An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Coisteoiri do Chlaru.) Ar Aghaidh (CUID IV. Leabhra de Choisteoiri d'ullamhu.)

23 1927

ACHT NA nGIÚIRITHE, 1927

CUID III.

Liostai de Choisteoiri.

Dreacht-liostaí de choisteoirí d'ullamhú.

13. —(1) Ar an 15adh lá de Mhí na Samhna no dá éis sin i ngach bliain agus roimh an 29adh lá den chéad Eanair ina dhiaidh sin déanfidh gach rúnaí comhairle contae, bailechléireach contaebhuirge no buirge eile, agus cléireach bailecheanntair dreachtliost de choisteoirí d'ullamhú do réir an Achta so don chontae, don bhuirg, no don cheanntar (pe'ca aca é) agus, ar an 29adh lá den Eanair sin no roimhe sin, déanfid an dreacht-liost san de choisteoirí do chríochnú agus é do chur chun an chlárathóra chontae 'na mbeidh údarás aige sa chontae, sa bhuirg, no sa cheanntar san.

(2) Chun an dreacht-liost de choisteoirí d'ullamhú cuirfidh gach rúnaí, bailechléireach, agus cléireach den tsórt san fé ndeár do sna bailitheoirí ráta dhealbhais ina chontae, ina bhuirg, no ina cheanntar fiafraí o thigh go tigh no leor-fhiafraí eile do dhéanamh agus beidh sé de dhualgas ar gach bailitheoir ráta dhealbhais den tsórt san an fiafraí sin do dhéanamh agus fós pé fiafraithe eile do dhéanamh agus pé congnamh do thabhairt uaidh, i gcóir ullamhú agus in ullamhú an dreacht-liosta de choisteoirí, a éileoidh an rúnaí, an bailechléireach, no an cléireach san air.

Fuirm na ndreacht-liostaí de choisteoirí agus a mbeidh ionta.

14. —(1) Is sa bhfuirm orduithe a bheidh gach dreacht-liost de choisteoirí agus ar a éileamh san air tabharfidh gach clárathóir contae do gach rúnaí comhairle contae, bailechléireach contaebhuirge no buirge eile, agus cléireach bailecheanntair ina liomatáiste leor-líon d'fhuirmeacha clóbhuailte dreacht-liostaí de choisteoirí chun aon dreacht-liost de choisteoirí d'ullamhú a bheidh le hullamhú ag an rúnaí, ag an mbailechléireach, no ag an gcléireach san fén Acht so.

(2) Iontrálfar i ngach dreacht-liost de choisteoirí ainm gach duine a bheidh cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoir, toisc é féin no a bhean do bheith rátuithe chun fóirithin na mbocht ar scór tailimh sa chontae, sa bhuirg, no sa cheanntar le n-a mbaineann an liost, agus ná beidh saor ná dícháilithe o fhónamh amhlaidh, agus ina theanta san iontrálfar i ngach dreacht-liost de choisteoirí, maidir le gach duine 'na n-iontrálfar a ainm sa liost san an áit chomhnaithe is déanaí is eol do bheith aige agus a cheárd, a ghairm, a shlí bheatha, no a thuairisc, agus fós suidheamh, tuairisc, agus luach ionrátuithe an tailimh 'na mbeidh an duine sin cáilithe agus ionghlaoite amhlaidh ar a scór.

(3) Pé uair a bheidh an té a bheidh ag ullamhú dreacht-liost de choisteoirí nea-dheimhnitheach ar aon chúis i dtaobh ce'ca ba cheart ainm aon duine áirithe d'iontráil sa liost san no nár cheart iontrálfa sé an ainm sin sa liost san maraon le ráiteas ar an nea-dheimhnitheacht san agus leis an gcúis atá aige léi.

(4) Na hainmneacha a hiontrálfar sa dreacht-liost de choisteoirí, d'aon chontae, contae-bhuirg no buirg eile, no bailecheanntar, iontrálfar agus cóireofar sa liost san iad sa tslí agus san ordú gcéanna in ar gá, do réir na dlí a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, na hainmneacha a hiontrálfar sna liostaí de thoghthóirí don chontae, don bhuirg, no don cheanntar san d'iontráil agus do chóiriú sna liostaí sin.

Dreacht-liostaí de choisteoirí d'athscrúdú agus do shocrú.

