An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach.) Ar Aghaidh (CUID III. Rialachain i dtaobh Pratai do Ghradu agus do Phacail, Pacaisti de Phratai do Mharcail, agus Pratai d'Iompar.)

26 1931

ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (PRÁTAÍ), 1931

CUID II.

Aitreabhacha do Chlaru agus Easportalaithe do Cheadunu.

Clár d'áitreabhacha pacála prátaí.

3. —(1) Cuirfidh an tAire fé ndeár go gcoimeádfar clár (ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an clár d'áitreabhacha pacála prátaí) d'áitreabhacha i Saorstát Éireann ina ndeintear prátaí do ghrádú agus do phacáil chun iad d'easportáil.

(2) Cuirfear sa chlár san an t-eolas so leanas i dtaobh gach áitreibh a clárófar ann, sé sin le rá:—

(a) ainm agus tuairisc iomlán dhílseánach an áitreibh (dá ngairmtear an dílseánach cláruithe san Acht so), agus

(b) tuairisc ar shuidheamh an áitreibh is leor chun an áitreibh agus teoranta agus méid an áitreibh d'aithint.

(3) San Acht so cialluíonn an abairt “áitreabh cláruithe” áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár d'áitreabhacha pacála prátaí.

Na coinníollacha bhainfidh le háitreabhacha do chlárú.

4. —Sara gcláróidh an tAire áitreabh ar bith sa chlár d'áitreabhacha pacála prátaí déanfa sé deimhin de—

(a) go bhfuil déanamh an áitreibh oiriúnach chun oiread prátaí do ghrádú agus do phacáil ann chun iad d'easportáil is dóich leis an Aire a grádófar agus a pacálfar san áitreabh san;

(b) go bhfuil san áitreabh slí, cóir oibre, feistisí, agus fearaistí atá oiriúnach chun prátaí do ghrádú agus do phacáil do réir an Achta so agus do réir rialachán ar n-a ndéanamh fé;

(c) go bhfuil obair ghrádaithe agus phacála na bprátaí san áitreabh fé stiúradh duine is dóich leis an Aire atá cáilithe chun a thógaint air féin prátaí do ghrádú agus do phacáil no chun na hoibre sin do mhaoirseacht.

Iarratas ar áitreabh do chlárú.

5. —(1) Isé dhéanfaidh gach iarratas ar áitreabh ar bith do chlárú fén gCuid seo den Acht so ná dílseánach an áitreibh sin agus is i scríbhinn sa bhfuirm agus sa tslí orduithe déanfar san agus beidh an t-eolas orduithe ann.

(2) Pé uair a déanfar iarratas fén alt so ar áitreabh ar bith do chlárú cuirfidh an tAire fé ndeár go ndéanfaidh cigire an t-áitreabh san d'iniúchadh.

(3) Sara ndiúltfaidh an tAire do ghéilleadh d'iarratas ar áitreabh ar bith do chlárú fén gCuid seo den Acht so cuirfe sé fógra coicíse tríd an bpost chun an iarratasóra, go dtí n-a sheola mar a bheidh san iarratas, á rá go bhfuil an tAire chun diúltadh do ghéilleadh don iarratas san agus ag luadh na réasún atá leis an diúltadh san agus breithneoidh sé cúis ar bith a phléidhfidh an t-iarratasóir roimh dhul in éag don fhógra san.

(4) Má dhiúltann an tAire do ghéilleadh d'iarratas ar áitreabh ar bith do chlárú fén alt so, ní chuirfidh san cosc le hiarratas nua do dhéanamh aon uair ina dhiaidh sin, ach féadfaidh an tAire diúltadh do ghéilleadh d'aon iarratas nua den tsórt san gan a chur fé ndeár an t-áitreabh d'iniúchadh arís.

Ceadúnaisí easportálaithe.

6. —(1) Féadfaidh an tAire ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas (generálta) easportálaí san Acht so) chun prátaí d'easportáil o aon áitreabh cláruithe do dheonadh d'éinne—

(a) is dílseánach cláruithe aon áitreibh chláruithe, agus

(b) a iarrfaidh, sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, ceadúnas (generálta) easportálaí.

