Ar Aghaidh (Sceideal (A). DEONTAISI.)

21 1930


Uimhir 21 de 1930.


ACHT LEITHREASA, 1930.


ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍMH-CHISTE DO CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ DÉAG AR FHICHID DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD A NAOI FICHEAD AGUS MÍLE NAOI gCÉAD A HAON TRIOCHAD AGUS CHUN NA SOLÁTHAIR A DEONADH SA tSIOSÓN SO DEN OIREACHTAS DO CHUR I LEITHREAS.

[8adh Iúl, 1930.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

DEONTAISI AS AN bPRIMH-CHISTE.

£2,461 16s. 4d. do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste.

1. —Féadfaidh an tAire Airgid suim dhá mhíle, ceithre chéad agus aon phúnt seascad, sé scillinge déag agus ceithre pingne do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun iomlánú do dhéanamh ar an soláthar a deonadh chun seirbhíse na bliana dar chríoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta, míle naoi gcéad a naoi fichead.

£14,038,973 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste.

2. —Féadfaidh an tAire Airgid suim cheithre mhilleon déag, ocht míle triochad, naoi gcéad agus trí púint seachtód do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun iomlánú do dhéanamh ar an soláthar a deonadh chun seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta, míle naoi gcéad a haon triochad.

Comhacht don Aire Airgid chun airgead d'fháil ar iasacht.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgid aon tsuim no suimeanna ná raghaidh a n-iomlán thar ceithre mhilleon déag, aon mhíle ceathrachad, ceithre chéad agus ceithre púint triochad, sé scillinge déag agus ceithre pingne d'fháil ar iasacht o aon duine agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna do roimh-íoc leis agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire Airgid aon urrúsanna do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis agus fé pé coiníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte no éinní eile is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urrúsanna a tabharfar amach fén Acht so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh tabhairt amach na n-urrús san.

(3) Aon airgead a gheobhfar de bharr urrúsanna a tabharfar amach fén Acht so cuirfear chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé mar chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí 'na mbeidh an Ciste sin ar fáil.

DEONTAISI DO CHUR I LEITHREAS.

Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair do chur i leithreas.

4. —Na suimeanna uile a deontar as an bPrímh-Chiste, leis an Acht so agus leis an Acht eile a luaidhtear i Sceideal (A) a ghabhann leis an Acht so, chun an soláthar a deonadh do dhéanamh iomlán agus 'na ndeineann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal san, suim dhá mhilleon fichead, seacht míle ceathrachad, cúig céad agus dhá phúnt ceathrachad, sé scillinge déag agus ceithre pingne, cuirtear iad i leithreas agus tuigfear iad do bheith curtha i leithreas o dháta rithte na nAchtanna a luaidhtear sa Sceideal san (A) chun na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear i Sceideal (B) a ghabhann leis seo. An achmaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhann léi sin, maraon leis na nótaí (más ann dóibh) a ghabhann leis na sceidil sin, tuigfear gur cuid den Acht so iad díreach fé mar a bheidís i gcorp an Achta so.

I dteanta na suimeanna a deontar leis seo as an bPrímh-Chiste, féadfar na suimeanna a taisbeántar fé seach sa cholún deiridh de Sceideal (B) a ghabhann leis seo do chur chun úsáide amach as aon airgead a horduítear fé alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, a chur chun úsáide mar leithreasaí i gcabhair do sna deontaisí i gcóir na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear sa Sceideal san.

Dearbhú is gá a dhéanamh i gcásanna áirithe sara bhfuighfear suimeanna a cuireadh i leithreas.

5. —Ní bhfuighidh duine aon chuid de dheontas a deonfar do réir an Achta so, i gcóir seirbhísí neamh-fheidhmiúla, go dtí go ndéanfa sé pé dearbhú a hordófar o am go ham le barántas ón Aire Airgid do shighniú i bhfianaise duine de sna daoine a hordófar sa bharántas san:

Ach má deintar aon íocaíocht den tsórt san níos minicí ná uair sa ráithe féadfaidh an tAire Airgid cead do thabhairt gan ach aon dearbhú amháin do thabhairt i láthair in aghaidh gach ráithe.

Einne a dhéanfaidh dearbhú chun críche an ailt seo agus a fhios aige neamh-fhírinne do bheith in aon phone táchtach de, beidh sé ciontach i mí-iompar.

Gearr-theideal

6. —Féadfar, chun gach críche, an tAcht Leithreasa, 1930 , do ghairm den Acht so.

AN ACHMAIREACHT AR SCEIDIL (A) AGUS (B) DA dTAGARTAR SAN ACHT SO.