|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Custuim agus Mal.) |
ACHT AIRGID, 1930
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Ilghneitheach agus Generalta. | |
[EN] |
Diuité stampa ar instruimidí do rinneadh fé Acht na dTailte Stáit (Tithe Oibre), 1930 . |
15. —(1) Instruimid ar bith do rinneadh fé Acht na dTailte Stáit (Tithe Oibre), 1930 (Uimh. 9 de 1930) , agus do séaladh le séala oifigiúil an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí no údaráis áitiúla do réir bhrí an Achta san, ní dlighfear, de dhruim an séala san do bheith curtha uirthi agus dá dhruim sin amháin, í chur fé aon diuité stampa is aoirde ná dá mb' instruimid í ná beadh ach fé láimh. |
[EN] | (2) Tuigfear an t-alt so do theacht i bhfeidhm an 15adh lá d'Abrán, 1930, agus éifeacht do bheith aige an lá san agus as san amach. | |
[EN] |
Saoirse o dhiuité stampa ar orduithe muirir áirithe. |
16. —(1) Beidh ordú muirir do dhein Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn fé alt 9 d'Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 ( Uimh. 41 de 1929 ), saor o dhiuité stampa ar bith is inéilithe fén Stamp Act, 1891, no fé aon Acht le n-a leasuítear an tAcht san. |
[EN] | (2) Tuigfear an t-alt so do theacht i bhfeidhm an 20adh lá de Mhí na Nodlag, 1929, agus éifeacht do bheith aige an lá san agus as san amach. | |
[EN] |
Airgead Stáit do shúncáil. |
17. —(1) Féadfaidh an tAire Airgid o am go ham, fé mar agus nuair is oiriúnach leis é, airgead ar bith a bheidh i gcreidiúint do Chuntas an Stát-Chiste de thurus na huaire do shúncáil in aon bhannaí, billí, nótaí, no urrúis eile do bhéarfar amach ag Rialtas Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus Thuaiscirt Éireann no thar a cheann agus a bheidh dlite laistigh de bhliain o am a gceannuithe agus go mbeidh oblagáid díreach an Rialtais sin ag gabháil leo maidir le colann agus ús. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire Airgid urrús ar bith a cheannóidh no a ghlacfa sé fén alt so do chimeád go dtí go mbeidh sé dlite no féadfaidh, más oiriúnach agus nuair is oiriúnach leis é, airgead do dhéanamh den urrús san tré n-a dhíol no ar aon tslí eile sara mbeidh sé dlite. | |
[EN] | (3) Íocfar isteach sa Stát-Chiste an sochar glan a thiocfaidh as airgead do dhéanamh (tré n-a theacht dlite, tré n-a dhíol no ar aon tslí eile) d'urrús ar bith do ghlac no do cheannuigh an tAire Airgid fén alt so agus fós gach ús no íocaíocht i bhfuirm úis do gheobhaidh an tAire sin ar aon urrús den tsórt san. | |
[EN] |
Stoc Cúitimh d'fhuascailt. |
18. —(1) Féadfaidh an tAire Airgid o am go ham, fé mar agus nuair is dó leis gur ceart é, urrús ar bith do tugadh amach fé alt 13 den Acht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 ( Uimh. 15 de 1923 ), d'fhuascailt tré shuim is có-ionann le n-a agha-luach ainmnithe maraon leis an ús fáis air d'íoc le sealbhóir cláruithe an urrúis sin, ach ní fuasclófar aon urrús den tsórt san amhlaidh gan toil a shealbhóra chláruithe. |
[EN] | (2) Chun críche an ailt seo tuigfear ús ar urrúis do tugadh amach fén alt san 13 den Acht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 , do bheith ag fás o lá go lá. | |
[EN] | (3) An chomhacht a bronntar leis an alt so ar an Aire Airgid chun urrúis d'fhuascailt is i dteanta agus ní hin ionad aon mhodha eile bheidh údaruithe no orduithe do réir dlí de thurus na huaire chun na hurrúis sin d'fhuascailt a bheidh sí. | |
[EN] |
Ciste Bhanc Taisce an Phuist. |