(2) Maidir le gach ceadúnas (generálta) easportálaí—

(a) is sa bhfuirm orduithe bheidh sé, agus

(b) déarfaidh agus déanfa sé an té dá ndeonfar é do cheadúnú chun prátaí d'easportáil o aon áitreabh cláruithe fé réir forálacha an Achta so agus fé réir rialachán ar n-a ndéanamh fé.

(3) Féadfaidh an tAire ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas (fásóra) easportálaí san Acht so) chun prátaí d'easportáil o áitreabh chláruithe áirithe do dheonadh d'éinne—

(a) is dílseánach cláruithe an áitreibh sin, agus

(b) is fásóir prátaí, agus

(c) a iarrfaidh an ceadúnas (fásóra) easportálaí sin ar an Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, agus

(d) do bhéarfaidh an t-eolas orduithe don Aire.

(4) Ní dheonfaidh an tAire ceadúnas (fásóra) easportálaí go ceann deich lá fichead tar éis an dáta ar a bhfuighidh an tAire an t-iarratas ar an gceadúnas san.

(5) Maidir le gach ceadúnas (fásóra) easportálaí—

(a) is sa bhfuirm orduithe bheidh sé agus luadhfar ann an t-áitreabh gur ina thaobh a bheidh sé á dheonadh agus pé eolas eile a hordófar;

(b) déarfaidh agus déanfa sé an té dá ndeonfar é do cheadúnú chun prátaí d'fhás sé féin d'easportáil ón áitreabh san fé réir forálacha an Achta so agus fé réir rialachán ar n-a ndéanamh fé;

(c) is fé réir na gcoinníoll so leanas (dá ngairmtear san Acht so na coinníollacha reachtúla bhaineann le ceadúnas (fásóra) easportálaí) a deonfar é agus déarfar ann gur fé n-a réir atá sé á dheonadh, sé sin le rá:—

(i) ná déanfaidh a shealbhóir aon phrátaí d'easportáil fé ach prátaí d'fhás sé féin,

(ii) ná déanfaidh a shealbhóir níos mó ná céad tonna prátaí d'easportáil fé in aon bhliain chaileandair áirithe.

(6) San Acht so cialluíonn an abairt “easportálaí (generálta) ceadúnuithe” duine is sealbhóir de thurus na huaire ar cheadúnas (generálta) easportálaí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus cialluíonn an abairt “easportálaí (fásóir) ceadúnuithe” duine is sealbhóir de thurus na huaire ar cheadúnas (fásóra) easportálaí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(7) San Acht so cialluíonn an abairt “ceadúnas easportálaí” ceadúnas ar bith a dheonfaidh an tAire fén alt so, agus cialluíonn an abairt “easportálaí ceadúnuithe” duine is sealbhóir de thurus na huaire ar cheadúnas easportálaí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(8) Deimhniú fhéachfaidh bheith fé láimh oifigigh don Aire bheidh údaruithe chuige sin ag an Aire, á dheimhniú nách sealbhóir ar cheadúnas easportálaí duine a hainmnítear sa deimhniú san, beidh san ina fhianaise prima facie ar na nithe deimhnítear amhlaidh agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurb é an t-oifigeach san é dáiríribh ná go raibh an t-údarás san aige.

Táillí ar cheadúnaisí (generálta) easportálaí agus na ceadúnaisí sin do thabhairt amach.

7. —(1) Íocfaidh an t-iarratasóir leis an Aire ar gach iarratas ar cheadúnas (generálta) easportálaí táille de phunt agus deich scillinge is ionaisíoctha leis an iarratasóir má diúltar do ghéilleadh dá iarratas agus beidh sé ina choinníoll, le cólíonadh sara mbreithneoidh an tAire an t-iarratas, an táille sin d'íoc.

(2) Más rud é, tar éis iarratais ar cheadúnas (generálta) easportálaí do bhreithniú dho, gur dóich leis an Aire gur cheart an ceadúnas san do dheonadh, cuirfe sé fé ndeár fógra i scríbhinn á rá san do chur chun an iarratasóra.

(3) Más rud é, ar fháil fógra do réir an fho-ailt sin roimhe seo dho, go n-íocfaidh an t-iarratasóir táille bhreise de thrí puint déag agus deich scillinge leis an Aire, bhéarfaidh an tAire ceadúnas (generálta) easportálaí amach do láithreach.

