An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL (A).)

28 1927

ACHT LEITHREASA (Uimh. 2), 1927

SCEIDEAL (B).

Sceideal de Shuimeanna a deonadh agus de shuimeanna a féadfar a chur mar Leithreasaí-i-gCabhair in a dteanta san chun íoctha muirearacha na Seirbhísí Puiblí uile agus fé seach a luaidhtear anso go sonnrách agus a thiocfidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1928:—

Suimeanna ná Raghaidh Thar

Vóta Uimh.

Teideal

Deontaisí Soláthair

Leithreasaí-i-gCabhair

(1)

(2)

(3)

(4)

£

£

1

Chun Tuarastail agus Costaisí Teaghlachas an tSeanascail fén Acht um Thuarastal agus Theaghlachas an tSeanascail, 1923

4,303

--

2

Chun Tuarastail agus Costaisí an Oireachtais

77,326

--

3

Chun Tuarastail agus Costaisí Roinn Uachtarán na hArd-Chomhairle     ..

7,714

--

4

Chun Tuarastail agus Costaisí Roinn an Ard-Scrúdóra     ..     ..     ..     ..

12,635

--

5

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Airgid, maraon le hOifig an Phághmháistir Ghenerálta     ..     ..     ..

41,358

--

6

Chun Tuarastail agus Costaisí na Roinne Ioncuim     ..     ..     ..     ..     ..

466,000

9,350

7

Chun íoc Pinseana Sean-aoise fé Achtanna na bPinsean Sean-aoise, 1908 go 1924, chun Costaisí Riaracháin áirithe a bhaincann leis sin, agus chun Pinseana fén Blind Persons Act, 1920     ..     ..

1,758,300

270

8

Chun Capital do Chiste na nIasachtaí Áitiúla, agus chun aisíoc do dhéanamh le Rialtas na Breataine mar gheall ar Iasachtaí Áitiúla atá gan íoc     ..     ..

456,000

--

9

Chun Tuarastail agus Costaisí eile Coimisiún Sealadach, Coistí agus Fiosrúchán Speisialta     ..     ..     ..     ..     ..

8,302

--

10

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig na nOibreacha Puiblí (1 & 2 Will. 4, c. 33, a. 5 & 6; 5 & 6 Vict., c. 89, a. 1 & 2; 9 & 10 Vict., c. 86, a. 2, 7 agus 9; 10 Vict., c. 32, a. 3; 33 & 34 Vict., c. 46, a. 42; 40 & 41 Vict., c. 27; 44 & 45 Vict., c. 49, a. 31; &c.)     ..     ..     ..

82,465

4,300

11

Chun Caiteachais i dtaobh Foirgintí Puiblí; chun Coinneáil-suas Páirceanna agus Oibreacha Puiblí áirithe; chun Déanamh agus Coinneáil-suas Oibreacha Draeneála; agus chun Ildeontaisí i gCabhair     ..     ..     ..     ..     ..

586,041

135,800

12

Chun Tuarastail agus Costaisí na Saotharlainne Stáit     ..     ..     ..     ..

4,367

--

13

Chun Tuarastail agus Costaisí Coimisiún na Stát-Sheirbhíse (Achtanna Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 agus 1926) agus an Choimisiúin um Cheapacháin Áitiúla ( Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 )     ..     ..     ..     ..

7,186

--

14

Chun Iocaíochtanna i dtaobh mille no díobháil do Mhaoin a dineadh i rith na tréimhse 21 Eanair, 1919, go 12 Bealtaine, 1923, go huile, fé sna hAchtanna um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 go 1926, agus ar shlite eile; agus mar gheall ar dhamáiste do mhaoin no cailliúint mhaoine agus íocaíochtanna tré shlánú no tré aisíoc fén Acht Slánaíochta, 1924 ; agus chun deontaisí d'íoc a socruíodh a íoc de bharr mola an Property Losses (Ireland) Committee, 1916, mar chúiteamh i bhfoirgintí a milleadh i mBaile Atha Cliath i rith Seachtain na Cásca, 1916     ..     ..

652,680

--

15

Chun Iocaíochtanna áirithe Cúitimh i dtaobh Díobhála Pearsanta no Báis     ..

