|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT TALMHAÍOCHTA, 1931) | Ar Aghaidh (CUID II. Sceimeanna Talmhaiochta agus Foraoiseachta.) |
ACHT TALMHAÍOCHTA, 1931
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Roinn Talmhaiochta agus Cheard-Oideachais na hÉireann do Scur agus a Feidhmeanna d'Aistriu. | |
[EN] |
An Roinn do scur. |
3. —Beidh an Roinn scurtha díreach i dtosach feidhme an Achta so. |
[EN] |
Comhachta agus dualgaisí d'aistriú chun an Aire Talmhaíochta. |
4. —(1) Deintear leis seo na comhachta agus na dualgaisí uile agus fé seach a luaidhtear anso ina dhiaidh seo (dá ngairmtear le chéile san Acht so na comhachta agus na dualgaisí a haistrítear chun an Aire) d'aistriú chun an Aire agus iad do bhronna agus do chur air, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) na comhachta agus na dualgaisí uile agus fé seach, fé sna hachtacháin fé seach atá luaidhte sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, do bhí á bhfeidhmiú no á gcólíona ag an Roinn no go mb'fhéidir don Roinn iad d'fheidhmiú no do chólíona díreach roimh thosach feidhme an Achta so, agus | |
[EN] | (b) na comhachta agus na dualgaisí maidir le Coláiste Talmhaíochta (ar a dtugtar, leis, Roinn Oiliúna Talmhaíochta agus Déiríochta Ailbhe agus ar a dtugtaí Fundúireacht Ailbhe tráth) i nGlas Noidhean, Baile Atha Cliath, agus Fundúireacht na Mumhan (ar a dtugtar, leis, Scoil Déiríochta agus Fundúireacht Talmhaíochta na Mumhan agus ar a dtugtaí Fothaíocht na Mumhan tráth) do haistríodh chun na Roinne fé mhír (h) d'fho-alt (1) d'alt 2 d'Acht 1899 agus na comhachta agus na dualgaisí eile go léir (más ann dóibh) do bhí á bhfeidhmiú no á gcólíona ag an Roinn no go mb'fhéidir don Roinn iad d'fheidhmiú no do chólíona maidir leis an gColáiste sin no leis an bhFundúireacht san díreach roimh thosach feidhme an Achta so, agus | |
[EN] | (c) na comhachta agus na dualgaisí reachtúla eile go léir (más ann dóibh) (seachas comhachta agus dualgaisí a haistrítear chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála leis an Acht so) do bhí á bhfeidhmiú no á gcólíona ag an Roinn no go mb'fhéidir don Roinn iad d'fheidhmiú no do chólíona díreach roimh thosach feidhme an Achta so. | |
[EN] | (2) I dteanta na gcomhacht agus na ndualgas a haistrítear chun an Aire anso roimhe seo, beidh ag an Aire na comhachta agus na dualgaisí seo leanas do bhí dílsithe go dtí so sa Roinn fé Acht 1899, agus féadfa sé iad d'fheidhmiú agus do chólíona, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) féadfaidh an tAire pé fiosrúcháin, trialacha agus taighdeachán do dhéanamh, no a chur fé ndeár iad do dhéanamh, no cabhrú chun a ndéanta, agus pé eolas do chruinniú no cabhrú chun a chruinnithe, is dóich leis do bheith táchtach chun crícheanna talmhaíochta agus tionnscal eile tuatha; agus | |
[EN] | (b) féadfaidh an tAire pé nithe is dóich leis is ceart do dhéanamh chun teacht i láthair mar ghearánaí thar ceann duine ar bith ar a ngoillfidh éinní (nách ní dheineann deifir don Aire Puist agus Telegrafa) go bhfuil dlighinse ag an mBínse Bóthair Iarainn chun a éistithe agus chun breithe do thabhairt air de bhua aon fheidhme, dlighinse, comhachta no dualgais do haistríodh chuige o Choimisinéirí na mBóthar Iarainn agus na gCanálach; agus | |
