|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Cain Ioncuim.) | Ar Aghaidh (CUID III. Ilghneitheach agus Generalta.) |
ACHT AIRGID, 1930
[EN] | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
CUID II. Custuim agus Mal. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Diuitéthe breise ar fhíon. |
6. —(1) In ionad na ndiuitéthe custum atá ar fhíon fé láthair, déanfar (fé réir forálacha an Achta so) na diuitéthe custum so leanas d'éileamh, do ghearra, agus d'íoc an 2adh lá de Mheitheamh, 1930, agus as san amach, ar gach fíon a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann, sé sin le rá:— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na diuitéthe forchuirtear leis an alt so ach go mbeidh an abairt “Saorstát Éireann” in ionad na habairte “Great Britain and Ireland.” | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear gur fíon drithleach a hiomportáladh sa bhuideul fíon do rinneadh drithleach no fiuchúil agus a buideuladh i mbanna-stóras agus ar a sheachada chun a ólta i Saorstát Éireann éileofar an diuité forchuirtear ar fhíon drithleach leis an alt so. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) San alt so foluíonn an focal “fíon” dríodar fíona. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Diuitéthe nua iomportála do bhuanú. |
7. —(1) Na diuitéthe nua iomportála do céad-fhorchuireadh le halt 12 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus do buanuíodh (fé réir an diuité ar phlátaí ceoil agus ar ghléasanna eile ath-sheinnte ceoil agus an diuité ar scannán fholamh gan pictiuir air agus an diuité ar ghluaisteáin (ar a n-áirítear mótar-rothair agus mótarrothair thréanacha) agus ar chabhartha dhóibh agus ar fhíor-choda dhíobh nách buinn d'eisceacht) go dtí an 1adh lá de Bhealtaine, 1930, le halt 21 den Acht Airgid, 1929 ( Uimh. 32 de 1929 ), leanfar d'iad d'éileamh, do ghearra agus d'íoc an 1adh lá san de Bhealtaine, 1930, agus ón lá san go dtí an 1adh lá de Bhealtaine, 1931, lé réir na n-eisceacht roimhráite. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur cabhair chun oideachais aon scannán cinematografach áirithe a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann, déanfid, fé réir chólíona pé coiníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, an scannán san do leigint saor o íoc an diuité, ar scannáin chinematografacha, a háirítear ar na diuitéthe a buanítear leis an alt so. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na diuitéthe buanuítear leis an alt so ach go mbeidh an abairt “Saorstát Éireann” in ionad na habairte “Great Britain and Ireland.” | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Na diuitéthe breise ar thorthaí tiormuithe do bhuanú. |
8. —(1) Na diuitethe breise, ar thorthaí tiormuithe, do céadfhorchuireadh le halt 8 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus do buanuíodh go dtí an 1adh lá de Lúnasa, 1930, le halt 22 den Acht Airgid, 1929 ( Uimh. 32 de 1929 ), leanfar d'iad d'éileamh, do ghearra agus d'íoc an 1adh lá san de Lúnasa, 1930, agus ón lá san go dtí an 1adh lá de Lúnasa, 1931. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na diuitéthe buanuítear leis an alt so ach go mbeidh an abairt “Saorstát Éireann” in ionad na habairte “Great Britain and Ireland.” | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Saoirse o dhiuité ar throscán. |
9. —I gcás in ar deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, maidir le haon bhall troscáin (seachas creat leapan) no aon fhíor-chuid d'aon bhall troscáin (seachas creat leapan) do bheadh mara mbeadh an t-alt so ionchurtha fén diuité forchuirtear le halt 18 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), ná fuil sa mhéid adhmaid atá sa bhall no sa bhfíor-chuid sin ach cuid shuarach d'iomlán an bhaill no na fíor-choda san, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir chólíona pé coiníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú go n-iomportálfar an ball no an fhíor-chuid sin gan an diuité sin d'íoc no aon diuité den tsórt san do híocadh ar a iomportáil d'aisíoc. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Saoirse d'fheithiclí inneallghluaiste áirithe o dhiuité. |
10. —Ní bheidh diuité ar bith iníoctha fé alt 13 den Finance Act, 1920, mar a leasuítear é leis an Acht Airgid, 1926 (Uimh. 35 de 1926) , ar fheithicil inneall-ghluaiste ná húsáidtear ach chun báid tárrthála agus a bhfearas d'aistriú (tré n-a n-iompar no tré n-a dtarac). | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Lacáiste sa diuité ar fheithiclí inneallghluaiste áirithe. |