15. —(1) Ar an 1adh lá de Mheitheamh, 1927, no roimhe sin athscrúdóidh agus socróidh gach clárathóir contae na liostaí generálta de choisteoirí, don líomatáiste chlárathachta darb oifigeach clárathachta é, is déanaí a tugadh do fé Achtanna na gCoistí Dháréag, 1871 go 1924, agus ag athscrúdú agus ag socrú na liostaí sin amhlaidh do, leigfé sé ar lár ionta ainm gach duine a bheidh, de bhua an Achta so no de bhua aon ordú a bheidh déanta fé roimh an 1adh lá san de Mheitheamh, 1927, gan bheith cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoir no a bheidh, de bhua an chéanna, dí-cháilithe no saor o fhónamh amhlaidh agus socróidh sé na liostaí sin i dtreo go mbeid (ach amháin maidir leis an leigint-ar-lár san agus le cur isteach ainmneacha na ndaoine saortha san agus mion-innste eile ar na daoine saortha san a thiocfidh i dteideal fén Acht so chun a n-ainmneacha do chur isteach ionta) do réir an chláir de thoghthóirí don líomatáiste chlárathachta san nách foláir do a fhoillsiú an 1adh lá san de Mheitheamh, 1927, no roimhe sin agus i dtreo go mbeidh ionta (ach amháin mar adubhradh) ainm gach duine a bheidh iontrálta sa chlár san de thoghthóirí mar dhuine atá cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoir agus ná fuil dí-cháilithe ná saor o fhónamh amhlaidh agus ná beidh ainm éinne eile ionta.

(2) Nuair a bheidh na liostaí generálta de choisteoirí d'aon líomatáiste clárathachta socruithe do réir an fho-ailt sin roimhe seo isiad a bheidh (fé réir aon atharuithe a déanfar ionta ina dhiaidh sin fén Acht so) ina liost de choisteoirí a bheidh i bhfeidhm chun crícheanna an Achta so don líomatáiste chlárathachta san go ceann bliana ón 1adh lá san de Mheitheamh, 1927.

(3) Ar an 1adh lá de Mheitheamh no roimhe sin sa bhliain 1928 agus i ngach bliain ina dhiaidh sin athscrúdóidh gach clárathóir contae agus socróidh sé amuich is amach na dreachtliostaí de choisteoirí don líomatáiste chlárathachta darb oifigeach clárathachta é agus socróidh sé na liostaí sin amhlaidh i dtreo go mbeid (ach amháin maidir le cur isteach ainmneacha na ndaoine saortha san agus mion-innste eile ar na daoine saortha san a thiocfidh i dteideal fén Acht so chun a n-ainmneacha do chur isteach ionta) do réir an chláir de thoghthóirí don líomatáiste chlárathachta san nách foláir do a fhoillsiú an 1adh lá de Mheitheamh no roimhe sin sa bhliain a bheidh ag rith an uair sin agus i dtreo go mbeidh ionta ainm gach duine a bheidh iontrálta sa chlár san de thoghthóirí mar dhuine atá cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoir agus ná fuil dí-cháilithe ná saor o fhónamh amhlaidh agus ná beidh ainm éinne eile ionta.

(4) Nuair a bheidh na dreacht-liostaí de choisteoirí d'aon líomatáiste clárathachta athscrúduithe agus socruithe do réir an fho-ailt sin roimhe seo isiad a bheidh (fé réir aon atharuithe a déanfar ionta ina dhiaidh sin fén Acht so) ina liost de choisteoirí a bheidh i bhfeidhm chun crícheanna an Achta so don líomatáiste chlárathachta san go ceann bliana ón 1adh lá de Mheitheamh sa bhliain ina ndéanfar an t-athscrúdú agus an socrú san.

Daoine saortha áirithe do chur ar liostaí de choisteoirí ar a iarraidh sin.