3,177

--

16

Chun Aois-liúntaisí, Cúiteamh, Liúntaisí agus Aiscí Truagha agus Breise fé Reachtanna iolardha; Cúiteamh fé Airtiogal 10 de Chonnra an 6adh Mí na Nodlag, 1921; Líúntaisí Truagha, Aisci, agus Pinsin Bhreise a deonadh ag an Aire Airgid; Tuarastal an Dochtúra Réitigh agus Iocaíochtanna Iolardha i dtaobh Pinsean a íocann an Rialtas Briotáineach fé láthair     ..     ..     ..     ..     ..

1,190,435

--

17

Chun Rátaí agus Síntiúisí in ionad Rátaí, etc., i dtaobh Maoine Rialtais     ..     ..

55,450

268

18

Chun Seirbhísí Sicréideacha     ..     ..

6,700

--

19

Chun Tuarastail agus Costaisí Coimisiún na nDleacht ( Acht um Choimisiún na nDleacht, 1926 )     ..     ..     ..     ..

1,100

--

20

Chun Costaisí fén Representation of the People Act, 1918, fén Acht Timpeal Toghachán, 1923 , agus fé Acht na gCoistí Dháréag (Leasú), 1924      ..     ..

20,000

--

21

Chun Costaisí Ilghnéitheacha áirithe, maraon le Deontaisí áirithe i gCabhair

5,618

--

22

Chun Páipéarachais, Clódóireachta, Páipéir, Greamuíochta agus Leabhra Clóbhuailte, i gcóir na Seirbhíse Puiblí; chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an tSoláthair agus chun Ilsheirbhísí Ilghnéitheacha maraon le Tuairiscí Díospóireachtaí an Oireachtais     ..     ..     ..     ..     ..     ..

87,289

24,125

23

Chun Tuarastail agus Costaisí na Luachála Generálta agus na Suirbhéireachta Teorann fé sna hAchtanna 15 & 16 Vict., c. 63; 17 Vict., c. 8; 17 Vict., c. 17; 20 & 21 Vict., c. 45; 22 & 23 Vict., c. 8; 23 Vict., c. 4; 27 & 28 Vict., c. 52; 37 & 38 Vict., c. 70; 61 & 62 Vict., c. 37; 19 de 1923 (Saorstát Éireann); agus fén Ordú Rialtais Áitiúla (Achtacháin d'Oiriúnú agus do chur i mBaint), 1925; maraon le Luacháil Diúité Estáit fén Finance (1909-10) Act, 1910     ..     ..

23,852

3,545

24

Chun Tuarastail agus Costaisí na Suirbhéireachta Ordanáis agus na Mionseirbhísí a bhaineas léi     ..     ..     ..

32,734

1,850

25

Chun an Deontas Talmhaíochta do mhéadú ( Acht Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta), 1925 )     ..

299,011

--

26

Chun Costaisí Coir-phroiseacht agus Dlímhuirearacha eile, maraon le Deontas i gcabhair do Chostaisí áirithe is iníoctha amach as Rátaí Áitiúla do réir reachta

45,388

800

27

Chun Costaisí i dtaobh Longlainne Inis Sionnach     ..     ..     ..     ..     ..

11,300

--

28

Chun Deontaisí-i-gCabhair do Chostaisí Fundúireachtaí Príomh-Scoile, maraon le Deontaisí fén Irish Universities Act, 1908, agus fén Acht Talmhan, 1923 , agus fén Acht um Oideachas Phríomh-Scoile (Talmhaíocht agus Eolaíocht Déiríochta), 1926      ..     ..     ..     ..     ..     ..

76,500

--

29

Chun Ioc Congnamh Airgid ar scór Siúicre Bhiatais ( Uimh. 37 de 1925 )     ..     ..

198,000

--

30

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an tSaor-Chíosa     ..     ..     ..     ..

2,784

--

31

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Dlí agus Cirt     ..     ..     ..

20,486

--

32

Chun Tuarastail agus Costaisí an Ghárda Síochána ( Acht Có-nasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925 )     ..     ..     ..

