|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT AIRGID, 1927) | Ar Aghaidh (CUID II. Custuim agus Mál.) |
ACHT AIRGID, 1927
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Cáin Ioncuim. | |
[EN] |
Cáin ioncuim agus barra-cháin in aghaidh na bliana 1927-28. |
1. —(1) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1927, éileofar cáin ioncuim do réir thrí scillinge fén bpunt. |
[EN] | (2) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1927, éileofar barra-cháin do réir na rátaí céanna gur dá réir do héilíodh í in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1926. | |
[EN] | (3) Na forálacha reachtúla agus na forálacha eile a bhí i bhfeidhm ar feadh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1926, i dtaobh cánach ioncuim agus barra-chánach, beidh éifeacht acu uile agus fé seach, fé réir forálacha an Achta so, i dtaobh na cánach ioncuim agus na barra-chánach a héileofar mar adubhradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1927. | |
[EN] |
Forálacha i dtaobh barrachánach in aghaidh na bliana 1926-27. |
2. —(1) D'ainneoin éinní in alt 5 den Income Tax Act, 1918, is fé mar a bheadh éifeacht i gcóir na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1925, ag na hatharuithe sin ar na hAchtanna Cánach Ioncuim atá i mír 1 de Chuid II. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926 , a measfar, chun críche barra-chánach in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1926, cadé an méid ioncuim ar fad o gach taobh atá ag aon duine 'na mbeadh aige, mara mbeadh achtú an ailt seo, teideal i gcóir na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1926, chun faoisimh o cháin dúbalta, maidir le cáin ioncuim maraon le barra-cháin, ba mhó ná leath an mhéide iomláin de cháin ioncuim (sara mbainfí aisti aon fhaoiseamh in aghaidh prémiumacha árachais bheatha ná aon fhaoiseamh a deonadh fén Acht Airgid, 1926 (Uimh. 35 de 1926) o cháin dúbalta maidir le cáin ioncuim maraon le barra-cháin) agus de bharra-cháin do bhí iníoctha aige in aghaidh na bliana san. |
[EN] | (2) Má cáinmheasadh duine i gcóir barra-chánach in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1926, i méid ba lú ná an méid do bheadh air d'íoc dá mbeadh an t-alt so i bhfeidhm le linn an cháinmheasa san, beidh comhacht ag na Coimisinéirí Speisialta cáinmheas breise do dhéanamh chun a fhiachas do cheartú do réir forálacha an ailt seo. | |
[EN] |
Saoirse d'ionadaithe Rialtaisí den Cho-chiníochas Bhriotáineach. |
3. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, déanfar saoirse o cháin ioncuim (maraon le barra-cháin) maidir leis an sochar oifige is iníoctha ag Rialtas le n-a mbaineann an t-alt so de thurus na huaire do dheona d'éinne ar fostú ag an Rialtas san mar ionadaí dhiplomáideach no thrádála no mar ionadaí eile dá sórt i Saorstát Éireann no mar dhuine den fhuirinn atá i Saorstát Éireann ag an ionadaí sin agus ní tabharfar aon áird ar aon tsochar oifige den tsórt san nuair a beifear ag meas méid ioncuim an duine sin chun crícheanna na nAchtanna Cánach Ioncuim. |
[EN] | (2) Ní deonfar saoirse do dhuine fén alt so ach in aghaidh tréimhse go gcuirfar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim an duine sin do bheith ina chomhnaí i Saorstát Éireann le n-a linn chun na dualgaisí do chólíona 'na mbeidh an sochar oifige sin iníoctha leis ar a son agus chuige sin amháin agus gan é do bheith ag gabháil d'aon chéird, fostaíocht ná slí bheatha eile i Saorstát Éireann. | |
