An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Cain Phroifit Chorparaide.) Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. SIUICRE, MOLAS, GLUCOS, SACAIRIN.—RATAI DIUITETHE, AIS-TARRAICI AGUS LIUNTAISI.)

31 1931

ACHT AIRGID, 1931

CUID V.

Ilghneitheach agus Generalta.

Saoirse o dhiúité stampa ar admhála.

31. —Léireofar an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an tsaoirse seo leanas isteach ann fén mírcheann “Receipts given for, or upon the payment of, money amounting to £2 or upwards” i dteanta na saoirsí atá ann no do cuireadh leis go dtí so fén mírcheann san, sé sin le rá:—

“(19) Admháil do bhéarfaidh Corparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta, ar airgead a híocfar alos iasachtaí do dheon an Chorparáid sin no alos úis ar na hiasachtaí sin.”

Diúité stampa ar chuntaisí ar chaipital chuideachtana, etc.

32. —Ar dháta an Achta so do rith agus dá éis sin, isé méid na ndiúitéthe stampa ad valorem a luaidhtear i bhfo-alt (1) d'alt 39 den Finance Act, 1920, ná cúig scillinge in ionad púint.

Ciste na nIasachtaí Áitiúla.

33. —(1) Ar gach roimh-íoc do bhéarfar amach (pe'ca roimh an Acht so do rith é no dá éis sin) fé údarás reachtúil chun caipitail do sholáthar do Chiste na nIasachtaí Áitiúla agus a bheidh de thurus na huaire gan íoc, beidh ús, ar n-a áireamh go sosa leathbhliana, iníoctha amach as Ciste na nIasachtaí Áitiúla leis an Stát-Chiste, o am an roimh-íoc san do thabhairt amach, do réir pé ráta agus pé tráthanna ordóidh an tAire Airgid o am go ham.

(2) Ar gach airgead a bhí no a bheidh de thurus na huaire (pe'ca roimh an Acht so do rith é no dá éis sin) i gcreidiúint do Chiste na nIasachtaí Áitiúla agus ag oibriú chun tairbhe don Stát-Chiste, beidh ús, ar n-a áireamh go sosa leath-bhliana, iníoctha amach as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis le Ciste na nIasachtaí Áitiúla, in aghaidh gach tréimhse go raibh an t-airgead san ag oibriú amhlaidh, do réir pé ráta agus pé tráthanna ordóidh an tAire Airgid o am go ham.

(3) I gcás ina mbeidh comhacht ag an Aire Airgid fén alt so an ráta d'ordú gur dá réir a bheidh ús ar bith iníoctha, féadfaidh a ordú go n-íocfar an t-ús san do réir malairt rátaí in aghaidh malairt codacha den tréimhse gur ina haghaidh a bheidh an t-ús san iníoctha amhlaidh.

(4) I gcás ina n-ordóidh an tAire Airgid ús d'íoc fén alt so amach as Ciste na nIasachtaí Áitiúla agus ina n-ordóidh sé fós ús d'íoc fén alt so le Ciste na nIasachtaí Áitiúla, isé slí ina n-íocfar an tsuim is lugha den ús san ná tré n-a cur (chó fada is ragha sí) i gcoinnibh na suime is mó den ús san.

Conus a cuirfear cuid den ioncum bhliantúil as barrachas Ciste Temporáltachtaí na hEaglaise Eireannaighe.

34. —(1) As an ioncum bliantúil a thiocfaidh as barrachas Ciste Temporáltachtaí na hEaglaise Eireannaighe déanfar na suimeanna bliantúla so leanas d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe dho ar pé slí ordóidh an tAire Airgid, sé sin le rá:—

(a) in aghaidh na tréimhse de chúig bliana déag dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1930, suim bhliantúil de dhachad míle púnt, agus

(b) in aghaidh gach tréimhse de chúig bliana déag ina dhiaidh sin, pé suim bhliantúil (nách mó ná sé mhíle caogad púnt) is dóich leis an Aire Airgid is féidir d'íoc gan dochar don urrús ar aon fhiachaisí do bhí ar an gCiste sin an 1adh lá d'Abrán, 1900.

(2) Tuigfear an t-alt so do theacht i bhfeidhm an 1adh lá d'Abrán, 1930, agus éifeacht do bheith aige an lá san agus ón lá san amach.

Ciste Iostán na Sclábhaithe.

35. —Deintear na hachtacháin seo leanas, sé sin le rá, mír (c) d'fho-alt (1) agus fo-ailt (3) agus (4) d'alt 13 den Labourers (Ireland) Act, 1906, agus alt 3 den Supreme Court of Judicature (Ireland) Act, 1907, d'athghairm leis seo i slí go mbeid mar a bheidís athghairmthe an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus ón lá san amach, agus achtuítear leis seo ina n-ionad san, i gcás nách leor, in aon bhliain airgeadais (agus an bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1931, d'áireamh), Ciste Iostán na Sclábhaithe (eadhon, an Ciste dá dtagartar in alt 13 den Labourers (Ireland) Act, 1906,) chun na gcrícheanna dá bhfuil sé ceaptha do réir an Labourers (Ireland) Act, 1906, go n-íocfar isteach sa Chiste sin, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, pé suim bhreise is gá chun an easnaimh sin do shlánú:

Cúram agus bainistí cánacha.

36. —Cuirtear fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo gach cáin agus diúité forchuirtear no buanuítear leis an Acht so.

Athghairm.

37. —Deintear leis seo na hachtacháin uile agus fé seach a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

Gearr-theideal, léiriú agus tosach feidhme.

38. —(1) Féadfar an tAcht Airgid, 1931 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar Cuid I. den Acht so i dteanta na nAchtanna Cánach Ioncuim, agus léireofar Cuid II. den Acht so, sa mhéid go mbaincann sí le diúitéthe custum, i dteanta na nAchtanna Custum, agus sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe máil léireofar í i dteanta na Reachtanna Briotáineacha agus na nAchtanna den Oireachtas a bhaineannn leis na diúitéthe máil agus le bainistí na ndiúitéthe sin.

(3) Ach amháin mar a foráltar go soiléir a mhalairt, tuigfear Cuid I. den Acht so do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1931, agus beidh éifeacht aige an lá san agus as san amach.