19. —(1) Má chítear don Aire Airgid an t-ús d'fhás i rith aon bhliana cuntais (pe'ca chríochnuigh sé roimh an Acht so do rith no dá éis sin), as na hurrúis do bhí i gcreidiúint do Chiste Bhanc Taisce an Phuist, do bheith níos mó ná iomlán an úis do híocadh le taisceoirí no do cuireadh i gcreidiúint dóibh i rith na bliana cuntais sin do réir na nAcht a bhaineann le Banc Taisce an Phuist maraon leis na costaisí fé n-a ndeaghthas an bhliain cuntais sin i bhfeidhmiú na nAcht san, féadfaidh an tAire sin, an chéad bhliain airgeadais tar éis na bliana cuntais sin no (i gcás bliana cuntais do chríochnuigh roimh an Acht so do rith) an chéad bhliain airgeadais tar éis na bliana deiridh de sna blianta cuntais sin, leithreasú do dhéanamh don Stát-Chiste ar iomlán no ar chuid ar bith den bhreis sin a bheidh fágtha tar éis pé suim (nách lú ná deich per cent. di) do bhaint aisti is dó leis an Aire sin is ceart do chimeád sa Chiste sin mar sholáthar in aghaidh laigheadú ar luach na n-urrús a bheidh i gcreidiúint don Chiste sin. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire Airgid, an bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1931, no aon bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, iomlán aon tsuime, no cuid ar bith d'aon tsuim, do leithreasú don Stát-Chiste (i dteanta aon leithreasuithe fén bhfo-alt san roimhe seo) go bhféadfadh sé, ach ná dearna sé, a leithreasú fén alt so aon bhliain airgeadais roimhe sin. | |
[EN] | (3) San alt so cialluíonn an abairt “bliain chuntais” tréimhse bhliana dar críoch aon 31adh lá de Mhí na Nodlag. | |
[EN] |
Diuitéthe báis do ghlana tré urrúis áirithe d'aistriú. |
20. —(1) Féadfaidh an tAire Airgid, le rialacháin, a shocrú go nglacfar in íoc aon diuité bháis, fé réir pé teoranta agus coiníollacha a bheidh orduithe leis na rialacháin sin, urrús ar bith do thug sé no a thabharfa sé amach (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) i rith na bliana airgeadais dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1931, chun airgead ar bith d'fháil ar iasacht, agus pé uair a déanfar aon rialacháin den tsórt san i dtaobh aon urrúis den tsórt san féadfaidh duine ar bith ar a mbeidh suim ar bith dlite ar scór aon diuité bháis, féadfa sé, do réir agus fé réir forálacha na rialachán san, an tsuim sin no aon chuid di d'íoc tré aistriú do dhéanamh go dtí pé cuntas leis an Aire Airgid a bheidh orduithe leis na rialacháin sin (agus dá ngairmtear an cuntas san san alt so), ar pé méid den urrús san is có-ionann luach, ar dháta an aistrithe sin, leis an suim sin no leis an gcuid sin di (pe'ca aca é) a bheidh le n'íoc amhlaidh. |
[EN] | (2) Féadfar urrúis a haistreofar go dtí an cuntas san fén alt so do chimeád sa chuntas san no do dhíol no do chur ar nea-mbrí, no féadfar deighleáil leo ar aon tslí eile, fé mar ordóidh an tAire Airgid, agus féadfaidh an tAire sin, le rialacháin, a shocrú cadé an tslí ina gcimeádfar, ina ndíolfar no ina gcuirfear ar nea-mbrí na hurrúis sin amhlaidh no ina ndeighleálfar leo ar aon tslí eile. | |
[EN] | (3) Glacfaidh na Coimisinéirí Ioncuim le haistriú urrúis go dtí an cuntas san fén alt so agus dá réir mar ní is ionann agus suim is có-ionann le luach an urrúis sin ar dháta an aistrithe sin d'íoc leo in airgead tirim. | |
[EN] | (4) Íocfaidh an tAire Airgid leis na Coimisinéirí Ioncuim amach as an gcuntas san an méid is fiú ar dháta a aistrithe gach urrús a haistreofar go dtí an cuntas san fén alt so. | |
