An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT AIRGID, 1928) Ar Aghaidh (CUID II. Custuim agus Mal.)

11 1928

ACHT AIRGID, 1928

CUID I.

Cain Ioncuim.

Cáin ioncuim agus barracháin in aghaidh na bliana 1928-29.

1. —(1) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1928, éileofar cáin ioncuim do réir thrí scillinge fén bpunt.

(2) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1928, éileofar barra-cháin do réir na rátai céanna gur dá réir do héilíodh í in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1927.

(3) Na forálacha reachtúla agus na forálacha eile a bhí i bhfeidhm ar feadh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1927, i dtaobh cánach ioncuim agus barra-chánach, beidh éifeacht acu uile agus fé seach, fé réir forálacha an Achta so, i dtaobh na cánach ioncuim agus na barra-chánach a héileofar mar adubhradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1928.

Scuirfar de bharra-cháin d'éileamh.

2. —Ní héileofar barra-cháin in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1929, ná in aghaidh aon bhliana ina dhiaidh sin.

Eileofar for-cháin.

3. —(1) I dteanta na cánach ioncuim a héileofar do réir an ráta a bheidh orduithe d'aon bhliain, éileofar, gearrfar, agus íocfar in aghaidh na bliana san, ar ioncum aon duine aonair gur mó ná dhá mhíle punt a ioncum go hiomlán o gach taobh, diúité breise i bhfuirm cánach ioncuim (dá ngairmtear for-cháin san Acht so) do réir an ráta no na rátaí a bheidh orduithe ag an Oireachtas don bhliain sin.

(2) Beidh for-cháin dlite agus iníoctha ar no roimh an 1adh lá den chéad Eanair tar éis deire bliain an cháinmheasa, ach amháin go dtuigfar for-cháin no aon chuid d'fhor-cháin a cuirfar isteach i gcáinmheas a sighneofar agus a lomhálfar ar an 1adh lá den Eanair sin no ina dhiaidh sin do bheith dlite agus iníoctha an chéad lá tar éis lá sighnithe agus lomhálta an chainmheasa.

(3) Sa mhéid go mbainid le barra-cháin no le héinní no le haon rud a bhaineann le barra-cháin, leanfidh na forálacha uile de sna hAchtanna Cánach Ioncuim do bhí i bhfeidhm ar feadh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1927, d'éifeacht do bheith acu agus léireofar iad mar fhorálacha a bhaineann le for-cháin agus leis an ní no leis an rud den tsórt chéanna a bhaineann le forcháin, fé réir na leasuithe a dintar ortha leis an Acht so agus fé réir na n-atharuithe seo a leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 5 den Income Tax Act, 1918, fé is dá leigtí na focail “for the previous year” ar lár ann,

(b) beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 5 den Acht san fé is dá leigtí na focail “for any year” agus na focail “for the following year” ar lár ann,

(c) beidh éifeacht ag fo-alt (3) d'alt 5 den Acht san fé is dá leigtí na focail “of the previous year” ar lár ann,

(d) ní bheidh éifeacht ag alt 6 den Acht san,

(e) beidh éifeacht ag fo-alt (3) d'alt 7 den Acht san fé is dá gcuirtí na focail “following the year” isteach ann roimh na focail “for which super-tax is chargeable,” agus

(f) beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 8 den Acht san, mar a leasuítear é le halt 26 den Finance Act, 1919, fé is dá gcuirtí na focail “the year following the year of assessment” isteach ann in ionad na bhfocal “any year of assessment.”

For-cháin in aghaidh na bliana 1928-29.

4. —In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1928, éileofar for-cháin do réir na rátaí seo a leanas:—

Ar scór an chéad dhá mhíle punt den

ioncum     ...     ...     ...     ...

Dada.

Ar scór na breise os cionn dhá mhíle punt, in aghaidh gach puint den chéad

chúig céad punt den bhreis     ...

Naoi bPingne.

in aghaidh gach puint den chéad chúig céad punt eile den bhreis

Scilling.

in aghaidh gach puint den chéad

mhíle punt eile den bhreis     ...