11. —(1) Má chruthuíonn duine ar bith chun sástacht an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí gur íoc sé diuité in aghaidh na bliana no aon choda den bhliain dar thosach an 1adh lá d'Eanar, 1931, no in aghaidh aon bhliana no aon choda d'aon bhliain ina dhiaidh sin, fé alt 13 den Finance Act, 1920, mar a leasuítear é leis an Acht Airgid, 1926 (Uimh. 35 de 1926) , ar fheithicil inneallghluaiste le n-a mbaineann an t-alt so, beidh sé i dteideal aisíoc cúig is fiche per cent. den diuité do híocadh amhlaidh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Baineann an t-alt so le gach feithicil inneall-ghluaiste— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) is feithicil inneall-ghluaiste le n-a mbaineann mír 6 den Triú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926 (Uimh. 35 de 1926) , ach nách carráiste ar tuarastal do réir bhrí alt 4 den Customs and Inland Revenue Act, 1888, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) go ndearnadh a hinneall roimh an 1adh lá d'Eanar, 1926, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) do bhí cláruithe i Saorstát Éireann an 30adh lá d'Abrán, 1930. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
An Hawkers Act, 1888, do leasú. |
12. —(1) Athghairmtear leis seo an méid d'alt 2 den Hawkers Act, 1888, le n-a mínítear brí an fhocail “hawker” san Acht san agus ina ionad san achtuítear leis seo go léireofar an focal “hawker,” i ngach áit ina bhfuil sé san Acht san, mar fhocal a chialluíonn agus a fholuíonn na daoine seo leanas agus beidh éifeacht ag an Acht san dá réir sin, sé sin le rá:— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) duine ar bith a thaistealann le capall no le beithíoch eile ag iompar no ag tarrac ualaigh no le feithicil inneallghluaiste agus a théigheann o áit go háit no go tithe fear eile ag iompar earraí no áirnéise no áirnéise ceannaíochta ar bith chun a ndíolta no a malairtithe, no á dtaisbeáint chun a ndíolta no a malairtithe, no ag taisbeáint somplaí no pátrún d'aon earraí no áirnéis no áirnéis cheannaíochta chun a seachadtha ina dhiaidh sin, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) duine ar bith a thaistealann le capall no le beithíoch eile ag iompar no ag tarrac ualaigh no le feithicil inneallghluaiste agus é ag iompar earraí no áirnéise no áirnéise ceannaíochta ar bith (seachas earraí no áirnéis no áirnéis cheannaíochta a hiomprófar chun a seachadtha do cheannuitheoir do réir ordú a tugadh roimhe sin) agus a dhíolann no a mhalairtíonn, no a thaisbeánann chun a díolta no a malairtithe, aon earra no áirnéis no áirnéis cheannaíochta acu san ag tigh aon duine eile, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) duine ar bith a thaistealann ar aon chóir ghluaiseachta go haon áit ná fuil gnáth-chomhnaí air ná gnó ar siúl aige ann agus a dhíolann no a mhalairtíonn, no a thaisbeánann chun a ndíolta no a malairtithe, ann aon earraí no áirnéis no áirnéis cheannaíochta in no as aon fheithicil no in no ag aon tigh, siopa, seomra, both. stalla no áit eile ar bith a bhíonn ar cíos no in úsáid aige chuige sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) D'ainneoin éinní atá sa Hawkers Act, 1888, isé diuité a híocfar ar cheadúnas mháil do bhéarfar amach fé alt 3 den Acht san do dhuine is hácaer de bhua mír (a) no mír (b) d'fho-alt (1) den alt so agus a thaistealann le feithicil inneall-ghluaiste, no do dhuine is hácaer de bhua mír (c) den fho-alt san, ná deich bpúint, agus ní tuigfear duine ar bith den tsórt san do bheith ceadúnuithe go cuibhe fén Acht san de bhrí gur thóg sé amach ceadúnas fén Acht san ar ar híocadh diuité ba lú ná deich bpúint agus dá bhrí sin amháin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Athghairmtear leis seo fo-alt (3) d'alt 3 den Hawkers Act, 1888, agus ina ionad san achtuítear leis seo nách gá do dhuine ar bith acu so leanas ceadúnas do thógaint amach fén Acht san, sé sin le rá:— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) duine ar bith a dhíolann earraí no áirnéis no áirnéis cheannaíochta le daoine is deighleálaithe sna nithe sin agus a cheannuíonn chun díol arís, no a iarrann orduithe ar na nithe sin ar na daoine sin; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) fíor-oibritheoir no fíor-dhéantóir aon earraí no áirnéise no áirnéise ceannaíochta agus a chlann, a phríntísigh agus a sheirbhísigh atá in éintigheas leis, más earraí no áirnéis no áirnéis cheannaíochta dheineann an fíoroibritheoir no an fíor-dhéantóir sin, agus iad san amháin, na nithe dhíolaid no ar a n-iarraid orduithe; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) duine ar bith ná díolann ach tora feirmeoireachta (pe'ca tora ainmhithe no tora fáis é) do fásadh, do tógadh, no do saothruíodh ar thalamh ar seilbh ag an duine sin no ag fostóir no ag máistir an duine sin no ag céile no ag tuismitheoir an duine sin no ag duine clainne no ag gaol eile leis; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) duine ar bith a dhíolann feoil, iasc, torthaí, glasraí, arán, bainne, gual, móin, no connadh agus ná díolann aon earraí eile. