|
||||
|
| Ar Aghaidh (SCEIDEAL.—Cuid I.) |
| [EN] | ||
Uimhir 32 de 1930. | ||
| [EN] |
ACHT UM DHLÍTHE ATÁ AG DUL IN EUG, 1930. | |
ACHT CHUN BUANÚ AR FEADH TRÉIMHSE TEORANTA DO DHÉANAMH AR ACHTACHÁIN ÁIRITHE ATÁ AG DUL IN EUG. [23adh Mí na Nodlag, 1930.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
Na hAchtanna sa Sceideal do chimeád beo. |
1. —(1) Na hAchtanna a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so cimeádfar beo iad, sa mhéid adeirtear sa tríú colún den Sceideal san, go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag. 1931, agus raghaid in eug ansan mara gcimeádtar beo níos sia iad. |
| [EN] | (2) Aon achtacháin neamh-athghairmthe le n-a leasuítear na hachtacháin a cimeádtar beo leis an alt so no a dheineann deifir dóibh, cimeádfar beo ar an gcuma gcéanna iad, sa mhéid gur diombuan a ré, pe'ca a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so iad no ná luaidhtear. | |
| [EN] |
Gearr-theideal. |
2. —Féadfar an tAcht um Dhlithe atá ag dul in Eug, 1930 , de ghairm den Acht so. |