Scilling agus Reul.

in aghaidh gach puint den chéad

mhíle punt eile den bhreis     ...

Dhá Scilling agus Leath-reul.

in aghaidh gach puint den chéad

mhíle punt eile den bhreis     ...

Trí Scillinge.

in aghaidh gach puint den chéad

dhá mhíle punt eile den bhreis     ...

Trí Scillinge agus Reul.

in aghaidh gach puint den chéad

dhá mhíle punt eile den bhreis     ...

Ceithre Scillinge.

in aghaidh gach puint den chuid

eile den bhreis     ...     ...     ...

Ceithre Scillinge agus Reul.

Leasú ar alt 157 den Income Tax Act, 1918.

5. —Scuirfidh fo-alt (2) d'alt 157 den Income Tax Act, 1918 (fo-alt i dtaobh an dáta ar a mbeidh cáin ioncuim dlite) d'éifeacht do bheith aige sa mhéid go mbaineann sé le cáin is inéilithe fé Sceideal A, lasmuich d'aon cháin is inéilithe amhlaidh ar ioncum a háirítear no atá le háireamh mar ioncum thuillte.

Deimhniú gur híocadh cáin ioncuim fé Sceidil A agus B.

6. —(1) Féadfidh tiarna no gar-léasóir no sealbhaire aon mhaoine do muirearuíodh no is ionmhuirearuithe fé Sceideal A no fé Sceideal B den Income Tax Act, 1918, deimhniú d'iarraidh ar an gcigire cánach don cheanntar ina bhfuil an mhaoin sin suidhte ar an gcáin ioncuim uile, do héilíodh fé sna Sceidil sin in aghaidh na mblianta cáinmheasa go léir do bhí caithte roimh an 6adh lá d'Abrán roimh dháta an iarratais, do bheith íoctha agus gan a thuille cánach ioncuim fé sna Sceidil sin do bheith inéilithe in aghaidh na mblian san, agus nuair is deimhin leis an gcigire cánach gur mar sin atá tabharfa sé amach deimhniú sa chéill sin.

(2) D'ainneoin alt 199 den Income Tax Act, 1918, i gcás inar díoladh an mhaoin mhuirearuithe no ionmhuirearuithe ar chomaoine luachmhair agus inar tugadh amach an deimhniú dá dtagartar san alt so, an cháin a deimhníodh a bheith íoctha no gan bheith inéilithe ní bheidh sí ionbhainte tré earra-ghabháil de shealbhaire na maoine muirearuithe ná ionbhainte amach tré earraghabháil ar an áitreabh ar ar dineadh an cáinmheas.

(3) Ní dhéanfidh deimhniú ón gcigire cánach fén alt so aon duine ná maoin do ghlana o cháin ioncuim, i gcás calaoise ná i gcás é do theip ar an duine sin dátáin táchtacha do nochta, ach amháin ceannuitheoir do cheannuigh an mhaoin sin ar chomaoine luachmhair bona fide gan fógra i dtaobh na calaoise no an teipthe sin d'fháil, no maoin an cheannuitheora san.

Saoirse do dhaoine i seirbhís chonsulachta stáit choigríche.

7. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, deonfar saoirse o cháin ioncuim (le n-a n-áirítear barra-cháin agus for-cháin) maidir leis an sochar oifige is iníoctha, ag stát coigríche le n-a mbaineann an t-alt so, le héinne is saoránach den stát choigríche sin agus a bheidh ar buan-fhostú i seirbhís chonsulachta an stáit sin agus ceaptha chun fónamh i Saorstát Éireann, agus maidir le haon ioncum a eireoidh lasmuich de Shaorstát Éireann agus a fhásfidh chun an duine sin, agus ní tabharfar aon áird ar aon tsochar oifige ná ioncum den tsórt san nuair a beifear ag meas méid ioncuim an duine sin chun crícheanna na nAchtanna Cánach Ioncuim.