[EN] | (c) féadfaidh an tAire pé nithe is dóich leis is ceart do dhéanamh chun cúisithe do bhunú fé ailt 6, 7 agus 8 den Fertilizers and Feeding Stuffs Act, 1906. | |
[EN] | (3) I dteanta na gcomhacht a bronntar ar an Aire le mír (b) den fho-alt san roimhe seo agus gan dochar do sna comhachta san d'fheidhmiú, beidh ceart éisteachta ag an Aire, tré oifigeach don Aire no tré abhcóide no tré atúrnae, i láthair an Bhínse Bhóthair Iarainn maidir le héinní go bhfuil dlighinse ag an mBínse Bóthair Iarainn chun a éistithe agus chun breithe do thabhairt air de bhua Acht na mBóthar Iarainn, 1924 (Uimh. 29 de 1924) . | |
[EN] | (4) Sara bhfeidhmeoidh sé na comhachta bronntar air le mír (b) d'fho-alt (2) den alt so no an ceart a bronntar air le fo-alt (3) den alt so raghaidh an tAire i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála maidir leis na comhachta san no leis an gceart san d'fheidhmiú. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an tAire, i pé slí is dóich leis is fearr, pé mion innste is dóich leis is ceart d'fhoillsiú maidir le haon fhiosrúcháin, trialacha, taighdeachán no eolas a dhéanfa sé no a chruinneoidh sé no a déanfar no a cruinneofar do no le n-a chongnamh fé sna comhachta bronntar air anso roimhe seo chuige sin no de bhua na gcomhacht san. | |
[EN] |
Comhachta agus dualgaisí d'aistriú chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála. |
5. —Na comhachta agus na dualgaisí (dá ngairmtear le chéile san Acht so na comhachta agus na dualgaisí a haistrítear chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála), fé alt 3 agus fé fho-alt (2) d'alt 4 den Markets and Fairs (Weighing of Cattle) Act, 1891. do bhí dílsithe, tráth, i gCoimisiún Talmhan na hÉireann agus do bhí dílsithe sa Roinn díreach roimh thosach feidhme an Achta so, deintear leis seo iad d'aistriú chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus iad do bhronna agus do chur air. |
[EN] |
Oifigigh d'aistriú. |
6. —(1) Aistrítear leis seo chun na Roinne Talmhaíochta na hoifigigh d'oifigigh na Roinne go mbeidh baint acu, i dtosach feidhme an Achta so, leis na comhachta agus leis na dualgaisí a haistrítear chun an Aire. |
[EN] | (2) Aistrítear leis seo chun na Roinne Tionnscail agus Tráchtála na hoifigigh d'oifigigh na Roinne go mbeidh baint acu, i dtosach feidhme an Achta so, leis na comhachta agus leis na dualgaisí a haistrítear chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála. | |
[EN] |
Achtacháin atá ann anois d'oiriúnú. |
7. —(1) Gach luadh no tagairt, atá in aon achtachán le n-a mbaineann an t-alt so, don Lord Lieutenant, don Chief Secretary to the Lord Lieutenant, don Under-Secretary to the Lord Lieutenant, do sna Commissioners of National Education, do Choimisiún Talmhan na hÉireann, don Loan Fund Board no don Roinn, maidir le feidhmiú no le cólíona na gcomhacht agus na ndualgas a haistrítear chun an Aire, léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no mar thagairt don Aire Talmhaíochta. |
[EN] | (2) Gach luadh no tagairt, atá in aon achtachán le n-a mbaineann an t-alt so, do Choimisiún Talmhan na hÉireann no don Roinn, maidir le feidhmiú no le cólíona na gcomhacht agus na ndualgas a haistrítear chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála, léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no mar thagairt don Aire Tionnscail agus Tráchtála. | |
