|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Diuitethe Bais.) | Ar Aghaidh (CUID V. Ilghneitheach agus Generalta.) |
ACHT AIRGID, 1928
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Cain Phroifit Chorparaide. | |
[EN] |
Cáin phroifit chorparáide ar phroifití cuideachtana coigríche. |
31. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo is do réir ráta seacht go leith per cent., in ionad ráta cúig per cent., a héileofar, a gearrfar, agus a híocfar cáin phroifit chorparáide is iníoctha ar phroifití cuideachtan coigríche a eireoidh i dtréimhse chuntasaíochta a chríochnóidh tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1928. |
[EN] | (2) Ní bhainfidh an t-alt so le cáin phroifit chorparáide is inéilithe ar phroifití cuideachtan coigríche a eireoidh i dtréimhse chuntasaíochta 'na gcuirfidh an chuideachta choigríche ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina taobh— | |
[EN] | (a) go raibh gach ball den chuideachtain choigríche sin ina chomhnaí lasmuich de Shaorstát Éireann ar feadh na tréimhse cuntasaíochta san go léir, no | |
[EN] | (b) gur dhin an chuideachta choigríche sin— | |
[EN] | (i) i gcás na tréimhse cuntasaíochta a bhí ann an 1adh lá d'Eanair, 1929, ar feadh iomlán na haimsire ón 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1928, go deire na tréimhse cuntasaíochta san, no | |
[EN] | (ii) i gcás na tréimhse cuntasaíochta a bhí ann i gceann sé mhí ón lá do thosnuigh an chuideachta choigríche sin ar ghnó do bheith ar siúl acu i Saorstát Éireann, ar feadh iomlán na haimsire o dheire na sé mí sin go deire na tréimhse cuntasaíochta san, no, | |
[EN] | (iii) i gcás aon tréimhse eile cuntasaíochta, ar feadh iomlán na tréimhse cuntasaíochta san, | |
[EN] | brainse-chlár do chimeád i Saorstát Éireann de sna baill den chuideachtain sin do bhí ina gcomhnaí i Saorstát Éireann agus, do réir dhlí na tíre ina bhfuil an chuideachta choigríche sin ionchorparáidithe agus do réir dhlí Shaorstáit Éireann agus chun na gcrícheanna bhaineann le cáinmheas i gcóir diúitéthe báis sa tír sin agus i Saorstát Éireann, gur maoin atá suidhte i Saorstát Éireann no go dtuigtar gur maoin den tsórt san an stoc agus na scaireanna uile atá cláruithe sa bhrainse-chlár san agus atá ar seilbh ag daoine ar a bhfuil buan-chomhnaí i Saorstát Éireann, no | |
[EN] | (c) gur thosnuigh an chuideachta choigríche sin ar thrádáil no ar ghnó do bheith ar siúl acu i Saorstát Éireann laistigh de shé mhí roimh dheire na tréimhse cuntasaíochta san. | |
[EN] | (3) Léireofar an t-alt so mar éinní amháin le Cuid V. den Finance Act, 1920. |