30 1930


Uimhir 30 de 1930.


ACHT AIRGID REATHA (LEASÚ), 1930.


ACHT CHUN AN tACHT AIRGID REATHA, 1927 , DO LEASÚ TRÉ SHOCRÚ NÍOS FEARR DO DHÉANAMH CHUN CISTE NA NÓTAÍ DLÍ-THAIRGTHE AGUS CÚL-CHISTE NA NÓTAÍ DO SHUNCÁIL, TRÉ AISTRITHE INTERIM IDIR CISTE NA NÓTAÍ DLÍ-THAIRGTHE AGUS CÚL-CHISTE NA NÓTAÍ D'ÚDARÚ I gCÁSANNA ÁIRITHE. AGUS TRÉ MHILLE, AGHA-LOT AGUS MÁCHAILIÚ NÓTAÍ DLÍ-THAIRGTHE AGUS NÓTAÍ BAINC CÓ- DHLÚITE DO THOIRMEASC. [16adh Mí na Nodlag, 1930.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Miniú agus léiriú.

1. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Airgid Reatha, 1927 (Uimh. 32 de 1927) .

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht agus dá réir sin tá le focail agus le habairtí a húsáidtear san Acht so agus a húsáidtear, leis, sa Phríomh-Acht na brigheanna céanna san Acht so atá leo, fé seach, sa Phríomh-Acht.

Ciste na nótaí dlí-thairgthe do shúncáil.

2. —Leasuítear leis seo fo-alt (3) d'alt 61 den Phríomh-Acht tré sna focail “a bheidh in ionbhadh a n-íoctha laistigh de bhliain” do scriosa amach as mír (d) de agus beidh éifeacht ag an bhfo-alt san dá réir sin.

Ailt 61 agus 62 den Phríomh-Acht do leasú.

3. —(1) Má dheineann agus pé uair a dhéanfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an Aire d'aon aonta aon urrús áirithe no aon tsaghas áirithe urrús, no aon airgead reatha, iarmhéid no fuirm eile sócmhainne do chur leis na fuirmeacha in ar féidir ciste na nótaí dlí-thairgthe no cúl-chiste na nótaí no an dá chiste sin do chimeád fén bPríomh-Acht, féadfaidh an tAire ordú do dhéanamh á dhearbhú do réir an iarratais sin go ndéanfar, agus go ndeintear leis sin, an fhuirm no na fuirmeacha áirithe sócmhainne a luaidhtear san iarratas san do chur (fé mar is gá sa chás) leis an liost d'fhuirmeacha atá i bhfo-alt (3) d'alt 61 den Phríomh-Acht no leis an liost d'fhuirmeacha atá i bhfo-alt (2) d'alt 62 den Phríomh-Acht no leis an dá liost san.

(2) Ar a iarraidh sin don Choimisiún d'aon aonta féadfaidh an tAire le hordú, aon tráth, ordú rinne sé fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so do chur ar neamh-ní, d'atharú no do leasú do réir an iarratais sin.

(3) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag ordú ar bith a déanfar fé cheachtar de sna fo-ailt sin roimhe seo mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar é leaga fé bhráid gach Tighe den Oireachtas agus aontú leis tré rún do rith do gach Tigh acu san.

(4) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fé fho-alt (1) den alt so déanfar, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm ach fé réir aon atharuithe no leasuithe déanfar air fén alt so, an Príomh-Acht agus go háirithe alt 61 no alt 62 dhe no an dá alt san (do réir mar bheidh) do léiriú agus beidh éifeacht acu fé is dá ndeintí an Príomh-Acht do leasú do réir an orduithe sin.

Aistrithe interim idir ciste na nótaí dli-thairgthe agus cúlchiste na nótaí.

