An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Toghachain, etc., Lasmuich de Chathair agus de Chontae Bhaile Atha Cliath.)

39 1927

ACHT UM THOGHACHÁIN ÁITIÚLA, 1927

CUID III.

Toghachain i gContae Bhaile Atha Cliath.

Baint Chuid III. den Acht so.

20. —Baineann an Chuid seo den Acht so le comhairle chontae Bhaile Atha Cliath agus le gach údarás áitiúil go bhfuil a líomatáiste feidhmiúcháin suidhte laistigh de chontae Bhaile Atha Cliath ach amháin coimisinéirí Bhaile Bhrigín.

Toghacháin áitiúla do chur ar athló.

21. —(1) Scuirfidh alt 2 den Acht chun Toghacháin Áitiúla do chur ar Ath-ló, 1925 ( Uimh 42 de 1925 ) de bhaint do bheith aige leis na húdaráis áitiúla le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus ina ionad san achtuítear leis seo, maidir leis na toghacháin reachtúla do bhaill de sna húdaráis áitiúla san do bheadh ann sa bhliain 1926 mara mbeadh an tAcht san, go gcuirfar iad ar athló, go dtí pé dáta agus go mbeid ann ar pé dáta a ordóidh an tAire le hordú agus nách déanaí ná an 31adh lá de Mhárta, 1929.

(2) Féadfar ordú fén alt so (le n-a n-áirítear ordú fén bhfo-alt so) do cheiliúra le hordú ina dhiaidh sin ach i ngach cás den tsórt san ordófar leis an ordú san ina dhiaidh sin dáta nua chun an toghachán san do bheith ann.

(3) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an focal “an dáta orduithe” an dáta a bheidh orduithe fén alt so chun toghacháin reachtúla an údaráis áitiúla do bheith ann go n-úsáidtear an focal ina thaobh.

Téarmaí oifige d'fhaidiú.

22. —(1) Faideofar go dtí an lá tar éis an dáta orduithe téarma oifige gach baill d'údarás áitiúil le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

(2) Dintar leis seo téarma oifige gach baill de bhord, de choiste, de chó-bhord no de chó-choiste, atá ainmnithe no toghtha ag údarás áitiúil le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, d'fhaidiú go dtí an chéad chruinniú bliantúil a bheidh ag an údarás áitiúil sin tar éis an dáta orduithe.

(3) Beidh téarma oifige gach cathaoirligh agus leas-chathaoirligh atá ar údarás áitiúil no atá ceaptha ag údarás áitiúil le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, agus a bheidh in oifig ar an dáta orduithe, beidh sé caithte nuair a bheidh agus chó luath agus bheidh a chomharba toghtha ag an gcéad chruinniú bliantúil a bheidh ag an údarás áitiúil sin tar éis an dáta orduithe agus faisnéis ghlactha na hoifige déanta ag an gcomharba san agus déanfar an téarma oifige sin d'fhaidiú no do ghiorrú (pe'ca aca is gá sa chás) dá réir sin.

Cruinnithe bliantúla agus ráithiúla.

23. —(1) I ngach ordú a dhéanfidh an tAire fén gCuid seo den Acht so ag ordú dáta ar a mbeidh toghachán reachtúil údaráis áitiúla ann ordóidh sé an lá agus an uair a bheidh an chéad chruinniú bliantúil den údarás áitiúil sin ann tar éis an toghacháin sin.

(2) Beidh cruinniú bliantúil ar an lá agus an uair a hordófar chuige fén alt so ag gach údarás áitiúil le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus déanfa sé ag an gcruinniú san gach gnó is gá don údarás áitiúil sin do réir dlí a dhéanamh ag an gcéad chruinniú bliantúil a beidh aige tar éis toghacháin reachtúla.