[EN] | (3) Tuigfar an t-alt so do theacht i bhfeidhm ar an 6adh lá d'Abrán, 1923 agus beidh sé fé mar a bheadh sé i bhfeidhm agus éifeacht aige ar an lá san agus ón lá san amach agus má íoc éinne cáin 'na mbeadh teideal aige chun saoirse uaithi fén alt so beidh teideal aige chun aisíoc na cánach san d'fháil. | |
[EN] | (4) Baineann an t-alt so le gach Rialtas ar na tíortha uile agus fé seach atá sa Chó-chiníochas Bhriotáineach, sé sin le rá, Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus Thuaiscirt Éireann, Tiarnas Canada, an Astráil, Tiarnas Zéalann Nua, Aondacht na hAifrice Theas, agus Tír an Eisc, gach Rialtas acu gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim ina thaobh de thurus na huaire go dtugann sé d'ionadaithe diplomáideacha agus d'ionadaithe trádála do Rialtas Shaorstáit Éireann agus do lucht a bhfuireann saoirse den tsórt a tugtar leis an alt so d'ionadaithe diplomáideacha agus d'ionadaithe trádála an chéad Rialtais a luaidhtear thuas agus do lucht a bhfuireann. | |
[EN] |
Faoiseamh o cháin ioncuim dhúbalta ar phroifit o ghnó na loingseoireachta. |
4. —(1) Pé uair a bheidh cáin ioncuim no aon cháin de shaghas cánach ioncuim iníoctha de thurus na huaire, fé aon dlí a bheidh i bhfeidhm o am go ham in aon stát coigríche, ar phroifití no ar shochar a thagann as gnó na loingseoireachta agus ar a mbeidh cáin ioncuim iníoctha i Saorstát Éireann beidh sé dleathach don Ard-Chomhairle socrú sealadach do dhéanamh le Rialtas an stáit choigríche sin chun faoiseamh do dheona i gcásanna ina n-éileofar Cáin Ioncuim Shaorstáit Éireann agus an cháin ioncuim no an cháin de shaghas cánach ioncuim is iníoctha sa stát choigríche sin. |
[EN] | (2) Beidh sé dleathach don tSeanascal, le hordú a déanfar ar chomhairle na hArd-Chomhairle, aon tsocrú sealadach den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo do dhaingniú, agus leis sin, o dháta an orduithe sin no o aon dáta níos déanaí a bheidh luaidhte san ordú san, ach fé réir forálacha an ailt seo, beidh éifeacht ag an socrú sealadach san fé is dá n-achtuítí san alt so é. | |
[EN] | (3) Ní bheidh éifeacht de bhua an ailt seo ag ordú a dhéanfidh an Seanascal fén alt so ach i gcás ina mbeidh agus faid a bheidh ag an socrú a daingníodh leis an ordú san éifeacht dlí sa stát choigríche a bheidh luaidhte san ordú san, sa mhéid go mbaineann sé leis an bhfaoiseamh a bheidh le deona ón gcáin ioncuim no ón gcáin de shaghas cánach ioncuim is iníoctha sa stát choigríche sin. | |
[EN] | (4) Gach ordú a dhéanfidh an Seanascal fén alt so leagfar fé bhráid Dháil Éireann láithreach é agus má dhineann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche a shuidhfe sí tar éis an t-ordú san do bheith leagtha fé n-a bráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén ordú san. | |
[EN] | (5) An oblagáid a forchuirtar le haon achtachán maidir le rún do chimeád i dtaobh cánach ioncuim ní chuirfe sí cosc le dátáin do nochta d'aon oifigeach údaruithe don stát choigríche a bheidh luaidhte in ordú a dhéanfidh an Seanascal fén alt so, pé dátáin is gá chun go bhféadfar faoiseamh do thabhairt go cuibhe do réir na socruithe a bheidh daingnithe leis an ordú san. | |
