8 1930


Uimhir 8 de 1930.


ACHT NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA, 1930.


ACHT CHUN BREITH-THORTHA DEIRIDH NÁ BEIDH AON DUL THARSA AGUS A BHEIDH CEANGAILTE AR GACH DUINE AGUS BINSE RIAMH DO DHÉANAMH DE SNA BREITH-THORTHA A DHEIN NO A DHÉANFAIDH AN BORD MEASTÓIRÍ A BUNUÍODH FÉ ACHT NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA, 1924 , CHUN ALT 4 DEN ACHT SAN AGUS AN DARA SCEIDEAL A GHABHANN LEIS AN ACHT SAN DO MHÍNIÚ AGUS CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR NA FORÁLACHA DEN ACHT SAN LE N-A gCOISCTHEAR PINSIN DÚBALTA. [15adh Abrán, 1930.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “An Príomh-Acht,” Acht na bPinsean Seirbhíse Mileata, 1924 (Uimh. 48 de 1924) ; agus

cialluíonn an abairt “pinsean seirbhíse mileata” pinsean ar n-a dheona fé sna comhachta atá sa Phríomh-Acht.

Ní bheidh dul thar breith-thortha an bhúird mheastóirí.

2. —An méid d'fho-alt (6) d'alt 3 den Phríomh-Acht a achtuíonn ná beidh in aon chás dul thar breith-thortha an bhúird mheastóirí fé mar a bheid leagtha amach i dtuairisc an bhúird agus go mbeid ceangailte ar an iarratasóir, athghairmtear leis seo é, agus ina ionad san achtuítear leis seo ná beidh dul thar na breith-thortha san mar a bheid leagtha amach amhlaidh agus go mbeid ceangailte ar gach duine agus bínse riamh agus, más breith-thortha iad a bheidh leagtha amach i dtuairisc ar n-a dhéanamh roimh an Acht so do rith, go dtuigfear ná raibh riamh dul thar na breith-thortha san agus go rabhdar riamh ceangailte ar gach duine agus bínse, ach beidh san fé réir na comhachta agus gan dochar don chomhacht atá ag an mbord meastóirí aon bhreith-thortha den tsórt san d'ath-oscailt fén bprovíso ghabhann leis an bhfo-alt san (6).

Brí an fhocail “céim” chun crícheanna pinsin.

3. —(1) I bhfo-alt (3) d'alt 4 den Phríomh-Acht ciallóidh an focal “céim,” agus tuigfear gur chialluigh sé riamh, céim shubstainteach agus san amháin agus tuigfear nár fholuigh sé riamh céim ghníomhathach, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige agus tuigfear go raibh éifeacht riamh aige dá réir sin.

(2) Gach tagairt atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht don chéim nó don fheadhmannas ina raibh duine ag fónamh am áirithe, léireofar é mar ní a thagrann don chéim shubstainteach a bhí ag an duine sin an t-am san agus beidh éifeacht ag an Dara Sceideal san agus tuigfear go raibh éifeacht riamh aige dá réir sin.

An toirmeasc ar phinsin dúbalta do leathnú.

4. —(1) Na tagairtí atá i bhfo-alt (2) d'alt 8 den Phríomh-Acht d'aois-liúntas fé sna hAchtanna Aois-liúntas, 1834 go 1923, léireofar iad mar thagairtí fholuíonn pinsean no liúntas ar n-a dheona fé alt 5 den Acht Aois-liúntas agus Pinsean, 1923 ( Uimh. 34 de 1923 ), agus beidh éifeacht ag an bhfo-alt san (2) dá réir sin.

(2) Folóidh an abairt “tréimhse aimsire” sa bhfo-alt san (2) d'alt 8 den Phríomh-Acht, maidir le duine dar deonadh no dá ndeonfar ina dhiaidh seo pinsean no liúntas fé alt 5 den Acht Aois-liúntas agus Pinsean, 1923 , aon tréimhse, pe'ca tréimhse dáiríribh no tréimhse do réir tuairime í, go bhfuil no go mbeidh an duine sin i dteideal do réir dlí í d'áireamh nuair bheidh sé ag déanamh amach méid an phinsin no an liúntais sin.

(3) I gcás fo-alt san (2) d'alt 8 den Phríomh-Acht do dhul, de bhua an ailt seo, i mbaint le duine dar deonadh pinsean no liúntas fé alt 5 den Acht Aois-liúntas agus Pinsean, 1923 , roimh an Acht so do rith, féadfaidh an tAire Airgid an pinsean no an liúntas san d'ath-mheas, o am an Achta so do rith, ar pé slí a bheidh riachtanach chun éifeacht do thabhairt don fho-alt san (2) ach ní i slí go méadófaí an pinsean no an liúntas san go dtí méid is mó ná an méid maximum a horduítear le dlí maidir le pinsin agus liúntaisí a deontar fén alt san 5.

(4) Ní oibreoidh an t-alt so ná ní ar bith a déanfar fé no dá dhruim chun aon tsuim airgid do híocadh roimh an Acht so do rith do dhéanamh nea-dhleathach ná chun a aisíoc do dhéanamh riachtanach ná chun duine ar bith do chur as a theideal chun aon tsuim no cuid de shuim atá dlite no ag teacht dlite le linn an Achta so do rith alos pinsin sheirbhíse mileata no pinsin do deonadh fé alt 5 den Acht Aois-liúntas agus Pinsean, 1923 .

(5) Gach tagairt atá san alt so d'alt 5 den Acht Aois-liúntas agus Pinsean, 1923 , léireofar é mar thagairt fholuíonn an t-alt san 5 mar do leasuíodh é le haon Acht den Oireachtas do ritheadh roimh an Acht so do rith no a rithfear ina dhiaidh sin.

Gearr-théideal agus luadh.

5. —Féadfar Acht na bPinsean Seirbhíse Mileata, 1930 , do ghairm den Acht so, agus féadfar Achtanna na bPinsean Seirbhíse Mileata, 1924 go 1930, do ghairm d'Achtanna na bPinsean Seirbhíse Mileata, 1924 agus 1925, agus den Acht so le chéile.