|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT AIRGID (DIÚITÉTHE CUSTUM AGUS STAMPA), 1929) | Ar Aghaidh (CUID II. Diuitethe Stampa agus Generalta.) |
ACHT AIRGID (DIÚITÉTHE CUSTUM AGUS STAMPA), 1929
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Diuitethe Custum. | |
[EN] |
Diúité ar earraí fighte d'olainn no d'olainn snáth-dhúbalta. |
1. —(1) Déanfar diúité custum de mhéid is có-ionann le cúig is fiche per cent. de luach na, hearra d'éileamh, do ghearra, agus d'íoc ar gach earra fhighte a bheidh déanta i bpáirt no go hiomlán d'olainn no d'olainn snáth-dhúbalta (lasmuich d'abhar plaincéadaí agus de chlúdaigh urláir) agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 21adh lá d'Fheabhra, 1929, no dá éis sin agus gur sa ghréasán a hiomportálfar amhlaidh í, agus í dhá órlach déag no níos mó ar leithead, agus seacht n-unsa no níos mó meáchainte sa tslait cheárnaigh di agus gur fiú breis agus scilling agus reul an tslat cheárnach í. |
[EN] | (2) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim aon earra fhighte do bheadh ionchurtha, mara mbeadh an fo-alt so, fén diúité a forchuirtar leis an alt so do bheith de chineál abhair phlaincéadaí no feilte agus do bheith oiriúnach agus ceaptha chun a húsáidthe i ndéanamh earraí dialladóireachta no ughma no chun a húsáidthe ag clódóirí chun crícheanna a ngnótha chlódóireachta no chun a húsáidthe mar éadaighe iarnála ag lucht nigheacháin no ag táiliúirí agus chuige sin amháin, féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim cead do thabhairt an earra fhighte sin d'iomportáil, gan íoc an diúité a forchuirtar leis an alt so, fé réir pé coiníollacha do chólíona is oiriúnach leo d'fhorchur. | |
[EN] | (3) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim aon earra fhighte do bheadh ionchurtha, mara mbeadh an fo-alt so, fén diúité a forchuirtar leis an alt so do bheith á hiomportáil chun go n-úsáidfeadh an t-iomportálaí í i ndéanamh ball éadaigh pearsanta no córach gléasta i Saorstát Éireann le heasportáil, féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim cead do thabhairt an earra fhighte sin d'iomportáil, gan íoc an diúité a forchuirtar leis an alt so, fé réir pé coiníollacha do chólíona is oiriúnach leo d'fhorchur. | |
[EN] | (4) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim aon earra fhighte nea-chríochnuithe do bheadh ionchurtha, mara mbeadh an fo-alt so, fén diúité a forchuirtar leis an alt so do bheith á hiomportáil chun tuille déantóireachta do dhéanamh uirthi agus chun a heasportála ina dhiaidh sin, féadfid cead do thabhairt an earra fhighte sin d'iomportáil, gan íoc an diúité a forchuirtar leis an alt so, fé réir pé coiníollacha do chólíona is oiriúnach leo d'fhorchur. | |
[EN] | (5) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité a forchuirtar leis an alt so fé is dá ndintí earraí fighte do bheadh déanta i bpáirt no go hiomlán d'olainn no d'olainn snáthdhúbalta do luadh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san mar earraí le n-a mbaineann ceithre chúigiú den ráta iomlán mar ráta lascaineach ach go mbeidh an abairt “Saorstát Éireann” in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” san alt san. | |
[EN] | (6) Tuigfar gurb é is luach d'aon earra chun crícheanna uile an ailt seo ná an praghas a thabharfadh iomportálaí ar an earra dá ndintí an earra do sheachada fé bhanna in áit na hiomportála agus an luach fartha agus an t-árachas íoctha uirthi, agus ar an luach san, mar a shocróidh na Coimisinéirí Ioncuim é, isea a híocfar diúité. | |
[EN] | (7) Cuirtar fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo an diúité a forchuirtar leis an alt so. | |
[EN] | (8) Tuigfar an t-alt so do theacht i bhfeidhm an 21adh lá d'Fheabhra, 1929, agus beidh sé fé mar a bheadh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach. | |
[EN] |
Méadú ar an diúité ar shaghsanna áirithe ball éadaigh pearsanta agus córach gléasta. |
2. —(1) An diúité is inéilithe fé alt 16 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), mar a leasuítear é le reachtúchán ina dhiaidh sin, is do réir ráta fiche per cent. de luach na hearra a héileofar, a gearrfar, agus a híocfar é, in ionad an ráta a luaidhtear san alt san 16. i gcás ball éadaigh pearsanta no córach gléasta a bheidh déanta i bpáirt no go hiomlán d'earraí fighte a bheidh déanta i bpáirt no go hiomlán d'olainn no d'olainn snáth-dhúbalta agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 21adh lá d'Fheabhra, 1929, no dá éis sin. |
[EN] | (2) Tuigfar an t-alt so do theacht i bhfeidhm an 21adh lá d'Fheabhra, 1929, agus beidh sé fé mar a bheadh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach. | |
[EN] |
Saoirse ón diúité ar ghluaisteáin. |
3. —(1) Má dhineann duine a dhineann mótar-tharraicirí i Saorstát Éireann a chur ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim go n-easportáltar cion maith mór de sna mótar-tharraicirí a dhineann sé i Saorstát Éireann, féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir forálacha an ailt seo agus fé réir pé coiníollacha do chólíona is oiriúnach leo d'ordú o am go ham chun cosanta an ioncuim, a cheadú don duine sin codacha de mhótar-tharraicirí agus fós codacha den tsórt san curtha le chéile d'iomportáil gan an diúité a forchuirtar le halt 11 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), d'íoc. |
[EN] | (2) An té a dhéanfidh codacha de mhótar-tharraicirí agus codacha den tsórt san curtha le chéile d'iomportáil fén alt so gan diúité d'íoc, úsáidfe sé iad i Saorstát Éireann chun mótartharraicirí do dhéanamh é féin pe'ca chun a n-easportála é no chun a n-úsáidthe cois baile, no chun mótar-tharraicirí do dhin sé féin roimhe sin i Saorstát Éireann do dheisiú, agus ní húsáidfe sé iad chun aon chríche eile in aon chor. | |
[EN] | (3) Má ghníomhuíonn aon duine contrárdha don alt so no d'aon choiníoll dá n-ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim fén alt so, beidh sé ciontach i gcionta fé sna hAchtanna Custum agus geallbhruidfe sé, in éiric gach cionta fé leith den tsórt san, trí oiread luach na hearra le n-ar bhain an sárú san maraon leis an diúité is iníoctha uirthi fé alt 11 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), no céad punt, pe'ca is rogha leis na Coimisinéirí Ioncuim, agus in aon chás acu geallbhruidfar an carra le n-ar bhain an sárú san. | |
[EN] |
Léiriú na Coda so den Acht so. |
4. —Léireofar an Chuid seo den Acht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Custum. |