceart ag póilíní dul isteach in áitreabh chun an Chuid seo den Acht so do chur i bhfeidhm.

185. —(1) Más deimhin leis an gCúirt Dúithche o scéala fé mhionn go bhfuil cúis réasúnta ann chun a bheith amhrasach go bhfuil cionta i gcoinnibh na Coda so den Acht so á dhéanamh in aon áitreabh, féadfidh an chúirt barántas cuardaigh do dheona á údarú don bhall den Ghárda Síochána a bheidh ainmnithe ann dul isteach san áitreabh idir a sé a chlog ar maidin agus a naoi a chlog tráthnóna agus, más gá é, fóirneart do chur i bhfeidhm chun dul isteach amhlaidh, pe'ca tré dhóirse do bhrise ar oscailt é no ar aon tslí eile, agus gabháil do dhéanamh ar aon chóipeanna d'aon obair cheoil no ar aon phlátaí 'na mbeidh cúis réasúnta aige chun a bheith amhrasach go bhfuil cionta i gcoinnibh na Coda so den Acht so á dhéanamh ina dtaobh.

(2) Tabharfar os cóir na Cúirte Dúithche na cóipeanna uile d'aon obair cheoil agus na plátaí uile a gabhfar fén alt so, agus má cruthuítear gur cóipeanna píoráidithe na cóipeanna no gur plátaí atá ceaptha le húsáid chun cóipeanna píoráidithe do chlóbhuala no do dhéanamh na plátaí, geallbhruidfar agus dítheofar iad no deighleálfar leo ar aon tslí eile is oiriúnach leis an gcúirt.

Pionós mar gheall ar chiontaí áirithe.

186. —(1) Einne a dhéanfidh no a chuirfidh fé ndeár go ndéanfar aon ghníomh acu so a leanas, sé sin le rá:—

(a) aon ainm, inisealacha, no monogram do shighniú no do chur ar aon tslí eile go calaoiseach, no a chur fé ndeár go calaoiseach san do shighniú no do chur ar aon tslí eile, ar aon phéinteáil, tarraiceoireacht, no grianghraf ina mbeidh cóipcheart ar marthain; no

(b) aon phéinteáil, tarraiceoireacht, no grianghraf do dhíol, d'fhoillsiú, do chur ar taisbeáint, no do chur dá láimh, no do thairisgint chun a díolta, chun a curtha ar taisbeáint, no chun a scaipthe, agus san go calaoiseach, agus ainm, inisealacha, no monogram duine uirthi nár dhin an phéinteáil, an tarraiceoireacht, ná an ghrianghraf san; no

(c) aon chóip d'aon phéintéail, tarraiceoireacht, no grianghraf (pe'ca bheidh cóipcheart ar marthain inti no ná beidh) no aon aithris dheabharthach ar a leithéid do thairsigint, do chur dá láimh, no do chur anonn ar dhuine go calaoiseach, no a chur fé ndeár go calaoiseach í do thairisgint no do chur dá láimh, mar rud do dhin údar no déantóir na bun-phéinteála, na bun-tarraiceoireachta, no na bun-ghrianghraife o n-ar dineadh an chóip sin no ar ar dineadh an aithris sin; no

(d) i rith saoil agus gan cead údair no déantóra aon phéinteála, tarraiceoireachta, no grianghraife do dhíol no le n-ar scar an t-údar no an déantóir sin, aon phéinteáil, tarraiceoireacht, no grianghraf den tsórt san, no aon chóip di, do dhéanamh, no í do dhíol no d'fhoillsiú no do thairisgint chun a díolta go feasach, mar obair neamh-atharuithe an údair no an déantóra san, agus aon atharú (pe'ca cur leis é no a mhalairt) déanta ar an bpéinteáil, ar an tarraiceoireacht, no ar an ngrianghraif sin, atharú do dineadh uirthi ag éinne seachas a húdar no a déantóir tar éis don údar no don déantóir í do dhíol no scarúint léi,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfar fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air.

(2) Ar chiontú éinne i gcionta fén alt so déanfar an phéinteáil, an tarraiceoireacht, no an ghrianghraf, no na cóipeanna dhi, ar a mbeidh an ainm, na hinisealacha, no an monogram curtha, no an chóip den phéinteáil, den tarraiceoireacht, no den ghrianghraif, no an aithris dheabharthach uirthi, no an phéinteáil, an tarraiceoireacht, no an ghrianghraf atharuithe (pe'ca aca é) do gheallbhruide agus do sheachada don té ag á mbeidh an cóipcheart (más ann do) ar marthain sa phéinteáil, sa tarraiceoireacht, no sa ghrianghraif sin ar dháta an chiontuithe.

(3) San alt so foluíonn an focal “grianghraf” fóta-liagraf agus aon obair a dintar le haon phróiseas atá cosúil le grianghrafaíocht agus foluíonn sé claonchló grianghrafach chó maith le díorchló grianghrafach.

Mínithe.

187. —Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an focal “obair cheoil” aon chó-nasca fuinn agus cócheoil, no ceachtar acu, clóbhuailte, curtha i scríbhinn, no tabhartha amach no ath-thabhartha amach go grafach ar aon tslí eile; cialluíonn na focail “obair cheoil phíoráidithe” agus “cóipeanna píoráidithe” fé seach aon obair cheoil, do scríobhadh, do clóbhuaileadh, no do hath-thugadh amach ar aon tslí eile, gan cead do bheith tugtha go dleathach chuige sin ag únaer an chóipchirt san obair cheoil sin;

foluíonn an focal “plátaí” aon chlóphlátaí no plátaí eile, clocha, matrices, priontaí aistriúcháin, no claonchlódhanna a húsáidtear no atá ceaptha le húsáid chun cóipeanna d'aon obair cheoil do chlóbhuala no do dhéanamh: Ach ní tuigfar, chun crícheanna na Coda so den Acht so, go bhfoluíonn na focail “cóipeanna píoráidithe” agus “plátaí” ceol-rollaí pollta a húsáidtear chun instruimidí meceaniciúla do sheinm, ná recórdaí a húsáidtear chun tonn-fhuaimeanna d'ath-thabhairt amach, ná na matrices ná na gléasanna eile le n-a ndintar na rollaí no na recórdaí sin fé seach;

an focal “obair ealadhanta” agus an focal “foillsiú” maidir le haon obair agus an focal “sáruitheach” nuair a húsáidtear iad i dtaobh cóipe d'obair ina bhfuil cóipcheart ar marthain, cialluíd na nithe céanna a chialluíd fé seach i gCuid VI. den Acht so.