16. —(1) Einne a bheidh cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoir ach a bheidh saor o fhónamh amhlaidh mar gheall ar é bheith ar dhuine de sna daoine a luaidhtear i gCuid II. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus mar gheall air sin amháin féadfa sé sa bhfuirm orduithe, in aon bhliain agus san am a luaidhtear san alt so, a iarraidh ar an gclárathóir contae don líomatáiste a bheidh có-theoranta leis an ngiúiré-dhúthaigh no ina mbeidh an ghiúiré-dhúthaigh (pe'ca aca é) 'na mbeidh sé cáilithe agus ionghlaoite amhlaidh maidir léi go gcuirfí a ainm isteach sna liostaí generálta de choisteoirí no sna dreacht-liostaí de choisteoirí (fé mar is gá sa chás) a bheidh á n-athscrúdú ag an gclárathóir contae sin an uair sin fén Acht so agus, más deimhin leis an gclárathóir contae sin go bhfuil an duine sin cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoir maidir le giúiré-dhúthaigh atá có-theoranta le n-a líomatáiste no atá ina líomatáiste agus gur mar gheall ar é bheith ar dhuine de sna daoine a luaidhtear i gCuid II. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus mar gheall air sin amháin atá sé saor o fhónamh amhlaidh, déanfa sé ainm an duine sin, a áit chomhnaithe, agus a cheárd, a ghairm, a shlí bheatha, no a thuairisc agus suidheamh, tuairisc, agus luach ionrátuithe an tailimh go bhfuil sé cáilithe agus ionghlaoite amhlaidh maidir leis do chur isteach sna liostaí generálta san de choisteoirí no sna dreacht-liostaí sin de choisteoirí (fé mar a bheidh) fé is dá mba ná beadh sé saor amhlaidh, agus leis sin tiocfidh an duine sin chun bheith agus beidh sé cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoir maidir leis an ngiúirédhúthaigh sin nuair a bheidh agus faid a bheidh an liost de choisteoirí i bhfeidhm a déanfar de sna liostaí generálta san de choisteoirí no de sna dreacht-liostaí sin de choisteoirí.

(2) Na hiarrataisí a déanfar fén alt so maidir leis na liostaí generálta de choisteoirí a hathscrúdófar sa bhliain 1927 is roimh an 28adh lá de Bhealtaine, 1927, a déanfar iad, agus na hiarrataisí a déanfar fén alt so maidir le dreacht-liostaí de choisteoirí a hathscrúdófar aon bhliain ina dhiaidh sin is roimh an 15adh lá de Bhealtaine na bliana san a déanfar iad.

Costaisí maidir le dreacht-liostaí de choisteoirí.

17. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo íocfar le gach clárathóir contae agus le gach rúnaí comhairle contae, bailechléireach contae-bhuirge no buirge eile agus cléireach bailecheanntair agus le gach bailitheoir ráta dhealbhais gach bliain mar luach saothair ar son seirbhísí do thug sé uaidh agus mar aisíoc costaisí (más ann dóibh) fé n-ar chuaidh sé fén Acht so maidir le dreacht-liostaí de choisteoirí suim a háireofar do réir an scála is oiriúnach dá chás agus a ceapfar fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(2) I gcás contae agus i gcás gach buirge agus bailecheanntair sa chontae sin déanfidh comhairle na contae sin na suimeanna is iníoctha le clárathóirí contae, rúnaithe, bailechléirigh agus cléirigh agus le bailitheoirí ráta dhealbhais fén alt so d'íoc amach as an ráta dealbhais mar mhuirear ar an gcontae iomláin agus, i gcás contae-bhuirge, íocfidh comhairle na contae-bhuirge sin iad amach as an ráta no as an gciste go n-íoctar costaisí generálta na comhairle sin amach as, no amach as aon ráta no ciste eile a cheadóidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí tar éis iarratas d'fháil ón gcomhairle.

(3) Féadfidh an tAire, le hordú, scálaí do dhéanamh chun na suimeanna d'áireamh a bheidh le n'íoc le clárathóirí contae, rúnaithe comhairlí contae, bailechléirigh chontae-bhuirgí agus bhuirgí eile, cléirigh bhailecheanntar, agus bailitheoirí ráta dhealbhais fén alt so agus, nuair a bheid déanta, iad do cheiliúra no d'atharú, agus mara ndintar agus go dtí go ndéanfar scálaí den tsórt san amhlaidh is do réir na scálaí is déanaí a dineadh roimh rith an Achta so fé alt 9 den Juries Procedure (Ireland) Act, 1876, a háireofar suimeanna den tsórt san.

(4) Bainfidh fo-alt (3) d'alt 39 den Acht Oifigigh Cúirte, 1926 ( Uimh. 27 de 1926 ) le suimeanna a híocfar le clárathóirí contae, agus a gheobhaid, fén alt so, fé mar a bhaineann an fo-alt san le suimeanna a híoctar le clárathóirí contae, agus a gheibhid, de bhua an ailt sin 39.

(5) Ní híocfar aon tsuim fén alt so, mar luach saothair ná mar aisíoc costaisí, le haon rúnaí comhairle contae, bailechléireach contae-bhuirge no buirge eile, cléireach bailecheanntair ná bailitheoir ráta dhealbhais do ceapadh (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) tar éis an 15adh lá de Mhí na Samhna, 1923.