[EN] | (6) San alt so cialluíonn an focal “gnó na loingseoireachta” an gnó a bhíonn ar siúl ag únaer long, agus chun críche an mhínithe seo foluíonn an focal “únaer” aon chairtreoir. | |
[EN] |
Faoiseamh i gcoinnibh cáinmheas ró-árd ar ioncum mheasta. |
5. —(1) Má dineadh éinne do chur fé cháinmheas agus fé éileamh cánach ar ioncum go n-orduítear, fé sna Rialacha bhaineann le Cás IV. no le Cás V. de Sceideal D. den Income Tax Act, 1918 mar a leasuítear é le haon achtachán ina dhiaidh sin, an cháin air d'áireamh do réir an mhéide iomláin de a thagann isteach sa bhliain cháinmheasa agus más lú ná an méid gur dá réir a cáinmheasadh é an méid dá ioncum achtúil is ioncháinmheasta amhlaidh agus a tháinig isteach an bhliain sin, féadfidh an duine sin, laistigh de thréimhse bhliana o dheire na bliana cáinmheasa, a iarraidh ar na Coimisinéirí Speisialta ceartú do dhéanamh ar a fhiachas tré fhéachaint chun na deifríochta idir an méid dá ioncum achtúil is ioncháinmheasta amhlaidh agus an méid gur dá réir a cáinmheasadh amhlaidh é. |
[EN] | (2) Is tré fhógra i scríbhinn do thabhairt don chigire a déanfar gach iarratas chun na gCoimisinéirí Speisialta fén alt so agus mion-innste sa bhfógra san ar an méid den ioncum achtúil sin is ioncháinmheasta mar adubhradh agus a tháinig isteach sa bhliain cháinmheasa, agus beidh teideal ag na Coimisinéirí Speisialta glaoch ar pé fianaise is dó leo is gá chun a chur ar a gcumas a fháil amach an bhfuil na mion-innste sin ceart. | |
[EN] | (3) Ar a chur ina luighe ar na Coimisinéirí Speisialta ioncum achtúil duine do dhin iarratas fén alt so do bheith níos lú ná an méid gur dá réir a cáinmheasadh an duine sin mar adubhradh agus an cháin do cáinmheasadh amhlaidh do bheith íoctha, ordóid aon tsuim thar an gceart do híocadh d'aisíoc. | |
[EN] | (4) Bainfidh alt 149 den Income Tax Act, 1918 le breith na gCoimisinéirí Speisialta ar iarratas fén alt so fé mar a bhaineann sé le n-a mbreith ar athchomharc i gcoinnibh cáinmheasa. | |
[EN] | (5) Bainfidh an t-alt so le cás cánach is inéilithe in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1926 no in aghaidh aon bhliana ina dhiaidh sin. | |
[EN] |
Faoiseamh do dhaoine do coisceadh ar a gcuid tailimh d'úsáid. |
6. —I gcás in ar deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim i dtaobh duine atá i dteideal únaeracht agus seilbh aon tailimh, gur coisceadh é in aon bhliain cháinmheasa (pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin do thosnuigh sí), tré threaspas, tré eagla do chur air, no tré chor bhuartha na comhursanachta, ar an talamh san d'úsáid agus do bheith ar seilbh aige, beidh comhacht acu chun a chur fé ndeár pé faoiseamh is ceart agus is reasúnta sa chás do thabhairt maidir le haon cháin is iníoctha maidir leis an talamh san fé Sceideal A. no fé Sceideal B. den Income Tax Act, 1918 in aghaidh na bliana cáinmheasa san. |
[EN] |
Faoiseamh do chomharchumainn fheirmeoireachta agus d'iontaobhaithe feirmeoireachta. |
7. —I gcás in ar deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim aon talamh do bheith ar únaeracht agus ar seilbh ag comhar-chumann do bunuíodh roimh an 6adh lá d'Abrán, 1927 chun talamh d'fháil le roinnt ar a mbaill no ag cólucht iontaobhaithe do bunuíodh roimh an 6adh lá d'Abrán, 1927 chun talamh d'fháil le roinnt ar a gcestuis-qui-trustent, agus in ar deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, leis, ag féachaint dóibh ar ioncum ionchánuithe na ndaoine uile agus fé seach 'na bhfuil leas acu sa talamh san, go mbeadh sé ró-chruaidh ar na daoine sin an cháin do bhailiú a cáinmheasadh maidir leis an talamh san fé Sceideal A. no fé Sceideal B. den Income Tax Act, 1918 in aghaidh aon bhliana (pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin do thosnuigh sí), beidh comhacht ag na Coimisinéirí Ioncuim a chur fé ndeár pé faoiseamh is ceart agus is réasúnta do thabhairt maidir leis an gcáin sin. |
