An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Cain Phroifit Chorparaide.) Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Maointe agus Ioncum is Ionchainmheasta fe Sceideal D.)

32 1929

ACHT AIRGID, 1929

CUID V.

Ilghneitheach agus Generalta.

Ciste na gCairteacha Coigiltis (Có-ionannú Us-mhuirir).

34. —(1) Tabharfar amach agus íocfar o am go ham as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis, le ciste ar a dtabharfar mar ainm agus dá ngairmtear anso ina dhiaidh seo Ciste na gCairteacha Coigiltis (Có-ionannú Us-mhuirir), pé suimeanna a chinnfidh an tAire Airgid o am go ham a bheith riachtanach chun no mar chabhair chun glanta an fhiachais san ús d'fhás go dtí so agus a fhásfidh ina dhiaidh seo ar airgead do fuair an tAire sin ar iasacht agus a bheidh gan íoc de thurus na huaire ar urrús cairteacha coigiltis.

(2) Beidh Ciste na gCairteacha Coigiltis (Có-ionannú Usmhuirir) fé rialú an Aire Airgid, agus na hiarmhéidí a bheidh o am go ham i gcreidiúint don Chiste sin agus ná teastóidh chun aon íocaíocht a húdaruítear leis an alt so d'íoc amach as cimeádfar súncálta iad, i pé slí a ordóidh an tAire sin, i gceann no i gcinn éigin de sna súncála so leanas, sé sin le rá, stuic, cistí, agus urrúis a luaidhtear i míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (1) d'alt 18 den Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 ( Uimh. 2 de 1922 ), agus urrúis a bheidh urruithe ag Rialtas Shaorstáit Éireann maidir le colainn agus le hús.

(3) Pé uair agus an fhaid a bheidh suim na súncálanna agus an airgid a bheidh i gcreidiúint do Chiste na gCairteacha Coigiltis (Có-ionannú Us-mhuirir) có-ionann leis an bhfiachas no níos mó ná an fiachas a bheidh ann an uair sin do réir mheasa i dtaobh úis a bheidh fásta ansan ar airgead do fuarthas ar iasacht agus a bheidh gan íoc ansan ar urrús cairteacha coigiltis, is amach as an gCiste sin, sa mhéid a ordóidh an tAire Airgid, a híocfar airgead is iníoctha ar scór úis le sealbhóirí cairteacha coigiltis.

(4) Má bhíonn agus nuair a bheidh lán-aisíoc déanta i ngach airgead do fuair an tAire Airgid ar iasacht (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) ar urrús cairteacha coigiltis, críochnófar gnó Chiste na gCairteacha Coigiltis (Có-ionannú Us-mhuirir) agus déanfar an t-iarmhéid (más ann do) a bheidh i gcreidiúint do d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe dho i pé slí a ordóidh an tAire sin.

(5) San alt so cialluíonn an abairt “cairt choigiltis” urrús a thugann an tAire Airgid amach agus fé n-a dtagann a cheannuithcoir, de bhua suime áirithe d'íoc láithreach, i dteideal tar éis tréimhse áirithe chun suim is mó ná san d'fháil a bhíonn códhéanta den tsuim sin a híoctar ar dtúis amhlaidh agus den ús a fhásann uirthi.

Faoiseamh o dhiúité dhúbalta ar dheimhnithe atúrnaethe.

35. —(1) Pé uair a dhéanfidh duine—

(a) do bhí, le linn rithte an Achta so, i dteideal cleachta mar atúrnae i dTuaisceart Éireann agus fós i Saorstát Éireann no do bheadh i dteideal cleachta amhlaidh mara mbeadh gur dhin sé connra ina choinnibh sin no nár dhin sé ceann no an dá cheann de sna deimhnithe stampálta d'fháil is gá chuige sin do réir dlí no mara mbeadh an dá chúis sin, agus

(b) 'na mbeidh deimhniú aige a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, deimhniú do thug Clárathóir na nAtúrnaethe i dTuaisceart Éireann amach do, no an té bhí ag feidhmiú oifig an Chlárathóra san, tar éis an 5adh lá d'Eanair, 1930, agus é stampálta go cuibhe do réir dlí Thuaiscirt Éireann, agus

