An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Oideachas Leanuna do chur i bhFeidhm.) Ar Aghaidh (CUID VII. Foralacha Diombuana Maidir le Coisti Ceard-Oideachais.)

29 1930

ACHT OIDEACHAIS GHAIRME BEATHA, 1930

CUID VI.

Ceard-Oideachas do chur i bhFeidhm.

Na daoine le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

79. —Baineann an Chuid seo den Acht so le daoine atá sé bliana déag d'aois agus ná fuil ocht mbliana déag d'aois agus déanfar an abairt “duine le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so” do léiriú agus beidh éifeacht aici dá réir sin.

An Chuid seo den Acht so do léiriú.

80. —(1) Déanfar tagairtí sa Chuid seo den Acht so don choiste oideachais ghairme beatha do cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so do léiriú mar thagairtí don choiste oideachais ghairme beatha go mbeidh a líomatáiste oideachais ghairme beatha có-theoranta leis an gceanntar san no go mbeidh an ceanntar san laistigh dá líomatáiste oideachais ghairme beatha.

(2) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “coiste príntíseachta” coiste ar bith a cuirfear ar bun ina dhiaidh seo do réir reachta fén ainm sin chun feidhmeanna bhaineann le príntíseacht i gcoitinne no le príntíseacht i gceárda áirithe d'fheidhmiú.

Ceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

81. —(1) Féadfaidh an tAire, más dó leis agus nuair is dó leis gur ceart é, a dhearbhú le hordú aon líomatáiste oideachais ghairme beatha no aon chuid áirithe de líomatáiste oideachais ghairme beatha do bheith, o dháta luadhfar san ordú san, ina cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, agus leis sin beidh an líomatáiste oideachais ghairme beatha san no an chuid áirithe sin de, ón dáta san agus faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, ina cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén bhfo-alt san roimhe seo á dhearbhú líomatáiste áirithe do bheith ina cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, agus ná beidh an líomatáiste sin có-theoranta le contae-bhuirg ná le buirg eile luaidhtear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, ná laistigh den chontae-bhuirg ná den bhuirg eile sin, déanfa sé, leis an ordú gcéanna, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt, céim agus stáisiún an oifigigh den Ghárda Síochána bheidh mar údarás fheidhmiúcháin don cheanntar san, chun crícheanna na Coda so den Acht so, d'ordú.

(3) Féadfaidh an tAire le hordú, uair ar bith, ordú do rinne sé roimhe sin fé fho-alt (1) den alt so do cheiliúra no do leasú, ach ní dhéanfaidh ordú do rinneadh tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt do cheiliúra ná do leasú gan dul i gcomhairle leis an Aire sin i dtaobh an cheiliúrtha no an leasuithe sin.

(4) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí, beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

Ceárda ainmnithe

82. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén gCuid seo den Acht so á dhearbhú líomatáiste áirithe do bheith ina cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, déanfa sé, tré ordú eile, na ceárda do luadhadh a bheith ina gceárda ainmnithe chun crícheanna na Coda so den Acht so sa cheanntar san, agus féadfaidh o am go ham, tré orduithe ina dhiaidh sin, an liost de cheárda do luadhadh amhlaidh do leasú i pé slí is dó leis is ceart, agus gach ceárd a bheidh, de thurus na huaire, luaidhte amhlaidh tríd an gcéad ordú san a luaidhtear no tríd an ordú san mar do leasuíodh amhlaidh é, beidh sí, chun crícheanna na Coda so den Acht so, ina céird ainmnithe sa cheanntar san.