[EN] |
Saoirse do chóluchtaí do bunuíodh chun peil Ghaelach, iománuíocht agus liathróid láimhe do chur ar aghaidh. |
8. —Deonfar saoirse o cháin fé Sceideal D. den Income Tax Act, 1918, maidir le pé méid d'ioncum aon chóluchta daoine do bunuíodh chun na cluichí sin, peil Ghaelach, iománuíocht, agus liathróid láimhe, no aon cheann acu, do chur ar aghaidh, pé méid de is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim a cuireadh no a cuirfar chun na críche sin. |
[EN] |
Cáinmheas ráithiúil do ghlana. |
9. —(1) Ar a iarraidh sin air do sna Coimisinéirí Ioncuim seachadfidh gach bailitheoir dóibh gach dúbláid do cháinmheasa ráithiúla, maraon le gach leabhar d'admhála agus de chó-dhuillí a tugadh do le n'úsáid maidir leis na dúbláidí sin, a bheidh ar láimh aige. |
[EN] | (2) Ar fháil deimhniú dhóibh do dhin an cigire ar an méid cánach nár bailíodh ar aon cháinmheasa ráithiúla áirithe d'aon cheanntar cáinmheasa áirithe in aghaidh aon bhliana áirithe roimh an mbliain dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1924, féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim, d'ainneoin éinní san Income Tax Act, 1918, ordú do dhéanamh go dtuigfar méid iomlán no aon chuid de mhéid iomlán na cánach nea-bhailithe sin do bheith glanta go cuibhe do réir dlí. | |
[EN] |
Forálacha i dtaobh athchomharc. |
10. —(1) Pé uair a déanfar athchomharc i gcoinnibh cáinmheasa a dineadh fé Sceideal D. den Income Tax Act, 1918 no do réir na rialacha bhaineann leis an Sceideal san no fé Sceideal E. den Acht san, luadhfidh an t-athchomharcach forais an athchomhairc sa bhfógra athchomhairc, ach ní choiscfidh an fo-alt so ar na Coimisinéirí Speisialta leigint don athchomharcach, le linn éisteacht an athchomhairc, trácht ar aon fhoras athchomhairc nár luadhadh sa bhfógra athchomhairc agus gur dó leis na Coimisinéirí Speisialta nách go toiliúil ná go mí-réasúnta a dineadh é fhágaint ar lár sa bhfógra san. |
[EN] | (2) D'ainneoin éisteacht athchomhairc i gcoinnibh aon cháinmheasa den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo do bheith— | |
[EN] | (a) curtha ar cáirde fé fho-alt (3) d'alt 136 den Income Tax Act, 1918, no | |
[EN] | (b) curtha ar athló, | |
[EN] | go dtí tar éis an ama bheidh ceaptha chun athchomhairc d'éisteacht, tuigfar, go dtí go mbreithiúnófar an t-athchomharc, an cáinmheas san do bheith ina cháinmheas dheiridh gan aon dul thairis maidir le hoiread den cháin a cáinmheasadh leis agus a chífear do sna Coimisinéirí Speisialta do bheith gan bheith in imreasán, agus le linn an breithiúnú san do bheith gan déanamh baileofar agus íocfar an méid sin den cháin ar gach slí fé is dá mba cháin é a héileofí le cáinmheas ná beadh aon athchomharc ina thaobh ar feitheamh, agus ar bhreithiúnú an athchomhairc sin beidh aon fharasbár cánach is inéilithe do réir an bhreithúnuithe sin iníoctha no aisíocfar aon cháin thar an gceart do híocadh, pe'ca aca is gá sa chás. |