[EN] | (3) Baineann an t-alt so leis na hachtacháin seo leanas, sé sin le rá, gach Acht den Oireachtas do ritheadh roimh thosach feidhme an Achta so, agus gach Reacht Briotáineach, agus gach ordú, riail, rialachán, no fo-dhlí do rinneadh no atá le déanamh fé aon Acht no Reacht den tsórt san no fé aon Acht den tsórt san agus fé aon Reacht den tsórt san le chéile. | |
[EN] |
Maoin na Roinne d'aistriú. |
8. —(1) An talamh uile i Saorstát Éireann a bheidh dílsithe sa Roinn no i seilbh ar iontaoibh di díreach roimh thosach feidhme an Achta so tré reacht, tré dhintiuir, tré chonnra, no ar aon tslí eile tiocfa sé, gan leithliú ar bith do dhéanamh air, chun bheith agus beidh sé dílsithe san Aire no i seilbh ar iontaoibh do (pe'ca aca is gá sa chás) díreach ar thosach feidhme an Achta so chun an estáit, an téarma agus an leasa uile chun a raibh sé dílsithe sa Roinn no i gcimeád ar iontaoibh di díreach roimh thosach feidhme an Achta so. |
[EN] | (2) An mhaoin agus an tsócmhainn uile (agus rudaí ar fiunraoi d'áireamh ach gan talamh d'áireamh) a bheidh dílsithe sa Roinn no i seilbh ar iontaoibh di no aici díreach roimh thosach feidhme an Achta so tré reacht, tré dhintiuir, tré chonnra, no ar aon tslí eile, beid dílsithe san Aire díreach ar thosach feidhme an Achta so chun an leasa uile chun a rabhadar dílsithe sa Roinn no i seilbh ar iontaoibh di díreach roimh thosach feidhme an Achta so. | |
[EN] | (3) An t-airgead, na stocanna, na scaireanna agus na hurrúis uile a haistrítear chun an Aire leis an alt so agus a bheidh curtha síos i leabhair Bhanc na hÉireann no i leabhair aon chorparáide no cuideachtan eile in ainm na Roinne ar dháta thosach feidhme an Achta so, déanfar, ar iarratas an Aire, iad d'aistriú chun ainm an Aire. | |
[EN] | (4) O thosach feidhme an Achta so agus dá éis sin féadfaidh an tAire dul chun dlí in a ainm féin mar gheall ar gach banna, oblagáid, urrús no rud eile ar fiunraoi do rinneadh leis an Roinn no chúichi agus go n-aistrítear a thairbhe leis an alt so agus ní gá don Aire fógra i dtaobh an aistrithe deintear leis an alt so do thabhairt don té ar a mbeidh an banna, an oblagáid, no an t-urrús san no an rud san ar fiunraoi ina cheangal. | |
[EN] |
Connartha ar feitheamh d'oiriúnú. |
9. —(1) Maidir le gach dintiuir agus gach connra i scríbhinn do rinne duine ar bith leis an Roinn no do rinne an Roinn le duine ar bith roimh thosach feidhme an Achta so, mara ndeintear agus sa mhéid ná déanfar téarmaí agus forálacha an dintiúra, an chonnartha no an chó-aontuithe sin d'fheidhmiú go hiomlán agus do chríochnú roimh thosach feidhme an Achta so léireofar agus léighfear é fé is dá gcuirtí an tAire in ionad na Roinne sa dintiuir, sa chonnra no sa chó-aontú san. |
[EN] | (2) Na tairbhí bronntar agus na hoblagáidí cuirtear ar an Roinn le haon dintiuir, connra no có-aontú den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo, beid fé seach, sa mhéid go mbeid fós gan cólíona, dílsithe san Aire no curtha air, o thosach feidhme an Achta so, chó hiomlán is dá n-ainmnítí an tAire féin sa dintiuir, sa chonnra, no sa chó-aontú san. | |
[EN] |
Leanúint d'imeachta bheidh ar feitheamh ag an Roinn no ina coinnibh. |