1,009,865

40,590

33

Chun Costaisí Bhúird Ghenerálta na bPríosún agus na dTeaghlachaisí fé n-a smacht, Clárú na Síor-chuirptheach, agus Coinneáil-suas na nGealt gCuirpthe a coinnítear in Oispidéil Mheabhar-Ghalar Cheanntair (17 & 18 Vict., c. 76; 34 & 35 Vict., c. 112, a. 6; 40 and 41 Vict., c. 49; 47 & 48 Vict., c. 36; 61 & 62 Vict., c. 60; 1 Edw. 7, c. 17, a. 3; 8 Edw. 7, c. 59; agus 4 & 5 Geo. 5, c. 58)     ..

86,667

3,000

34

Chun pé cuid de Thuarastail agus de Chostaisí na Cúirte Dúithche nách muirear ar an bPrímh-Chiste no ar Chiste na gCléireach Cúirte Dúithche (An tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 , Ailt 70 & 76, Acht Oifigigh Cúirte, 1926 , Alt 49)     ..     ..     ..     ..     ..

9,838

--

35

Chun pé cuid de Thuarastail agus de Chostaisí Chúirt Uachtarach agus Ard-Chúirt Shaorstáit Éireann nách muirear ar an bPrímh-Chiste (Acht Oifigigh Cúirte 1926), agus chun Tuarastail agus Costaisí Coimisinéirí Athchomhairc Chúirte Cuarda d'íoc     ..     ..     ..     ..

38,574

3,710

36

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig Chlárathachta na Talmhan agus Oifig Chlárathachta na nDintiúirí     ..     ..     ..

34,930

--

37

Chun Tuarastail agus Liúntaisí agus Costaisí Oifigeacha iomdha Cúirte Cuarda, Bonus do Chléirigh na Coróinneach agus na Síochána agus chun na gCostaisí Ath-fhéachinte     ..     ..

46,926

16,335

38

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig na nAnnálacha Puiblí agus Cimeádaí na Stát-Pháipéar, Baile Atha Cliath (30 & 31 Vict., c. 70; 38 & 39 Vict., c. 59; agus 39 & 40 Vict., c. 58)     ..     ..

3,994

--

39

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig Choimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomna Déirciúla (7 & 8 Vict., c. 97, a. 7 & 8; 30 & 31 Vict., c. 54, a. 24; agus 34 & 35 Vict., c. 102)     ..     ..     ..     ..

2,218

48

40

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, maraon le Deontaisí agus Costaisí eile a bhaineann le Tógáil Tithe, Deontaisí d'Údaráis Áitiúla, agus Ildeontaisí i gCabhair, agus Costaisí Oifig Chigire na nGealtlann     ..     ..     ..     ..     ..

324,543

11,360

41

Chun Tuarastail agus Costaisí Roinn Ard-Chlárathóra na mBeireataisí, etc. (7 & 8 Vict., c. 81, a. 54; 26 Vict., c. 11, a. 9; 26 & 27 Vict., c. 52, a. 11, agus c. 90, a. 20; 42 & 43 Vict., c. 70; agus 43 & 44 Vict., c. 13)     ..     ..     ..     ..

9,178

5,400

42

Chun Costaisí Coinneáil-suas Geilteanna Cuirpthe i nGealtlann Dúndroma     ..

8,022

2,481

43

Chun Tuarastail agus Costaisí an Choimisiúin Arachais agus chun Ilsintiúisí agus Ildeontaisí mar gheall ar chostas Sochar agus Costaisí Riaracháin fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1925 (maraon le Deontaisí áirithe i gCabhair)     ..     ..     ..

215,187

1,600

44

Chun Eilithe mar gheall ar Ospidéil agus Otharlanna maraon le hIldeontaisí i gCabhair     ..     ..     ..     ..     ..

1,228

--

45

Chun Costaisí na Roinne Oideachais mar gheall ar chostaisí Riaracháin Cigireachta, etc.     ..     ..     ..     ..     ..     ..

117,283

255

46

Chun Costaisí Bun-Oideachais, maraon le Deontaisí i gCabhair do Chiste Phinsin na Múinteoirí     ..     ..     ..     ..

2,315,852

800

47

Chun Meadhon-Oideachais, maraon le Deontas Thuarastal na Múinteoirí, Deontas Ceann-tsraithe agus Méaduithe Tuarastail do Mhúinteoirí Meadhon-Scoileanna     ..     ..     ..     ..     ..

182,600

27,600

48

Chun na gCostaisí a bhaineann le Ceárd-Oideachas     ..     ..     ..     ..     ..