(2) Tuigfar an t-alt so do theacht i bhfeidhm ar an 6adh lá d'Abrán, 1923, agus beidh sé fé mar a bheadh sé i bhfeidhm agus éifeacht aige ar an lá san agus ón lá san amach agus má íoc éinne cáin 'na mbeadh teideal aige chun saoirse uaithi fén alt so beidh teideal aige chun aisíoc na cánach san d'fháil.

(3) Baineann an t-alt so le gach stát coigríche gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim ina thaobh de thurus na huaire go dtugann sé do dhaoine ar buan-fhostú i seirbhís chonsulachta Shaorstáit Éireann saoirse den tsórt a tugtar leis an alt so do dhaoine ar buan-fhostú i seirbhís chonsulachta an stáit choigríche sin.

Daingniú ar Chó-aontú.

8. —Daingnítear leis seo an Có-aontú atá curtha síos sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus beidh éifeacht aige maidir leis an saoirse no leis an bhfaoiseamh a deonfar o cháin ioncuim, o bharra-cháin, agus o fhor-cháin Shaorstáit Éireann in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1928, agus o cháin ioncuim agus o fhor-cháin Shaorstáit Éireann in aghaidh gach bliana ina dhiaidh sin ina mbeidh éifeacht ag an gCó-aontú san, de bhua Achta den Pháirlimint Bhriotáinigh, maidir leis an saoirse no leis an bhfaoiseamh a deonfar, i gcás na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1928, o cháin ioncuim, o bharra-cháin agus o fhor-cháin Bhriotáineach in aghaidh na bliana san agus, i gcás aon bhliana ina dhiaidh sin, o cháin ioncuim agus o fhorcháin Bhriotáineach in aghaidh na bliana san.

Fógra generálta i dtaobh liostaí, faisnéisi no ráitisí do sheachada.

9. —Déanfidh na Coimisinéirí Speisialta i ngach bliain cháinmheasa a chur fé ndeár fógra generálta do thabhairt á cheangal ar na daoine go léir, ar a gceangailtear leis na hAchtanna Cánach Ioncuim aon liost, faisnéis no ráiteas do sheachada, an liost, an fhaisnéis no an ráiteas san do dhéanamh amach agus do sheachada do sna cigirí cánach do sna ceanntair fé seach no do sna Coimisinéirí Ioncuim laistigh de pé aimsir a bheidh ceaptha leis an bhfógra san agus nách giorra ná lá is fiche o thabhairt an fhógra san.

(2) Tabharfar an fógra generálta san gach bliain tré n-a chur fé ndeár é do chur isteach aon uair amháin san Iris Oifigiúil agus aon uair amháin ar a laighead i ngach ceann fé leith de dhá pháipeur nuachta laethúla a foillsítear i Saorstát Éireann agus tuigfar gur leor-chólíona ar an bhfo-alt san roimhe seo na curthaisteach san agus gurb ionann iad agus an fógra generálta san do dhea-sheirbheáil ar gach n-aon le n-a mbaineann.

Fógraí i dtaobh cáinmheas, agus i dtaobh na haimsire chun fógra athchomharc do thabhairt.

10. —(1) Nuair a bheidh cáinmheasa fé Sceidil A agus B sighnithe cuirfidh na Coimisinéirí Speisialta fé ndeár fógra do thabhairt, i pé slí is oiriúnach dar leo, ina dtaobh agus i dtaobh na haimsire chun fógra athchomhairc do thabhairt.

(2) Féadfar aon fhógra den tsórt san do thabhairt—

(a) tríd na cáinmheasa do lóisteáil leis na cigirí cánach do sna ceanntair fé seach chun go bhféadfidh na daoine do cáinmheasadh iad d'iniúcha, agus tré fhógra d'fhoillsiú, san Iris Oifigiúil agus i dhá bpáipeur nuachta laethúla ar a laighead a foillsítear i Saorstát Éireann, i dtaobh na haimsire chun fógra athchomhairc do thabhairt; no

(b) tré fhógra do sheachada do gach éinne do cáinmheasadh i dtaobh méid a cháinmheasa agus i dtaobh na haimsire chun fógra athchomhairc do thabhairt.