(2) Roimh ordú do dhéanamh do fén alt so, ag luadh céirde áirithe chun bheith ina céird ainmnithe chun crícheanna na Coda so den Acht so i gceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, no roimh ordú den tsórt san do leasú dho, raghaidh an tAire i gcomhairle le coiste príntíseachta na céirde sin má bhíonn coiste príntíseachta ann de thurus na huaire don chéird sin agus a líomatáiste feidhmiúcháin có-theoranta leis an gceanntar san no an ceanntar san laistigh dá líomatáiste fheidhmiúcháin, no raghaidh i gcomhairle le hionadaithe fostóirí agus fostaithe sa cheanntar san sa chéird sin mara mbeidh aon choiste príntíseachta den tsórt san ann de thurus na huaire.

Ceárd-oideachas i gceanntair le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

83. —(1) I ngach ceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, déanfaidh coiste oideachais ghairme beatha an cheanntair sin, i ngach bliain airgeadais áitiuil, cúrsaí teagaisc i bhfuirm cheárd-oideachais do chur ar fáil, pé cinn agus pé méid acu is dó leis an gcoiste sin is gá ag féachaint do líon agus do chineál na gceárd n-ainmnithe sa cheanntar san.

(2) Gach cúrsa teagaisc a chuirfidh an coiste oideachais ghairme beatha do cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so ar fáil fén alt so, maidir le céird ainmnithe sa cheanntar san, tabharfar le n-a linn teagasc ar feadh pé méid uair a' chluig (nách mó ná céad is ochtó) i ngach bliain airgeadais áitiuil a cheadóidh an tAire tar éis do dul i gcomhairle le coiste príntíseachta na céirde sin má bhíonn coiste príntíseachta ann de thurus na huaire don chéird sin agus a líomatáiste feidhmiúcháin có-theoranta leis an gceanntar san no an ceanntar san laistigh dá líomatáiste fheidhmiúcháin, no tar éis do dul i gcomhairle le hionadaithe fostóirí agus fostaithe sa cheanntar san sa chéird sin mara mbeidh aon choiste príntíseachta den tsórt san ann de thurus na huaire.

(3) Déanfar gach cúrsa teagaisc a cuirfear ar fáil fén alt so do roinnt, maidir le trátha agus saosúir, i pé slí is oiriúnaighe do sna ceárda ainmnithe gur maidir leo a cuirfear é ar fáil.

(4) Sé cineál teagaisc do bhéarfar i gcúrsa teagaisc a cuirfear ar fáil fén alt so ná pé cineál a dhéanfaidh an coiste oideachais ghairme beatha chuirfidh an cúrsa san ar fáil d'ordú le haontú an Aire.

(5) Gach coiste oideachais ghairme beatha chuirfidh cúrsaí teagaisc ar fáil fén alt so fogróidh sé don phobal, le fógráin no eile, dátaí tosnuithe agus críochnuithe na gcúrsaí sin agus na trátha agus na háiteanna ina dtabharfar an teagasc a tabharfar sna cúrsaí sin.

Oblagáid chun cúrsaí ceárdoideachais do fhreastal.

84. —Gach duine le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus a bheidh ar fostú, i gceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, i gcéird is ceárd ainmnithe sa cheanntar san, freastalóidh sé an cúrsa teagaisc a chuirfidh an coiste oideachais ghairme beatha ar fáil chun crícheanna na céirde sin fén gCuid seo den Acht so sa cheanntar san.

(2) Má theipeann ar éinne le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus a bheidh ar fostú, i gceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, i gcéird is ceárd ainmnithe sa cheanntar san an cúrsa teagaisc do fhreastal a ceangailtear air, leis an alt so, do fhreastal, ansan, mara gcuire sé ina luighe ar an gcúirt gur bhreoiteacht no aon chúis dho-sheachanta eile fé ndeár an teip sin, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar fiche scilling do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneail ná raghaidh thar dachad scilling má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

(3) Má rinne tuismitheoir duine le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus a bheidh ar fostú, i gceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, i gcéird is ceárd ainmnithe sa cheanntar san, ní ar bith chun a thabhairt chun críche go dteipfeadh ar an duine sin an cúrsa teagaisc do fhreastal a ceangailtear air, leis an alt so, do fhreastal no má scaoil sé thairis an teip sin, ansan, mara gcuiridh an tuismitheoir sin ina luighe ar an gcúirt gur bhreoiteacht no cúis dho-sheachanta eile nárbh é an tuismitheoir sin ba bhun léi fé ndeár an teip sin, beidh an tuismitheoir sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar fiche scilling do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneail ná raghaidh thar dachad scilling má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

An t-údarás feidhmiúcháin.