[EN] | (5) Déanfar gach suim a híocfar mar ús ar urrúis, no i bhfuascailt urrús, a haistreofar fén alt so go dtí an cuntas san agus a bheidh á gcimeád ann de thurus na huaire agus fós gach suim a thiocfaidh as an Aire Airgid do dhíol urrús a haistreofar go dtí an cuntas san fén alt so no as a dheighleáil leo ar aon tslí eile d'íoc isteach sa chuntas san agus cuirfear iad (sa mhéid gur gá é) chun no mar chabhair chun íocaíochtaí d'íoc a cheanglann an t-alt so ar an Aire sin d'íoc leis na Coimisinéirí Ioncuim amach as an gcuntas san, agus aon iarmhéid de sna suimeanna san a bheidh sa chuntas san o am go ham agus nách gá an uair sin, dar leis an Aire, chun na híocaíochtaí sin d'íoc leis na Coimisinéirí Ioncuim íocfar isteach sa Stát-Chiste é, fé mar agus nuair ordóidh an tAire sin é, in aisíoc airgid do roimh-íocadh isteach sa chuntas san as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis. | |
[EN] | (6) Bhéarfar amach as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis, don chuntas san, pé suimeanna is gá chun go n-íocfaidh an tAire Airgid leis na Coimisinéirí Ioncuim fén alt so, amach as an gcuntas san, aon íocaíochtaí ná híocfar fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so, agus cuirfear de mhuirear ar an bPrímh-Chiste agus ar a thora fáis pé méid, de sna suimeanna do bhéarfar amach amhlaidh, ná húdaruítear leis an alt so é d'íoc tré iasacht d'fháil don Aire sin. | |
[EN] | (7) Chun soláthar do dhéanamh, i bpáirt no go hiomlán, le haghaidh pé méid de sna suimeanna go n-údaruítear leis an alt so iad do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis is có-ionann le nocha-a-trí go leith per cent. d'ainm-luach na n-urrús a haistreofar go dtí an cuntas san fén alt so, féadfaidh an tAire airgead d'fháil ar iasacht tré pé urrúis is oiriúnach leis do thabhairt amach. | |
[EN] | (8) Íocfar isteach sa Stát-Chiste gach suim do gheobhaidh an tAire Airgid ar iasacht fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear agus íoc colna agus úis gach urrúis do bhéarfar amach fén bhfo-alt san. | |
[EN] | (9) Chun crícheanna an ailt seo— | |
[EN] | (a) isé an méid is fiú ar dháta a aistrithe aon urrús a haistreofar go dtí an cuntas san fén alt so ná a agha-luach ainmnithe maraon le hús ar bith air a bheidh dlite chun a íoctha ar dháta an aistrithe sin ach a bheidh gan íoc an uair sin, tar éis suim aon úis air a bheidh ionfhálta ag an aistritheoir tar éis an dáta san do bhaint as, agus | |
[EN] | (b) tuigfear ús ar aon urrús den tsórt san do bheith ag fás o lá go lá. | |
[EN] |
Cúram agus bainistí cánacha. |
21. —Cuirfear fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo gach cáin agus diuité forchuirtear no buanuítear leis an Acht so. |
[EN] |
Gearr-theideal, léiriú agus tosach feidhme. |
22. —(1) Féadfar an tAcht Airgid, 1930 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Léireofar Cuid I den Acht so i dteanta na nAchtanna Cánach Ioncuim agus léireofar Cuid II den Acht so, sa mhéid go mbaineann sí le diuitéthe custum, i dteanta na nAchtanna Custum agus, sa mhéid go mbaineann sí le diuitéthe máil, léireofar í i dteanta na Reachtanna Briotáineacha agus na nAchtanna den Oireachtas a bhaineann leis na diuitéthe máil agus le bainistí na ndiuitéthe sin. | |
[EN] | (3) Ach amháin mar a foráltar go soiléir a mhalairt, tuigfear Cuid I den Acht so do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1930, agus éifeacht do bheith aige an lá san agus as san amach. |