Táillí ar cheadúnaisí (fásóirí) easportálaithe agus na ceadúnaisí sin do thabhairt amach.

8. —(1) Íocfaidh an t-iarratasóir leis an Aire ar gach iarratas ar cheadúnas (fásóra) easportálaí táille de dheich scillinge is ionaisíoctha leis an iarratasóir má diúltar do ghéilleadh dá iarratas agus bheidh sé ina choinníoll, le cólíonadh sara mbreithneoidh an tAire an t-iarratas san, an táille sin d'íoc.

(2) Más rud é, tar éis iarratais ar cheadúnas (fásóra) easportálaí do bhreithniú dho, gur dóich leis an Aire gur cheart an ceadúnas san do dheonadh, cuirfidh an tAire fé ndeár fógra i scríbhinn á rá san do chur chun an iarratasóra.

(3) Más rud é, ar fháil fógra do réir an fho-ailt sin roimhe seo dho, go ndéanfaidh an té d'iarr ceadúnas (fásóra) easportálaí táille bhreise de cheithre puint agus deich scillinge d'íoc leis an Aire, bhéarfaidh an tAire ceadúnas (fásóra) easportálaí amach láithreach don iarratasóir sin i gcionn na tréimhse de dheich lá fichead o dháta an iarratais no láithreach ar an táille bhreise sin d'fháil má bhíonn an tréimhse sin caithte an uair sin.

Táillí cigireachta.

9. —(1) Ar gach consighneacht phrátaí thaisbeánfa sé do chigire chun a scrúduithe fén Acht so íocfaidh gach easportálaí (generálta) ceadúnuithe leis an Aire, san am agus sa tslí foráltar leis an Acht so, táille (dá ngairmtear táille chigireachta san Acht so) do réir na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) is do réir an méid tonna prátaí bheidh sa chonsighneacht san a háireofar an táille chigireachta agus is do réir an ráta fé seach in aghaidh gach tonna luaidhtear sa bhfo-alt so bheidh sé;

(b) más in áitreabh cláruithe dar dílseánach cláruithe an t-easportálaí sin do rinneadh na prátaí sa chonsighneacht san do ghrádú agus do phacáil, isé ráta bheidh ortha ná—

(i) reul más prátaí bídh iad, agus

(ii) pé ráta (nách mó ná naoi bpingne an tonna) a hordófar más prátaí síl iad;

(c) más in áitreabh cláruithe nách dílseánach cláruithe dho an t-easportálaí sin do rinneadh na prátaí sa chonsighneacht san do ghrádú agus do phacáil, isé ráta bheidh ortha ná—

(i) pé ráta (nách mó ná naoi bpingne an tonna) a hordófar más ag stáisiún bóthair iarainn no ar chaladh taisbeánfar na prátaí sin chun a scrúduithe (pe'ca prátaí bídh no prátaí síl iad),

(ii) pé ráta (nách mó ná scilling an tonna) a hordófar más in aon áit eile taisbeánfar na prátaí sin chun a scrúduithe (pe'ca prátaí bídh no prátaí síl iad).

(2) Ar gach consighneacht phrátaí thaisbeánfa sé do chigire chun a scrúduithe fén Acht so íocfaidh gach easportálaí (fásóir) ceadúnuithe leis an Aire, san am agus sa tslí foráltar leis an Acht so, táille a háireofar do réir an méid tonna prátaí bheidh sa chonsighneacht san (agus is táille chigireachta gairmtear den táille sin, leis, san Acht so) agus is do réir pé ráta (nách mó ná reul in aghaidh gach tonna de phrátaí bídh agus naoi bpingne in aghaidh gach tonna de phrátaí síl) a hordófar a bheidh an táille sin.

(3) Chun méid aon táille cigireachta is inéilithe fén alt so d'áireamh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) tuigfear i dtaobh tagartha ar bith san alt so do mheáchaint phrátaí gur tagairt í do mheáchaint na bprátaí sin agus na bpacáistí ina mbeid;

(b) más lugha ná tonna meáchaint na bprátaí i gconsighneacht ar bith tuigfear gur tonna meáchaint na bprátaí sin;

(c) más nó ná tonna meáchaint na bprátaí i gconsighneacht ar bith no más mó ná aon líon de thonnaí iomlána é tuigfear gur tonna an bhreis sin.

