|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 14 de 1931. | ||
[EN] |
ACHT AIRGID (DIÚITÉTHE CUSTUM), 1931. | |
ACHT CHUN DIÚITÉTHE ÁIRITHE CUSTUM D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRA AGUS CHUN SAOIRSÍ ÁIRITHE ÓN DIÚITÉ AR EARRAÍ FIGHTE D'OLAINN NO D'OLAINN SNÁTH-DHÚBALTA DO DHEONA AGUS CHUN TUILLE FORÁLACHA I dTAOBH AIRGID DO DHÉANAMH. [21adh Bealtaine, 1931.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Diuité ar Im. |
1. —(1) Déanfar diuité custum do réir tuistiuin fén bpúnt d'éileamh, do ghearra, agus d'íoc ar an im go léir a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 23adh lá d'Eanar, 1931, no ina dhiaidh sin. |
[EN] | (2) Pé uair a bheidh na Coimisinéirí Ioncuim sásta, i dtaobh aon ime dob ionchurtha fén diuité luaidhtear san alt so mara mbeadh an fo-alt so, go bhfuil sé á iomportáil chun go n-úsáidfeadh an t-iomportálaí é chun earraí bídh do dhéanamh i Saorstát Éireann d'fhonn a bhfurmhór d'easportáil, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, ach go gcólíonfar pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú go n-iomportálfaí an t-im sin gan an diuité luaidhtear san alt so d'íoc. | |
[EN] | (3) Pé uair a bheidh na Coimisinéirí Ioncuim sásta, i dtaobh aon ime dob' ionchurtha fén diuité luaidhtear san alt so mara mbeadh an fo-alt so, go bhfuil sé do réir na gcoinníoll so uile leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) go bhfuil sé á iomportáil o Thuaisceart Éireann ag feirmeoir a chomhnuíonn i dTuaisceart Éireann; agus | |
[EN] | (b) go ndearna an t-iomportálaí é o bhainne a chuid bó féin; agus | |
[EN] | (c) nách mó ná sé púint chaogad meáchainte an méid atá á iomportáil ag aon iomportálaí áirithe aon lá áirithe; agus | |
[EN] | (d) go bhfuil sé á iomportáil chun go ndíolfadh an t-iomportálaí i mbaile margaidh é agus go bhfuil sé á iomportáil ar lá is lá margaidh sa bhaile sin; | |
[EN] | féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, ach go gcólíonfar pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú go n-iomportálfaí an t-im sin gan an diuité luaidhtear san alt so d'íoc. | |
[EN] | (4) Pé uair a bheidh na Coimisinéirí Ioncuim sásta, i dtaobh aon ime dob' ionchurtha fén diuité luaidhtear san alt so mara mbeadh an fo-alt so, go bhfuil sé do réir na gcoinníoll so uile leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) go ndearnadh in uachtarlainn i dTuaisceart Éireann é no go ndearnadh in uachtarlainn i Saorstát Éireann agus gur heasportáladh go Tuaisceart Éireann é, agus | |
[EN] | (b) go bhfuil sé á iomportáil díreach o uachtarlainn i dTuaisceart Éireann no o stáisiún deighilte uachtair i dTuaisceart Éireann ag feirmeoir a chomhnuíonn i Saorstát Éireann agus is scaireánach san uachtarlainn sin no sa stáisiún deighilte uachtair sin (pe'ca aca é) agus a thugann bainne o n-a bha féin ar a fheirm féin i Saorstát Éireann don uachtarlainn sin no don stáisiún deighilte uachtair sin (pe'ca aca é), agus | |
[EN] | (c) go bhfuil sé á iomportáil amhlaidh ag an bhfeirmeoir sin chun é d'úsáid ina thigh féin, agus | |
[EN] | (d) nách mó ná seacht bpúint meáchainte an méid atá á iomportáil amhlaidh ag an bhfeirmeoir sin aon tseachtain áirithe, | |
[EN] | féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, ach go gcólíonfar pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú go n-iomportálfaí an t-im sin gan an diuité luaidhtear san alt so d'íoc. | |
[EN] | (5) Sa mhéid go mbaineann sé le him is ionchurtha fén diuité luaidhtear san alt so, beidh éifeacht ag alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879, ach é atharuithe tré thréimhse de mhí o am na heasportála do chur in ionad na tréimhse de chúig bliana o am na heasportála luaidhtear san alt san 6. | |
[EN] |
Saoirsí o dhiuité ar earraí fighte d'olainn no d'olainn snáth-dhúbalta. |
2. —(1) Sa mhéid go mbaineann sé le hearraí fighte a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 5adh lá de Mhárta, 1931, no laistigh de thrí bliana ina dhiaidh sin, léireofar fo-alt (1) d'alt 1 den Acht Airgid (Diuitéthe Custum agus Stampa), 1929 ( Uimh. 5 de 1929 ), agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí na focail “dhá scilling” isteach ann in ionad na bhfocal “dhá scilling agus reul” atá anois ann de bhua fo-ailt (1) d'alt 23 den Acht Airgid, 1929 ( Uimh. 32 de 1929 ). |
[EN] | (2) Ní bhainfidh fo-alt (1) d'alt 23 den Acht Airgid, 1929 , le haon earraí fighte le n-a mbaineann fo-alt (1) den alt so. | |
[EN] |
Cúram agus bainistí diuitéthe. |
3. —Cuirtear fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo gach diuité forchuirtear leis an Acht so. |
[EN] |
Gearr-theideal agus léiriú. |
4. —(1) Féadfar an tAcht Airgid (Diuitéthe Custum), 1931 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Léireofar an tAcht so i dteanta na nAchtanna Custum. |