10. —Díreach tar éis tosach feidhme an Achta so tiocfaidh an tAire chun bheith agus beidh sé ina pháirtí in ionad na Roinne i ngach cúis, cúrsa agus imeacht gur páirtí ann an Roinn agus a bheidh ar feitheamh in aon chúirt i Saorstát Éireann i dtosach feidhme an Achta so agus leanfar de gach cúis, cúrsa, agus imeacht den tsórt san idir an tAire agus na páirtithe eile ann dá réir sin. |
[EN] |
Comhairlí Comhairlitheacha. |
11. —(1) Féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, le toiliú an Aire Airgid agus tar éis do dul i gcomhairle le pé cóluchta agus daoine is dóich leis is fearr ionaduíonn na dreamanna uile le n-a mbaineann, comhairle chomhairlitheach do bhunú le hordú chun comhairle agus congnamh do thabhairt do i dtaobh na nithe luadhfa sé san ordú san no in ordú ar bith ina dhiaidh sin (eadhon, nithe bhaineann leis na seirbhísí puiblí a bheidh de thurus na huaire fé chúram na Roinne Talmhaíochta agus nách nithe bhaineann, de bhua Achta den Oireachtas do ritheadh roimh an Acht so no ina dhiaidh, le comhairle chomhairlitheach do bunuíodh fén Acht san). |
[EN] | (2) Beidh comhairle chomhairlitheach a bunófar fén alt so có-dhéanta de pé daoine, go dtaithí no go n-eolas fé leith acu ar na nithe go bhféadfaidh an chomhairle sin comhairle no congnamh do thabhairt don Aire ina dtaobh, a ainmneoidh an tAire o am go ham, tar éis do dul i gcomhairle mar adubhradh, chun bheith ina mbaill di. | |
[EN] | (3) Marab éag na eirghe as roimhe sin do beidh gach ball de chomhairle chomhairlitheach a bunófar fén alt so ina bhall amhlaidh go ceann dhá bhliain o dháta a ainmnithe agus ní níos sia ná san, ach beidh sé ion-athainmnithe. | |
[EN] | (4) Tiocfaidh comhairle chomhairlitheach a bunófar fén alt so le chéile pé uair a ghairmfidh an tAire le chéile iad agus fós ar pé ócáidí eile ar a socróidh an chomhairle sin o am go ham. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an tAire íocaíochta, i pé méideanna cheadóidh an tAire Airgid, d'íoc, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le baill de chomhairle chomhairlitheach a bunófar fén alt so no le baill de choiste dhi, ar scór aisíoca costaisí taistil agus íoca liúntais chothuithe. | |
[EN] |
Aois-liúntaisí do shean-oifigigh áirithe den Roinn. |
12. —(1) Féadfar aois-liúntaisí no liúntaisí eile no aiscí, do réir an scála a bheidh leagtha amach sna hAchtanna Aois-liúntas a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, do dheona do pé daoine no maidir le pé daoine (eadhon, daoine atá i seirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann le linn an Achta so do rith agus do híoctaí uair ar bith i bpáirt no go hiomlán as aon chiste speisialta) go gceadóidh an tAire Airgid ina dtaobh é agus ar son pé seirbhíse go n-ordóidh an tAire sin ina taobh é agus, fé réir forálacha na nAcht san (lasmuich den mhéid d'alt 17 den Superannuation Act, 1859, le n-a n-achtuítear ná tuigfear chun crícheanna an Achta san aon duine ceapfar feasta do bheith tar éis seirbhíse i Stát-Sheirbhís bhuan an Stáit maran sa tslí luaidhtear san Acht san a bheidh a cheapachán ag an duine sin no do leigeadh isteach sa Stát-Sheirbhís é) agus chun crícheanna an ailt seo, tuigfear go ndearnadh na daoine go gceadófar ina dtaobh amhlaidh d'ioc ar son gach tréimhse seirbhíse is seirbhís speisialta as airgead do vótáil an tOireachtas do réir bhrí ailt 17 den Superannuation Act, 1859. |