An t-am agus an tslí chun táillí cigireachta d'íoc.

10. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis gach tréimhse chuntasaíochta gheobhaidh an tAire amach sa tslí orduithe an méid (más éinní é) atá dlite ar scór táillí cigireachta ar gach easportálaí ceadúnuithe ar phrátaí do thaisbeáin an t-easportálaí sin do chigire i rith na tréimhse sin chun go scrúdódh an cigire sin iad fén Acht so agus bhéarfaidh amach deimhniú (dá ngairmtear deimhniú féichiúnais san alt so) sa bhfuirm orduithe ag deimhniú an méid atá dlite ar an easportálaí ceadúnuithe sin ar scór táillí cigireachta in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta san.

(2) Beidh gach deimhniú féichiúnais ina fhianaise dho-chlaoite ar gach ní fhéachfaidh bheith á dheimhniú ann.

(3) Chó luath agus is féidir é tar éis gach deimhniú féichiúnais do thabhairt amach seirbheálfar cóip de, tríd an bpost, ar an easportálaí ceadúnuithe deimhnítear leis an deimhniú san do bheith i bhfiacha ar scór táillí cigireachta agus an tsuim a deimhnítear leis an deimhniú san do bheith iníoctha tiocfa sí chun bheith agus beidh sí dlite ar an easportálaí ceadúnuithe sin agus iníoctha aige sin leis an Aire díreach ar sheirbheáil na cóipe sin agus, i gcionn ceithre seachtaine o am na seirbheála san, féadfaidh an tAire an tsuim sin do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.

(4) Má theipeann ar easportálaí cheadúnuithe, no má leigeann sé i bhfaillí, an tsuim a deimhnítear le deimhniú féichiúnais do bheith iníoctha aige d'íoc fé cheann ceithre seachtaine tar éis cóipe den deimhniú san do sheirbheáil air, féadfaidh an tAire ceadúnas an easportálaí cheadúnuithe sin do cheiliúradh ach ní shaorfaidh an ceiliúradh san an t-easportálaí ceadúnuithe sin o n-a bheith air an tsuim sin d'íoc.

(5) Má ceiliúrtar ceadúnas easportálaí fén bhfo-alt san roimhe seo beidh clárú an áitreibh dar dílseánach cláruithe é, sa chlár d'áitreabhacha pacála prátaí, beidh sé, de bhuadh an fho-ailt seo, ar nea-mbrí ón dáta ar ar ceiliúradh an ceadúnas san agus ní clárófar an t-áitreabh san arís sa chlár san faid a bheidh an tsuim no aon chuid den tsuim gan íoc gurb é a neamh-íoc fé ndeár an ceiliúradh san.

(6) Chun crícheanna an ailt seo is tréimhse chuntasaíochta gach tréimhse acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) gach tréimhse ráithe dar tosach aon 1adh lá d'Eanar;

(b) gach tréimhse ráithe dar tosach aon 1adh lá d'Abrán;

(c) gach tréimhse de shé mhí dar tosach aon 1adh lá d'Iúl.

Cé chuige go dtuitfidh ceadúnas ar éag dá shealbhóir.

11. —Má éagann easportálaí ceadúnuithe tuitfidh an ceadúnas easportálaí bheidh aige chun a ionadaí phearsanta dhlíthiúla mar chuid dá estát phearsanta.

Ceadúnas easportálaí d'aistriú.

12. —Ar a iarraidh sin d'easportálaí cheadúnuithe no, más cólucht ionchorparuithe an t-easportálaí ceadúnuithe sin, do shocruitheoir an chóluchta san, no d'ionadaí phearsanta dhlíthiúil easportálaí cheadúnuithe mhairbh, féadfaidh an tAire an ceadúnas a bheidh ag an easportálaí ceadúnuithe sin d'aistriú chun duine eile, ach ní haistreofar ceadúnas easportálaí amhlaidh chun duine ná beidh, ar dháta an aistrithe sin, ina dhílseánach chláruithe áitreibh chláruithe.

Ceadúnaisí easportálaí do cheartú agus do cheiliúradh.

13. —(1) Féadfaidh an tAire aon uair ceadúnas easportálaí d'atharú no do cheiliúradh ar iarratas shealbhóra an cheadúnais sin no ar iarratas a ionadaí phearsanta dhlíthiúil mas duine an sealbhóir sin no ar iarratas a shocruitheora más cólucht ionchorparuithe an sealbhóir sin.