85. —(1) Chun crícheanna na Coda so den Acht so isé bheidh ina údarás fheidhmiúcháin do cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so ná—

(a) i ngach ceanntar den tsórt san a bheidh có-theoranta le contae-bhuirg no le buirg eile luaidhtear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, no laistigh den chontae-bhuirg no den bhuirg eile sin, coiste oideachais ghairme beatha an cheanntair sin; agus

(b) i ngach ceanntar den tsórt san ná beidh có-theoranta le haon cheann ná laistigh d'aon cheann de sna contaebhuirgí ná de sna buirgí eile sin, an t-oifigeach den Ghárda Síochána bheidh de thurus na huaire i seilbh na céime agus sa stáisiún a hordófar chuige sin leis an ordú dhéanfaidh an tAire fén gCuid seo den Acht so á dhearbhú an ceanntar san do bheith ina cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

(2) Beidh sé de dhualgas ar gach údarás feidhmiúcháin na cláir agus na breacacháin a hordófar chun crícheanna na Coda so den Acht so do choinneail agus leigint do chigire na cláir agus na breacacháin sin d'iniúcha gach tráth réasúnta.

(3) Féadfaidh gach oifigeach den Ghárda Síochána bheidh ina údarás fheidhmiúcháin fén gCuid seo den Acht so gach feidhm no aon fheidhm dá mbeidh aige mar údarás fheidhmiúcháin den tsórt san d'fheidhmiú tré aon bhall no baill den Ghárda Síochána bheidh fé n-a cheannas, agus chun crícheanna na Coda so den Acht so beidh gach ball den Ghárda Síochána tré n-a bhfeidhmeofar na feidhmeanna san amhlaidh ina oifigeach fhreastail don údarás fheidhmiúcháin sin.

Fostóirí do thabhairt mion-innste uatha.

86. —(1) Gach éinne go mbeidh ar siúl aige, i gceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, ceárd is ceárd ainmnithe sa cheanntar san, déanfa sé, má ceangailtear san air le fógra i scríbhinn sa bhfuirm orduithe sheirbheálfaidh údarás feidhmiúcháin an cheanntair sin air no fhágfaidh an t-údarás san do ina áit ghnótha, na mion-innste bheidh luaidhte sa bhfógra san, i dtaobh aon daoine bheidh ar fostú aige agus gur daoine iad le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, do thabhairt don údarás san laistigh den aimsir agus sa tslí bheidh luaidhte sa bhfógra san.

(2) Gach éinne go mbeidh ar siúl aige, i gceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, ceárd is ceárd ainmnithe sa cheanntar san, agus go dteipfidh air gach mion-innsint no aon mhion-innsint do thabhairt uaidh do réir an ailt seo a ceanglófar go cuibhe air, fén alt so, do thabhairt uaidh amhlaidh no do bhéarfaidh uaidh amhlaidh aon mhion-innste den tsórt san is eol do do bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar fiche scilling do chur air.

Caoi chun cúrsaí teagaisc do fhreastal.

87. —(1) Beidh sé de dhualgas ar gach fostóir a fhostuíonn duine le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus a dheineann no gur mian leis cúrsa teagaisc do cuireadh ar fáil fén gCuid seo den Acht so do fhreastal do réir na Coda so den Acht so, am agus saoirse, sa mhéid gur gá san, do thabhairt don duine sin chun an chúrsa theagaisc sin do fhreastal, agus san gan éinní do bhaint as a phágh ná cur le n-a am oibre ná an t-am san d'áireamh mar am caillte.

