An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT UM THOGHACHÁIN ÁITIÚLA, 1927) Ar Aghaidh (CUID II. Toghachain, etc., Lasmuich de Chathair agus de Chontae Bhaile Atha Cliath.)

39 1927

ACHT UM THOGHACHÁIN ÁITIÚLA, 1927

CUID I.

Roimhra.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht um Thoghacháin Áitiúla, 1927 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

cialluíonn agus foluíonn an focal “údarás áitiúil” comhairle chontae, comhairle chontae-bhuirge no bhuirge eile, comhairle bhailecheanntair, coimisinéirí baile agus, maidir le contae Bhaile Atha Cliath, comhairle thuathcheanntair agus bord caomhnóirí;

cialluíonn an focal “togh-líomatáiste áitiúil” togh-líomatáiste áitiúil do bunuíodh fén Local Government (Ireland) Act, 1919;

cialluíonn an focal “baile” baile mar a mínítear é sa Local Government (Ireland) Act, 1898, nách bailecheanntar;

gach focal agus abairt eile go ndintar leis an Local Government (Ireland) Act, 1898, brí áirithe do chur leis, tá an brí sin leis a cuirtar leis amhlaidh.

Cosaint d'údaráis scurtha.

3. —Ní dhéanfidh éinní san Acht so dochar ná deifir d'oibriú aon ordú fé alt 12 den Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 ( Uimh. 9 de 1923 ) no fé alt 72 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), ná d'oibriú an Achta um Thoghacháin Áitiúla (Údaráis Scurtha), 1926 ( Uimh. 22 de 1926 ).