(2) Féadfaidh an tAire ceadúnas easportálaí do cheiliúradh aon uair gan aon iarratas den tsórt san d'fháil más deimhin leis—

(a) gur tré chalaois do fuarthas an ceadúnas san no tré chamthuairisc, pe'ca calaoiseach di sin no nárbh eadh; no

(b) gur scuir an t-áitreabh dar dílseánach cláruithe sealbhóir an cheadúnais sin de bheith cláruithe sa chlár d'áitreabhacha pacála prátaí; no

(c) má ba dhuine sealbhóir an cheadúnais sin, go bhfuair sé bás no, má ba chólucht ionchorparuithe é, gur scuireadh é agus nár aistrigh an tAire an ceadúnas san fén Acht so chun duine eile laistigh de ráithe tar éis an bháis no an scurtha san; no

(d) gur tugadh mar bhreith ar shealbhóir an cheadúnais sin é do bheith gnó-bhriste; no

(e) i gcás ceadúnais (generálta) easportálaí gur mar leanas do bhí in aon bhliain chaileandair seachas an chéad bhliain chaileandair tar éis an dáta ar ar tugadh amach an ceadúnas san, eadhon—

(i) nár easportáil sealbhóir an cheadúnais sin aon phrátaí i rith na bliana san, no

(ii) más prátaí bídh amháin d'easportáil an sealbhóir sin i rith na bliana san, gur lugha ná trí chéad tonna an méid do heasportáladh amhlaidh, no

(iii) más prátaí síl amháin d'easportáil an sealbhóir sin i rith na bliana san, gur lugha ná céad go leith tonna an méid do heasportáladh amhlaidh, no

(iv) má easportáil an sealbhóir sin prátaí bídh agus prátaí síl i rith na bliana san, gur lugha ná trí chéad tonna an méid prátaí ar fad do heasportáladh amhlaidh;

chun críche no fo-mhíre seo, tuigfear caindíocht de phrátaí síl do bheith ní ba thruime fé dhó ná mar do bhí dáiríribh; no

(f) i gcás ceadúnais (fásóra) easportálaí, gurb a tuairim an Aire gur bhris sealbhóir an cheadúnais sin na coinníollacha reachtúla bhaineann le ceadúnas (fásóra) easportálaí no ceachtar coinníoll acu san; no

(g) gurb é tuairim an Aire go ndearna sealbhóir an cheadúnais sin sárú ar bith (le gníomh no le fáillí) ar an Acht so no ar rialacháin ar bith ar n-a ndéanamh fé; no

(h) gurb é tuairim an Aire gur theip ar shealbhóir an cheadúnais sin no gur leig sé i bhfaillí gan chúis réasúnta, tar éis do connradh do dhéanamh chun prátaí do dhíol chun iad d'easportáil de bhuadh a cheadúnais, an connradh san do chólíonadh.

(3) Roimh cheiliúradh do dhéanamh ar cheadúnas easportálaí (ar aon tslí seachas do réir iarratais do rinneadh chuige sin fén alt so), bhéarfaidh an tAire i scríbhinn do shealbhóir an cheadúnais sin, no dá ionadaí phearsanta dhlíthiúil (más ann do) no do shocruitheoir an tsealbhóra (pe'ca aca é), fógra coicíse ar a laighead á rá go bhfuil sé chun an cheadúnais sin do cheiliúradh amhlaidh, agus breithneoidh sé cúis ar bith a phléidhfidh an sealbhóir no an t-ionadaí pearsanta dlíthiúil no an socruitheoir sin (pe'ca aca é) roimh dhul in éag don fhógra san agus féadfa sé, más oiriúnach leis é, a chur fé ndeár go gcomórfar fiosrúchán i dtaobh an scéil.

(4) Féadfar fógra á rá go bhfuil an tAire chun ceadúnais easportálaí do cheiliúradh no d'atharú, féadfar a sheirbheáil tré n-a sheachadadh don té chun a mbeidh sé dírithe no tré n-a fhágaint le duine os cionn sé mblain déag d'aois in áitreabh cláruithe sealbhóra an cheadúnais no tré n-a chur tríd an bpost chun an té chun a mbeidh sé dírithe san áit chomhnaithe is déanaí is eol do bheith aige.