111,946

42,970

49

Chun Tuarastail agus Costaisí na bhFundúireachtaí Eoluíochta agus Ealadhan i mBaile Atha Cliath agus Suirbhéireachta Géolaighe na hÉireann, maraon le hIldeontaisí i gCabhair, atá fé riara na Roinne Oideachais     ..     ..     ..

27,713

205

50

Chun Costaisí mar gheall ar Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair, maraon le hAiteanna Coinneála (Children Act, 1908)     ..     ..     ..     ..     ..

77,662

2,200

51

Chun Tuarastail agus Costaisí Ghailerí Náisiúnta na hÉireann     ..     ..     ..

2,986

--

52

Chun Tuarastail agus Costaisí na Roinne Talmhaíochta agus Seirbhísí áirithe atá fé riara na Roinne sin, maraon le hIldeontaisí i gCabhair     ..     ..     ..     ..

371,150

106,868

53

Chun Tuarastail agus Costaisí i dtaobh Foraoiseachta     ..     ..     ..     ..

39,040

2,500

54

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig Choimisiún Talmhan na hÉireann (44 & 45 Vict., c. 49, a. 46, agus c. 71, a. 4; 48 & 49 Vict., c. 73, a. 17, 18 agus 20; 53 & 54 Vict., c. 49, a. 2; 54 & 55 Vict., c. 48; 3 Edw., 7, c. 37; 7 Edw. 7. c. 38 agus c. 56; 9 Edw. 7, c. 42; an tAcht Dlí Thalmhan (Coimisiún), 1923 , an tAcht Talmhan, 1923 , agus Acht na mBannaí Talmhan, 1925 )     ..     ..     ..     ..

435,078

60,690

55

Chun Roimh-íocanna d'íoc le Cumainn Chreidiúna Talmhaíochta agus chun Costaisí a bhaineas leis sin d'íoc     ..

56,000

--

56

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Tionnscail agus Tráchtála     ..     ..

83,009

1,225

57

Chun Iocaíochtanna fé Acht na mBóthar Iarainn, 1924 , fén Tramways ana Public Companies (Ireland) Act, 1883, etc., agus chun crícheanna eile a bhaineann le hIompar in Éirinn     ..     ..

35,258

23,602

58

Chun Tuarastail agus Costaisí eile an Bhinse Bhóthair Iarainn a bunuíodh fé Acht na mBóthar Iarainn, 1924      ..     ..     ..

5,102

--

59

Chun Tuarastail agus Costaisí na Muir-Sheirbhíse (Merchant Shipping Acts, 1894-1921, Crown Lands Acts, 18291866)     ..     ..     ..     ..     ..

4,142

2,912

60

Chun Tuarastail agus Costaisí i dtaobh Arachais Dhíomhaointis agus Malartán Fostaíochta, maraon le síntiúisí do Chiste an Díomhaointis     ..     ..     ..     ..

155,526

71,100

61

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Iascaigh     ..     ..     ..     ..

35,306

30,525

62

Chun Tuarastail agus Costaisí na Roinne Puist agus Telegrafa, maraon le Telefóna

1,669,915

64,720

63

Chun na dTuarastal agus na gCostaisí eile a bhaineas le Fóirleatha Nea-shrangach

21,795

--

64

Chun Costas an Airm maraon le Cúltaca an Airm     ..     ..     ..     ..     ..

1,458,767

59,040

65

Chun Pinsin Chréachta, Liuntaisí agus Aiscí fén Acht Arm-Phinsean, 1923 , agus chun Síntiúisí iolardha mar gheall ar a Riara san agus chun Pinsin d'íoc fé Acht na bPinsean Seirbhíse Mileata, 1924      ..

145,160

--

66

Chun Tuarastail agus Costaisí na Roinne Gnóthaí Coigríche     ..     ..     ..     ..

29,813

--

67

Chun Deontas-i-gCabhair do Chostaisí Chumann na Náisiún agus chun Costaisí eile mar gheall air sin     ..     ..     ..

4,534

--

68

Chun Luach Saothair ar Chostas Bhainistí Stoc Rialtais le Saorstát Éireann     ..

5,906

--

An tIomlan     ..     ..

15,427,414

762,044