(2) Má theipeann ar fhostóir ar bith no má leigeann sé i bhfaillí a gceangailtear air leis an alt so do chólíona beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar fiche scilling do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneail ná raghaidh thar dachad scilling má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

Dualgas an údaráis fheidhmiúcháin.

88. —Beidh sé de dhualgas ar an údarás feidhmiúcháin do cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so gach ní do dhéanamh agus gach imeacht do bhunú is gá chun na Coda so den Acht so do chur i bhfeidhm sa cheanntar san.

Oifigigh fhreastail.

89. —(1) Gach coiste oideachais ghairme beatha is údarás feidhmiúcháin chun crícheanna na Coda so den Acht so déanfaidh, le hordú, pé oifigigh is oiriúnach leis do cheapa chun bheith ina n-oifigigh fhreastail chun crícheanna na Coda so den Acht so.

(2) Le linn dó bheith ag feidhmiú aon údaráis no comhachta fén gCuid seo den Acht so mar oifigeach fhreastail do ceapadh fén alt so, déanfaidh gach oifigeach den tsórt san, ar n-a éileamh san air, an t-ordú le n-ar ceapadh é amhlaidh do thabhairt i láthair agus do thaisbeaint d'éinne go mbeidh sé ag feidhmiú an údaráis no na comhachta san ina thaobh.

(3) Má dheineann duine adeir gur oifigeach freastail é féin scríbhinn do thabhairt i láthair adeir sé is ordú le n-ar ceapadh é mar oifigeach den tsórt san agus más cosúil, ón scríbhinn sin, gurb é an t-ordú san í, beidh an scríbhinn sin ina fianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur oifigeach freastail an duine sin.

Deimhniú ar dhílse fógraí, etc.

90. —Is leor mar dheimhniú ar dhílse gach fógra agus scríbhinne eile do bhéarfar amach no seirbheálfar fén gCuid seo den Acht so ag údarás feidhmiúcháin sighniú oifigigh fhreastail don údarás san do bheith ortha.

Cúiseamh ar agra oifigigh fhreastail.

91. —Féadfar cúiseamh i gcionta fén gCuid seo den Acht so do bhunú agus do chur ar aghaidh ar agra oifigigh fhreastail ar bith d'údarás feidhmiúcháin mar chúisitheoir.

Forálacha i dtaobh cúiseamh.

92. —(1) In aon chúiseamh fén gCuid seo den Acht so, beidh deimhniú thabharfaidh le tuisgint é bheith sighnithe ag dochtúir cáilithe agus ina ndeirtear go bhfuil no go raibh aon uair áirithe aicíd no lot áirithe cuirp no intinne ar an duine le n-a mbaineann an cúiseamh agus go raibh an aicíd no an lot san de shaghas d'fhág an duine sin neamh-iomchuibhe chun cúrsa theagaisc do fhreastal no go bhfuil no go raibh aicíd no lot áirithe cuirp no intinne ar dhuine éigin a chomhnuíonn sa tigh ina gcomhnuíonn an chéad duine sin a luaidhtear, beidh sé ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar pé ceann de sna dátáin roimhráite adeirtear sa deimhniú san.

(2) In aon chúiseamh i gcionta fén gCuid seo den Acht so féadfaidh an Chúirt a ordú, maidir leis na costaisí fé n-a ndeaghaidh an cúisitheoir no an té do cúisíodh, i dtaobh an chúisimh sin. go ndéanfaidh an té do cúisíodh no an cúisitheoir (fé mar is gá sa chás) iad d'íoc, agus féadfa sí méid na gcostaisí sin do shocrú.

Costaisí.

93. —Gach costas fé n-a raghaidh coiste oideachais ghairme beatha agus é ag cur na Coda so den Acht so in éifeacht, is amach as ciste oideachais ghairme beatha an choiste sin a híocfar é.