(5) Má cheiliúrann an tAire ceadúnas easportálaí fén alt so féadfaidh an tAire uair ar bith ina dhiaidh sin diúltú do cheadúnas easportálaí do dheonadh don té ba shealbhóir ar an gcéad cheadúnas san a luaidhtear díreach sarar ceiliúradh é.

Fianaise i dtaobh nithe sna cláir.

14. —(1) Maidir leis an gclár d'áitreabhacha pacála prátaí—

(a) tuigfear é do bheith sa choimeád cheart nuair a bheidh sé i gcoimeád ag an Aire no ag oifigeach don Aire go mbeidh údarás aige chuige sin ón Aire; agus

(b) beidh sé ionghlactha mar fhianaise gan aon chruthúnas eile má tugtar é i láthair as an gcoimeád ceart.

(2) Féadfar fianaise prima facie ar iontráil ar bith sa chlár d'áitreabhacha pacála prátaí do thabhairt in aon chúirt no in aon imeacht dlí tré chóip den iontráil sin do thabhairt i láthair a fhéachfaidh bheith deimhnithe mar chóip dhílis ag aon oifigeach don Aire bheidh údaruithe chuige sin, agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurb é an t-oifigeach san é dáiríribh ná go raibh an t-údarás san aige.

(3) Deimhniú fhéachfaidh bheith fé láimh oifigigh don Aire bheidh údaruithe chuige sin ag an Aire, ar áitreabh ar bith a luadhfar sa deimhniú san do bheith gan bheith iontrálta sa chlár d'áitreabhacha pacála prátaí beidh sé ina fhianaise dhochlaoite ar na nithe bheidh deimhnithe amhlaidh, agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an oifigigh sin do chruthú, ná a chruthú gurb é an t-oifigeach san é dáiríribh, ná go raibh an t-údarás san aige.

(4) Féadfaidh duine ar bith—

(a) an clár d'áitreabhacha pacála prátaí d'iniúchadh ar íoc pé táille a hordófar agus ná raghaidh thar scilling an t-iniúchadh;

(b) cóip d'fháil, agus í deimhnithe mar chóip dhílis ar an slí luaidhtear anso roimhe seo, d'iontráil ar bith sa chlár d'áitreabhacha pacála prátaí, ar íoc pé táille a hordófar agus ná raghaidh thar réal an fólio de dhá fhocal sheachtód den chóip;

(c) deimhniú d'fháil, den tsórt san a luaidhtear anso roimhe seo, ar aon áitreabh áirithe do bheith gan bheith cláruithe sa chlár d'áitreabhacha pacála prátaí, ar íoc pé táille a hordófar agus ná raghaidh thar dhá scilling agus réal an deimhniú.

Nithe sa chlár, etc., d'fhoillsiú.

15. —(1) Féadfaidh an tAire foillsiú do dhéanamh ar pé slí is oiriúnach leis—

(a) ar gach ní no éinní dá mbeidh iontrálta sa chlár d'áitreabhacha pacála prátaí, agus

(b) ar mhion-innste ar cheadúnas easportálaí ar bith, agus

(c) ar fhógra i dtaobh ceadúnais easportálaí do chur ar neambrí, agus

(d) ar fhógra i dtaobh nea-mbríochaint no atharú ar bith do dhéanamh ar chlárú sa chlár d'áitreabhacha pacála prátaí, agus

(e) ar fhógra i dtaobh aon chiontú i gcionta i gcoinnibh aon fhorála den Acht so.

(2) Féadfaidh an tAire o am go ham pé eolas staitistíochta is oiriúnach leis do bhailiú agus d'fhoillsiú i dtaobh méid agus cor trádála na bprátaí.

Aitreabh cláruithe d'iniúchadh.

16. —(1) Beidh teideal ag aon chigire dul isteach gach tráth réasúnta in aon áitreabh cláruithe no in aon áitreabh gur hiarradh go gclárófaí é agus gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh ann, sé sin le rá:—

(a) an t-áitreabh san go léir no aon chuid de agus an chóir oibre, na fearaistí, agus na feistisí ann d'iniúchadh;

(b) féachaint ar gach modh no aon mhodh gráduithe agus pacála prátaí san áitreabh san;

(c) na prátaí agus na pacáistí go léir san áitreabh san no aon chuid acu do scrúdú agus somplaí réasúnta de sna prátaí agus de sna pacáistí sin go léir no d'aon chuid acu do thógaint.