(c) 'na mbeidh deimhniú nea-stampálta aige do thug Clárathóir Dhlí-Chumann Ionchorparuithe na hÉireann amach do tar éis an 5adh lá d'Eanair, 1930, agus do bheadh i bhfeidhm de thurus na huaire dá mbeadh sé stampálta go cuibhe,

a éileamh ar na Coimisinéirí Ioncuim fé alt 12 den Stamp Act, 1891, a mbarúil do thabhairt i dtaobh ce'ca tá an deimhniú neastampálta san ionchurtha fé aon diúité no ná fuil agus i dtaobh méid an diúité sin (más ann do), ansan, ag socrú na barúla san acu dhóibh, áireoidh na Coimisinéirí Ioncuim an deimhniú neastampálta san do bheith stampálta go cuibhe do réir bhrí alt 43 den Stamp Act, 1891, chó fada le méid an diúité a dheabhruíonn a bheith stampálta go cuibhe do réir dlí Thuaiscirt Éireann ar an deimhniú a luaidhtear sa mhír sin (b) roimhe seo.

(2) Tiocfidh an t-alt so i bhfeidhm nuair a dheimhneoidh agus chó luath is dheimhneoidh an tAire Airgid do sna Coimisinéirí Ioncuim i scríbhinn go bhfuil Páirlimint Thuaiscirt Éireann tar éis reachtúchán do rith a thugann, maidir leis an diúité ar dheimhnithe do thug Clárathóir na nAtúrnaethe i dTuaisceart Éireann amach no an té bhí ag feidhmiú oifig an Chlárathóra san, faoiseamh ar aon dul leis an bhfaoiseamh a tugtar leis an alt so maidir leis an diúité ar dheimhnithe do thug Clárathóir Dhlí-Chumann Ionchorparuithe na hÉireann amach agus scuirfidh an t-alt so de bheith i bhfeidhm má scuireann agus nuair a scuirfidh an reachtúchán san de bheith i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann.

Alt 5 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Stampa), 1929 , do leasú.

36. —Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 5 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Stampa), 1929 ( Uimh. 5 de 1929 ) tré sna focail “debentiúir ná” do chur isteach díreach roimh na focail “stoc debentiúra” atá anois ann, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Faoiseamh do dhebentiúirí, etc., de chuid Chorparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta.

37. —(1) Ní dlighfar debentiúirí, stoc debentiúra ná deimhnithe muirir do thug Corporáid an Cháirde Thalmaíochta, Teoranta, amach do chur fé aon chánachas, fé láthair ná san am le teacht, faid a taisbeánfar, sa tslí a ordóidh an tAire Airgid, go bhfuilid dá gcuid féin, chun tairbhe dhóibh féin, ag daoine ná fuil buanchomhnaí ná gnáth-chomhnaí ortha i Saorstát Éireann.

(2) San alt so cialluíonn an abairt “deimhniú muirir” an ní céanna a chialluíonn sé san Acht Cáirde Talmhaíochta, 1927 (Uimh. 24 de 1927) .

Cúram agus bainistí cánacha.

38. —Cuirtar fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo gach cáin agus diúité a forchuirtar no a buanuítear leis an Acht so (ach amháin na diúitéthe ar fheithiclí inneallghluaiste).

Athghairmeanna.

39. —Dintar leis seo na hachtacháin uile agus fé seach a luaidhtear sa Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm agus beid mar a bheidís athghairmthe, ar an 6adh lá d'Abrán, 1929, agus ón lá san amach, sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

Gearr-theideal, léiriú agus tosach feidhme.

40. —(1) Féadfar an tAcht Airgid, 1929 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar Cuid I. den Acht so i dteanta na nAchtanna Cánach Ioncuim agus léireofar Cuid III. den Acht so sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe custum i dteanta na nAchtanna Custum agus sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe máil, léireofar í i dteanta na Reachtanna Briotáineacha agus na nAchtanna den Oireachtas a bhaineann le diúitéthe máil agus le bainistí na ndiúitéthe sin.

(3) Ach amháin mar a foráltar a mhalairt go soiléir inti tuigfar Cuid I. den Acht so do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1929, agus beidh sí mar a bheadh sí in éifeacht an lá san agus ón lá san amach.