[EN] | (2) Pé uair a bheidh duine gur cheaduigh an tAire Airgid ina thaobh fén bhfo-alt san roimhe seo ina oifigeach aistrithe do réir bhrí an Achta um Chúiteamh Stát-Sheirbhíse (Oifigigh Aistrithe), 1929 ( Uimh. 36 de 1929 ) agus a bheidh sé beo agus an ceadú san á dhéanamh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) tuigfear go ndearnadh an ceadú san fé réir choinníll (dá ngairmtear an chéad choinníoll sa bhfo-alt so) ná déanfar tairbhe ar bith a thiocfaidh chun an duine sin fén alt so do chur san áireamh agus aon cheist i dtaobh cúitimh fén Acht san á socrú; agus | |
[EN] | (b) fé réir na céad mhíre eile ina dhiaidh seo, tuigfear fós go ndearnadh an ceadú san fé réir choinníll (dá ngairmtear an dara coinníoll sa bhfo-alt so) go gcuirfidh an duine sin chun an Aire Airgid, laistigh de mhí tar éis an cheaduithe sin do bheith curtha in úil do, toiliú i scríbhinn ag glaca leis an gcéad choinníoll agus má theipeann ar an duine sin no má leigeann sé i bhfaillí an dara coinníoll do chólíona cuirfidh an teip no an fhaillí sin an ceadú san ar nea-mbrí; agus | |
[EN] | (c) ní tuigfear go ndearnadh an ceadú san fé réir an dara coinníll— | |
[EN] | (i) má gheibheann an duine sin bás sara gcuirfear an ceadú san in úil do, no | |
[EN] | (ii) má gheibheann an duine sin bás tar éis an cheaduithe sin do chur in úil do agus laistigh de mhí o dháta a churtha in úil do, no | |
[EN] | (iii) má dheimhníonn an tAire Airgid nár cheart, ag féachaint do laige chuirp no aigne an duine sin, a thuisgint, i gcás an duine sin, go ndearnadh an ceadú san fé réir an dara coinníll. | |
[EN] | (3) San alt so— | |
[EN] | cialluíonn an abairt “ciste speisialta”— | |
[EN] | (a) an Cattle Pleuro-pneumonia Account for Ireland of the General Cattle Diseases Fund, do bhí ann tráth, sé sin, an Cuntas dá dtagartar in alt 73 den Diseases of Animals Act, 1894; no | |
[EN] | (b) airgead (ar a n-áirítear a thora) do cuirtí tráth ar chur na Roinne le halt 15 d'Acht 1899; no | |
[EN] | (c) airgead (ar a n-áirítear a thora) do cuirtí tráth ar chur na Roinne le halt 1 den Agriculture and Technical Instruction (Ireland) (No. 2) Act, 1902; no | |
[EN] | (d) airgead (ar a n-áirítear a thora) do cuirtí tráth ar chur na Roinne le halt 49 den Irish Land Act, 1909; no | |
[EN] | (e) airgead (ar a n-áirítear a thora) do cuirtí tráth ar chur na Roinne fé ailt 1 agus 2 den Development and Road Improvement Funds Act, 1909; no | |
[EN] | (f) an Ciste Foraoiseachta do bhí ann tráth agus do bunuíodh fé alt 8 den Forestry Act, 1919; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “seirbhís speisialta”— | |
[EN] | (a) seirbhís fén Roinn; no | |
[EN] | (b) seirbhís fén Aire; no | |
[EN] | (c) i gcás oifigigh d'aon choiste no có-choiste do ceapadh fé alt 14 d'Acht 1899, sé sin, oifigeach do ceapadh chun puist díreach fén Roinn ar an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, no roimhe sin, seirbhís fén gcoiste no fén gcó-choiste sin; no | |
[EN] | (d) seirbhís fé sna Coimisinéirí Foraoiseachta; no | |
[EN] | (e) seirbhís fé údarás ar bith eile gur haistríodh iomlán a chomhacht agus a dhualgas no cuid acu, go díreach no go nea-dhíreach, chun an Aire no chun na Roinne. |