|
||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 9 de 1931. | ||
| [EN] |
ACHT NA gCOIMISINÉIRÍ MIONN (TAIDHLEOIREACHTA AGUS CONSULTA), 1931. | |
ACHT CHUN A CHUR AR CHUMAS DAOINE DHEINEANN SEIRBHÍSÍ TAIDHLEOIREACHTA NO CONSULTA LASMUICH DE SHAORSTÁT ÉIREANN DAOINE DO CHUR FÉ MHIONN AGUS GNÍOMHARTHA NÓTAIREACHTA DO DHÉANAMH SNA TÍORTHA INA bhFUIL NA FEIDHMEANNA SAN A gCÓLÍONA ACU AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE BHAINEAS LEIS SIN. | ||
[21adh Abrán, 1931.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht so— |
| [EN] | foluíonn an focal “mionn” deimhniú agus dearbhú; | |
| [EN] | foluíonn an focal “mionn-scríbhinn” deimhniú, dearbhú reachtúil no eile, admháil, ceistniú, agus fínnéacht no gearán dar focal; | |
| [EN] | foluíonn an focal “mionnuigh” deimhnigh, dearbhuigh, agus gearánuigh. | |
| [EN] |
Comhachta maidir le mionna agus le gníomhartha nótaireachta ar an gcoigrích. |
2. —(1) Féadfaidh gach n-aon le n-a mbaineann an t-alt so duine do chur fé mhionn ar bith agus mionn-scríbhinn ar bith do thógaint i dtír no in áit ar bith lasmuich de Shaorstát Éireann ina mbeidh sé ag feidhmiú feidhmeanna a oifige de thurus na huaire agus féadfaidh fós gníomh nótaireachta ar bith do dhéanamh is féidir do nótaire phuiblí do dhéanamh i Saorstát Éireann, agus gach mionn fé n-a gcuirfidh an duine sin duine agus gach mionn-scríbhinn a mionnófar ina láthair agus gach gníomh nótaireachta dhéanfa sé sa tír no san áit sin beid chó héifeachtach is dá mba aon údarás dleathach i Saorstát Éireann a dhéanfadh no gur ina láthair a déanfaí, go cuibhe, an cur fé mhionn no an mionnú no an gníomh san. |
| [EN] | (2) Aon scríbhinn go mbeidh, de dheabhramh, séala aon duine le n-a mbaineann an t-alt so ceangailte uirthi no dhi no múnlaithe uirthi agus a shighniú curtha léi mar fhianaise gur chuir sé duine fé mhionn ar bith no gur mionnuíodh mionn-scríbhinn ar bith ina láthair no go ndearna sé gníomh ar bith, glacfar i bhfianaise í (ach amháin i ngach cás in ar ceart eisceacht do dhéanamh) gan cruthúnas gurb é séala no sighniú an duine sin an séala no an sighniú san ná cruthúnas ar staid agus ar charachtar oifigiuil an duine sin. | |
| [EN] | (3) Baineann an t-alt so le gach duine atá ar fostú i Stát-Sheirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann agus is envoyé extraordinaire agus aire lán-chomhachtach, árd-choimisinéir, chargé d'affaires, comhairleoir leagáideachta, príomh rúnaí leagáideachta, fo-rúnaí leagáideachta, príomh-rúnaí árd-choimisinéireachta, fo-rúnaí árdchoimisinéireachta, no attaché. | |
| [EN] | (4) Baineann an t-alt so freisin le gach duine atá ar fostú i Stát-Sheirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann agus is árd-chonsul, consul, no leas-chonsul. | |
| [EN] | (5) Baineann an t-alt so freisin le gach duine is consul oinigh no is leas-chonsul oinigh agus do cheap an tAire Gnóthaí Coigríche chun na hoifige sin. | |
| [EN] |
Táillí |
3. —(1) Le haontú an Aire Airgid, féadfaidh an tAire Gnóthaí Coigríche, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:— |
| [EN] | (a) na táillí éileoidh daoine le n-a mbaineann an t-alt san roimhe seo ar son duine do chur fé mhionn ar bith, mionn-scríbhinn ar bith do thógaint, no gníomh nótaireachta ar bith do dhéanamh go n-údaruítear dóibh leis an alt san duine do chur fé no í do thógaint no é do dhéanamh; | |
| [EN] | (b) an tslí ina mbaileofar na táillí sin; | |
| [EN] | (c) éinní no aon rud eile bhaineann leis na táillí sin; | |
| [EN] | agus féadfar malairt rialachán do dhéanamh maidir le malairt tíortha agus áiteanna. | |
| [EN] | (2) Déanfar na táillí uile baileofar fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe dho i pé slí ordóidh an tAire Airgid. | |
| [EN] | (3) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leaga fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh fén rialachán san roimhe sin. | |
| [EN] |
Mionn éithigh. |
4. —(1) Gach duine mhionnóidh bréag go toiliúil agus go cuirptheach in aon mhionn do bhéarfaidh no in aon mhionnscríbhinn do dhéanfaidh do réir an Achta so beidh sé ciontach i mionn éithigh i ngach cás ina mbeadh sé ciontach i mionn éithigh dá mba in imeacht bhreithiúntais os cóir cúirte dlighinse inniúla do mhionnódh sé amhlaidh. |
| [EN] | (2) Duine go gcuirfear mionn éithigh fén alt so ina leith féadfar an dlí do chur air, agus é do dhíotáil, do thriail, agus do phionósú in aon chontae no contae-bhuirg in ar gabhadh é no ina mbeidh sé i gcimeád fé is dá mba sa chontae no sa chontae-bhuirg sin do déanfaí an cionta san agus chun gach críche bhainfidh leis an dlí do chur air no le n-a thriail no le n-a phionósú mar gheall ar an gcionta san no a leanfaidh as san do dhéanamh, tuigfear gur sa chontae no sa chontae-bhuirg sin do rinneadh an cionta san. | |
| [EN] |
Gearr-theideal. |
5. —Féadfar Acht na gCoimisinéirí Mionn (Taidhleoireachta agus Consulta), 1931 , do ghairm den Acht so.1 |