(2) Gach n-aon a chuirfidh cosc no bac le haon chigire agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear pionós ná raghaidh thar cúig puint do chur air.

Clárú áitreibh do cheartú agus do chur ar nea-mbrí.

17. —(1) Féadfaidh an tAire aon uair clárú aon áitreibh fén gCuid seo den Acht so d'atharú no do chur ar nea-mbrí ar iarratas i scríbhinn sa bhfuirm agus sa tslí orduithe o dhílseánach chláruithe an áitreibh sin no o n-a ionadaí phearsanta dhlíthiúil más duine an dílseánach san no ón té is socruitheoir do más cólucht ionchorparuithe an dílseánach san.

(2) Féadfaidh an tAire aon uair, gan aon iarratas den tsórt san roimhráite d'fháil, clárú aon áitreibh fén gCuid seo den Acht so d'atharú maidir le haon tslí ina bhfeicfear do go bhfuil an clárú no an ceadúnas san earráideach no mí-threorach.

(3) Féadfaidh an tAire aon uair, gan aon iarratas den tsórt san roimhráite d'fháil, clárú aon áitreibh a bheidh cláruithe fén gCuid seo den Acht so do chur ar nea-mbrí más deimhin leis—

(a) gur tré chalaois do tugadh chun críche an t-áitreabh do chlárú no tré chamthuairisc, pe'ca calaoiseach di sin no nárbh eadh; no

(b) go bhfuil an t-áitreabh tar éis scur de bheith ionchláruithe sa chlár ina bhfuil sé cláruithe; no

(c) nách leor an tslí agus an chóir oibre atá san áitreabh don mhéid gnótha deintear ann; no

(d) má ba dhuine an dílseánach cláruithe, go bhfuair sé bás no, má ba chólucht ionchorparuithe é, gur scuireadh é, agus ná dearnadh, laistigh de mhí tar éis an bháis no an scurtha san, éinne eile do chlárú mar dhílseánach in ionad an dílseánaigh chláruithe do fuair bás no do scuireadh amhlaidh; no

(e) gur tugadh mar bhreith ar an dílseánach cláruithe é do bheith gnó-bhriste; no

(f) gurb é tuairim an Aire go ndearnadh sárú ar bith (le gníomh no le faillí) san áitreabh ar an Acht so no ar rialacháin ar bith ar n-a ndéanamh fé.

(4) Roimh atharú no nea-mbríochaint do dhéanamh (ar aon tslí seachas do réir iarratais do rinneadh chuige sin fén alt so) ar chlárú aon áitreibh fén Acht so, bhéarfaidh an tAire i scríbhinn, do dhílseánach chláruithe an áitreibh sin no dá ionadaí phearsanta (más ann do) no dá shocruitheoir (pe'ca aca é) fógra coicíse ar a laighead go bhfuil sé chun an clárú san do chur ar neambrí no d'atharú amhlaidh, agus breithneoidh sé cúis ar bith a phléidhfidh an dílseánach cláruithe no an t-ionadaí pearsanta no an socruitheoir sin (pe'ca aca é) roimh dhul in éag don fhógra san agus féadfa sé, más oiriúnach leis é, a chur fé ndeár go gcomórfar fiosrúchán i dtaobh an scéil.

(5) Féadfar fógra go bhfuil an tAire chun clárú áitreibh fén gCuid seo den Acht so do chur ar nea-mbrí no d'atharú, féadfar a sheirbheáil tré n-a sheachadadh don té chun a mbeidh sé dírithe no tré n-a fhágaint do le duine os cionn sé mblian déag d'aois san áitreabh le n-a mbaineann sé no tré n-a chur tríd an bpost chun an té chun a mbeidh sé dírithe san áit chomhnaithe is déanaí is eol do bheith aige.

(6) Má dheineann an tAire fén alt so clárú aon áitreibh do chur ar nea-mbrí féadfaidh an tAire uair ar bith ina dhiaidh sin diúltú don áitreabh san do chlárú i gclár ar bith a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so.