4. —(1) Pé uair a thiocfaidh brabús, i rith leath-bhliana ar bith, as airgead do dhéanamh de shócmhainn chaipitail ar bith bhain le ciste na nótaí dlí-thairgthe (pe'ca tré n-a díol é no tré n-a bheith in ionbhadh a híoctha), ansan, tar éis pé méid is oiriúnach leo do lomháil in aghaidh aon laigheaduithe tháinig o thosach na leath-bhliana san ar luach sócmhainne caipitail ar bith bhaineann leis an gciste sin, féadfaidh an Coimisiún socmhainn chaipitail, in aon cheann no cinn de sna fuirmeacha luaidhtear i bhfo-alt (2) d'alt 62 den Phríomh-Acht, d'aistriú o chiste na nótaí dlí-thairgthe go dtí cúl-chiste na nótaí, sócmhainn is có-ionann luach le linn an aistrithe sin leis an méid den bhrabús san fhanfaidh tar éis na lomhála san (más ann di) do dhéanamh in aghaidh laigheaduithe luacha.

(2) Pé uair a thiocfaidh cailliuint, i rith leath-bhliana ar bith, as airgead do dhéanamh de shócmhainn chaipitail ar bith do bhain le ciste na nótaí dlí-thairgthe (pe'ca tré n-a díol é no tré n-a bheith in ionbhadh a híoctha), féadfaidh an Coimisiún socmhainn chaipitail, in aon cheann no cinn de sna fuirmeacha luaidhtear i bhfo-alt (3) d'alt 61 den Phríomh-Acht mar a leasuítear leis an Acht so é, d'aistriú o chúl-chiste na nótaí go dtí an ciste sin, sócmhainn is có-ionann luach le linn an aistrithe sin le méid na cailliúna san.

Nótaí dlí-thairgthe agus nótaí bainc có-dhluite d'agha-lot, etc.

5. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) nóta dlí-thairgthe no nóta bainc có-dhlúite do ghearra, do straca, no do mhille ar aon tslí eile; no

(b) aon litir, figiuir, pátrún no marc eile do scríobha, do chlóbhuala, do tharrac, do stampáil, do mhúnlú, no do ghreana ar aon tslí eile ar nóta dhlí-thairgthe no ar nóta bainc chó-dhlúite; no

(c) nóta dlí-thairgthe no nóta bainc có-dhlúite do pholla pe' ca dhéanfaidh na puill aon litir, figiuir, no pátrún eile no ná déanfaid; no

(d) aon mhemorandum, fógra, no scríbhinn eile do cheangal no do ghreamú de nóta dhlí-thairgthe no de nóta bainc chó-dhlúite.

(2) Gach duine a dhéanfaidh aon ghníomh, maidir le nóta dlíthairgthe no le nóta bainc có-dhlúite, is sárú ar an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(3) Má deintear maidir le nóta dlí-thairgthe gníomh is sárú ar an alt so ní dhéanfaidh san dochar ná deifir d'aon oblagáid a cuirtear ná d'aon chomhacht a bronntar ar an gCoimisiún leis an bPríomh-Acht an nóta san d'íoc no d'athcheannach ná d'aon chomhacht a bronntar amhlaidh ar an gCoimisiún diúlta don nóta san d'athcheannach.

(4) Má deintear maidir le nóta bainc có-dhlúite gníomh is sárú ar an alt so ní dhéanfaidh san deifir ná dochar don oblagáid a cuirtear sa Phríomh-Acht ar an mBanc Scair-shealbhach dar tugadh amach an nóta san suim an nóta san d'íoc ar a thíolaca ná d'aon cheart ná comhacht a bheidh ag an mBanc san, fén bPríomh-Acht no fé rialacháin ar n-a ndéanamh fé, an nóta san do chur ar ceal.

(5) Ní bhainfidh an t-alt so le ní ar bith a dhéanfaidh an Coimisiún no a déanfar thar a gceann chun nóta dlí-thairgthe do chur i nea-mbrí no chun nóta bainc có-dhlúite do chur ar ceal no do chur i nea-mbrí.

Gearr-theideal agus luadh.

6. —(1) Féadfar an tAcht Airgid Reatha (Leasú), 1930 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Airgid Reatha, 1927 agus 1930, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.