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Má dheineann duine cionta fé fho-alt (1) d'alt 6 den Hawkers Act, 1888, agus go mbeidh an gníomh gurb é an cionta é de shaghas gurb é an ceadúnas ceart do réir bhrí an fho-ailt sin ná ceadúnas go ndiuité máil de dheich bpúint, raghaidh an duine sin fé fhíneail chaogad púnt mar bhreis ar aon phionós eile (seachas an fhíneail de dheich bpúint a luaidhtear sa bhfo-alt san) a dlightear a chur air. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh an 1adh lá de Lúnasa, 1930. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Diuité ar cheadúnaisí iasachtóirí airgid. |
13. —(1) Eileofar, gearrfar agus íocfar ar gach ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas iasachtóra airgid san alt so), chun gníomhú agus gnó do dhéanamh mar iasachtóir airgid, do bhéarfar amach fé aon Acht do ritheadh no a rithfear i rith na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1930, diuité máil do réir na rátaí seo leanas, sé sin le rá:— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) ar cheadúnas iasachtóra airgid a raghaidh in éag an 31adh lá d'Iúl, 1931—deich bpúint; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) ar cheadúnas iasachtóra airgid a raghaidh in éag an 31adh lá d'Iúl bliain ar bith, ach an bhliain 1931, agus a tógfar amach laistigh de shé mhí roimh an dul in éag san—deich bpúint; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) ar aon cheadúnas iasachtóra airgid eile—cúig púint déag. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Má cruthuítear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncuim go bhfuil ceadúnas máil i bhfeidhm chun gnó geall-bhrócaera do dhéanamh in áitreabh ar bith dá bhfuil ceadúnas no ceadúnaisí iasachtóra airgid tógtha amach ag an duine no ag na daoine atá i mbun an ghnótha san, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i gcás gan ach aon cheadúnas iasachtóra airgid amháin den tsórt san do bheith tógtha amach amhlaidh, leath an diuité ar an gceadúnas san do mhaitheamh no, i gcás an diuité bheith íoctha, leath an diuité d'aisíoc, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i gcás dhá cheadúnas iasachtóra airgid den tsórt san no níos mó do bheith tógtha amach amhlaidh, leath an diuité ar pé ceann de sna ceadúnaisí sin is túisce do tógadh amach do mhaitheamh no, i gcás an diuité do bheith íoctha, leath an diuité d'aisíoc. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Diuité ar cheadúnaisí díolta géim. |
14. —(1) Gach éinne dhéanfaidh, fé aon Acht do ritheadh no a rithfear i rith na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1930, ceadúnas díolta géim do thógaint amach no d'athnuachaint, éileofar agus gearrfar air agus íocfa sé, ar na hócáidí a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, diuité mail de thrí púint ar gach ceadúnas a tógfar amach no a hathnuadhfar amhlaidh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) An diuité forchuirtear leis an alt so ar aon cheadúnas den tsórt san roimhráite éileofar, gearrfar, agus íocfar é nuair a tógfar amach an ceadúnas san agus fós ar dhéanamh gach athnuachainte ar an gceadúnas san agus íocfar agus baileofar é tré stampaí thaisbeánfaidh méid an diuité sin do mhúnlú ar na ceadúnaisí agus ar na hathnuachaintí sin, agus bainfidh an Stamp Duties Management Act, 1891, leis an diuité agus leis na stampaí sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Léireofar alt 58 den Local Government (Ireland) Act, 1898, agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht san agus beidh éifeacht acu fé is dá ndeintí an diuité forchuirtear leis an alt so do chur le líon agus ar líon na ndiuitéthe luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht san. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Ní déanfar ceadúnas díolta géim is ionchurtha fén diuité forchuirtear leis an alt so ná aon athnuachaint ar cheadúnas den tsórt san do thabhairt amach mara mbeidh ná go dtí go mbeidh an ceadúnas no an athnuachaint sin stampálta go cuibhe fén alt so in aghaidh an diuité sin |